|
1.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 227/117 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1442 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1490 a mhéid a bhaineann le téarmaí an údaraithe maidir le crágach mangainéise de híodráit aimíonaigéad mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1490 ón gCoimisiún (2) údaraíodh úsáid crágaigh mangainéise de híodráit aimíonaigéad mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim a eisiúint maidir le cé acu a chomhlíonfadh nó nach gcomhlíonfadh an t-údarú maidir le crágach mangainéise de híodráit aimíonaigéad mar bhreiseán beathaithe fós na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, dá modhnófaí é mar a mhol an t-iarratasóir. Is éard atá sa mhodhnú sin leathnú na bhfoinsí próitéine le haghaidh na n-aimíonaigéad agus sonraíocht íosta a thabhairt isteach le haghaidh saoraimíonaigéid agus sonraíocht níos cruinne maidir leis an gcion mangainéise. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarraidh. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás ina thuairim uaidh an 29 Meán Fómhair 2021 (3) maidir leis na modhnuithe ar na téarmaí údaraithe a ndearnadh iarratas ina leith, nach modhnaíonn siad na conclúidí ar thángthas orthu sna measúnuithe roimhe seo maidir le sábháilteacht an bhreiseáin bheathaithe thuasluaite do na spriocspeicis, do thomhaltóirí, don chomhshaoil agus maidir lena éifeachtúlacht. Chinn an tÚdarás gur cheart a mheas gur greannaitheoir craicinn agus súl agus gur íogróir craicinn é an breiseán agus luaigh sé go bhféadfadh riosca a bheith ann i ngeall ar nochtadh trí ionanálú. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar na modhanna anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Leis an measúnú a rinneadh ar na modhnuithe beartaithe maidir leis an údarú, léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(6) |
Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart comhdhéanamh an bhreiseáin a mhodhnú chun an léiriú gur ullmhóid atá sa bhreiseán a áireamh. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1490 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1490, leasaítear an iontráil maidir le crágach mangainéise de híodráit aimíonaigéad i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1490 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2017 maidir leis an údarú i ndáil le teitrihiodráit clóiríd mangainéise, ocsaíd mangainéise (II), monaihiodráit sulfáite mangainéise, crágach mangainéise de híodráit aimíonaigéad, crágach mangainéise de hidrealasáití próitéine, crágach mangainéise de hiodráit ghlicín agus tríhiodrocsaíd chlóiríde démhangainéise mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 216, 22.8.2017, lch. 1).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(10):6895
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh thréimhse an údaraithe |
|||||||||
|
Cion dúile (Mn) i mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: comhdhúile de riandúile |
||||||||||||||||||
|
“3b504 |
- |
Crágach mangainéise de híodráit aimíonaigéad |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid coimpléasc aimíonaigéid mangainéise ina ndéantar an mhangainéis agus na haimíonaigéid a dhíorthaítear ó phróitéin soighe a chrágadh trí naisc chomhfhiúsacha chomhordanáideacha, mar phúdar le cion íosta mangainéise 8 %. |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
Éisc: 100 (iomlán (2)) Speicis eile: 150 (iomlán (2)) |
|
11 Meán Fómhair 2027 |
|||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Foirmle cheimiceach: Mn(x)1–3 nH2O, x = ainian aon aimíonaigéad a dhíorthaítear ó phróitéin shoighe aigéadach hidrealaithe; Uasmhéid 10 % de mhóilíní ar mó iad ná 1 500 Da. |
||||||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le cion iomlán an aimíonaigéid atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le cion iomlán na mangainéise atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le cion iomlán na mangainéise atá sna réamh-mheascáin a chainníochtú:
Maidir le cion iomlán na mangainéise in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:
|
||||||||||||||||||
|
3b504i |
- |
Crágach mangainéise de híodráit aimíonaigéad |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid coimpléasc aimíonaigéid mangainéise ina ndéantar an mhangainéis agus na haimíonaigéid a chrágadh trí naisc chomhfhiúsacha chomhordanáideacha, mar phúdar le cion mangainéise 8-9 % agus cion íosta saoraimíonaigéad 17 %. |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
Éisc: 100 (iomlán (2)) Speicis eile: 150 (iomlán (2)) |
|
11 Meán Fómhair 2027’ |
|||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Foirmle cheimiceach: Mn(x)1-3•nH2O, nuair is ionann x agus aon aimíonaigéad ó fhoinsí próitéine hidrealaithe ó chleití nó ó phlandaí; Uasmhéid 10 % de mhóilíní ar mó iad ná 1 500 Da. |
||||||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le cion iomlán an aimíonaigéid atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le cion iomlán na mangainéise atá sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le cion iomlán na mangainéise atá sna réamh-mheascáin a chainníochtú:
Maidir leis an mangainéis iomlán in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:
|
||||||||||||||||||
(1) Ní chuirfear méid na támh-mhangainéise san áireamh chun cion iomlán mangainéise na beatha a ríomh a ríomh (mangainéis/kg d’ábhar beatha iomlán).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports