|
26.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 221/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1426 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Lúnasa 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoireamacha le haghaidh chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe (ADS) i bhfeithiclí lán-uathoibrithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin ón gCoimisiún (CE)Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 (1), agus go háirithe Airteagail 11 (2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá gá leis an reachtaíocht chur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe go háirithe córais a liostaítear i bpointí (a), (b), (d) agus (f) d’Airteagal 11 (1) de Rialachán (AE) 2019/2144. Níor cheart go mbeadh feidhm ag córais faireacháin ar infhaighteacht an tiománaí maidir le feithiclí lán-uathoibrithe i gcomhréir le hAirteagal 11 (1) de Rialachán (AE) 2019/2144. Thairis sin, tá an fhormáid chomhchuibhithe don mhalartú sonraí mar shampla maidir le dlúthghrúpáil feithiclí ilbhranda fós faoi réir ghníomhaíochtaí caighdeánaithe agus ní chuirfear san áireamh sa rialachán seo ag an gcéim seo í. Ar deireadh, níor cheart go gcumhdófaí formheasadh córas tiomána uathoibrithe leis an rialachán seo mar táthar ag beartú iad a chumhdach le tagairt do Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais uathoibrithe coimeádta lána (2) in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 ina liostaítear na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe a mbeidh feidhm acu ar bhonn éigeantach san Aontas. |
|
(2) |
Maidir le cineálcheadú feithicle iomláine i ndáil le feithiclí lán-uathoibrithe, ba cheart cineálcheadú a gcórais tiomána uathoibrithe faoin Rialachán seo a chomhlánú leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid I, Foscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ag an gcéad chéim eile, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun na ceanglais riachtanacha maidir le cineálcheadú feithicle iomláine AE le haghaidh feithiclí lán-uathoibrithe a tháirgtear i sraitheanna gan teorainn a fhorbairt a thuilleadh agus a ghlacadh faoi mhí Iúil 2024. |
|
(3) |
An measúnú ar chóras tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe, mar a mholtar sa rialachán seo, braitheann sé go mór ar na cásanna tráchta atá ábhartha do chásanna úsáide feithiclí lán-uathoibrithe. Dá bhrí sin, tá gá leis na cásanna úsáide éagsúla sin a shainiú. Ba cheart an t-athbhreithniú ar chásanna úsáide den sórt sin, agus a leasú más gá, chun cásanna úsáide breise a chumhdach, a dhéanamh ar bhonn tráthrialta. |
|
(4) |
An doiciméad faisnéise, dá dtagraítear in 24(1) (a) de Rialachán (AE) 2018/858 atá le soláthar ag an monaróir do chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe, ba cheart go mbeadh sé bunaithe ar an teimpléad a leagtar síos don chineálcheadú feithicle iomláine in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (4). Mar sin féin, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, tá gá leis na hiontrálacha sa doiciméad faisnéise atá ábhartha do chineálcheadú chóras uathoibrithe na feithicle lán-uathoibrithe a bhaint ón doiciméad. |
|
(5) |
I bhfianaise chastacht na gcóras tiomána uathoibrithe, tá gá leis ceanglais feidhmíochta agus tástálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh trí dhoiciméadacht monaróra ina thaispeántar go bhfuil an córas tiomána uathoibrithe saor ó aon riosca neamhréasúnta sábháilteachta i leith taistealaithe na feithicle agus aon úsáideora bóthair eile sna cásanna ábhartha agus feadh shaolré ADS. Chuige sin, tá gá leis an gcóras bainistíochta sábháilteachta atá le cur i bhfeidhm ag na monaróirí a leagan síos, chun na paraiméadair a bheidh le húsáid le haghaidh cásanna tráchta atá ábhartha do chóras tiomána uathoibrithe a shocrú le haghaidh monaróirí agus údarás, chun critéir a leagan síos le measúnú a dhéanamh ar cé acu an thugann, nó nach dtugann, coincheap sábháilteachta an mhonaróra aghaidh ar na cásanna tráchta, guaiseacha agus rioscaí ábhartha, agus chun na critéir a leagan amach chun measúnú a dhéanamh ar na torthaí bailíochtaithe ó na monaróirí go háirithe torthaí bailíochtaithe ó shlabhraí uirlisí fíorúla. Ar deireadh, tá gá leis na sonraí ábhartha le linn úsáide a shonrú ar a ndéanfaidh an monaróir tuairisciú chuig na húdaráis chineálcheadaithe. |
|
(6) |
An deimhniú ar chineálcheadú AE agus an t-aguisín a ghabhann leis atá le heisiúint le haghaidh an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe, deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart é a bhunú ar na teimpléid faoi seach a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683. Mar sin féin, chun cur chuige comhsheasmhach a áirithiú, tá gá leis na hiontrálacha den deimhniú ar chineálcheadú AE agus an t-aguisín a ghabhann leis atá ábhartha do chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe a bhaint. |
|
(7) |
Faoi réir fhorálacha Rialachán (AE) 2018/858 agus aon reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais, tá an rialachán seo gan dochar don cheart atá ag Ballstáit cúrsaíocht agus sábháilteacht oibriú feithiclí lán-uathoibrithe i dtrácht a rialú agus sábháilteacht oibriú na bhfeithiclí sin a rialú i seirbhísí iompair áitiúla. Níl sé d’oibleagáid ar na Ballstáit limistéir, bealaí ná saoráidí páirceála a réamhshainiú faoin rialachán seo. Ní féidir le mótarfheithiclí a chumhdaítear leis an Rialachán seo oibriú ach faoi raon feidhme Airteagal 1. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Theicniúil – Mótarfheithiclí, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le the cineálcheadú feithiclí lán-uathoibrithe ó chatagóir M agus N, a mhéid a bhaineann lena gcóras tiomána uathoibrithe, le haghaidh na gcásanna úsáide a leanas:
|
(a) |
Feithiclí lán-uathoibrithe, lena n-áirítear feithiclí móid dhéach, a dearadh agus a tógadh chun paisinéirí nó earraí a iompar in achar réamhshainithe. |
|
(b) |
“Mol go mol”: feithiclí lán-uathoibrithe, lena n-áirítear feithiclí móid dhéach, a dearadh agus a tógadh chun paisinéirí nó earraí a iompar ar bhealach réamhshainithe a bhfuil pointí tosaigh agus deiridh socraithe ag aistear/turas. |
|
(c) |
“Seirbhís uathoibríoch ghiolla páirceála”: feithiclí móid dhéach ag a bhfuil mód tiomána lán-uathoibrithe le haghaidh feidhmeanna páirceála laistigh de shaoráidí páirceála réamhshainithe. Féadfaidh an córas bonneagar seachtrach (e.g. marcóir aimsithe suímh, braiteoirí braistinte, etc.) na saoráide páirceála a úsáid nó gan é a úsáid chun an tasc tiomána dinimiciúil a dhéanamh. |
Féadfaidh an monaróir iarratas a dhéanamh faoin Rialachán seo ar cheadú aonair nó ar chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí a shainítear in Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2018/858, ar choinníoll go gcomhlíonann na feithiclí sin ceanglais an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Anuas ar na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2018/858 agus Rialachán (AE) 2019/2144, chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
|
1. |
Ciallaíonn “Córas Tiomána Uathoibrithe” (ADS) na crua-earraí agus na bogearraí atá in ann DDT ina iomláine a fheidhmiú ar bhonn leanúnach, i bhfearann sonrach deartha oibriúcháin (ODD). |
|
2. |
Ciallaíonn “gné ADS” feidhm de chrua-earraí agus bogearraí ADS a dearadh le haghaidh úsáid shonrach laistigh de ODD. |
|
3. |
Ciallaíonn “feidhm ADS” feidhm de chrua-earraí agus bogearraí ADS a dearadh go speisialta chun cuid shonrach den DDT a dhéanamh. |
|
4. |
Ciallaíonn “tasc tiomána dinimiciúil” (“DDT”) na feidhmeanna oibríochtúla fíor-ama agus feidhmeanna beartacha uile is gá chun an fheithicil a oibriú, gan feidhmeanna straitéiseacha amhail sceidealú turais agus roghnú ceann scríbe agus treoirphointí san áireamh agus lena n-áirítear na fothascanna seo a leanas gan teorannú:
|
|
5. |
Ciallaíonn “feidhmeanna oibriúcháin” DDT na feidhmeanna a sheachadtar thar amthairiseach de mhilleasoicindí agus lena n-áirítear tascanna amhail ionchuir stiúrtha chun fanacht laistigh de lána nó coscánú chun guais atá ag teacht aníos a sheachaint. |
|
6. |
Ciallaíonn “feidhmeanna beartacha” DDT na feidhmeanna a sheachadtar thar amthairiseach de shoicindí agus lena n-áirítear tascanna amhail roghnú lána, glacadh bearna agus scoitheadh. |
|
7. |
Ciallaíonn “fabht” staid neamhghnách a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le cliseadh. D’fhéadfadh crua-earraí nó bogearraí a bheith i gceist leis sin. |
|
8. |
Ciallaíonn “cliseadh” briseadh in iompraíocht lena mbeifeá ag súil ó chomhpháirt nó ó chóras den ADS mar gheall ar fhabht a bheith ann. |
|
9. |
Ciallaíonn “faireachán inseirbhíse” na sonraí a bhailíonn an monaróir agus sonraí ó fhoinsí eile, chun fianaise a fháil ar fheidhmíocht sábháilteachta inseirbhíse ADS allamuigh. |
|
10. |
Ciallaíonn “tuairisciú inseirbhíse” na sonraí a thuairiscíonn an monaróir chun fianaise ar fheidhmíocht sábháilteachta inseirbhíse ADS allamuigh a thaispeáint. |
|
11. |
Ciallaíonn “feadh saoil ADS” an tréimhse a mbeidh an córas ADS ar fáil lena linn ar an bhfeithicil. |
|
12. |
Ciallaíonn “saolré ADS” an tréimhse feadh na gcéimeanna dearthóireachta, forbartha, táirgthe, feidhmíochta allamuigh, seirbhíse agus díchoimisiúnaithe. |
|
13. |
Ciallaíonn “mífheidhmiú san iompraíocht” cliseadh nó iompraíocht nach mbeadh coinne leis ó chomhpháirt nó ó chóras de ADS maidir le rún a dhearthóireachta. |
|
14. |
Ciallaíonn “inlíocht um riosca íosta (‘MRM’)” ionramháil a bhfuil sé mar aidhm léi rioscaí i dtrácht a íoslaghdú tríd an bhfeithicil a stopadh i staid shábháilte (i.e. staid lena mbaineann an riosca is íosta). |
|
15. |
Ciallaíonn “staid um riosca íosta (‘MRC’)” staid sheasta agus stoptha na feithicle a laghdaíonn an riosca go mbeadh tuairt ann. |
|
16. |
Ciallaíonn “Fearann deartha oibriúcháin (‘ODD’)” na coinníollacha oibriúcháin faoina ndeartarADS áirithe le feidhmiú, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, srianta timpeallachta, geografacha, agus srianta ama, agus/nó saintréithe tráchta nó bóthair a bheith ann nó in éagmais na saintréithe sin. |
|
17. |
Ciallaíonn “brath agus freagairt ar rudaí agus teagmhais” (“OEDR”) fochúraimí den chúram tiomána dinimiciúil lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar an timpeallacht tiomána agus freagairt iomchuí a dhéanamh. Áirítear leis rudaí agus teagmhais a bhrath, a shainaithint agus a aicmiú agus freagairtí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm de réir mar is gá. |
|
18. |
Ciallaíonn “cás” seicheamh nó teaglaim cásanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na ceanglais sábháilteachta i gcomhair ADS. |
|
19. |
Ciallaíonn “cásanna tráchta ainmniúla” cásanna a mbuailfidh ADS leo le linn a bheith ag feidhmiú laistigh dá ODD atá réasúnta intuartha. Léirítear leis na cásanna sin idirghníomhaíochtaí neamhchriticiúla ADS le rannpháirtithe tráchta eile agus gintear gnáthoibriú ADS leo. |
|
20. |
Ciallaíonn “cásanna criticiúla” cásanna a bhaineann le cásanna ar an imeall (e.g. dálaí gan choinn lena mbaineann dóchúlacht thar a bheith íseal go dtarlóidís) agus neamh-leordhóthanachtaí oibríochtúla, gan a bheith teoranta do dhálaí tráchta ach áirítear leo dálaí timpeallachta (e.g. báisteach throm, leibhéal íseal solas na gréine a scalann i gceamaraí), tosca daonna, nascacht agus cumarsáid earráideach a mbíonn oibriú éigeandála ADS mar thoradh orthu. |
|
21. |
Ciallaíonn “cásanna cliste” cásanna a bhaineann le cliseadh ADS agus/nó comhpháirteanna feithicle a bhféadfadh gnáthoibriú nó oibriú éigeandála ADS a bheith mar thoradh orthu ag brath ar cé acu a chaomhnaítear nó nach gcaomhnaítear an t-íosleibhéal sábháilteachta. |
|
22. |
Ciallaíonn “gnáthoibriú” oibriú ADS laistigh de theorannacha agus coinníollacha oibríochta sonraithe chun an ghníomhaíocht dheartha a dhéanamh. |
|
23. |
Ciallaíonn “oibriú éigeandála” oibriú ADS mar gheall ar theagmhais a tharla lena n-éilítear gníomhaíocht phras chun na hiarmhairtí díobhálacha ar shláinte dhaonna nó ar dhamáiste do mhaoin a mhaolú. |
|
24. |
Ciallaíonn “oibreoir ar bord”, i gcás inarb infheidhme maidir le coincheap na sábháilteachta ADS, duine atá lonnaithe taobh istigh den fheithicil lán-uathoibrithe agus a fhéadfaidh na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Sna cásanna thuas, ní thiomáinfidh an t-oibreoir ar bord an fheithicil lán-uathoibrithe agus leanfaidh ADS de DDT a dhéanamh. |
|
25. |
Ciallaíonn “oibreoir idirghabhála cianda”, i gcás inarb infheidhme maidir le coincheap na sábháilteachta ADS, duine nó daoine atá lonnaithe lasmuigh den fheithicil lán-uathoibrithe agus a d’fhéadfadh cúraimí an oibreora ar bord a dhéanamh go cianda, ar choinníoll gur féidir sin a dhéanamh go sábháilte. Ní thiomáinfidh an t-oibreoir idirghabhála cianda an fheithicil lán-uathoibrithe agus leanfaidh ADS de DDT a dhéanamh. |
|
26. |
Ciallaíonn “cumais chianda” cumais a dearadh go speisialta chun tacú le hidirghabháil ó chian. |
|
27. |
“R2022/1426 Ciallaíonn Uimhir Aitheantais Bhogearraí (R2022/1426 SWIN)” aitheantóir saintiomanta, a shainigh an monaróir, a léiríonn faisnéis faoi bhogearraí ábhartha cineálcheadaithe ADS a chuireann le saintréithe ábhartha cineálcheadaithe ADS. |
|
28. |
Ciallaíonn “riosca neamhréasúnta” an leibhéal riosca foriomlán le haghaidh taistealaithe na feithicle agus úsáideoirí bóthair eile agus an riosca sin méadaithe i gcomparáid le feithicil atá á tiomáint de láimh i seirbhísí agus cásanna iompair inchomparáide laistigh den fhearann deartha oibríochta. |
|
29. |
“sábháilteacht fheidhmiúil”: éagmais rioscaí míréasúnta a tharlaíonn mar gheall ar mhífheidhmiú san iompraíocht. |
|
30. |
Ciallaíonn “sábháilteacht oibríochtúil” éagmais riosca neamhréasúnta faoi ghuaiseacha a tharlaíonn mar thoradh ar neamh-leordhóthanachtaí na feidhmiúlachta beartaithe (e.g. brath bréagach/rudaí nár braitheadh), cur isteach oibríochtúil (e.g. dálaí timpeallachta amhail ceo, báisteach, scáthanna, solas na gréine, bonneagar) nó mar thoradh ar mhí-úsáid/earráidí measartha intuartha ag taistealaithe na feithicle agus úsáideoirí bóthair eile (i.e. guaiseacha sábháilteachta — gan aon fhabht a bheith sa chóras). |
|
31. |
Ciallaíonn “straitéis rialaithe” straitéis chun oibriú daingean agus sábháilte ADS a áirithiú mar fhreagairt ar shraith coinníollacha timpeallacha agus/nó oibriúcháin (amhail staid dhromchla an bhóthair, úsáideoirí bóthair eile, drochaimsir, gar-riosca imbhuailte, clistí, teorainneacha ODD a bhaint amach, etc.). D’fhéadfaí a áireamh leis sin srianta feidhmíochta sealadacha (e.g. laghdú san uasluas oibriúcháin, etc.), inlíochtaí MRM, imbhualadh a sheachaint nó a mhaolú, idirghabháil chianda, etc. |
|
32. |
Ciallaíonn “am go dtí imbhualadh” (TTC) an t-am sula dtarlaíonn imbhualadh idir feithiclí/rudaí/daoine mura n-athródh a luasanna agus a dtreo á gcur san áireamh. Maidir le fíorchásanna fadama ina bhfuil luasanna seasta, ach mura sonraítear a mhalairt sa téacs, faightear an TTC sin tríd an achar fadama (i dtreo thaistil na feithicle is ábhar) idir an fheithicil is ábhar agus na feithiclí/rudaí/daoine eile a roinnt ar luas coibhneasta fadama na feithicle is ábhar agus na bhfeithiclí/rudaí/daoine eile. Maidir le fíorchásanna trasnaithe ina bhfuil luasanna seasta, ach mura sonraítear a mhalairt sa téacs, faightear an t-am sin tríd an achar fadama idir an fheithicil is ábhar agus líne chliathánach ghluaiseacht na bhfeithiclí/rudaí/daoine eile a roinnt ar threoluas coibhneasta fadama na feithicle is ábhar. |
|
33. |
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le ADS” feithiclí lán-uathoibrithe nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail iad seo a leanas:
|
|
34. |
Ciallaíonn “feithiclí móid dhéach” feithiclí lán-uathoibrithe a bhfuil suíochán tiomána deartha agus tógtha iontu:
I gcás feithiclí móid dhéach, ní fhéadfar an t-aistriú idir an mód tiomána de láimh agus an mód lán-uathoibríoch ná an t-aistriú idir an mód lán-uathoibríoch agus an mód de láimh a dhéanamh ach amháin nuair atá an fheithicil ina stad, seachas nuair atá an fheithicil ag gluaiseacht. |
|
35. |
Ciallaíonn “oibreoir seirbhíse iompair” an t-eintiteas a sholáthraíonn seirbhís iompair le feithicil amháin lán-uathoibrithe nó níos mó. |
Airteagal 3
Forálacha rialacháin agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe
1. Maidir le hiontrálacha ábhartha an doiciméid faisnéise, arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 24(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/858 a ghabhann leis an iarratas ar chineálcheadú le haghaidh an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe, is éard a bheidh sna hiontrálacha sin an fhaisnéis atá ábhartha maidir leis an gcóras sin atá in Iarscríbhinn I.
2. Cineálcheadú na gcóras tiomána uathoibrithe i bhfeithiclí lán-uathoibrithe, beidh sé faoi réir na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Déanfaidh na húdaráis formheasa nó a seirbhísí teicniúla measúnú ar na sonraíochtaí sin i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
3. An deimhniú ar chineálcheadú AE le haghaidh chineál an chórais tiomána uathoibrithe i bhfeithicil lán-uathoibrithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, déanfar an deimhniú sin a tharraingt suas i gcomhréir le hIarscríbhinn IV.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(2) IO L 82, 9.3.2021, lch. 75
(3) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh a dhéanamh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais riaracháin maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu (IO L 163, 26.5.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Doiciméad faisnéise le haghaidh chineálcheadú AE d’fheithiclí lán-uathoibrithe i ndáil lena gcóras tiomána uathoibrithe
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh… a bhaineann le cineálcheadú AE le haghaidh chineál feithicle lán-uathoibrithe i ndáil leis an gcóras tiomána uathoibrithe (ADS).
