1.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/123


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1443 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Lúnasa 2022

maidir le neamh-fhormheas próipianáite cailciam mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 23(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 7 Aibreán 2020, fuair an Coimisiún iarratas ó Niacet B.V. (“an t-iarratasóir”) ar fhormheas próipianáite cailciam mar shubstaint bhunúsach lena húsáid i gcosaint plandaí mar fhungaicíd i bhféarthailte taitneamhachta agus ar bhleibíní bláthanna agus barra tiúbair bláthanna. An 17 Meán Fómhair 2021, fuair an Coimisiún iarratas athbhreithnithe, a raibh an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 23(3), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ag gabháil leis.

(2)

Bhí meastóireacht amháin ábhartha ar phróipianáit chailciam ar fáil, a rinneadh i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, eadhon, meastóireacht ó Phainéal ANS an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) (2). Chuir an tÚdarás agus an Coimisiún araon toradh na meastóireachta sin san áireamh.

(3)

D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíochta ar an Údarás. An 24 Lúnasa 2021 (3) chuir an tÚdarás tuarascáil theicniúil ar fáil don Choimisiún maidir le próipianáite cailciam. Chinn an tÚdarás, cé nach bhfuil aon aicmiú comhchuibhithe Aontais ar fáil san fhardal aicmithe agus lipéadaithe (4) ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA), go léiríonn an fhaisnéis fhoilsithe go bhfuil éifeachtaí a dhéanann damáiste don tsúil ag próipianáit chailciam. Ina theannta sin, measann an tÚdarás gur gá measúnú tocsaineolaíoch breise a dhéanamh ar thocsaineacht próipianáite cailciam trí ionanálú más rud é, mar a fhoráiltear san iarratas, go bhfuil sé beartaithe an tsubstaint a úsáid i sprae a leatar tar éis í a chaolú le huisce.

(4)

Ina theannta sin, níor sholáthair an t-iarratasóir an measúnú ar thocsaineacht dheirmeach, ar airíonna suaite inchríneach agus ar tocsaineacht imdhíonachta. Níor luadh aon réasúnú stóinsithe uileghabhálach san iarratas.

(5)

Thug an tÚdarás dá aire freisin go bhfuil gá le measúnú ar nochtadh oibreoirí, oibrithe, daoine ar an láthair agus cónaitheoirí le haghaidh gach ceann de na húsáidí a áirítear san iarratas, ach nár soláthraíodh é sin, ná níor soláthraíodh measúnú riosca ar na heisíontais atá sa tsubstaint bhunúsach.

(6)

Thairis sin, thug an tÚdarás le fios maidir leis an bpatrún úsáide atá beartaithe a éilíonn minicíocht ard úsáide, gur saincheist oscailte i gcónaí í carnadh féideartha na n-eisíontas, luaidhe, mearcair agus arsanaic sa chomhshaol.

(7)

Ar deireadh, chinn an tÚdarás gur cúis imní iad na húsáidí agus na dáileoga atá beartaithe maidir leis na héifeachtaí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag próipianáit chailciam ar orgánaigh nach spriocorgánaigh iad, lena n-áirítear beacha agus artrapóid nach spriocartrapóid iad, péisteanna talún agus macra-orgánaigh eile ithreach, miocrorgánaigh ithreach, agus orgánaigh a bhfuil baint acu le modhanna bitheolaíocha cóireála séarachais.

(8)

Rinne an Coimisiún an tuarascáil athbhreithnithe, lena gcinntear nach bhfuil na critéir formheasa le haghaidh substaintí bunúsacha á gcomhlíonadh i gcás próipianáite cailciam agus gurb iomchuí, dá bhrí sin, gan í a fhormheas mar shubstaint bhunúsach, mar aon le dréacht den Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chur faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 27 Eanáir 2022 agus an 18 Bealtaine 2022, faoi seach.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith thuarascáil theicniúil an Údaráis agus i leith dhréacht-tuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(10)

Mar sin féin, d’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint a chur as an áireamh.

(11)

Dá thoradh sin, ní rud é a suíodh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 comhlíonta. Dá bhrí sin, is iomchuí gan próipianáit chailciam a fhormheas mar shubstaint bhunúsach.

(12)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir le próipianáit chailciam a fhormheas mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(13)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tsubstaint próipianáit chailciam, ní fhormheastar í mar shubstaint bhunúsach.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Painéal EFSA ANS (Painéal EFSA um Breiseáin Bia agus Foinsí Cothaitheacha a chuirtear le Bia), 2014. Tuairim Eolaíoch maidir le hathmheastóireacht ar aigéad próipianach (E 280), próipianáit sóidiam (E 281), próipianáit chailciam (E 282) agus próipianáit photaisiam (E 283) mar bhreiseáin bhia. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014; 12(7):3779, 45 lch. doi.org/10.2903/j.efsa.2014.3779.

(3)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021. Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le EFSA maidir leis an iarratas ar fhormheas próipianáite cailciam mar shubstaint bhunúsach lena húsáid i gcosaint plandaí mar fhungaicíd i bhféarthailte taitneamhachta agus ar bhleibíní bláthanna agus barra tiúbair bláthanna. Foilseachán tacaíochta EFSA 2021:EN-6834. 87 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2021.EN-6834.

(4)  C&L Inventory (europa.eu).