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhar léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
|
0 |
GINEARÁLTA |
|
0.1 |
Déantús (trádainm an mhonaróra): |
|
0.2 |
Cineál: |
|
0.2.1 |
Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil): |
|
0.2.2 |
I gcás feithiclí a cineálcheadaíodh go hilchéimneach, faisnéis faoi chineálcheadú na bonnfheithicle/na feithicle ag céimeanna roimhe sin (liostaigh an fhaisnéis le haghaidh gach céim). (Is féidir é sin a dhéanamh le maitrís)
Cineál: Malairt (nó malairtí): Leagan (nó leaganacha): Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú lena n-áirítear an uimhir fadaithe … |
|
0.3 |
Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil/comhpháirt/aonad teicniúil ar leithligh: |
|
0.3.1 |
Suíomh na marcála sin: |
|
0.4 |
Catagóir na feithicle: |
|
0.5 |
Ainm na cuideachta agus seoladh an mhonaróra: |
|
0.5.1 |
I gcás feithiclí a cineálcheadaíodh go hilchéimneach, ainm cuideachta agus seoladh mhonaróir na bonnfheithicle/na feithicle ag céim(eanna) roimhe sin: … |
|
0.6 |
Suíomh agus modh ceangail na bplátaí reachtúla agus suíomh na huimhreach aitheantais feithicle: … |
|
0.6.1 |
Ar an bhfonnadh: … |
|
0.6.2 |
Ar an gcabhalra: … |
|
0.8 |
Ainm(neacha) agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála: |
|
0.9 |
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó): |
|
17 |
CÓRAS TIOMÁNA UATHOIBRITHE (ADS) |
|
17.1 |
Tuairisc ghinearálta ar ADS |
|
17.1.1 |
Fearann deartha oibríochta/Coinníollacha teorann |
|
17.1.2 |
Bhunfheidhmíocht (e.g. Brath agus Freagairt ar Rudaí agus Teagmhais, pleanáil, etc.) |
|
17.2 |
Tuairisc ar fheidhmeanna ADS |
|
17.2.1 |
Príomhfheidhmeanna ADS (ailtireacht fheidhmiúil) |
|
17.2.1.1 |
Feidhmeanna inmheánacha feithicle |
|
17.2.1.2 |
Feidhmeanna seachtracha feithicle (e.g. cúl-mheiteashonraí, bonneagar seachtrach a theastaíonn, bearta oibríochta a theastaíonn) |
|
17.3 |
Forbhreathnú ar mhór-chomhpháirteanna ADS |
|
17.3.1 |
Aonaid rialaithe |
|
17.3.2 |
Braiteoirí agus suiteáil na mbraiteoirí ar an bhfeithicil |
|
17.3.3 |
Gníomhróirí |
|
17.3.4 |
Léarscáileanna agus suíomh |
|
17.3.5 |
Crua-earraí eile |
|
17.4 |
Leagan amach agus scéimléaráid ADS |
|
17.4.1 |
Leagan amach scéimreach an chórais (e.g. blocléaráid) |
|
17.4.2 |
Liosta agus forbhreathnú scéimreach ar idirnaisc |
|
17.5 |
Sonraíochtaí |
|
17.5.1 |
Sonraíochtaí i ngnáthoibriú |
|
17.5.2 |
Sonraíochtaí in oibriú éigeandála |
|
17.5.3 |
Critéir inghlacthachta |
|
17.5.4 |
Léiriú ar chomhlíontacht |
|
17.6 |
Coincheap sábháilteachta |
|
17.6.1 |
Ráiteas ón Monaróir go bhfuil an fheithicil saor ó rioscaí míréasúnta |
|
17.6.2 |
Imlíne ar ailtireacht na mbogearraí (e.g. blocléaráid) |
|
17.6.3 |
Modh faoina gcinntear réadú loighic ADS |
|
17.6.4 |
Míniú ginearálta ar na príomhfhorálacha deartha a shuiteáiltear in ADS ionas go nginfear oibriú sábháilte faoi dhálaí fabht, faoi chur isteach oibríochta agus má tharlaíonn dálaí a sháródh ODD |
|
17.6.5 |
Tuairisc ghinearálta ar phríomhphrionsabail láimhseálacliste, straitéis leibhéal cúltaca lena n-áirítear straitéis maolaithe riosca (inlíocht um riosca íosta) |
|
17.6.6 |
Dálaí chun iarraidh chuig an oibreoir ar bord nó an t-oibreoir idirghabhála cianda a thionscnamh |
|
17.6.7 |
Coincheap maidir le hidirghníomhaíocht idir meaisíní agus daoine le haghaidh taistealaithe feithicle, an t-oibreoir ar bord agus an t-oibreoir idirghabhála cianda lena n-áirítear cosaint in aghaidh gníomhachtú/oibriú agus Idirghabhálacha simplí neamhúdaraithe |
|
17.7 |
Fíorú agus bailíochtú na gceanglas feidhmíochta ag an monaróir, lena n-áirítear OEDR, HMI, meas a léiriú ar rialacha tráchta agus conclúid gur dearadh an córas ar bhealach go bhfuil sé saor ó rioscaí míréasúnta, na taistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile |
|
17.7.1 |
Tuairisc ar an gcur chuige a glacadh |
|
17.7.2 |
Roghnú na gcásanna ainmniúla, criticiúla agus cliste |
|
17.7.3 |
Tuairisc ar na modhanna agus na huirlisí (bogearraí, saotharlann, eile) a úsáidtear agus achoimre ar an measúnú creidiúnachta |
|
17.7.4 |
Tuairisc ar na torthaí |
|
17.7.5 |
Éiginnteacht na dtorthaí |
|
17.7.6 |
Torthaí a léirmhíniú |
|
17.7.7 |
Dearbhú an mhonaróra:
Deimhníonn an (na) monaróir(í) …. go bhfuil ADS saor ó rioscaí míréasúnta sábháilteachta i leith na dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile. |
|
17.8 |
Eilimintí sonraí ADS |
|
17.8.1 |
An cineál sonraí a stóráiltear |
|
17.8.2 |
Suíomh stórála |
|
17.8.3 |
Tarluithe taifeadta agus eilimintí sonraí |
|
17.8.4 |
Modh chun slándáil sonraí agus cosaint sonraí a áirithiú |
|
17.8.5 |
Modh chun rochtain a fháil ar na sonraí |
|
17.9 |
Cibearshlándáil agus nuashonrú bogearraí |
|
17.9.1 |
Uimhir cineálcheadaithe cibearshlándála: |
|
17.9.2 |
Uimhir an deimhnithe comhlíontachta le haghaidh córas bainistithe cibearshlándála: |
|
17.9.3 |
Uimhir chineálcheadaithe don nuashonrú bogearraí: |
|
17.9.4 |
Uimhir an deimhnithe comhlíontachta le haghaidh córas bainistithe nuashonraithe bogearraí |
|
17.9.5 |
Aitheantas Bogearraí ADS |
|
17.9.5.1 |
Faisnéis faoin mbealach le leagan (leaganacha) bogearraí RxSWIN a léamh i gcás nach gcoimeádtar RxSWIN ar an bhfeithicil. |
|
17.9.5.2 |
Más infheidhme, liostaigh na paraiméadair ábhartha a ligfeadh do shainaithint na bhfeithiclí sin is féidir a nuashonrú leis na bogearraí a léirítear le RxSWIN faoi mhír 17.9.4.1. |
|
17.10 |
Lámhleabhar oibriúcháin (le cur i gceangal leis an doiciméad faisnéise) |
|
17.10.1 |
Tuairisc fheidhmiúil ar ADS agus ról beartaithe an úinéara, an oibreora seirbhíse iompair, an oibreora ar bord, an oibreora idirghabhála chianda, etc. |
|
17.10.2 |
Bearta teicniúla le haghaidh oibriú sábháilte (e.g. tuairisc ar an mbonneagar seachtrach a theastaíonn, uainiú, minicíocht agus teimpléad ar oibríochtaí cothabhála); |
|
17.10.3 |
Srianta oibríochtúla agus comhshaoil |
|
17.10.4 |
Bearta oibríochta (e.g. má theastaíonn oibreoir ar bord nó idirghabháil chianda) |
|
17.10.5 |
Treoracha i gcás clistí agus iarraidh ADS (bearta sábháilteachta ag na taistealaithe feithicle, oibreoir seirbhíse iompair, oibreoir ar bord agus oibreoir idirghabhála cianda agus údaráis phoiblí atá le déanamh i gcás mhífheidhmiú na hoibríochta) |
|
17.11 |
Modhanna chun tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta a chumasú
Liosta d’Fhíoracha/Táblaí Acrainmneacha Iarscríbhinn I - Lámhleabhar Ionsamhlaithe Iarscríbhinn II – Lámhleabhar Oibriúcháin Nóta míniúcháin Cuimsítear sa doiciméad faisnéise seo faisnéis atá ábhartha maidir leis an gcóras tiomána uathoibrithe, agus is i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún a chomhlánófar an doiciméad céanna. |
IARSCRÍBHINN II
Ceanglais feidhmíochta
1. DDT faoi chásanna tráchta ainmniúla.
|
1.1. |
Beidh ADS in ann DDT iomlán a dhéanamh. |
|
1.1.1. |
Déanfar cumas ADS chun DDT iomlán a dhéanamh a chinneadh i gcomhthéacs ODD ADS. |
|
1.1.2. |
Mar chuid de DDT, beidh ADS in ann an méid a leanas a dhéanamh:
|
|
1.1.3. |
Taispeánfaidh an córas iompraíocht réamhaíoch agus é ag idirghníomhú le húsáideoir(í) bóthair eile, chun fadiompar seasta, íseal-dinimiciúil a áirithiú mar aon le hiompar íoslaghdaithe riosca i gcás ina bhfuil cásanna criticiúla ar tí tarlú, e.g. le húsáideoirí bóthair leochaileacha gan chonstaic nó le constaic (coisithe, rothaithe etc.) nó le feithiclí eile a thrasnaíonn nó a ghearrann isteach os comhair na feithicle lán-uathoibrithe. |
|
1.1.4. |
Comhlíonfar na ceanglais uile a bhaineann le DDT sa treo contrártha má éilíonn ODD an giar cúlaithe nó má dhearbhaíonn ODD é sin, |
|
1.2 |
Braithfidh ADS agus freagróidh sé go hiomchuí ar rudaí agus teagmhais atá ábhartha do DDT laistigh de ODD.
D’fhéadfadh an méid a leanas a bheith i gceist le rudaí agus teagmhais, ach níl siad teoranta dóibh:
|
|
1.3. |
Cloífidh ADS leis na rialacha tráchta sa tír oibriúcháin |
|
1.3.1. |
Idirghníomhóidh ADS go sábháilte le húsáideoirí bóthair eile i gcomhréir le rialacha tráchta, amhail trí mheán:
|
|
1.3.2. |
In éagmais rialacha tráchta sonracha, ní sháróidh feithiclí ag a bhfuil ADS atá beartaithe chun taistealaithe feithicle a iompar agus iad ina seasamh nó gan srian luasghéarú cothrománach carntha de 2,4 m/s2 (de luach absalóideach agus arna ríomh mar theaglaim de luasghéarú cliathánach agus fad-luasghéarú), agus ráta luasghéaraithe athraithe de 5 m/s3.
Ag brath ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar an riosca i leith tasitealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile, d’fhéadfadh sé a bheith ní b’oiriúnaí na teorannacha sin a shárú, amhail in oibríochtaí éigeandála. |
2. DDT faoi chásanna tráchta criticiúla (oibriú éigeandála).
|
2.1 |
Beidh ADS in ann DDT a dhéanamh le haghaidh gach cás tráchta criticiúil in ODD. |
|
2.1.1. |
Beidh ADS in ann an riosca imbhuailte le húsáideoirí bóthair eile, nó constaic a thagann ar an láthair go tobann (smionagar, lucht caillte) a bhrath agus beidh sé in ann oibriú éigeandála iomchuí a dhéanamh go huathoibríoch (coscánú, stiúradh seachantach) chun imbhualadh measartha intuartha a sheachaint agus rioscaí ar shábháilteacht na dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile a íoslaghdú. |
|
2.1.1.1. |
I gcás riosca malartach dosheachanta ar bheatha duine, ní dhéanfaidh ADS foráil maidir le haon ualú ar bhonn saintréithe pearsanta daoine. |
|
2.1.1.2. |
Ní fho-ordófar cosaint na beatha daonna eile lasmuigh den fheithicil lán-uathoibrithe chun beatha dhaonna laistigh den fheithicil lán-uathoibrithe a chosaint. |
|
2.1.2. |
Ba cheart leochaileacht na n-úsáideoirí bóithre lena mbaineann a chur san áireamh tríd an straitéis seachanta/maolaithe. |
|
2.1.3. |
Beidh sé d’aidhm ag an bhfeithicil filleadh ar ghluaisne sheasta arís i ndiaidh na hinlíochta seachantaí a luaithe agus is féidir é sin a dhéanamh ar bhonn teicniúil. |
|
2.1.4. |
Ginfear an comhartha chun na soilse rabhaidh guaise a ghníomhachtú go huathoibríoch i gcomhréir le rialacha tráchta. Má thiomáineann an fheithicil lán-uathoibrithe ar aghaidh arís, ginfear an comhartha chun na soilse rabhaidh guaise a chur as feidhm go huathoibríoch. |
|
2.1.5. |
I gcás imbhualadh tráchta leis an bhfeithicil lán-uathoibríoch, beidh sé d’aidhm ag ADS an fheithicil lán-uathoibrithe a stopadh go hiomlán agus déanfaidh sé iarracht Inlíocht um Riosca Íosta a dhéanamh chun an Staid lena mbaineann an Riosca Íosta a shroicheadh. Ní bheifear in ann gnáthoibriú ADS a thosú arís go dtí go ndeimhníonn ADS staid oibríochtúil shábháilte na bhfeithiclí lán-uathoibrithe trí fhéinseiceálacha agus/nó ag an oibreoir ar bord (más infheidhme) nó ag an oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme). |
3. DDT ag teorainneacha ODD
|
3.1. |
Aithneoidh ADS a dhálaí ODD agus teorainneacha ODD. |
|
3.1.1. |
Beidh ADS in ann a chinneadh má chomhlíontar na dálaí le haghaidh ghníomhachtú ADS. |
|
3.1.2. |
Braithfidh ADS agus freagróidh sé tráth nach gcomhlíontar ceann amháin ná níos mó ná ceann amháin de dhálaí ODD, nó nach gcomhlíontar iad a thuilleadh. |
|
3.1.3. |
Beidh ADS in ann a bheith ag coinne le himeachtaí ó ODD |
|
3.1.4. |
Suífidh an monaróir na dálaí agus na teorainneacha ODD. |
|
3.1.4.1. |
Tá na nithe a leanas i measc na ndálaí ODD atá le haithint ag ADS:
|
|
3.1.5. |
Nuair a bhaineann ADS na teorainneacha ODD amach, déanfaidh sé MRM chun MRC a shroicheadh agus tabharfaidh sé rabhadh don oibreoir ar bord (más infheidhme)/oibreoir cianda dá réir sin (más infheidhme). |
4. DDT faoi chásanna cliste
|
4.1. |
Braithfidh ADS agus freagróidh sé ar iompraíocht mhífheidhmithe ó ADS nó/agus ón bhfeithicil. |
|
4.1.1. |
Déanfaidh ADS fabhtanna agus clistí a fhéindiagnóisiú. |
|
4.1.2. |
Déanfaidh ADS measúnú ar a acmhainneacht DDT iomlán a chomhlíonadh. |
|
4.1.2.1. |
Freagróidh ADS go sábháilte ar fhabht/chliseadh in ADS nach gcuireann as d’fheidhmíocht ADS ar bhealach suntasach. |
|
4.1.2.2. |
Feidhmeoidh ADS MRM chun MRC a shroicheadh i gcás ina gcliseann ADS agus/nó córas feithicle eile a chuireann cosc ar ADS DDT a dhéanamh. |
|
4.1.2.3. |
Tabharfaidh ADS, láithreach ar a mbrath, comhartha ar chlistí móra agus an stádas oibríochtúil dá thoradh sin do na tasitealaithe feithicle, don oibreoir ar bord (más ann dó) nó don oibreoir idirghabhála cianda (más ábhartha), chomh maith leis na húsáideoirí bóthair eile i gcomhréir le rialacha tráchta (e.g. gníomhachtú na soilse rabhaidh guaise). |
|
4.1.2.4. |
Má dhéanann na clistí difear d’fheidhmíocht coscánaithe nó stiúrtha na feithicle, déanfar MRM agus an fheidhmíocht atá fágtha á cur san áireamh. |
5. Inlíocht um Riosca Íosta (MRM) agus Staid lena mbaineann Riosca Íosta (MRC)
|
5.1. |
Le linn MRM, déanfar an fheithicil lán-uathoibrithe ag a bhfuil ADS a mhoilliú, d’fhonn éileamh luasmhoillithe nach mó ná 4,0 m/s2 a bhaint amach, go dtí go sroichtear stad iomlán san áit is sábháilte agus is féidir agus an trácht agus bonneagar bóthair mórthimpeall á gcur san áireamh.Ceadaítear luachanna éilimh luasmhoillithe níos airde i gcás cliste thromchúisigh in ADS nó cliste thromchúisigh feithicle lán-uathoibrithe. |
|
5.2. |
Tabharfaidh ADS comhartha do na taistealaithe feithicle lán-uathoibrithe chomh maith leis na húsáideoirí bóthair eile go bhfuil sé de rún aige an fheithicil lán-uathoibrithe a chur i MRC i gcomhréir leis na rialacha tráchta (e.g., trí na soilse rabhaidh guaise a ghníomhachtú) |
|
5.3. |
Ní fhágfaidh an fheithicil lán-uathoibrithe MRC ach tar éis deimhniú a fháil ó fhéinseiceálacha ag ADS agus/nó oibreoir ar bord (más infheidhme) nó oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme) nach bhfuil an chúis (na cúiseanna) a bhí le MRM ann fós. |
6. Iidirghníomhaíocht idir duine agus an meaisín
|
6.1. |
Tabharfar faisnéis leordhóthanach do na taistealaithe feithicle lán-uathoibrithe cibé áit is gá le haghaidh oibriú sábháilte agus i ndáil le guaiseacha sábháilteachta, |
|
6.2. |
Má tá oibreoir idirghabhála cianda mar chuid de choincheap sábháilteachta ADS, soláthróidh an fheithicil lán-uathoibrithe modh do na taistealaithe feithicle glaoch ar oibreoir idirghabhála cianda trí chomhéadan closamhairc san fheithicil lán-uaithoibrithe. Úsáidfear comharthaí soiléire don chomhéadan closamhairc (e.g. ISO 7010 E004) |
|
6.3. |
Soláthróidh ADS modh do na taistealaithe feithicle chun iarraidh ar inlíocht um riosca íosta chun stop a chur leis an bhfeithicil lán-uathoibríoch. I gcás éigeandála:
|
|
6.4. |
Má tá oibreoir idirghabhála cianda mar chuid de choincheap sábháilteachta ADS, soláthróidh an fheithicil lán-uathoibrithe córais amhairc (e.g. ceamaraí i gcomhréir le caibidil 6 de ISO16505:2019) a dhéanamh ar an spás le haghaidh taistealaithe laistigh den fheithicil agus mórthimpeall na feithicle chun cur ar chumas an oibreora idirghabhála chianda measúnú a dhéanamh ar an gcás laistigh agus lasmuigh den fheithicil. |
|
6.5. |
Má tá oibreoir idirghabhála cianda mar chuid de choincheap sábháilteachta ADS, beidh an t-oibreoir idirghabhála cianda in ann an doras seirbhíse cumhachtoibrithe a oscailt go cianda. |
|
6.6. |
Déanfaidh ADS na córais feithicle ábhartha a ghníomhachtú nuair is gá agus is infheidhme (e.g. doirse a oscailt, na cuimilteoirí a ghníomhachtú i gcás báistí, córas téimh, etc.) |
7. Sábháilteacht fheidhmiúil agus oibríochta
|
7.1. |
Taispeánfaidh an monaróir go ndearnadh leibhéal inghlactha machnaimh ar shábháilteacht fheidhmiúil agus oibríochta ADS le linn na gcéimeanna deartha agus forbartha. Áiritheofear leis na bearta a chuireann an monaróir i bhfeidhm go bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe saor ó rioscaí sábháilteachta míréasúnta i leith na dtaistealaithe feithicle lán-uathoibrithe agus úsáideoirí bóthair eile le linn feadh saoil na feithicle i gcomparáid le seirbhísí iompair inchomparáide agus cásanna laistigh den fhearann oibríochta. |
|
7.1.1. |
Saineoidh an monaróir na critéir ghlactha óna bhfaighfear spriocanna bailíochtaithe ADS chun measúnú a dhéanamh ar an riosca iarmharach i gcás ODD, ag cur sonraí timpiste atá ann faoi láthair (1), sonraí ar fheidhmíocht ó fheithiclí a thiomáintear go hinniúil agus go cúramach de láimh agus teicneolaíocht úrscothach san áireamh, i gcás ina mbeidh fáil ar na sonraí sin. |
|
7.2. |
Beidh próisis ag an monaróir bainistíocht ar shábháilteacht agus ar chomhlíontacht leanúnach ADS thar feadh saoil (caitheamh agus cuimilt, go háirithe le haghaidh braiteoirí, cásanna tráchta nua, etc.). |
8. Cibearshlándáil agus nuashonruithe bogearraí
|
8.1. |
Beidh ADS cosanta ó rochtain neamhúdaraithe i gcomhréir le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (2). |
|
8.2. |
Tacóidh ADS le nuashonruithe bogearraí. Déanfar éifeachtacht na ngnásanna agus na bpróiseas nuashonraithe bogearraí a bhaineann le ADS a thaispeáint trí Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (3) a chomhlíonadh. |
|
8.2.1 |
Mar a shonraítear sa Rialachán um Nuashonrú Bogearraí agus Córas Bainistíochta Nuashonraithe Bogearraí, chun a áirithiú gur féidir bogearraí an Chórais a shainaithint, úsáidfear R2022/1426SWIN. D’fhéadfadh R2022/1426SWIN a bheith á choimeád ar an bhfeithicil nó, mura gcoimeádtar R R2022/1426SWIN ar an bhfeithicil, dearbhóidh an monaróir leagan (leaganacha) bogearraí na feithicle nó ARLanna aonair ag a bhfuil nasc leis na cineálcheaduithe ábhartha don údarás cineálcheadaithe. |
|
8.2.2 |
Soláthróidh an monaróir an fhaisnéis a leanas sa doiciméad faisnéise:
|
|
8.2.3. |
Féadfaidh an monaróir liosta de na paraiméadair ábhartha a sholáthar sa doiciméad faisnéise, leis an liosta sin ligfí do shainaithint na bhfeithiclí lenar féidir nuashonrú le bogearraí a léirítear le R2022/1426SWIN. Dearbhóidh an monaróir an fhaisnéis a chuirtear ar fáil agus is féidir nach ndéanfadh údarás cineálcheadaithe í a fhíorú. |
|
8.2.4. |
Féadfaidh an monaróir cineálcheadú feithicle nua a fháil chun críche idirdhealú a dhéanamh idir leaganacha bogearraí atá le húsáid ar fheithiclí atá cláraithe ar an margadh cheana féin agus leaganacha bogearraí a úsáidtear ar na feithiclí nua. D’fhéadfadh cásanna ina ndéantar rialacháin chineálcheadaithe a nuashonrú, nó athruithe crua-earraí ar fheithiclí i dtáirgeadh sraithe, a chumhdach faoi sin. I gcomhaontú leis an údarás cineálcheadaithe, déanfar dúbláil tástálacha a sheachaint i gcás inar féidir. |
9. Ceanglais sonraí agus eilimintí sonraí sonracha ADS le haghaidh taifeadán sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí lán-uathoibrithe
|
9.1. |
Taifeadfaidh ADS na tarluithe a leanas cibé uair a ghníomhachtaítear ADS: |
|
9.1.1. |
Gníomhachtú/atúsú ADS (más infheidhme) |
|
9.1.2. |
Díghníomhachtú ADS (más infheidhme) |
|
9.1.3. |
Iarraidh seolta ag ADS chuig an oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme) |
|
9.1.4. |
Iarraidh/Ionchur seolta ag oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme) |
|
9.1.5. |
Tús na hoibríochta éigeandála |
|
9.1.6. |
Deireadh na hoibríochta éigeandála |
|
9.1.7. |
Rannpháirteach in imbhualadh braite |
|
9.1.8. |
Ionchur truicir le haghaidh taifeadán sonraí teagmhais (EDR) |
|
9.1.9. |
Oibriú inlíocht um riosca íosta ag ADS |
|
9.1.10. |
Staid lena mbaineann an riosca íosta a bhaineann an fheithicil lán-uathoibrithe amach |
|
9.1.11. |
Cliseadh ADS (Tuairisc) |
|
9.1.12. |
Cliseadh feithicle |
|
9.1.13. |
Tús an ghnáis um athrú lána |
|
9.1.14. |
Deireadh an ghnáis um athrú lána |
|
9.1.15. |
Éirí as an ngnás um athrú lána |
|
9.1.16. |
Tús an trasnaithe lána d’aon ghnó |
|
9.1.17. |
Deireadh an trasnaithe lána d’aon ghnó |
|
9.2 |
Ní gá bratacha tarluithe a stóráil i gcás phointí 9.1.13., 9.1.14., 9.1.16. agus 9.1.17. ach amháin má tharlaíonn siad laistigh de 30 soicind roimh na tarluithe i bpointí 9.1.5., 9.1.7., 9.1.15. nó 9.1.8.: |
|
9.3. |
Eilimintí sonraí ADS |
|
9.3.1. |
Maidir le gach tarlú a liostaítear i bpointe 9.1, déanfar na heilimintí sonraí a leanas a thaifeadadh ar bhealach atá inaitheanta go soiléir: |
|
9.3.2. |
An bhratach tarlaithe taifeadta |
|
9.3.3. |
An chúis leis an tarlú, mar is iomchuí, |
|
9.3.4. |
Dáta (taifeach: bbbb/mm/ll); |
|
9.3.5. |
Suíomh (comhordanáidí GPS) |
|
9.3.6. |
Stampa ama:
|
|
9.4. |
Maidir le gach tarlú a thaifeadtar, beidh RXSWIN, nó na leaganacha bogearraí, lena léirítear na bogearraí a bhí ann tráth a tharla an teagmhas, inaitheanta go soiléir. |
|
9.5. |
D’fhéadfadh stampa ama aonair a bheith ceadaithe le haghaidh eilimintí iomadúla a thaifeadtar ag an am céanna laistigh de thaifeach uainithe na n-eilimintí sonraí sonracha. Má thaifeadtar níos mó ná eilimint amháin ag a bhfuil an stampa ama céanna, cuirfidh an fhaisnéis ó na heilimintí aonair an t-ord croineolaíoch in iúl. |
|
9.6. |
Infhaighteacht sonraí |
|
9.6.1. |
Beidh na heilimintí sonraí ADS ar fáil faoi réir na ceanglais a shonraítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta (4). |
|
9.6.2. |
Nuair a shroicheann an acmhainneacht stórála an teorainn a bhaineann léi, ní fhorscríobhfar na sonraí atá ann ach amháin ag leanúint an nóis imeachta is túisce isteach, is túisce amach, agus an phrionsabail a léiríonn meas ar cheanglais infhaighteachta na sonraí ábhartha.
Soláthróidh an monaróir fianaise dhoiciméadaithe ar an acmhainneacht stórála. |
|
9.6.3. |
Maidir le feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1 , beifear in ann na heilimintí sonraí a aisghabháil fiú i ndiaidh imbhualadh ag leibhéal déine a shocraítear le Rialacháin Uimh. 94 (5), 95 (6) nó 137 (7) ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
9.6.4. |
Maidir le feithiclí i gcatagóirí M2, M3, N2 agus N3, beifear in ann na heilimintí sonraí a liostaítear i bpointe 9.2. a aisghabháil fiú i ndiaidh imbhualadh. Chun an acmhainneacht sin a léiriú, tá feidhm ag an méid a leanas:
Cibé acu:
|
|
9.6.5. |
Mura bhfuil an príomhsholáthar cumhachta ar bord na feithicle ar fáil, beifear in ann na sonraí uile taifeadta a aisghabháil fós. |
|
9.6.6. |
Beidh na sonraí a stóráiltear inléite go héasca ar bhealach caighdeánach trí chomhéadan cumarsáide leictreonaí a úsáid, tríd an gcomhéadan caighdeánach (port Diagnóisice ar Bord) ar a laghad. |
|
9.7 |
Eilimintí sonraí sonracha le haghaidh taifeadán sonraí teagmhais i gcomhair feithiclí lán-uaithoibrithe |
|
9.7.1. |
Maidir le feithiclí atá feistithe le Taifeadáin Sonraí Teagmhais i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/2144, beifear in ann na heilimintí sonraí ADS dá dtagraítear i bpointí 9.3.1. agus 9.3.2. a taifeadadh ar feadh na 30 soicind is déanaí ar a laghad roimh an socrú is déanaí den bhratach tarlaithe “Ionchur truicir do Thaifeadán Sonraí Teagmhais (EDR)” a aisghabháil tríd an gcomhéadan caighdeánach (port Diagnóisice ar Bord), chomh maith leis na heilimintí sonraí a shonraítear i Rialachán 160 (9), Iarscríbhinn 4 (sonraí EDR) ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
9.7.2. |
In éagmais aon tarlú dá dtagraítear i bpointe 9.1 laistigh de na 30 soicind is déanaí ar a laghad roimh an socrú is déanaí den bhratach tarlaithe “Ionchur truicir do Thaifeadán Sonraí Teagmhais (EDR)”, beifear in ann, chomh maith leis na sonraí EDR, an eilimint sonraí a chomhfhreagraíonn do na tarluithe is déanaí laistigh den timthriall cumhachta céanna dá dtagraítear i bpointí 9.1.1. agus 9.1.2., ar a laghad, a aisghabháil. |
|
9.7.3. |
Ní bheidh an dáta ná an stampa ama ná aon fhaisnéis eile a cheadaíonn shainaithint na feithicle, úsáideoir ná úinéir na feithicle, san áireamh leis na heilimintí sonraí a aisghabhtar i gcomhréir le pointe 9.7.1 nó 9.7.2. Déanfar faisnéis a léiríonn an difríocht ama idir an bhratach tarlaithe “Ionchur truicir do Thaifeadán Sonraí Teagmhais (EDR)” agus bratach tarlaithe na heiliminte sonraí ADS faoi seach a chur in áit an stampa ama. |
|
9.8. |
Soláthróidh an monaróir treoracha ar an mbealach le rochtain a fháil ar na sonraí. |
|
9.9. |
Cosaint in aghaidh ionramhála |
|
9.9.1. |
Áiritheofar cosaint leormhaith in aghaidh ionramhála (e.g. scriosadh sonraí) sonraí stóráilte, trí dhearadh frithchrioscaíola, mar shampla |
10. Mód tiomána de láimh.
|
10.1. |
Má cheadaíonn ADS tiomáint de láimh chun críche cothabhála nó chun smacht a aisghabháil i ndiaidh inlíochta um riosca íosta a sholáthar san fheithicil lán-uathoibrithe, teorannófar an fheithicil do 6 km/u agus soláthrófar modh di chun an duine a bhfuil an fheithicil á tiomáint aige an tasc tiomána a dhéanamh go sábháilte i gcomhréir le coincheap sábháilteachta an mhonaróra. Ach amháin i gcás cliste, leanfaidh ADS de bhacainn a brath, chun constaic (e.g feithiclí, coisithe) a bhrath sa limistéar ionramhála agus tacóidh sé leis an tiománaí chun an fheithicil a stopadh láithreach d’fhonn imbhualadh a sheachaint. |
|
10.2. |
Má tá an tiomáint de láimh teoranta do 6 km/u, ní gá don tiománaí fanacht laistigh den fheithicil lán-uathoibrithe. Féadfar an rialú a dhéanamh trí chianrialú atá lonnaithe i gcóngaracht na feithicle ar choinníoll go bhfanann an fheithicil i líne dhíreach amhairc an tiománaí. Ní sháróidh an t-uasfhad thar ar féidir rialú trí chianrialú 10 méadar. |
|
10.3. |
Má tá an fheithicil beartaithe, agus í á tiomáint de láimh, le bheith tiomáinte ag luasanna atá níos airde ná 6 km/h, measfar an fheithicil a bheith ina feithicil de mhód débhreosla. |
11. Lámhleabhar oibriúcháin
|
11.1. |
Déanfaidh an monaróir lámhleabhar oibriúcháin a tharraingt suas. Is é is cuspóir leis an lámhleabhar oibriúcháin oibriú sábháilte na feithicle lán-uathoibrithe a áirithiú trí bhíthin treoracha mionsonraithe don úinéir, na tasitealaithe feithicle, oibreoir seirbhíse iompair, oibreoir ar bord, oibreoir idirghabhála cianda agus aon údarás náisiúnta ábhartha.
I gcás ina bhfuil féidearthacht maidir le tiomáint de láimh mar chuid den fheithicil lán-uathoibrithe chun críche cothabhála nó chun smacht a aisghabháil i ndiaidh inlíochta um riosca íosta, beidh sé sin cumhdaithe faoin lámhleabhar oibriúcháin. |
|
11.2. |
Áireofar sa lámhleabhar oibriúcháin tuairisc fheidhmiúil ar ADS. |
|
11.3. |
Áireofar sa lámhleabhar oibriúcháin bearta teicniúla (e.g. seiceálacha agus oibreacha cothabhála ar an bhfeithicil agus bonneagar seachtrach, ceangla(i)s iompair agus bonneagair fhisiciúil amhail marcóir aimsithe suímh agus braiteoirí braistinte), srianta oibríochtúla (e.g. teorainn luais, lána tiomanta, deighilt fhisiciúil ó thrácht atá le teacht), dálaí comhshaoil (e.g. níl aon sneachta ann) agus bearta oibríochtúla (e.g. teastaíonn oibreoir ar bord nó oibreoir idirghabhála cianda) is gá chun sábháilteacht a áirithiú le linn oibriú na feithicle lán-uathoibrithe. |
|
11.4. |
Tabharfar tuairisc sa lámhleabhar oibriúcháin ar na treoracha le haghaidh na dtaistealaithe feithicle, oibreoir seirbhíse iompair, oibreoir ar bord (i gcás inarb infheidhme) agus oibreoir idirghabhála cianda (i gcás inarb infheidhme) agus údaráis phoiblí i gcás teipeanna agus iarraidh ADS. |
|
11.5. |
Leagfar amach sa lámhleabhar rialacha chun feidhmíocht cheart cothabhála, tástálacha foriomlána agus tuilleadh scrúduithe a áirithiú. |
|
11.6. |
Cuirfear an Lámhleabhar Oibriúcháin faoi bhráid an údaráis chineálcheadaithe in éineacht leis an iarratas ar chineálcheadú agus beidh sé mar iarscríbhinn leis an deimhniú ar chineálcheadú. |
|
11.7. |
Cuirfear an Lámhleabhar Oibriúcháin ar fáil don úinéir agus, i gcás inarb infheidhme, don oibreoir seirbhíse iompair, don oibreoir ar bord (i gcás inarb infheidhme), don oibreoir idirghabhála cianda (i gcás inarb infheidhme) agus d’aon údarás náisiúnta ábhartha. |
12. Forálacha maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta
|
12.1. |
Chun críche tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den chóras ADS a fhíorú: |
|
(a) |
stádas ceart oibriúcháin an chórais, trí stádas an chomhartha rabhaidh faoi theip a bhreathnú go soiléir tar éis do mháistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú agus aon bholgán a sheiceáil. I gcás ina dtaispeántar an comhartha rabhaidh cliste i spás coiteann (an áit ar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna faisnéise/siombailí a thaispeáint, ach ní ag an am céanna), ní mór é a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteann feidhmiúil sula seiceáiltear stádas an chomhartha um stádas rabhaidh teipe; |
|
(b) |
A feidhmiúlacht cheart agus sláine na mbogearraí, rud a bheifear in ann a dheimhniú trí chomhéadan leictreonach feithicle a úsáid, amhail an ceann a leagtar síos i bpointe I.(14) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), i gcás ina mbeidh saintréithe teicniúla san fheithicil a fhágfaidh gur féidir é sin a dhéanamh agus ina gcuirfear na sonraí is gá ar fáil. Áiritheoidh monaróirí go gcuirfidh siad an fhaisnéis theicniúil ar fáil le haghaidh an comhéadan leictreonach feithicle a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ón gCoimisiún (11). |
(1) D’fhéadfaí, cuir i gcás, bunaithe ar shonraí timpiste reatha maidir le busanna, cóistí, trucailí agus gluaisteáin san Aontas, critéar glactha táscach comhiomlánaithe de 10-7 bás in aghaidh uair an chloig oibríochta, a mheas le haghaidh thabhairt isteach ADSanna le haghaidh seirbhísí agus cásanna iompair inchomparáide. Féadfaidh an monaróir méadracht agus modh eile a úsáid ar choinníoll gur féidir leis a léiriú nach bhfuil riosca sábháilteachta míréasúnta ann i gcomparáid le seirbhísí iompair inchomparáide agus le cásanna inchomparáide atá laistigh den réimse oibríochta.
(2) IO L 82, 9.3.2021, lch. 30
(3) IO L 82, 9.3.2021, lch. 60
(4) Moltar acmhainneacht stórála de 2 500 stampa ama a chomhfhreagraíonn do thréimhse 6 mhí úsáide.
(5) IO L 392, 5.11.2021, lch. 1.
(6) IO L 392, 5.11.2021, lch. 62.
(7) IO L 392, 5.11.2021, lch. 130.
(8) IO L 449, 15.12.2021, lch. 1.
(9) IO L 265, 26.7.2021, lch. 3
(10) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródachmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí atá le tástáil, maidir le húsáid na modhanna tástála a mholtar, agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe i ndáil leis an bhformáid sonraí agus na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil ábhartha (IO L 108, 23.4.2019, lch. 5).
IARSCRÍBHINN III
MEASÚNÚ COMHLÍONTACHTA
Tá measúnú comhlíontachta foriomlán ADS bunaithe ar an méid a leanas:
|
— |
Cuid 1: Cásanna tráchta le cur san áireamh |
|
— |
Cuid 2: An measúnú ar choincheap sábháilteachta ADS agus iniúchadh ar chóras bainistíochta sábháilteachta an mhonaróra. |
|
— |
Cuid 3: Na tástálacha le haghaidh na gcásanna tráchta is ábhartha. |
|
— |
Cuid 4: Na prionsabail atá le húsáid le haghaidh an mheasúnaithe creidiúnachta chun slabhra uirlisí fíorúla a úsáid i mbailíochtú ADS |
|
— |
Cuid 5: An córas arna bhunú ag an monaróir chun tuairisciú inseirbhíse a áirithiú. |
Féadfar aon cheanglas in Iarscríbhinn II a sheiceáil trí bhíthin tástálacha a dhéanann an t-údarás cineálcheadaithe (nó a sheirbhís theicniúil).
CUID 1
CÁSANNA TRÁCHTA LE CUR SAN ÁIREAMH
|
1. |
An tsraith íosta cásanna tráchta |
|
1.1. |
Úsáidfear cásanna agus paraiméadair a liostaítear i bpointe 1, i gcás ina bhfuil na cásanna sin ábhartha do ODD ADS.
Má imíonn an monaróir ó na paraiméadair a mholtar i bpointe 1, déanfar an mhéadracht feidhmíochta agus na toimhdí bunúsacha a d’úsáid an monaróir a dhoiciméadú sa phacáiste doiciméadachta. Taispeánfar sa mhéadracht feidhmíochta agus sna toimhdí bunúsacha a roghnaíodh go bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe saor ó rioscaí sábháilteachta míréasúnta. Tacóidh sonraí faireacháin inseirbhíse le bailíocht mhéadracht feidhmíochta sábháilteachta agus toimhdí bunúsacha den sórt sin. |
|
1.2. |
Paraiméadair atá le húsáid le haghaidh cásanna ina n-athraíonn an fheithicil lán-uathoibrithe lána |
|
1.2.1. |
Na cásanna agus na paraiméadair, maidir le hathrú lána, cuirfear iad i bhfeidhm mar a shonraítear i Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe (1). |
|
1.3. |
Paraiméadair atá le húsáid le haghaidh cáis ina gcasann agus ina dtrasnaíonn an fheithicil lán-uathoibrithe. |
|
1.3.1. |
In éagmais rialacha tráchta níos sonraí, cuirfear na ceanglais a leanas san áireamh maidir le hidirghníomhaíocht le húsáideoirí bóthair eile atá rannpháirteach sa ghluaiseacht i gcás ina bhfuiltear ag casadh agus ag trasnú (féach Fíor 1) i ndálaí tirime agus cearta i leith riocht an dromchla bóthair. |
|
1.3.2. |
I gcás ina bhfuiltear ag teacht le chéile le trácht atá faoi phribhléid atá ag casadh ach gan trasnú chuig an treo tráchta eile, níor cheart go mbeadh ar thrácht atá faoi phribhléid luasmhoilliú. Mar sin féin, ní mór a áirithiú nach dtiteann TTC an trácht faoi phribhléid atá ag teacht ar an mbóthar sprice (cás (a) i bhFíor 1) riamh faoin tairseach TTC
dyn
a shainítear mar:
In éineacht le:
|
|
1.3.3. |
I gcás inlíocht casaidh ag trasnú an tráchta sa treo eile, agus an trácht atá ag teacht á chur san áireamh, níor cheart go mbeadh ar thrácht atá faoi phribhléid agus atá sa lána sprice luasmhoilliú. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil údar leis mar gheall ar dhéine an tráchta, ní mór a áirithiú — anuas ar an bhfad idir an trácht faoi phribhléid atá ag teacht ar an mbóthar sprice — nach dtiteann TTC an trácht faoi phribhléid atá ag trasnú chuig pointe imbhuailte dlítheanach (pointe trasnaithe na gconairí, cás (b) i bhFíor 1) riamh faoin tairseach TTC
int
a shainítear mar:
In éineacht le:
Cuirtear an méid sin i bhfeidhm maidir le trácht faoi phribhléid freisin (cás (c) i bhFíor 1): Ní thitfidh TTC an trácht faoi phribhléid chuig pointe imbhuailte samhailteach (pointe trasnaithe na gconairí) riamh faoin tairseach TTC int a shainítear sa phointe seo.
Fíor 1: Samhlú na bhfad nuair atáthar ag casadh agus ag trasnú. Cás (a): Fad chuig an trácht faoi phribhléid atá ag teacht sa sprioc-lána a thabharfar faoi dearna nuair atáthar ag casadh isteach agus nuair a atáthar ag teacht le chéile le trácht faoi phribhléid. Cás (b): Fad go dtí an trácht faoi phribhléid a thabharfar faoi deara nuair atáthar ag casadh tríd an trácht sa treo eile a thrasnú. Cás (c): fad chuig an trácht faoi phribhléid atá ag trasnú nach mór a urramú nuair atáthar ag trasnú. |
|
1.4. |
Paraiméadair atá le húsáid le haghaidh cásanna inlíochta éigeandála ag an bhfeithicil lán-uathoibrithe (DDT faoi chásanna criticiúla) |
|
1.4.1. |
Seachnóidh ADS imbhualadh le feithicil tosaigh a luasmhoillíonn síos go dtí a feidhmíocht coscánaithe iomlán ar choinníoll nach raibh aon ghearradh isteach ó fheithicil eile. |
|
1.4.2. |
Seachnófar imbhuailtí le feithiclí, coisithe agus rothaithe a ghearrann isteach agus atá ag taisteal sa treo céanna, chomh maith le coisithe a d’fhéadfadh tosú ag dul trasna na sráide, laistigh de na dálaí a chinntear leis an gcothromóid a leanas ar a laghad.
In éineacht le:
v rel is é an luas coibhneasta i méadair in aghaidh soicind [m/s] idir an fheithicil lán-uathoibrithe agus an fheithicil atá ag gearradh isteach (dearfach má tá ADS níos tapa ná an fheithicil atá ag gearradh isteach). β mar luasmhoilliú uasta na feithicle lán-uathoibrithe agus glactar leis go bhfuil sé cothrom le:
Ní éilítear an chothromóid seo a chomhlíonadh ach i gcás úsáideoirí bóthair atá ag gearradh isteach, agus ní hamháin ach má tá na húsáideoirí bóthair infheicthe 0,72 soicind ar a laghad roimh an ngearradh isteach: Na torthaí sin i seachaint imbhuailte a éilítear nuair a théann úsáideoir bóthair isteach sa lána féinfheithicle thar na luachanna TTC a leanas (léirítear iad le haghaidh luasanna i gcéimeanna 10 km/u, mar shampla). Comhlíonfar na ceanglais sin gan beann ar dhálaí comhshaoil.
Má dhéantar athrú lána ag a bhfuil TTC níos ísle chuig lána na feithicle lán-uathoibrithe, ní féidir glacadh leis a thuilleadh nach mbeadh aon seachaint imbhuailte ann. Ní fhéadfadh straitéis rialaithe ADS athrú idir seachaint imbhuailte agus maolú ach amháin más féidir leis an monaróir a thaispeáint go méadaíonn sé sin sábháilteacht na dtaistealaithe feithiclí agus úsáideoirí bóthair eile (e.g. trí thosaíocht a thabhairt do choscánú thar inlíocht mhalartach eile). |
|
1.4.3. |
Seachnóidh ADS imbhualadh le coisí nó rothaí atá ag trasnú os comhair na feithicle. |
|
1.4.3.1. |
Dálaí tiomána uirbeacha agus tuaithe |
|
1.4.3.1.1. |
Seachnóidh ADS imbhualadh, suas go luas de 60 km/u, le trasrian coisithe gan chonstaic ag a bhfuil gné luais chliathánaigh nach mó ná 5 km/u nó rothaí gan chonstaic a thrasnaíonn le gné luais cliathánaigh nach mó ná 15 km/u os comhair na feithicle. Déanfar é sin a áirithiú gan beann ar an inlíocht shonrach atá á déanamh ag ADS. |
|
1.4.3.1.2. |
I gcás ina leanann an coisí nó an rothaí ag luas níos airde ná na luachanna réamhluaite agus nach féidir ADS imbhualadh a sheachaint a thuilleadh, ní fhéadfadh straitéis rialaithe ADS athrú idir seachaint imbhuailte agus maolú ach amháin más féidir leis an monaróir taispeáint go méadaíonn sé sin sábháilteacht na dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile (e.g. trí thosaíocht a thabhairt do choscánú thar inlíocht mhalartach eile). |
|
1.4.3.1.3. |
Déanfaidh ADS imbhualadh le coisí nó rothaí coiscthe a thrasnaíonn os comhair na feithicle a mhaolú trína luas tráth an imbhuailte a laghdú le 20 km/h ar a laghad. Déanfar é sin a áirithiú gan beann ar an inlíocht shonrach atá á déanamh ag ADS. |
|
1.4.3.1.4. |
Chun críche comhlíontacht na gceanglas réamhluaite a bhaineann le coisithe agus rothaithe a thrasnaíonn os comhair na feithicle a léiriú, féadfar cásanna tástála agus measúnaithe a forbraíodh faoin gClár Eorpach um Measúnú Gluaisteán Nua a ghlacadh mar threoraíocht. |
|
1.4.3.2. |
Dálaí tiomána ar mhótarbhealach |
|
1.4.3.2.1. |
Na cásanna ábhartha, maidir le trasnú coisí, cuirfear iad i bhfeidhm mar a shonraítear i Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
1.4.3.2.2. |
I gcás ina dtrasnaíonn an coisí le paraiméadair atá lasmuigh de na teorainneacha a shonraítear i Rialachán 157 ó na Náisiúin Aontaithe agus nach féidir ADS imbhualadh a sheachaint a thuilleadh, ní fhéadfadh straitéis rialaithe ADS athrú idir seachaint imbhuailte agus maolú ach amháin más féidir leis an monaróir taispeáint go méadaíonn sé sin sábháilteacht dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile (e.g. trí thosaíocht a thabhairt do choscánú thar inlíocht mhalartach eile). |
|
1.5. |
Bealach isteach an mhótarbhealaigh
Beidh an fheithicil lán-uathoibrithe in ann dul isteach sa mhótarbhealach go sábháilte trí luas an tsreafa tráchta a ghlacadh, agus an treotháscaire ábhartha a ghníomhachtú de réir na rialacha tráchta. Múchfar an treotháscaire a luaithe a bheidh an inlíocht athraithe lána curtha (LCM) i gcrích ag an bhfeithicil. Cuirfear na paraiméadair a úsáidtear sa chás athraithe lána i bhfeidhm. |
|
1.6. |
Bealach amach an mhótarbhealaigh
Beidh an fheithicil lán-uathoibrithe in ann a bheith ag súil leis an mbealach amach ón mótarbhealach atá mar sprioc di trí thiomáint sa lána atá cóngarach don lána bealaigh amach agus ní gá go luasmhoilleoidh sí sula dtosaíonn LCM isteach sa lána bealaigh amach. Cuirfidh an fheithicil lán-uathoibrithe an treotháscaire i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha tráchta, agus déanfaidh sí LCM isteach sa lána bealaigh amach gan moill mhíchuí. Múchfar an treotháscaire a luaithe a bheidh LCM curtha i gcrích ag an bhfeithicil i gcomhréir leis na rialacha tráchta sa tír oibriúcháin. |
|
1.7. |
Dul trí stáisiún dola
Ag brath ar ODD, beidh an fheithicil lán-uathoibrithe in ann an geata pasála ceart a roghnú, agus a luas a oiriúnú do luas a cheadaítear faoi na teorainneacha sa limistéar dola agus an sreabhadh tráchta á chur san áireamh ag an am céanna. |
|
1.8. |
Oibriú ar chineálacha bóthair eile seachas mótarbhealaí
Ag brath ar ODD, cuirfear an cás ábhartha a shainítear i bpointí 1.2. go 1.4. thuas i bhfeidhm. |
|
1.9. |
Paraiméadair atá le húsáid le haghaidh páirceáil ó ghiolla uathoibrithe |
|
1.9.1. |
Ag brath ar ODD, cuirfear na cásanna ábhartha a shainítear i bpointí 1.3. go 1.5. thuas i bhfeidhm. D’fhéadfadh go mbeadh gá leis na paraiméadair atá le húsáid le haghaidh na cásanna sin a oiriúnú chun luas tiomána teoranta agus an easpa radhairc ghinearálta a d’fhéadfadh a bheith ann i saoráid páirceála a chur san áireamh. Tabharfar aird speisialta d’imbhuailtí le coisithe a sheachaint agus go háirithe imbhuailtí le leanaí agus naíchóistí. |
|
2. |
Cásanna nach gcumhdaítear faoi phointe 1. |
|
2.1. |
Déanfar cásanna nach liostaítear i bpointe 1 a ghiniúint chun cásanna criticiúla atá réasúnta intuartha, lena n-áirítear clistí agus guaiseacha tráchta laistigh den fhearann deartha oibríochta. |
|
2.2. |
I gcásanna ina bhfuil cumais ADS ag brath ar chumais chianda, áiritheofar clistí agus guaiseacha tráchta a eascraíonn as na cumais chianda chomhfhreagracha. |
|
2.3. |
Leanfaidh an modh chun cásanna nach liostaítear i gcuid 1 a ghiniúint na prionsabail a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann le Cuid 1 den Iarscríbhinn seo. |
|
2.4. |
An modh a úsáideann an monaróir chun na cásanna nach liostaítear i bpointe 1 a ghiniúint, déanfar é a dhoiciméadú sa phacáiste doiciméadachta a bheidh le soláthar do mheasúnú ADS.
Foscríbhinn 1 Prionsabail atá le leanúint chun cásanna atá ábhartha do ODD ADS a fháil
1. Cásanna a ghiniúint agus a aicmiú Ó thaobh cúrsaí cáilíochtúla de, is féidir cásanna a aicmiú mar Ainmniúil/Criticiúil/Cliseadh agus comhfhreagraíonn siad do ghnáthoibriú nó oibriú éigeandála. Maidir le gach ceann de na catagóirí sin, is féidir cur chuige bunaithe ar shonraí agus bunaithe ar eolas a úsáid chun cásanna tráchta comhfhreagracha a ghiniúint. I gcur chuige bunaithe ar eolas úsáidtear saineolas chun cásanna contúirteacha a shainaithint go córasach agus cásanna a chruthú. I gcur chuige bunaithe ar shonraí úsáidtear na sonraí atá ar fáil chun cásanna a tharlaíonn a shainaithint agus a aicmiú. Gheofar cásanna ó ODD na feithicle lán-uathoibrithe. 2. Cásanna ainmniúla Féadfaidh sraith de chreataí anailíseacha cuidiú leis an monaróir cásanna ainmniúla breise a fháil chun cumhdach don chur i bhfeidhm áirithe a áirithiú. Roinntear na creataí sin mar a leanas: 2.1. Anailís ODD Is é atá i gceist le ODD eilimintí den radharc tíre (e.g. bonneagar fisiciúil), dálaí comhshaoil, eilimintí dinimiciúla (e.g. trácht, úsáideoirí bóthair leochaileacha) agus srianta oibríochta a bhaineann go sonrach le chur i bhfeidhm ADS. Is é is aidhm leis an anailís sin saintréithe ODD a shainaithint, gnéithe a leithdháileadh agus idirghníomhaíochtaí idir na hearraí a shainiú. Fiosraítear an éifeacht atá ag ODD ar iompraíocht cumas ADS anseo. Soláthraítear sampla den anailís i dTábla 1. Tábla 1 Eilimintí dinimiciúla agus a n-airíonna
2.2. Anailís OEDR: Cumas iompraíochta a shainaithint A luaithe a aithnítear na rudaí agus na hairíonna ábhartha, is féidir an fhreagairt iomchuí ó ADS a mhapáil. Tá freagairt ADS bunaithe ar cheanglais feidhmiúla infheidhmithe agus trí cheanglais feidhmíochta an rialacháin seo agus rialacha tráchta na tíre oibriúcháin a chur i bhfeidhm. Is é atá mar thoradh ar anailís OEDR sraith inniúlachtaí is féidir a mhapáil ar na cumais iompraíochta is infheidhme maidir le ODD, chun comhlíontacht leis na ceanglais rialála agus dlíthiúla ábhartha a áirithiú. Soláthraítear i dTábla 2 sampla cáilíochtúil de theagmhas agus an fhreagairt a mheaitseálann leis. Is meascán d’earraí, teagmhais, agus an idirghníomhaíocht fhéideartha eatarthu, mar fheidhm laistigh de ODD, atá sa tsraith de chásanna ainmniúla atá ábhartha do ADS faoin anailís. Is féidir le sainaithint cásanna ainmniúla leas a bhaint as teaglaim fheabhsaithe de thuairisceoirí cásanna, lena gcumhdaítear, laistigh de ODD, tréithe bonneagair, saintréithe rudaí agus teagmhas, guaiseacha a chuireann isteach ar fhreagairtí (e.g. aimsir, infheictheacht). Níl sainaithint na gcásanna ainmniúla teoranta do dhálaí tráchta ach cumhdaítear dálaí comhshaoil, dálaí daonna, nascacht agus cumarsáid earráideach léi freisin. Ós rud é go bhfuil na paraiméadair (toimhdí) le sainiú fós, ní mór na cásanna ainmniúla a fhaightear ó chur i bhfeidhm na hanailíse a mheas ina sraith asbhainte fheidhmiúil agus loighciúil amháin. Tábla 2 Cumais iompraíochta le haghaidh teagmhais áirithe
3. Cásanna criticiúla Féadfaidh cásanna criticiúla a fháil trí thoimhdí cás-imill maidir le cásanna tráchta ainmniúla (bunaithe ar shonraí) a mheas nó trí modhanna caighdeánaithe (bunaithe ar eolas) a chur i bhfeidhm chun neamh-leordhóthanachtaí feidhmiúlachta a ríomh (féach an sampla ar mhodhanna i bpointe 3.5.5. de Chuid 2). Is féidir le sainaithint cásanna criticiúla leas a bhaint as teaglaim fheabhsaithe de thuairisceoirí cásanna agus de luachanna imill, lena gcumhdaítear, laistigh de ODD, tréithe bonneagair, saintréithe rudaí agus teagmhas, guaiseacha a chuireann isteach ar fhreagairtí (e.g. aimsir, rudaí a cheileann an infheictheacht, idirghníomhaíochtaí le húsáideoirí eile bóthair seachas an rud nó an teagmhas spreagtha). Níl sainaithint na gcásanna criticiúla teoranta do dhálaí tráchta ach cumhdaítear dálaí comhshaoil, dálaí daonna, nascacht agus cumarsáid earráideach léi freisin. Comhfhreagraíonn cásanna criticiúla d’oibriú éigeandála ADS. 4. Cásanna cliste Is é is aidhm do na cásanna sin measúnú a dhéanamh ar an mbealach ina bhfreagraíonn ADS ar chliseadh. Tá modhanna difriúla ar fáil sa litríocht (féach an sampla ar mhodhanna i bpointe 3.5.5. de Chuid 2). Maidir le gach ceann de na clistí iompraíochta agus na hiarmhairtí iarmharacha a shainaithnítear, cuirfidh an monaróir straitéisí ábhartha i bhfeidhm agus ADS á fhorbairt (i.e. feiste slán i gcás cliste). Agus na cásanna cliste á gcur i bhfeidhm, is é is cuspóir leis sin measúnú a dhéanamh ar chumas ADS na ceanglais le haghaidh cásanna ina bhfuil sábháilteacht criticiúil, agus a bhfo-cheanglais faoi seach, a chomhlíonadh, lena n-áirítear mar shampla “Déanfaidh ADS bainistíocht ar chásanna tiomána ina bhfuil sábháilteacht criticiúil” agus “Déanfaidh ADS bainistíocht ar mhodhanna cliste”. 5. Toimhdí: Cásanna loighciúla agus coincréiteacha Chun a áirithiú go bhfuil na cásanna a sainaithníodh sna pointí roimhe seo réidh le measúnú a dhéanamh orthu trí ionsamhlú nó tástáil fhisiciúil, d’fhéadfadh go mbeadh ar an monaróir paraiméadair a chur leo ar bhealach comhleanúnach trí thoimhdí a chur i bhfeidhm. Soláthróidh an monaróir fianaise a thacaíonn leis na toimhdí a rinneadh amhail bailiú sonraí ó fheachtais a rinneadh le linn na céime forbartha, eolaíocht maidir le timpistí ón bhfíorshaol agus measúnachtaí ar iompraíocht tiomána réadúil. Maidir leis na paraiméadair a úsáidtear chun cásanna criticiúla a thréithriú, ba cheart go gcumhdóidís go réasúnta luachanna intuartha i dtuairisceoirí cásanna, ach níor cheart iad a bheith teoranta do luachanna arna mbreathnú cheana féin i mbunachair sonraí dhoiciméadaithe. |
CUID 2
MEASÚNÚ AR CHOINCHEAP SÁBHÁILEACHTA AGUS INIÚCHADH AR CHÓRAS BAINISTÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA AN MHONARÓRA
1. Ginearálta
|
1.1. |
Fíoróidh an t-údarás cineálcheadaithe a dheonaíonn cineálcheadú nó an tseirbhís a ghníomhaíonn ar a shon, trí spotseiceálacha agus spot-tástálacha spriocdhírithe, go háirithe mar a shonraítear i bpointe 4 den iarscríbhinn seo, go gcomhlíonann an argóinteacht sábháilteachta a sholáthraítear sa doiciméadacht na ceanglais in Iarscríbhinn II agus go gcuireann an monaróir an dearadh agus na próisis ar a dtugtar tuairisc sa doiciméadacht i bhfeidhm. |
|
1.2. |
Cé go bhfuil siad bunaithe ar an doiciméadacht a soláthraíodh, ar fhianaisí a soláthraíodh le haghaidh iniúchadh ar an gcóras bainistíochta sábháilteachta agus an measúnú ar choincheap sábháilteachta ADS a dhéantar chun an t-údarás cineálcheadaithe a shásamh i gcomhréir leis an rialachán seo, an leibhéal riosca sábháilteachta iarmharach de ADS cineálcheadaithe a mheastar a bheith inghlactha ionas gur féidir leis an gcineál feithicle dul i mbun seirbhíse, fanann sábháilteacht ADS fhoriomlán le linn feadh saoil ADS i gcomhréir le ceanglais an rialacháin seo le bheith mar fhreagracht ar an monaróir a iarrann ar chineálcheadú. |
2. Sainmhínithe
Chun críocha na hIarscríbhinne seo,
|
2.1. |
ciallaíonn “coincheap sábháilteachta” tuairisc ar na bearta a dearadh le bheith in ADS, ionas go n-oibreodh an fheithicil lán-uathoibrithe, le haghaidh na cásanna agus teagmhais atá ábhartha do ODD, ar bhealach atá saor ó rioscaí sábháilteachta míréasúnta do na taistealaithe feithicle agus ar úsáideoirí bóthair eile faoi dhálaí fabht (sábháilteacht fheidhmiúil) agus faoi dhálaí neamhfhabht (sábháilteacht oibríochta). D’fhéadfadh sé gur cuid den rogha mhalartach chun athrú chuig oibriú i bpáirt nó chuig córas cúltaca fiú le haghaidh feidhmeanna ríthábhachtacha ADS a bheadh mar chuid den choincheap sábháilteachta. |
|
2.2. |
Ciallaíonn “aonaid” na rannáin is lú de chomhpháirteanna an chórais a chuirfear san áireamh san iarscríbhinn seo, ós rud é go ndéileálfar leis na comhcheangail sin de chomhpháirteanna mar eintitis aonair chun críche sainaitheanta, anailíse nó athsholáthair. |
|
2.3. |
Ciallaíonn “naisc tarchuir” an modh a úsáidtear chun aonaid dáilte a idirnascadh chun críche comharthaí, sonraí oibriúcháin nó soláthar fuinnimh a chur in iúl. Is trealamh leictreach a bhíonn i gceist leis sin de ghnáth ach d’fhéadfadh sé a bheith meicniúil, neomatach nó hiodrálach, i bpáirt éigin. |
|
2.4. |
Ciallaíonn “raon rialaithe” athróg aschuir agus sainítear leis an raon thar ar dócha a fheidhmeoidh an córas rialú. |
|
2.5. |
Ciallaíonn “teorainn d’oibriú feidhmiúil” na teorainneacha de na teorainneacha fisiciúla seachtracha faoina bhfuil ADS in ann na tascanna tiomána dinimiciúla a fheidhmiú. |
3. Doiciméadacht ar ADS
3.1. Ceanglais
Soláthróidh an monaróir pacáiste doiciméadachta ina mbeidh rochtain ar bhundearadh ADS agus ar na modhanna trína nasctar é le córais eile feithicle nó trína ndéanann sé athróga aschuir a rialú go díreach chomh maith le crua-earraí/bogearraí seachtracha agus cumais chianda.
Míneofar feidhm (nó feidhmeanna) ADS, lena n-áirítear na straitéisí rialaithe agus coincheap na sábháilteachta atá leagtha síos ag an monaróir.
Beidh an doiciméadacht gonta, ach mar sin féin beidh fianaise ann go raibh sé de bhuntáiste ag an dearadh agus an fhorbairt go raibh saineolas ann ó na réimsí córais ar fad lena mbaineann.
Maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta, tabharfar tuairisc sa doiciméadacht ar an gcaoi ar féidir stádas oibriúcháin reatha ADS agus an fheidhmiúlacht agus sláine na mbogearraí a sheiceáil.
Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe measúnú ar an bpacáiste doiciméadachta ina léireofar an méid a leanas maidir le ADS:
|
(a) |
dearadh agus forbraíodh é chun oibriú ar bhealach atá saor ó rioscaí míréasúnta ar na taistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile laistigh de ODD agus teorainneacha dearbhaithe; |
|
(b) |
comhlíonann sé na ceanglais feidhmíochta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
gur de réir an phróisis/an mhodha forbartha atá dearbhaithe ag an monaróir a forbraíodh é. |
|
3.1.1. |
Cuirfear an doiciméadacht ar fáil ina trí chuid:
|
3.2. Tuairisc ghinearálta ar ADS
|
3.2.1. |
Soláthrófar tuairisc ina dtugtar míniú simplí ar shaintréithe oibríochta ADS agus ghnéithe ADS. |
|
3.2.2. |
Ba chóir an fhaisnéis seo a leanas a thabhairt sa chur síos: |
|
3.2.2.1 |
an fearann deartha oibríochta amhail uasluas oibrithe, cineál bóthair (e.g. lána tiomanta), tír (tíortha)/limistéir oibriúcháin, na dálaí bóthair agus comhshaoil is gá (e.g. gan aon sneachta), etc.)/Dálaí teorann |
|
3.2.2.2 |
bunfheidhmíocht (e.g. brath agus freagairt ar earraí agus teagmhais, bonneagar seachtrach a theastaíonn le linn a oibrithe) |
|
3.2.2.3. |
Idirghníomhaíocht le húsáideoirí bóthair eile |
|
3.2.2.4. |
príomhdhálaí le haghaidh inlíochtaí um riosca íosta. |
|
3.2.2.5. |
coincheap idirghníomhaíochta le taistealaithe feithicle, leis an oibreoir ar bord (más infheidhme) agus leis an oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme). |
|
3.2.2.6. |
an modh atá ag an oibreoir ar bord (más infheidhme) nó ag an oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme), taistealaithe feithicle (más infheidhme) nó ag úsáideoirí bóthair eile (más infheidhme) chun ADS a ghníomhachtú nó a mhúchadh. |
|
3.2.2.7. |
bearta oibríochta (e.g. má theastaíonn oibreoir ar bord nó idirghabháil chianda) atá le comhlíonadh chun sábháilteacht le linn oibriú na feithicle lán-uathoibrithe a áirithiú. |
|
3.2.2.8. |
cúl-mheiteashonraí, bonneagar seachtrach a theastaíonn, bearta oibríochta a theastaíonn chun sábháilteacht a áirithiú le linn oibriú feithicle lán-uathoibríche. |
3.3. Tuairisc ar fheidhmeanna ADS
Soláthrófar tuairisc ina dtugtar míniú ar na feidhmeanna uile lena n-áirítear straitéisí rialaithe chun oibriú láidir agus sábháilte ADS a áirithiú agus ar na modhanna a úsáidtear chun na tascanna tiomána dinimiciúla laistigh de ODD a dhéanamh, agus ar na teorainneacha faoina bhfuil an córas tiomána uathoibrithe deartha le hoibriú, lena n-áirítear tuairisc ar an mbealach a áirithítear an méid sin.
Aon fheidhm tiomána uathoibrithe chumasaithe nó dhíchumasaithe a bhfuil crua-earraí nó bogearraí san fheithicil ina leith tráth an táirgthe, déanfar iad a dhearbhú agus tá siad faoi réir cheanglais na hiarscríbhinne seo chomh maith le ceanglais Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, sula n-úsáidtear san fheithicil iad. Déanfaidh an monaróir an phróiseáil sonraí a dhoiciméadú i gcás ina gcuirtear algartaim foghlama leanúnaí i bhfeidhm.
|
3.3.1. |
Soláthrófar liosta de gach athróg ionchuir agus gach athróg bhraite, agus déanfar raon oibre na n-athróg sin a shainiú. Ina theannta sin tabharfar tuairisc ar an difear a dhéanann gach athróg d’iompar ADS. |
|
3.3.2. |
Soláthrófar liosta de na hathróga aschuir go léir atá faoi rialú ADS agus tabharfar míniú orthu, i ngach cás, cé acu is rialú díreach atá i gceist nó rialú trí chóras eile feithicle. Saineofar an raon inar dócha do “ADS” rialú a fheidhmiú ar gach athróg den sórt sin. |
|
3.3.3. |
Luafar teorainneacha a shainíonn teorainneacha oibrithe feidhmiúla lena n-áirítear teorainneacha ODD i gcás inarb iomchuí i leith fheidhmíocht ADS. |
|
3.3.4. |
Míneofar an coincheap maidir le hidirghníomhaíocht duine agus meaisín (HMI) leis na taistealaithe feithicle/an oibreoir ar bord/oibreoir idirghabhála cianda (más ann dó) tráth atá gar do theorainneacha ODD agus tráth a shroichtear iad ansin. Áiritheofar sa mhíniú sin liosta de na cineálacha cásanna ina nginfidh ADS iarratas tacaíochta chuig an oibreoir ar bord/an oibreoir idirghabhála cianda (más infheidhme), an bealach ina ndéantar an t-iarratas, an nós imeachta lena láimhseáiltear iarratas cliste leis agus an inlíocht um riosca íosta. Tabharfar tuairisc freisin ar na comharthaí agus an fhaisnéis a thugtar don oibreoir ar bord/oibreoir idirghabhála cianda, taistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile i ngach ceann de na gnéithe thuas. |
3.4. Leagan amach agus scéimléaráid ADS
|
3.4.1. |
Fardal na gcomhpháirteanna.
Soláthrófar liosta, ag tiomsú aonaid uile ADS agus ina luaitear na córais feithicle eile chomh maith le crua-earraí/bogearraí seachtracha agus cumais chianda a theastaíonn chun feidhmíocht shonraithe de ADS, atá le formheas de réir a ODD, a fheidhmiú. Soláthrófar scéimléaráid imlíne ina léireofar na haonaid sin i dteannta a chéile, scéimléaráid ina soiléireofar idir an dáileachán trealaimh agus na hidirnaisc. Áireofar an méid a leanas leis an imlíne sin:
|
|
3.4.2. |
Feidhmeanna na n-aonad
Déanfar feidhm gach aonaid de ADS a leagan amach agus taispeánfar na comharthaí a nascann iad le haonaid eile nó le córais eile feithicle. Áireofar leis sin córais sheachtracha a thacaíonn le ADS agus córais feithicle eile. Féadfar é sin a chur ar fáil le blocléaráid lipéadaithe nó le scéimléaráid eile, nó le tuairisc agus léaráid den sórt sin ina cúnamh aici. |
|
3.4.3. |
Idirnaisc laistigh de ADS, is le léaráid chiorcaid a léireofar iad i gcás na nasc traiseolta leictrigh, is le léaráid phíobánra a léireofar iad i gcás trealamh traiseolta neomataigh, agus is le leagan amach simplithe léaráideach a léireofar iad i gcás nascálacha meicniúla. Léireofar freisin na naisc traiseolta chuig córais eile agus ó chórais eile. |
|
3.4.4. |
Beidh comhfhreagras soiléir idir naisc traiseolta agus na comharthaí a iomprófar idir aonaid. Tosaíochtaí comharthaí ar chonairí sonraí ilphléacsaithe, sonrófar iad sin i gcás inarbh fhéidir gur shaincheist í an tosaíocht a dhéanfadh difear don fheidhmíocht nó don tsábháilteacht. |
|
3.4.5. |
Aonaid a shainaithint |
|
3.4.5.1. |
Beidh gach aonad inaitheanta go soiléir agus gan débhrí (e.g. trí mharcáil le haghaidh crua-earraí agus trí mharcáil nó aschur bogearraí le haghaidh inneachar bogearraí) ionas go mbeidh na crua-earraí agus an doiciméadacht comhfhreagrach dá chéile. I gcás ina bhféadfadh leagan de bhogearraí athrú gan ionadú na marcála nó na comhpháirte a bheith ag teastáil, ní mór go mbeifear in ann na bogearraí a shainaithint trí aschur amháin. |
|
3.4.5.2. |
I gcás ina gcuirtear feidhmeanna le chéile laistigh d’aonad amháin nó go deimhin laistigh de ríomhaire amháin, ach go dtaispeántar iad i mbloic iomadúla sa bhlocléaráid ar mhaithe le soiléireacht agus éascaíocht a mínithe, ní úsáidfear ach aon mharcáil aitheantais crua-earraí amháin. Dearbhóidh an monaróir, tríd an aitheantas sin a úsáid, go bhfuil an trealamh a sholáthraítear i gcomhréir leis an doiciméad comhfhreagrach. |
|
3.4.5.3. |
Leis an aitheantas déantar an leagan crua-earraí agus bogearraí a shainiú agus, i gcás ina dtagann athrú ar an leagan bogearraí sa tslí go n-athraítear feidhm an Aonaid a mhéid a bhaineann leis an Rialachán seo, athrófar an t-aitheantas sin freisin. |
|
3.4.6. |
Suiteáil comhpháirteanna an chórais braiteachta
Soláthróidh an monaróir faisnéis ar na roghanna suiteála le haghaidh comhpháirteanna aonair atá sa chóras braiteachta. Áireofar leis na roghanna sin, ach níl siad teoranta do, suíomh na comhpháirte san fheithicil/ar an bhfeithicil, an t-ábhar (na hábhair) mórthimpeall na comhpháirte, toisiúchán agus geoiméadracht an ábhair mórthimpeall na comhpháirte, bailchríoch dromchla na n-ábhar mórthimpeall na comhpháirte, tráth atá siad suiteáilte san fheithicil. Áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraíochtaí suiteála atá criticiúil d’fheidhmíocht ADS, e.g. lamháltais ar uillinn suiteála. Athruithe ar chomhpháirteanna aonair an chórais braiteachta, nó ar roghanna suiteála, tabharfar fógra don údarás cineálcheadaithe ina leith agus beidh siad faoi réir tuilleadh measúnaithe. |
3.5. Coincheap sábháilteachta an mhonaróra agus bailíochtú choincheap sábháilteachta ag an monaróir
|
3.5.1. |
Soláthróidh an monaróir ráiteas ina ndeimhnítear go bhfuil ADS saor ó rioscaí míréasúnta i leith na dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile. |
|
3.5.2. |
I ndáil le bogearraí a úsáidtear in ADS, míneofar an ailtireacht imlíne agus sainaithneofar na modhanna agus na huirlisí deartha a úsáideadh (féach 3.5.1). Taispeánfaidh an monaróir fianaise maidir leis na bealaí ar chinn siad réadú loighic ADS le linn an phróisis deartha agus forbartha. |
|
3.5.3. |
Soláthróidh an monaróir míniú ar na forálacha deartha atá feistithe in ADS don údarás cineálcheadaithe chun sábháilteacht fheidhmiúil agus oibríochta a áirithiú. Tá an méid a leanas san áireamh mar shamplaí ar fhorálacha deartha féideartha ADS:
|
|
3.5.3.1. |
Má roghnaíonn an fhoráil roghnaithe modh oibríochta feidhmíochta faoi dhálaí fabht áirithe (e.g. i gcás clistí tromchúiseacha), luafar na dálaí sin ansin (e.g. an cineál cliste) agus na teorainneacha ar éifeachtacht atá mar thoradh orthu (e.g. tionscnaítear inlíocht um riosca íosta láithreach bonn) chomh maith leis an straitéis rabhaidh don oibreoir/oibreoir cianda, taistealaithe feithicle agus úsáideoirí eile (i gcás inarb infheidhme). |
|
3.5.3.2. |
Má roghnaítear leis an bhforáil deartha roghnaithe modh tánaisteach (cúltaca) nó modh eile chun an fheidhmíocht a ndéanann an fhabht difear di a bhaint amach, déanfar prionsabail na meicníochta athraithe, loighic agus leibhéal iomarcaíochta agus aon ghnéithe seiceála ionsuite a mhíniú chomh maith le teorainneacha na héifeachta a shainiú. |
|
3.5.3.3. |
Má roghnaítear leis an bhforáil deartha roghnaithe an fheidhm (na feidhmeanna) uathoibrithe a bhaint, déanfar sin i gcomhréir le forálacha ábhartha an rialacháin seo. Cuirfear bac ar na comharthaí rialaithe aschuir uile a bhaineann leis an bhfeidhm sin. |
|
3.5.4. |
Soláthróidh an monaróir don údarás cineálcheadaithe míniú freisin ar na bearta sábháilteachta oibríochta atá le cur i bhfeidhm le haghaidh fheidhmiú sábháilte ADS, amhail oibreoir ar bord nó oibreoir idirghabhála cianda, bonneagar seachtrach a thacaíonn leis, ceanglais iompair agus fisiciúla, bearta cothabhála, etc. |
|
3.5.5. |
Tacóidh anailís a léiríonn an bealach a iompróidh ADS chun guaiseacha a mhaolú nó a sheachaint a d’fhéadfadh cur isteach ar shábháilteacht na dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile. |
|
3.5.5.1. |
An modh (nó na modhanna) anailíse a roghnófar, déanfaidh an monaróir iad a bhunú agus a choinneáil ar bun, agus osclófar iad lena n-iniúchadh ag an údarás cineálcheadaithe tráth an chineálcheadaithe agus ina dhiaidh. |
|
3.5.5.2. |
Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe measúnú ar chur i bhfeidhm an chuir (na gcur) chuige anailísigh (anailíseach):
|
|
3.5.5.3. |
Dearbhóidh an cur chuige anailíseach faoi 3.5.5.2 go gcumhdaítear gach ceann de na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
|
3.5.5.4. |
Is éard a bheidh sa mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe spotseiceálacha chun a shuí go bhfuil an argóinteacht a thacaíonn leis an gcoincheap sábháilteachta intuigthe agus loighciúil agus go gcuirtear é i bhfeidhm i bhfeidhmeanna difriúla ADS. Seiceálfar sa mheasúnú go bhfuil na pleananna bailíochta láidir ar bhealach dóthanach chun sábháilteacht a thaispeáint (e.g. cumhdach réasúnta ar na tástálacha cásanna a roghnaíodh) agus gur cuireadh i gcrích i gceart iad. |
|
3.5.5.4.1. |
Taispeánfaidh sé go bhfuil oibriú na feithicle lán-uathoibrithe saor ó rioscaí míréasúnta i leith na dtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile san fhearann deartha oibríochta, i.e. trí:
|
|
3.5.5.5. |
Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe nó éileoidh sé go ndéanfar tástálacha mar a shonraítear i bpointe 4. den Iarscríbhinn seo chun an coincheap sábháilteachta a fhíorú. |
|
3.5.5.6. |
Tabharfar tuairisc sa doiciméadacht sin ar na paraiméadair a bhfuil faireachán á dhéanamh orthu agus leagfar amach inti, maidir le gach dáil teipe a shainítear i bpointe 3.5.4. den iarscríbhinn seo, an comhartha rabhaidh atá le tabhairt don oibreoir/oibreoir cianda/taistealaithe feithicle/úsáideoirí bóthair eile agus/nó don phearsanra seirbhíse/cigireachta teicniúla. |
|
3.5.5.7. |
Tabharfar tuairisc sa doiciméadacht freisin ar na bearta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil ADS saor ó rioscaí míréasúnta i leith na dtaistealaithe feithicle, agus úsáideoirí bóthair eile a fhad agus atá tionchar ag dálaí comhshaoil ar fheidhmíocht ADS, e.g. dálaí aeráide, teocht, iontráil deannaigh, iontráil uisce, pacáil oighir, drochaimsir. |
4. Fíorú agus tástálacha
Agus torthaí anailíse phacáiste doiciméadachta an mhonaróra á gcur san áireamh, iarrfaidh an t-údarás cineálcheadaithe go ndéanfaí na tástálacha nó go mbeadh siad breathnaithe ag an tSeirbhís Theicniúil chun pointí sonracha a thagann chun cinn sa mheasúnú a sheiceáil.
|
4.1. |
Oibriú feidhmiúil ADS, a leagtar amach sna doiciméid a éilítear i bpointe 3, déanfar é a thástáil mar seo a leanas: |
|
4.1.1. |
Fíorú ar fheidhm ADS
Fíoróidh an t-údarás cineálcheadaithe ADS faoi dhálaí neamhchliste trí thástáil a dhéanamh ar raon ar roinnt feidhmeanna roghnaithe, a mheasann an t-údarás cineálcheadaithe a bheith riachtanach, ó siúd a dtugann an monaróir tuairisc orthu, agus trí sheiceáil a dhéanamh ar iompraíocht fhoriomlán ADS i bhfíordhálaí tiomána lena n-áirítear comhlíontacht le rialacha tráchta. Áireofar leis na tástálacha sin cásanna ina sáraíonn an t-oibreoir idirghabhála cianda ADS (más infheidhme). D’fhéadfadh na tástálacha sin a bheith bunaithe ar chásanna tástála a liostaítear i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo agus/nó cásanna breise nach gcumhdaítear le cuid 3. |
|
4.1.1.1. |
Comhfhreagróidh torthaí na tástála leis an tuairisc, lena n-áirítear na straitéisí rialaithe, a sholáthair an monaróir i bpointe 3.2 agus comhlíonfaidh siad ceanglais feidhmíochta an rialacháin seo freisin. |
|
4.1.2. |
Fíorú ar choincheap sábháilteachta ADS
Déanfar freagairt ADS a sheiceáil faoi thionchar fabht in aon aonad aonair trí chomharthaí aschuir comhfhreagracha a chur i bhfeidhm ar aonaid leictreacha nó ar eilimintí meicniúla chun éifeachtaí cliste inmheánacha laistigh den aonad a ionsamhlú. Fíoróidh an t-údarás cineálcheadaithe go gcuimsítear sna tástálacha sin gnéithe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar inrialaitheacht feithicle agus ar fhaisnéis an úsáideora (gnéithe a bhaineann le comhéadan duine le meaisín e.g. idirghníomhaíocht le hoibreoir/oibreoir cianda). |
|
4.1.2.1. |
Déanfaidh na húdaráis chineálcheadaithe seiceáil ar roinnt cásanna atá criticiúil do Bhrath agus Freagairt ar Rudaí agus Teagmhais (OEDR) agus Saintréithiú feidhmeanna cinnteoireachta agus HMI ADS (e.g. rud atá deacair le brath, tráth a shroicheann ADS na teorainneacha ODD, cásanna um chur isteach ar thrácht, saincheist nascachta, fadhb le córais sheachtracha, fadhbanna le cumais chianda, e.g. éagmais oibreoir idirghabhála chianda) mar a shainítear sa rialachán seo. |
|
4.1.2.2. |
Comhfhreagróidh na torthaí fíoraithe don achoimre dhoiciméadaithe ar an anailís ghuaise, chuig leibhéal den éifeacht fhoriomlán go ndeimhnítear an coincheap sábháilteachta agus a fheidhmiú de bheith leordhóthanach agus i gcomhréir le ceanglais an rialacháin seo. |
|
4.2. |
Féadfar uirlis ionsamhlúcháin agus samhlacha matamaiticiúla a úsáid chun an coincheap sábháilteachta a fhíorú i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, go háirithe le haghaidh cásanna atá deacair ar raon tástála nó i bhfíordhálaí tiomána. Taispeánfaidh monaróirí raon feidhme na huirlise ionsamhlúcháin, an bhailíocht a bhaineann léi don chás lena mbaineann chomh maith leis an mbailíochtú a rinneadh don slabhra uirlise ionsamhlúcháin (comhchoibhneas an toraidh le tástálacha fisiciúla). Chun bailíocht an tslabhra uirlise ionsamhlúcháin a thaispeáint, beidh feidhm ag na prionsabail i gCuid 4 den Iarscríbhinn seo. Ní bheidh ionsamhlú mar ionadú ar na tástálacha fisiciúla i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. |
|
4.3 |
Beidh deimhniú comhlíontachta bailí ag an monaróir don chóras bainistíochta sábháilteachta (SMS) atá ábhartha don chineál feithicle atá á fhormheas. |
5. Córas bainistíochta sábháilteachta (CBS)
|
5.1. |
Maidir le ADS, taispeánfaidh an monaróir don údarás cineálcheadaithe i dtéarmaí an chórais bhainistíochta sábháilteachta (SMS) go bhfuil na próisis, modheolaíochtaí, oiliúint agus uirlisí i bhfeidhm, cothrom le dáta agus go leantar iad laistigh den eagraíocht chun sábháilteacht agus comhlíontacht leanúnach ar fud feadh saoil ADS a bhainistiú. |
|
5.2. |
Bunófar na próisis deartha agus forbartha agus déanfar doiciméadú orthu lena n-áirítear córas bainistíochta sábháilteachta, ceanglais bhainistíochta, ceanglais cur chum feidhme, tástáil, rianú clistí, réiteach agus scaoileadh. |
|
5.3. |
Áiritheoidh an monaróir cainéil cumarsáide éifeachtacha idir ranna monaróra atá freagrach as sábháilteacht fheidhmiúil/oibríochta, cibearshlándáil agus aon disciplín ábhartha eile a bhaineann le sábháilteacht na feithicle a bhaint amach. |
|
5.4. |
Beidh próisis ag an monaróir atá dírithe ar shonraí feithicle agus sonraí ó fhoinsí eile a bhailiú chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar theagmhas/timpistí a tharlaíonn de thoradh an chórais tiomána uathoibrithe atá in úsáid. Tuairisceoidh an monaróir d’údaráis cineálcheadaithe, údaráis faireacháin margaidh agus don Choimisiún na tarluithe ábhartha i gcomhréir le cuid 5 den Iarscríbhinn seo. |
|
5.4.1. |
Ní mór don mhonaróir a chur ar chumas an oibreora seirbhíse iompair sonraí feithicle i gcomhréir le mír 5.4 thuas a chur ar fáil do na húdaráis cineálcheadaithe, do na húdaráis um fhaireachas margaidh nó d’údaráis eile arna n-ainmniú ag na Ballstáit, mar aon le sonraí ADS agus na heilimintí sonraí sonracha le haghaidh an taifeadáin sonraí teagmhais arna mbailiú i gcomhréir le roinn 9 d’Iarscríbhinn II. |
|
5.5. |
Beidh próisis ag an monaróir chun bearnaí féideartha i ndiaidh an chláraithe a bhaineann le sábháilteacht a bhainistiú agus chun na feithiclí a nuashonrú más gá. |
|
5.6. |
Taispeánfaidh an monaróir go ndéantar na hiniúchtaí próiseas inmheánach tráthrialta neamhspleácha (e.g. gach 2 bhliain) chun a áirithiú go gcuirtear na próisis a bunaíodh i gcomhréir le pointí 5.1 go 5.5. i bhfeidhm go comhsheasmhach. |
|
5.7. |
Cuirfidh monaróirí socruithe oiriúnacha i bhfeidhm (e.g. socruithe conarthacha, comhéadain shoiléire, córas bainistíochta cáilíochta) le soláthróirí chun a áirithiú go gcomhlíonann córas bainistíochta cáilíochta an tsoláthróra na ceanglais i bpointí 5.1. (ach amháin maidir le gnéithe a bhaineann le feithicil amhail “oibriú” agus “díchoimisiúnú”), 5.2, 5.3 agus 5.6. |
|
5.8. |
Deimhniú comhlíontachta le haghaidh córais bainistíochta sábháilteachta |
|
5.8.1. |
Cuirfidh an monaróir nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí iarratas ar Dheimhniú Comhlíontachta le haghaidh Córais Bainistíochta Sábháilteachta isteach chuig an údarás cineálcheadaithe. |
|
5.8.2. |
Gabhfaidh trí chóip de na doiciméid a luaitear faoin mír seo leis agus na doiciméid a leanas ach go háirithe:
|
|
5.8.3. |
Tráth a bheidh an t-iniúchadh sin ar SMS curtha i gcrích go sásúil agus tar éis dearbhú sínithe a fháil ón monaróir de réir na samhla mar a shainítear i bhFoscríbhinn 3, tabharfar teastas ar a gcuirtear Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS mar a thugtar tuairisc air i bhFoscríbhinn 4 (an Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS anseo feasta) don mhonaróir. |
|
5.8.4. |
Fanfaidh an Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS de bheith bailí ar feadh uastréimhse 3 bliana ó dháta seachadta an deimhnithe ach amháin má aistarraingeofar é. |
|
5.8.5. |
Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe tráth ar bith a fhíorú go leanfar de cheanglais an Deimhnithe Comhlíontachta le haghaidh SMS a chomhlíonadh. Aistarraingeoidh an t-údarás cineálcheadaithe an Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMA má fhaightear amach faoi neamhchomhréireachtaí móra i gcomhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus mura dtabharfar aghaidh orthu láithreach bonn. |
|
5.8.6. |
Cuirfidh an monaróir an t-údarás cineálcheadaithe nó a sheirbhís theicniúil ar an eolas faoi aon athrú a mbeadh tionchar aige ar ábharthacht an deimhnithe comhlíontachta le haghaidh SMS. Tar éis dul i gcomhairle leis an monaróir, cinnfidh an t-údarás cineálcheadaithe nó a Sheirbhís Theicniúil cé acu atá gá, nó nach bhfuil gá, le seiceálacha nua. |
|
5.8.7. |
In am trátha, cuirfidh an monaróir isteach ar Dheimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS nua nó chun síneadh a chur leis an deimhniú reatha. Eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe, faoi réir iniúchadh dearfach, Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS nua nó cuirfidh sé síneadh lena bhailíocht go ceann tréimhse bhreise 3 bliana. Fíoróidh an t-údarás cineálcheadaithe go leanann SMS de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe deimhniú nua i gcásanna inar cuireadh athruithe faoi bhráid an údaráis cineálcheadaithe nó faoi bhráid a Sheirbhíse Teicniúla agus ina ndearnadh athmheasúnú dearfach ar na hathruithe sin. |
|
5.8.8. |
Measfar dul in éag nó aistarraingt Dheimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS an mhonaróra, a mhéid a bhaineann leis na cineálacha feithicle a bhí ábhartha do SMS lena mbaineann, mar mhodhnú ar fhormheas, agus d’fhéadfadh aistarraingt an fhormheasa a bheith san áireamh leis sin mura gcomhlíontar na coinníollacha chun an formheas a dheonú a thuilleadh. |
6. Foráil tuairiscithe
|
6.1. |
Déanfar tuairisciú ar mheasúnú sábháilteachta ar choincheap sábháilteachta ADS chomh maith le hiniúchadh ar chóras bainistíochta sábháilteachta an mhonaróra ar bhealach faoina ligtear don inrianaitheacht, e.g. cuirtear cóid le leaganacha de dhoiciméid a ndéantar iniúchadh orthu agus liostaítear iad i dtaifid na Seirbhíse Teicniúla. |
|
6.2. |
Soláthraítear sampla de leagan amach don tuarascáil ar an measúnú ar choincheap sábháilteachta ADS ón tSeirbhís Theicniúil chuig an údarás cineálcheadaithe i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an gcuid seo. Tugtar achoimre ar na míreanna a liostaítear san Fhoscríbhinn seo mar shraith íosta míreanna nach mór a chumhdach. |
|
6.3. |
Eiseoidh an t-údarás a dheonaíonn an cineálcheadú na torthaí measúnaithe sábháilteachta atá le cur i gceangal leis an deimhniú ar chineálcheadú bunaithe ar an doiciméadacht a sholáthair an monaróir, an tuarascáil ar an measúnú ar choincheap sábháilteachta ADS ón tseirbhís theicniúil agus ar thorthaí na bhfeachtas fíoraithe agus tástála a dhéantar i gcomhréir le Cuid 3 den Iarscríbhinn seo. Tugtar sampla i bhFoscríbhinn 4 de leagan amach a d’fhéadfadh a bheith ar na torthaí measúnaithe sábháilteachta. |
7. Inniúlacht na n-iniúchóirí/measúnóirí
|
7.1. |
An measúnú ar choincheap sábháilteachta ADS agus iniúchadh ar an gcóras bainistíochta sábháilteachta faoin gcuid seo, ní dhéanfaidh ach measúnóirí/iniúchóirí ag a bhfuil an t-eolas teicniúil agus riaracháin is gá chun na gcríoch sin iad. Beidh siad inniúil mar iniúchóir/measúnóir le haghaidh ISO 26262-2018 (Sábháilteacht Fheidhmiúil - Feithiclí Bóthair), agus ISO/PAS 21448 (Sábháilteacht Fheidhmiúlacht Bheartaithe feithiclí bóthair) ach go háirithe; agus beidh siad in ann an nasc is gá a dhéanamh le gnéithe cibearshlándála i gcomhréir le Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe agus ISO/SAE 21434). Taispeánfar an inniúlacht sin trí cháilíochtaí iomchuí nó trí thaifid oiliúna chomhionanna eile.
Foscríbhinn 1 Múnla le haghaidh tuarascáil measúnaithe choincheap sábháilteachta ADS Uimhir tuarascála um measúnú sábháilteachta: 1. Sainaitheantas. 1.1. Déanamh na feithicle: 1.2 Cineál feithicle 1.3 Modh sainaitheantais an chineáil feithicle, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil: 1.4. Suíomh na marcála sin: 1.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra: 1.6. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: 1.7. Pacáiste doiciméadachta foirmiúil an mhonaróra:Uimhir tagartha na doiciméadachta: Dáta na heisiúna bunaidh: Dáta an nuashonraithe is déanaí: 2. Modh measúnaithe 2.1. Tuairisc ar na próisis agus na modheolaíochtaí measúnaithe 2.2. Critéir inghlacthachta 3. Torthaí an athbhreithnithe ar an bpacáiste doiciméadachta 3.1 Athbhreithniú ar an tuairisc ar ADS. 3.2. Athbhreithniú ar choincheap sábháilteachta an Mhonaróra agus anailís sábháilteachta an mhonaróra. 3.3. Athbhreithniú ar an mBailíochtú agus ar an bhFíorú a rinne an monaróir go háirithe maidir leis na tástálacha éagsúla agus íostairseacha cumhdaigh a shocrú le haghaidh méadrachtaí éagsúla. 3.4 Athbhreithniú ar na modhanna agus na huirlisí (bogearraí, saotharlann, eile) agus ar an measúnú creidiúnachta 3.5. Athbhreithniú ar cheanglais sonraí agus eilimintí sonraí sonracha ADS le haghaidh taifeadán sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí lán-uathoibrithe 3.6. Seiceálacha go gcumhdaíonn deimhnithe Cibearshlándála agus Nuashonruithe Bogearraí ADS. 3.7. Athbhreithniú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear sa Lámhleabhar Oibriúcháin 3.8. Athbhreithniú ar fhorálacha maidir leis an tástáil thréimhsiúil ródacmhainneachta ar ADS: 3.9. Athbhreithniú ar fhaisnéis bhreise nach bhfuil san áireamh sa Doiciméad Faisnéise 4. Fíorú fheidhmeanna ADS faoi dhálaí neamhchliste (dá dtagraítear i bpointe 4.1.1. d’Iarscríbhinn III, Cuid 2 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 an 5 Lúnasa 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta agus sonraíochtaí teicniúla aonfhoireamacha le haghaidh chineálcheadú an chórais tiomána uathoibrithe (ADS) i bhfeithiclí lán-uathoibrithe (2) 4.1. Réasúnaíocht le roghnú na gcásanna tástála 4.2. Cásanna tástála roghnaithe 4.3. Tuarascálacha tástála 4.3.1. Uimhir Tástála (cuir leis an líon céanna le tástálacha a rinneadh) 4.3.1.1. Cuspóirí na tástála 4.3.1.2. Coinníollacha tástála 4.3.1.3. Cainníochtaí tomhaiste agus feistí tomhais 4.3.1.4 Critéir inghlacthachta 4.3.1.5. Torthaí tástála 4.3.1.6. Comparáid leis an doiciméadacht a sholáthair an monaróir 5. Fíorú choincheap sábháilteachta ADS faoi chliseadh (dá dtagraítear i bpointe 4.1.2. d’Iarscríbhinn III, Cuid 2 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 5.1. Réasúnaíocht le roghnú na gcásanna tástála 5.2. Cásanna tástála roghnaithe 5.3. Tuarascálacha tástála 5.3.1. Uimhir Tástála (cuir leis an líon céanna le tástálacha a rinneadh) 5.3.1.1. Cuspóirí na tástála 5.3.1.2. Coinníollacha tástála 5.3.1.3. Cainníochtaí tomhaiste agus feistí tomhais 5.3.1.4 Critéir inghlacthachta 5.3.1.5. Torthaí tástála 5.3.1.6. Comparáid leis an doiciméadacht a sholáthair an monaróir 6. Deimhniú den chóras bainistíochta sábháilteachta (a chuirfear leis an tuarascáil tástála sin mar fhoscríbhinn) 7. Dáta an mheasúnaithe 8. Breithiúnas deiridh ar an toradh measúnaithe sábháilteachta 9. Rinneadh an tástáil sin agus tuairiscítear na torthaí i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426An tSeirbhís Theicniúil chun an measúnú a dhéanamh
10. Barúlacha: Foscríbhinn 2 Sampla de thorthaí measúnaithe ADS atá le ceangal leis an deimhniú ar chineálcheadú 1. Sainaitheantas 1.1. Déanamh na feithicle 1.2 Cineál feithicle 1.3 Modh sainaitheantais an chineáil feithicle, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil: 1.4. Suíomh na marcála sin: 1.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra: 1.6. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra, más infheidhme: 1.7. Pacáiste doiciméadachta foirmiúil an mhonaróra:Uimhir tagartha na doiciméadachta: Dáta na heisiúna bunaidh: Dáta an nuashonraithe is déanaí: 2. Modh measúnaithe 2.1. Tuairisc ar na próisis agus na modheolaíochtaí measúnaithe 2.2. Critéir inghlacthachta 3. Fíorú fheidhmeanna ADS faoi dhálaí neamhchliste (dá dtagraítear i bpointe 4.1.1. d’Iarscríbhinn III, Cuid 2 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 3.1. Réasúnaíocht le roghnú na gcásanna tástála 3.2. Cásanna tástála roghnaithe 4. Fíorú choincheap sábháilteachta ADS faoi chliseadh amháin (dá dtagraítear i bpointe 4.1.2. d’Iarscríbhinn III, Cuid 2 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 4.1. Réasúnaíocht le roghnú na gcásanna tástála 4.2. Cásanna tástála roghnaithe 5. Toradh an mheasúnaithe 5.1. Torthaí an athbhreithnithe ar an Doiciméad Faisnéise 5.2. Torthaí an fhíoraithe ar fheidhmeanna ADS faoi dhálaí neamhchliste 5.3. Torthaí an fhíoraithe ar choincheap sábháilteachta ADS faoi chliseadh amháin 5.4. Torthaí an mheasúnaithe ar an gCóras Bainistíochta Sábháilteachta 5.5. Torthaí an fhíoraithe ar fhorálacha le haghaidh na dtástálacha tráthrialta ródacmhainneachta 6. Breithiúnas deiridh ar an toradh measúnaithe sábháilteachta Foscríbhinn 3 Sampla de Dhearbhú Comhlíontachta an Mhonaróra le haghaidh SMS Dearbhú an mhonaróra maidir le comhlíontacht na gceanglas le haghaidh an Chórais Bainistíochta Sábháilteachta Ainm an Mhonaróra: Seoladh an Mhonaróra: Deimhníonn …(Ainm an Mhonaróra) go bhfuil na próisis is gá chun ceanglais don Chóras Bainistíochta Sábháilteachta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 a chomhlíonadh suiteáilte agus déanfar iad a chothabháil. Arna dhéanamh i/in/sa: … (áit) Dáta: Ainm an tsínitheora: Feidhm an tsínitheora: (Stampa agus síneadh ionadaí an mhonaróra) Foscríbhinn 4 Sampla de Dheimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh Córais Bainistíochta Sábháilteachta Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 Uimhir deimhnithe [Uimhir tagartha] [… Údarás Cineálcheadaithe] lena ndeimhnítear Monaróir: … Seoladh an mhonaróra: comhlíonann sé forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 Tá seiceálacha déanta ar: ag (ainm agus seoladh an údaráis chineálcheadaithe nó na Seirbhíse Teicniúla): Uimhir na tuarascála: … Beidh an deimhniú bailí go dtí […Dáta] Arna dhéanamh ag […Áit] An […Dáta] […Síniú] Ceangaltáin: tuairisc ón monaróir ar an gCóras Bainistíochta Sábháilteachta. |
CUID 3
TÁSTÁLACHA
1. Forálacha ginearálta
Beidh na critéir pas agus cliste chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht ADS bunaithe ar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus an cás ar a dtugtar tuairisc i gCuid 1 den fhoscríbhinn seo. Tá na ceanglais sainithe ar bhealach nach féidir na critéir pas/cliste a fháil le haghaidh sraith shonrach de pharaiméadair tástála amháin, ach le haghaidh gach meascán de pharaiméadair a bhaineann le sábháilteacht a d’fhéadfadh tarlú faoi na dálaí oibriúcháin a chumhdaítear faoin gcineálcheadú agus faoin raon oibriúcháin sonraithe (e.g. raon luais, raon fadluasghéaraithe agus luasghéaraithe thrasnaithe, gathanna cuaire, lonrachas, líon lánaí). Maidir le dálaí nach ndéantar a thástáil ach a d’fhéadfadh tarlú laistigh de ODD sainithe an chórais, taispeánfaidh an monaróir mar chuid den mheasúnú ar a dtugtar tuairisc i gcuid 2 chun sástachta an údaráis, go rialaítear an fheithicil go sábháilte freisin.
Deimhneoidh na tástálacha sin na híoscheanglais feidhmíochta ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn II agus feidhmiúlacht ADS agus coincheap sábháilteachta an mhonaróra mar a thugtar tuairisc i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo. Déanfar torthaí tástála a dhoiciméadú agus a thuairisciú i gcomhréir le pointe 6 de chuid 2 den iarscríbhinn seo.
Dearbhóidh na tástálacha sin freisin go gcomhlíonann ADS na rialacha tráchta, go gcuireann sé a chuid oibríochtaí in oiriúint do dhálaí comhshaoil, nach gcuireann sé isteach ar an sreabhadh tráchta (e.g. an lána a bhlocáil mar gheall ar an iomarca MRManna), nach léiríonn sé iompraíocht nach féidir a thuar agus go léiríonn sé iompraíocht réasúnta comhoibritheach agus réamh-mheasta i gcásanna ábhartha (i.e. ag teacht le chéile le dlúththrácht nó in aice le húsáideoirí leochaileacha bóithre).
2 Láithreán tástála
Is éard a bheidh sa láithreán tástála (sampla: luach frithchuimilte) saintréithe a chomhfhreagraíonn do ODD sonraithe ADS. De réir mar is gá chun coinníollacha sonracha ODD de ADS a chur i bhfeidhm, déanfar tástálacha fisiciúla laistigh de ODD iarbhír (ar bóthar) nó ag aon saoráid tástála a mhacasamhlaíonn coinníollacha ODD agus is iad an monaróir agus an t-údarás cineálcheadaithe a chinnfidh iad. Déanfar ADS a thástáil ar an mbóthar i gcomhréir le dlí infheidhme na mBallstát agus ar choinníoll go ndéantar iad go sábháilte agus gan aon riosca i leith úsáideoirí bóthair eile.
3. Dálaí comhshaoil
Déanfar tástálacha faoi dhálaí comhshaoil difriúla, laistigh de theorainneacha ODD sainithe le haghaidh ADS. Maidir le dálaí nach ndéantar a thástáil ach a d’fhéadfadh tarlú laistigh de ODD, taispeánfaidh an monaróir mar chuid den mheasúnú mar chuid den mheasúnú chun sástachta an údaráis, go rialaítear an fheithicil go sábháilte freisin.
Chun tástáil a dhéanamh ar na ceanglais le haghaidh chliseadh feidhmeanna, féintástáil ADS agus inlíocht um an riosca is lú a thionscnamh agus a chur chun feidhme, féadfar earráidí a spreagadh go saorga agus féadfaidh an fheithicil a thabhairt go saorga go cásanna ina mbaineann sí teorannacha an raoin oibriúcháin shonraithe amach (e.g., dálaí comhshaoil).
4. Modhnuithe ar an gcóras chun críche tástála
Má tá gá le modhnuithe ADS chun tástáil a cheadú, e.g. critéir mheasúnaithe cineáil bóthair nó faisnéis maidir le cineál bóthair (sonraí léarscáile), áiritheofar nach bhfuil ndéanann na modhnuithe sin difear do na torthaí tástála. Déanfar na modhnuithe sin a dhoiciméadú i bprionsabal agus beidh siad i gceangal leis an tuarascáil tástála. Déanfar doiciméadú ar an tuairisc agus ar an bhfianaise ar thionchar (más ann di) na modhnuithe sin agus cuirfear an doiciméadacht sin i gceangal leis an tuarascáil tástála.
5. Ullmhú na feithicle
|
5.1. |
Mais tástála
Déanfar an fheithicil atá i gceist a thástáil gan aon ualach feithicle incheadaithe. Ní athrófar an t-ualach tar éis tús a chur leis an nós imeachta tástála. Léireoidh an monaróir, trí úsáid a bhaint as doiciméadacht, go bhfeidhmíonn ADS cibé staid ina bhfuil an fheithicil ó thaobh ualaigh de. |
|
5.2. |
An fheithicil is ábhar don tástáil, beidh brú na mbonn de réir mar a mholfaidh monaróir na feithicle agus í á tástáil. |
|
5.3. |
Fíorófar go bhfuil bail an chórais de réir na cuspóra tástála beartaithe (e.g. i mbail saor ó fhabht nó go bhfuil fabhtanna sonracha aici a ndéanfar tástáil orthu). |
6. Uirlisí tástála
Anuas ar fhíorfheithlicí, féadfar uirlisí tástála úrscothacha a úsáid chun na tástálacha a dhéanamh, ag ionadú fíorfheithiclí agus úsáideoirí bóthair eile (e.g. targaidí boga, ardáin mhóibíleacha, etc.). Comhlíonfaidh na huirlisí tástála ionadaithe sin na saintréithe atá ábhartha le haghaidh measúnú ar fheidhmíocht chéadfach, fíorfheithiclí agus rannpháirtithe tráchta eile. Ní dhéanfar tástálacha ar bhealach a chuirfeadh an phearsanra atá rannpháirteach i mbaol, agus déanfar damáiste suntasach don fheithicil atá á tástáil a sheachaint i gcás ina bhfuil modhanna bailíochtaithe eile ar fáil.
7 Éagsúlacht paraiméadar tástála
Dearbhóidh an monaróir teorainneacha an chórais don údarás cineálcheadaithe. Saineoidh an t-údarás cineálcheadaithe na meascáin dhifriúla de pharaiméadair tástála (e.g. luas na feithicle faoi láthair, cineál agus cúiteamh na sprice, cuaire an lána, etc.) chun ADS a thástáil. Soláthrófar sna cásanna tástála roghnaithe cumhdach tástála leordhóthanach le haghaidh gach cás, paraiméadar tástála agus tionchar comhshaoil. Taispeánfar daingne leordhóthanach na gcóras braistintí le haghaidh ADS in aghaidh mhífheidhmiú sonraí ionchuir/braiteora agus dálaí díobhálacha comhshaoil.
Déanfar na paraiméadair a roghnaíonn an t-údarás cineálcheadaithe a thaifeadadh i dtuarascáil tástála ar bhealach a cheadaíonn inrianaitheacht agus in-atrialltacht chumraíocht na tástála.
8. Cásanna tástála chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht ADS ar raon tástála (pointí 8.1., 8.2., 8.5, 8.6, 8.7, 8.8, 8.9.) agus ar bhóthar (8.3., 8.4., 8.10.)
Ní mór na cásanna atá san áireamh sna pointí a leanas a mheas mar shraith íosta tástálacha. Ar iarraidh ón údarás cineálcheadaithe, féadfar cásanna breithe atá mar chuid de ODD a fheidhmiú. Mura bhfuil údar le cás ar a dtugtar tuairisc i bpointe 8 den iarscríbhinn seo in ODD na feithicle, ní chuirfear san áireamh é.
Ag brath ar ODD, roghnófar cásanna tástála mar chuid den tástáil chineálcheadaithe. Roghnófar na cásanna tástála i gcomhréir le Cuid 1 den iarscríbhinn seo. Féadfar tástáil chineálcheadaithe a dhéanamh ar bhonn ionsamhluithe, inlíochtaí ar an raon tástála agus tástálacha tiomána i dtrácht ar fhíorbhóthar. Mar sin féin, d’fhéadfaí nach mbeadh an tástáil bunaithe ar ionsamhluithe ríomhaire amháin agus tráth an chineálcheadaithe amháin, agus déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe nó breathnóidh sé ar na tástálacha a leanas ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar iompraíocht ADS.
8.1. Fanacht i lána
Taispeánfar sa tástáil nach bhfágann an fheithicil lán-uathoibrithe a lána agus go gcoinníonn sí gluaisne chobhsaí laistigh dá lána thar an raon luais agus ag cuairí éagsúla laistigh de theorainneacha a córais.
|
8.1.1 |
Beidh an tástáil bunaithe ar ODD ADS agus déanfar é a fheidhmiú faoi na coinníollacha a leanas ar a laghad:
|
8.2. Inlíocht um athrú lána (LCM)
Taispeánfar sna tástálacha nach bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe mar údar le riosca míréasúnta ar shábháilteacht na ndtaistealaithe feithicle agus úsáideoirí bóthair eile le linn ghnás um athrú lána, agus go bhfuil ADS in ann measúnú a dhéanamh ar chriticiúlacht an cháis sula dtosaíonn sé an inlíocht um athrú lána (LCM) feadh an raoin luais oibríochta iomláin. Ní éilítear na tástálacha sin ach má tá an fheithicil lán-uathoibrithe in ann athruithe lána a dhéanamh le linn Inlíocht um riosca íosta nó le linn gnáthoibriú.
|
8.2.1. |
Déanfar na tástálacha a leanas:
|
|
8.2.2. |
Déanfar na tástálacha a leanas ar a laghad:
|
8.3. Freagairt ar gheoiméadrachtaí bóthair difriúla
Áiritheofar leis na tástálacha seo, go mbraithfidh an fheithicil lán-uathoibrithe éagsúlacht geoiméadrachtaí bóthair difriúla agus go rachaidh sí in oiriúint dóibh, geoiméadrachtaí ar féidir leo tarlú laistigh de ODD beartaithe thar a raon iomlán luais.
|
8.3.1. |
Déanfar an tástáil leis an liosta cásanna thíos ar a laghad bunaithe ar ODD ADS:
|
|
8.3.2. |
Déanfar gach tástáil ar a laghad:
|
8.4. Freagairt ar rialacha tráchta náisiúnta agus bonneagar bóthair
Áiritheofar leis na tástálacha seo go gcomhlíonfaidh an fheithicil lán-uathoibrithe na rialacha tráchta náisiúnta agus go rachaidh sí in oiriúint d’athruithe buana agus sealadacha éagsúla ar an mbonneagar bóthair (e.g. láithreáin tógála bóthair) sa raon luais iomlán.
|
8.4.1. |
Déanfar na tástálacha leis an liosta cásanna thíos ar a laghad ar liosta é atá ábhartha le haghaidh ODD ADS:
|
|
8.4.2. |
Déanfar gach tástáil ar a laghad:
|
8.5. Seachaint imbhuailte: Imbhualadh a sheachaint le húsáideoirí bóthair nó le rudaí a bheidh ag blocáil an lána
Léireofar leis an tástáil go seachnaíonn an fheithicil lán-uathoibrithe imbhualadh le feithicil atá ina stad, le húsáideoir bóthair nó le lána atá go hiomlán blocáilte nó a bhfuil cuid de blocáilte suas go dtí uasluas sonraithe ADS.
|
8.5.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha san ODD:
|
8.6. Géarchoscánú a sheachaint os comhair ruda is féidir a thrasnú sa lána. Is éard is “rud ar féidir dul thairis” rud is féidir a rolladh gan riosca míréasúnta a chruthú do na taistealaithe feithicle nó d’úsáideoirí eile bóthair.
Léireofar leis an tástáil nach bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe ag tionscnamh Coscánú Éigeandála le héileamh luasmhoilliúcháin níos mó ná 5 m/s2 i ngeall ar rud ar féidir dul thairis a bheith sa lána le haghaidh ODD (e.g. cumhdach dúnphoill nó craobh bheag) suas go dtí uasluas sonraithe ADS.
|
8.6.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha san ODD:
|
8.7. Ag dul i ndiaidh feithicil tosaigh
Léireofar leis an tástáil go bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe in ann gluaisne sheasta a choinneáil ar bun agus a fháil ar ais agus fad sábháilte chuig feithicil chun tosaigh agus go bhfuil sí in ann imbhualadh a sheachaint le feithicil tosaigh a luasmhoillíonn suas go dtí a luasmhoilliú uasta.
|
8.7.1. |
Déanfar an tástáil sin leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha san ODD:
|
8.8. Athrú lána fheithicil eile isteach sa lána (gearradh isteach)
Léireofar leis an tástáil go bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe ábalta imbhualadh a sheachaint le feithicil nó le húsáideoir eile bóthair a bheidh ag gearradh isteach i lána na feithicle lán-uathoibrithe suas go dtí criticiúlacht áirithe den inlíocht gearrtha isteach.
|
8.8.1. |
Cinnfear criticiúlacht na hinlíochta gearrtha isteach de réir na bhforálacha a tugadh isteach i gCuid 1 den iarscríbhinn seo agus beidh sé ag brath ar an bhfad idir an pointe is faide ar gcúl den fheithicil a bheidh ag gearradh isteach agus an pointe is faide chun tosaigh den fheithicil lán-uathoibrithe. |
|
8.8.2. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
8.9. Rud atá ina stad tar éis don fheithicil tosaigh lána a athrú (gearradh amach)
Léireofar leis an tástáil go bhfuil an fheithicil lán-uathoibrithe ábalta imbhualadh a sheachaint le feithicil atá ina stad, le húsáideoir bóthair nó le lána blocáilte a bhíonn le feiceáil tar éis d’fheithicil a bhí roimpi imbhualadh a sheachaint trí inlíocht sheachantach. Beidh an tástáil bunaithe ar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus na paraiméadair cásanna i gcuid 1 den iarscríbhinn seo. Le haghaidh dálaí nach dtástáiltear a d’fhéadfadh tarlú laistigh de raon oibríochtúil sainithe na feithicle, léireoidh an monaróir mar chuid den mheasúnú a thuairiscítear in Iarscríbhinn III, Cuid 2 chun sástachta na n-údarás ábhartha go bhfuil an fheithicil rialaithe go sábháilte.
|
8.9.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
8.10. Páirceáil
Léireofar leis an tástáil go bhfuil ADS ábalta páirceáil i spásanna páirceála difriúla agus i leaganacha amach páirceála faoi choinníollacha difriúla; agus nach bhfuil sí le linn na hinlíochta páirceála ag déanamh damáiste do na rudaí atá mórthimpeall uirthi, d’úsáideoirí bóthair agus di féin.
|
8.10.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
8.11. Ag loingseoireacht i saoráid páirceála
Léireofar leis an tástáil go bhfuil ADS ábalta an luas tiomána íseal a láimhseáil agus an easpa infheictheachta ghinearálta a d’fhéadfadh tarlú le páirceáil.
|
8.11.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
8.12. Cásanna sonracha maidir leis an mótarbhealach
|
8.12.1. |
Bealach isteach an mhótarbhealaigh
Léireofar leis an tástáil go bhfuil ADS ábalta teacht isteach go sábháilte ar an mótarbhealach. |
|
8.12.1.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
|
8.12.2. |
Bealach amach an mhótarbhealaigh
Léireofar leis an tástáil go bhfuil ADS ábalta dul amach go sábháilte ón mótarbhealach. |
|
8.12.2.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
|
8.12.3. |
Stáisiún dola
Léireofar leis an tástáil go bhfuil ADS ábalta an geata scoite ceart a roghnú, agus a luas a oiriúnú chuig an luas sin a cheadaítear laistigh den limistéar dola. |
|
8.12.3.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
8.13. Le haghaidh feithiclí de mhód débhreosla, aistriú idir an mód tiomána de láimh agus an mód lán-uathoibrithe.
Léireofar leis an tástáil go nglacann ADS DDT ar láimh go sábháilte agus nach ndéanann sé é ach amháin nuair atá an fheithicil ina stad.
|
8.13.1. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
|
8.13.2. |
Déanfar an tástáil leis na cásanna seo a leanas ar a laghad, i gcás inarb ábhartha le haghaidh ODD:
|
CUID 4
NA PRIONSABAIL LE hAGHAIDH MEASÚNÚ CREIDIÚNACHTA CHUN SLABHRA UIRLISÍ FÍORÚIL A ÚSÁID I mBAILÍOCHTÚ ADS
1. Ginearálta
|
1.1. |
Féadfar an chreidiúnacht a bhaint amach trí chúig airí den Samhaltú agus Ionsamhlúchán (S&I) a imscrúdú agus a mheasúnú:
|
|
1.2. |
An tráth céanna, beidh creat an mheasúnúcháin creidiúnachta sách ginearálta le húsáid le haghaidh cineálacha agus feidhmeanna difriúla S&I. Éiríonn an sprioc casta áfach mar gheall ar na difríochtaí leathana idir gnéithe ADS agus éagsúlacht na gcineálacha agus na bhfeidhmeanna S&I. Ceanglaítear creat measúnúcháin creidiúnachta (riosca-bhunaithe/treoraithe) leis na breithnithe seo, a bheidh ábhartha agus iomchuí maidir le gach feidhm S&I. |
|
1.3. |
Soláthraítear tuairisc ghinearálta sa chreat measúnúcháin creidiúnachta de na príomhghnéithe a bhreithnítear chun measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht an réitigh S&I mar aon leis na prionsabail maidir le ról measúnóirí tríú páirtí sa phróiseas bailíochtaithe maidir le creidiúnacht. Maidir leis an bpointe deiridh sin, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe imscrúdú ar an doiciméadacht a chuirfear ar fáil lena dtacaítear le creidiúnacht ag an gcéim mheasúnúcháin, cé go dtarlóidh na tástálacha bailíochtaithe iarbhír a luaithe is a bheidh na córais ionsamhlúcháin chomhtháite forbartha ag an monaróir. |
|
1.4. |
Sa deireadh thiar, is é toradh an mheasúnúcháin creidiúnachta atá i bhfeidhm faoi láthair a shaineoidh an clúdach inar féidir an uirlis fhíorúil a úsáid chun tacú leis an measúnú ADS. |
|
1.5. |
Tá ceanglais na coda seo beartaithe dá bhrí sin chun creidiúnacht aon samhla ionsamhlúcháin nó slabhra uirlisí fíorúil a léiriú lena húsáid i mbailíochtú ADS. |
2. Sainmhínithe
Chun críoch na hiarscríbhinne seo
|
2.1. |
ciallaíonn “astarraingt” an próiseas ina roghnaítear na gnéithe riachtanacha de chóras foinse nó de chóras tagráin a ndéanfar léiriú air i samhail nó in ionsamhlúchán, agus neamhaird á déanamh do ghnéithe nach bhfuil ábhartha. Glactar leis le haon astarraingt samhaltúcháin nach ndéanfaidh sé aon difear suntasach d’úsáidí beartaithe na huirlise ionsamhlúcháin. |
|
2.2. |
ciallaíonn “tástáil lúbiata” timpeallacht fhíorúil ina gcuirtear gníomhaíochtaí na gné sa lúb san áireamh. Freagraíonn rudaí ionsamhlaithe do ghníomhaíochtaí an chórais (e.g. an córas ag idirghníomhú le samhail tráchta). |
|
2.3. |
ciallaíonn “cinnteachaíoch” téarma ina dtugtar tuairisc ar chóras ar féidir a fhorbairt le himeacht ama a thuar go beacht agus ina dtáirgfidh tacar spreagthaí ionchuir ar leith an t-aschur céanna i gcónaí. |
|
2.4. |
déantar “tiománaí sa lúb (DIL)” a dhéanamh de ghnáth in ionsamhlóir tiomána a úsáidtear chun dearadh idirghníomhaíochta daonna-uathoibrithe a thástáil. Tá comhpháirteanna in DIL don tiománaí chun oibriú agus labhairt leis an timpeallacht fhíorúil. |
|
2.5. |
Baineann “Crua-earraí sa lúb (HIL)” le crua-earraí deiridh fhochóras sonrach feithicle a ritheann an bogearraí deiridh le hionchur agus le haschur nasctha le timpeallacht ionsamhlúcháin chun tástáil fhíorúil a dhéanamh. Soláthraíonn tástáil HIL bealach chun braiteoirí, gníomhróirí agus comhpháirteanna meicniúla a mhacasamhlú ar bhealach lena nasctar I/O uile na n-aonad rialaithe leictreonach (ARL) atá á dtástáil, i bhfad sula ndéantar an córas deiridh a chomhtháthú. |
|
2.6. |
is tuairisc nó léiriú í an “tsamhail” ar chóras, eintiteas, feiniméan, nó próiseas. |
|
2.7. |
is éard é “calabrú samhla” an próiseas chun paraiméadair uimhriúla nó samhaltúcháin a choigeartú sa tsamhail chun feabhas a chur ar an gcomhaontú le tagrán. |
|
2.8. |
is luachanna uimhriúla é “samhail-Pharaiméadar” a úsáidtear chun tacú le saintréithriú feidhmiúlachta córais. Tá luach ag samhail-pharaiméadar nach féidir a bhreathnú go díreach san fhíorshaol ach nach mór tátal a bhaint as ó shonraí arna mbailiú san fhíorshaol (i gcéim chalabrúcháin na samhla). |
|
2.9. |
is cur chuige é “an tsamhail sa lúb (MIL)” lena mbítear in ann forbairt algartamach thapa a dhéanamh gan crua-earraí tiomnaithe a bheith i gceist. Úsáidtear creataí bogearraí astarraingthe ardleibhéil leis an leibhéal sin forbartha de ghnáth, arna rith ar chórais ríomhaireachta de chuspóir ginearálta. |
|
2.10. |
ciallaíonn “tástáil lúboscailte” timpeallacht fhíorúil nach gcuireann gníomhaíochtaí na gné sa lúb san áireamh (e.g. córas ag idirghníomhú le cás tráchta taifeadta). |
|
2.11. |
is téarma é “dóchúlaíoch” a bhaineann le teagmhais neamh-chinnteachaíocha, a dtuairiscítear a dtorthaí trí thomhas dóchúlachta. |
|
2.12. |
is saoráid tástála fhisiceach é “talamh cruthaithe nó raon tástála” atá dúnta do thrácht áit inar féidir imscrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht ADS ar an bhfeithicil féin. Is féidir gníomhairí tráchta a thabhairt isteach trí spreagadh braiteora nó trí ghairis chaocha suite ar an rian. |
|
2.13. |
is teicníc é “spreagadh braiteora” ina soláthraítear comharthaí arna nginiúint go saorga don ghné atá á tástáil lena spreagadh chun an toradh atá de dhíth le haghaidh fhíorú an fhíorshaoil a chur ar fáil, le haghaidh oiliúna, cothabhála, nó le haghaidh taighde agus forbairt. |
|
2.14. |
is aithris é “ionsamhlúchán” ar an gcaoi a oibríonn próiseas nó córas fíorshaoil thar am. |
|
2.15. |
is samhail é “samhail ionsamhlúcháin” a n-athraíonn a hathróga ionchuir thar am. |
|
2.16. |
is teaglaim d’uirlisí ionsamhlúcháin é an “slabhra uirlis ionsamhlúcháin” a úsáidtear chun tacú le bailíochtú ADS. |
|
2.17. |
déantar “bogearraí sa lúb” nuair a dhéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na samhla forbartha ar chórais ríomhaireachta de chuspóir ginearálta. Is féidir leis an gcéim sin cur chun feidhme bogearraí iomlán a úsáid atá an-ghar don cheann deiridh. Úsáidtear tástáil SIL chun tuairisc a thabhairt ar an modheolaíocht tástála, i gcás ina ndéantar cód in-fhorghníomhaithe amhail algartaim (nó fiú straitéis iomlán rialaitheora), a thástáil laistigh de thimpeallacht samhaltúcháin ar féidir leis cuidiú chun na bogearraí a chruthú nó a thástáil. |
|
2.18. |
ciallaíonn “stocastach” próiseas lena mbaineann nó ina bhfuil athróg randamach nó athróga randamacha. A bhaineann le seans nó dóchúlacht. |
|
2.19. |
“bailíochtú na samhla ionsamhlúcháin”, arb éard atá ann an próiseas lena gcinntear a mhéid gur léiriú cruinn é samhail ionsamhlúcháin den fhíorshaol ó pheirspictíocht úsáidí beartaithe na huirlise. |
|
2.20. |
is timpeallacht chomhtháthaithe d’fhíorthástáil feithicle é “feithicil sa lúb (VIL)” san fhíorshaol agus i dtimpeallacht fhíorúil. Is féidir leis dinimic feithicle a léiriú ar an leibhéal céanna leis an bhfíorshaol agus is féidir é a oibriú ar bhinse tástála feithicle nó ar raon tástála. |
|
2.21. |
is éard é “fíorú na samhla ionsamhlúcháin” an próiseas lena gcinntear a mhéid a chomhlíonann samhail ionsamhlúcháin nó uirlis tástála fhíorúil a ceanglais agus a sonraíochtaí mar a shonraítear ina samhlacha coincheapúla, ina samhlacha matamaiticiúla, nó i gcomhstruchtúir eile. |
|
2.22. |
is éard é “tástáil fhíorúil” an próiseas ina ndéantar tástáil ar chóras ag úsáid samhail ionsamhlúcháin amháin nó níos mó. |
3. Comhpháirteanna an chreata measúnúcháin creidiúnachta agus ceanglais ghaolmhara maidir le doiciméadacht
|
3.1. |
Tugtar isteach bealach leis an gcreat measúnúcháin creidiúnachta chun measúnú agus tuairisc a thabhairt ar chreidiúnacht S&I bunaithe ar chritéir dearbhaithe cáilíochta i gcás inar féidir na leibhéil mhuiníne sna torthaí a léiriú. I bhfocail eile, bunaítear an chreidiúnacht trí mheastóireacht a dhéanamh ar na tosca tionchair S&I seo a leanas a mheastar mar na príomhrudaí a chuidíonn le hairíonna S&I agus dá bhrí sin don chreidiúnacht fhoriomlán Samhaltúcháin agus Ionsamhlúcháin: (a) bainistíocht S&I; (b) taithí agus saineolas na foirne; (c) anailís agus tuairisc ar S&I; (d) stoc sonraí/ionchuir agus (e) fíorú; bailíochtú, Saintréithriú neamhchinnteachta. Léirítear le gach ceann de na tosca seo an leibhéal cáilíochta a baineadh amach le S&I, agus an chomparáid idir na leibhéil a bhaintear amach agus na leibhéil is gá, cinnfear cé acu atá an S&I inchreidte agus oiriúnach le húsáid le haghaidh tástáil fhíorúil. Taispeántar léiriú grafach thíos den chaidreamh idir comhpháirteanna an chreata measúnúcháin creidiúnachta.
|
|
3.2. |
Samhlacha agus bainistíocht ionsamhlúcháin. |
|
3.2.1. |
Is próiseas dinimiciúil é an tsaolré S&I le heisiúintí go minic a dhéanfar a fhaireachán agus a dhoiciméadú. Bunófar gníomhaíochtaí bainistíochta chun tacú le S&I i slí bainistíochta táirgí oibre. Soláthrófar faisnéis ábhartha maidir leis na gnéithe seo a leanas. |
|
3.2.2. |
Déanfar na nithe a leanas leis an bpróiseas bainistíochta S&I:
|
|
3.2.3. |
Bainistíocht eisiúna. |
|
3.2.3.1. |
Stórálfar aon leagan de shlabhra uirlisí S&I a úsáidfear chun sonraí a eisiúint chun críocha deimhniúcháin. Déanfar na samhlacha fíorúla lena gcuimsítear an slabhra uirlisí tástála a dhoiciméadú i dtéarmaí na modhanna bailíochtaithe comhfhreagracha agus na tairseacha glactha chun tacú le creidiúnacht fhoriomlán an tslabhra uirlisí. Forfheidhmeoidh an forbróir modh chun sonraí a ghintear a rianú chuig an leagan comhfhreagrach de S&I. |
|
3.2.3.2. |
Seiceáil cáilíochta ar na sonraí fíorúla. Áiritheofar iomláine, cruinneas agus comhsheasmhacht sonraí ar fud na n-eisiúintí agus shaolré an tslabhra uirlisí S&I chun tacú leis na nósanna imeachta fíorúcháin agus bailíochtaithe. |
|
3.2.4. |
Taithí agus saineolas na foirne. |
|
3.2.4.1. |
Cé go bhfuil taithí agus saineolas cumhdaithe cheana féin ar bhealach ginearálta laistigh den eagraíocht, tá sé tábhachtach bunús na muiníne sa taithí agus sa saineolas sonrach le haghaidh gníomhaíochtaí S&I a shuí. |
|
3.2.4.2. |
Ní hamháin go mbíonn creidiúnacht S&I ag brath ar cháilíocht na samhlacha ionsamhlúcháin bíonn sé ag brath freisin ar thaithí agus ar shaineolas an phearsanra a bhíonn ag gabháil do bhailíochtú agus d’úsáid S&I. Ach tuiscint cheart a bheith ar na teorainneacha agus ar an bhfearann bailíochtaithe mar shampla, cuirfidh sé sin cosc ar mhí-úsáid fhéideartha S&I nó ar mhíléiriú na dtorthaí. |
|
3.2.4.3. |
Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach an bunús atá le muinín an mhonaróra ar an taithí agus saineolas a shuí maidir leo seo a leanas:
|
|
3.2.4.4. |
Ach bainistíocht cheart a dhéanamh ar thaithí agus ar shaineolas na foirne méadaítear an leibhéal muiníne maidir le creidiúnacht S&I agus a chuid torthaí trína áirithiú go gcuirtear na tosca daonna is bun le S&I san áireamh agus go rialaítear aon riosca do chomhpháirt an duine, mar a bhfuil coinne leis in aon Chóras Bainistíochta oiriúnach |
|
3.2.4.5. |
Má ionchorpraíonn slabhra uirlisí an mhonaróra ionchuir ó eagraíochtaí nó ó tháirgí lasmuigh d’fhoireann dhílis an mhonaróra féin nó má bhíonn sé ag brath ar na hionchuir sin, soláthróidh an monaróir míniú ar bhearta a rinne sé chun tacú lena mhuinín i gcáilíocht agus i sláine na n-ionchur sin. |
|
3.2.4.6. |
Tá dhá leibhéal i gceist le taithí agus le saineolas na Foirne. |
|
3.2.4.6.1. |
Leibhéal eagraíochtúil
Suitear an chreidiúnacht trí phróisis agus nósanna imeachta a bhunú chun scileanna, eolas, agus taithí a shainaithint agus a choinneáil ar bun, chun gníomhaíochtaí S&I a dhéanamh. Déanfar na próisis seo a leanas a shuí, a choinneáil ar bun agus a dhoiciméadú:
|
|
3.2.4.6.2. |
Leibhéal foirne
A luaithe agus a bhíonn S&I críochnaithe, déantar a creidiúnacht a shocrú trí scileanna agus eolas an duine aonair/na foirne a dhéanfaidh bailíochtú ar an slabhra uirlisí S&I agus a úsáidfidh S&I chun ADS a bhailíochtú. Suitear creidiúnacht trína dhoiciméadú go bhfuair na foirne sin oiliúint leormhaith chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Déanfaidh an monaróir na nithe seo a leanas ansin:
Mar bhunús ag an gcinneadh sin beidh an chaoi a dtaispeánfaidh an monaróir conas a chuireann sé prionsabail ISO 9001 nó dea-chleachtas nó caighdeán comhchosúil i bhfeidhm chun inniúlacht a eagraithe S&I agus na ndaoine aonair san eagraíocht sin a áirithiú. Ní ionadóidh an t-údarás cineálcheadaithe a bhreithiúnas maidir le taithí agus saineolas na heagraíochta ná a cuid comhaltaí leis sin de chuid an mhonaróra. |
|
3.2.5. |
An aicme sonraí/ionchuir |
|
3.2.5.1. |
San aicme sonraí/ionchuir tá taifead inrianaitheachta ó shonraí an mhonaróra a úsáideadh i mbailíochtú S&I. |
|
3.2.5.2. |
Tuairisc ar na sonraí a úsáidtear le haghaidh S&I
|
|
3.2.5.3. |
Éifeacht cháilíocht na sonraí (e.g. cumhdach sonraí, an cóimheas comhartha le torann, agus neamhchinnteacht braiteoirí/claonadh/ráta samplála) ar neamhchinnteacht na samhail-pharaiméadar.
Déanfaidh cáilíocht na sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a fhorbairt difear do mheastachán agus do chalabrú na samhail-pharaiméadar. Gné thábhachtach eile den anailís chríochnaitheach ar neamhchinnteacht a bheidh sa neamhchinnteacht i samhail-pharaiméadair. |
|
3.2.6. |
An aicme sonraí/aschuir |
|
3.2.6.1. |
San aicme sonraí/aschuir tá taifead d’aschuir S&I a úsáidtear le haghaidh bailíochtú S&I. |
|
3.2.6.2. |
Tuairisc ar na sonraí arna nginiúint ag S&I
|
|
3.2.6.3. |
Éifeacht cháilíocht na sonraí ar chreidiúnacht S&I
|
|
3.2.6.4. |
Ag bainistiú samhlacha stocastacha
|
|
3.3. |
Anailís agus tuairisc ar S&I |
|
3.3.1. |
Is é is aidhm don anailís agus don tuairisc ar S&I an S&I iomlán a shainiú agus an spás paraiméadair is féidir a mheasúnú trí thástáil fhíorúil a shainaithint. Sainítear leis raon feidhme agus teorainneacha na samhlacha agus an tslabhra uirlisí agus na foinsí neamhchinnteachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá thorthaí. |
|
3.3.2. |
Tuairisc ghinearálta |
|
3.3.2.1. |
Soláthróidh an monaróir tuairisc ar an slabhra uirlisí iomlán agus tabharfaidh sé tuairisc ar conas a úsáidfear na sonraí ionsamhlúcháin chun tacú le straitéis bailíochtaithe ADS |
|
3.3.2.2. |
Soláthróidh an monaróir tuairisc shoiléir ar chuspóir na tástála |
|
3.3.3. |
Toimhdí, teorainneacha atá ar eolas agus foinsí neamhchinnteachta |
|
3.3.3.1. |
Spreagfaidh an monaróir na toimhdí samhaltaithe a bhí mar threoir ag dearadh shlabhra uirlisí S&I |
|
3.3.3.2. |
Soláthróidh an monaróir fianaise ar na nithe a leanas:
|
|
3.3.3.3. |
Soláthróidh an monaróir an réasúnú go bhfuil an lamháltas don chomhchoibhneas ionsamhl.-fíor inghlactha le haghaidh chuspóir na tástála |
|
3.3.3.4. |
Ar deireadh, áireofar sa roinn seo faisnéis ar na foinsí neamhchinnteachta sa tsamhail. Ionchur tábhachtach a bheidh anseo don anailís neamhchinnteachta chríochnaitheach, lena saineofar conas a dhéanfaidh foinsí difriúla neamhchinnteachta na samhla a úsáidtear difear do na samhlacha aschuir. |
|
3.3.4. |
Raon feidhme (conas a úsáidtear S&I sa bhailíochtú ADS) |
|
3.3.4.1. |
Déanfar raon feidhme na huirlise fíorúla a fhorfheidhmiú trí raon feidhme úsáid na samhlacha forbartha a bheidh sainithe go soiléir. |
|
3.3.4.2. |
Le S&I aibithe beifear in ann fíorúlú a dhéanamh ar na feiniméin fisiceacha chuig cruinneas a mheaitseálann an leibhéal dílseachta a éilítear i gcomhair deimhniú. Dá réir sin, gníomhóidh S&I mar “thalamh cruthaithe fíorúil” le haghaidh tástáil ADS. |
|
3.3.4.3. |
Teastaíonn cásanna agus méadrachtaí tiomnaithe i gcomhair bailíochtú ó shamhlacha ionsamhlúcháin. An roghnú cásanna a úsáidfear i gcomhair bailíochtú, beidh sé leordhóthanach maidir leis sin a dhéanfaidh an slabhra uirlisí ar an mbealach céanna le cásanna lasmuigh den raon feidhme bailíochtaithe. |
|
3.3.4.4. |
Soláthróidh an Monaróir liosta de chásanna bailíochtaithe in éineacht le teorainneacha na bparaiméadar comhfhreagrach. |
|
3.3.4.5. |
Is ionchur ríthábhachtach é an anailís ODD chun ceanglais, raon feidhme agus éifeachtaí a dhíorthú, nithe nach mór do S&I a chur san áireamh chun tacú le bailíochtú ADS. |
|
3.3.4.6. |
Saineofar leis na paraiméadair arna nginiúint le haghaidh na gcásanna sonraí eistreacha agus intreacha don slabhra uirlisí agus do na samhlacha ionsamhlúcháin. |
|
3.3.5. |
Measúnú criticiúlachta |
|
3.3.5.1. |
Na samhlacha ionsamhlúcháin agus na huirlisí ionsamhlúcháin a úsáidtear sa slabhra uirlisí foriomlán, déanfar imscrúdú orthu i dtéarmaí a gcuid freagrachta i gcás earráid sábháilteachta sa táirge deiridh. Díorthaítear an cur chuige atá beartaithe maidir le hanailís criticiúlachta ó ISO 26262, lena n-éilítear cáilíocht le haghaidh roinnt de na huirlisí a úsáidtear sa phróiseas forbartha. |
|
3.3.5.2. |
Chun a dhíorthú cé chomh criticiúil atá na sonraí ionsamhlaithe, cuirfear na paraiméadair seo a leanas san áireamh sa mheasúnú criticiúlachta:
|
|
3.3.5.3. |
Ó pheirspictíocht an mheasúnúcháin criticiúlachta, is iad seo a leanas na trí chás fhéideartha i gcomhair measúnú:
|
|
3.4. |
Fíorú |
|
3.4.1. |
Le linn S&I a bheith á fhíorú déantar anailís ar chur chun feidhme ceart na samhlacha coincheapúla/matamaiticiúla lena dtógtar an slabhra uirlisí S&I. Rannchuidíonn an fíorú le creidiúnacht S&I trí dhearbhú a thabhairt nach léireofar iompraíocht neamhréadúil le S&I le haghaidh tacar ionchur nach féidir a thástáil. Tá an nós imeachta bunaithe ar chur chuige ilchéime lena n-áirítear fíorú cóid, fíorú ríomha agus anailís íogaireachta. |
|
3.4.2. |
Fíorú cóid |
|
3.4.2.1. |
Tá tástálacha i gceist le fíorú cóid lena léirítear nach ndéanann aon fhabht uimhriúil/lóistíochta difear do na samhlacha fíorúla |
|
3.4.2.2. |
Doiciméadóidh an monaróir cur i gcrích na dteicnící fíorúcháin cóid cearta, e.g. fíorú statach/dinimiciúil cóid, anailís chóineasaithe agus comparáid le réitigh bheachta más infheidhme |
|
3.4.2.3. |
Soláthróidh an monaróir doiciméadacht ina dtaispeánfar go raibh an t-iniúchadh a rinneadh i bhfearann na bparaiméadar ionchuir sách leathan chun teaglaim na bparaiméadar dá léiríonn S&I iompraíocht neamhchobhsaí nó neamhréadúil a shainaithint. Féadfar méadrachtaí cumhdaigh de theaglamaí pharaiméadar a úsáid chun an t-iniúchadh is gá ar na samhail-iompraíochtaí a thaispeáint. |
|
3.4.2.4. |
Glacfaidh an monaróir nósanna imeachta seiceála slánchéille/comhsheasmhachta aon uair a cheadaíonn na sonraí dó sin. |
|
3.4.3. |
Fíorú an ríomha |
|
3.4.3.1. |
Le fíorú ríomha déileáiltear leis an meastachán ar earráidí uimhriúla a dhéanann difear do S&I |
|
3.4.3.2. |
Doiciméadóidh an monaróir meastacháin maidir le hearráidí uimhriúla (e.g. earráid dhiscréide, earráid shlánaithe, cóineasú nósanna imeachta atriallacha); |
|
3.4.3.3. |
Cuimseofar na hearráidí uimhriúla go leordhóthanach chun nach ndéanfaidh siad difear don bhailíochtú. |
|
3.4.4. |
Anailís íogaireachta |
|
3.4.4.1. |
Is é is aidhm d’anailís íogaireachta cainníochtú a dhéanamh ar conas a dhéanann athruithe ar luachanna ionchuir samhlacha difear do luachanna aschuir samhlacha agus dá réir sin na paraiméadair ag a mbíonn an tionchar is mó ar thoradh na samhla ionsamhlúcháin a shainaithint. Cuidíonn an staidéar íogaireachta freisin chun a mhéid a chomhlíonann an tsamhail ionsamhlúcháin na tairseacha bailíochtaithe a chinneadh, le linn dó a bheith faoi réir athruithe beaga ar na paraiméadair. Is rud bunúsach é dá bhrí sin chun tacú le creidiúnacht na dtorthaí ionsamhlúcháin. |
|
3.4.4.2. |
Soláthróidh an monaróir doiciméid tacaíochta ina léireofar gur sainaithníodh na paraiméadair is criticiúla a bhfuil tionchar acu ar an aschur ionsamhlúcháin agus go ndearnadh é sin trí bhíthin teicnící anailíse íogaireachta trí chorraíl de pharaiméadair na samhla a chur i bhfeidhm; |
|
3.4.4.3. |
Taispeánfaidh an monaróir gur glacadh nósanna imeachta calabrúcháin láidre le linn do na paraiméadair is criticiúla a bheith á sainaithint agus á gcalabrú chun creidiúnacht an tslabhra uirlisí forbartha a mhéadú. |
|
3.4.4.4. |
Cuideoidh torthaí na hanailíse íogaireachta sa deireadh thiar chun na hionchuir agus na paraiméadair a dteastaíonn aird ar leith óna Saintréithriú neamhchinnteachta chun neamhchinnteacht na dtorthaí ionsamhlúcháin a shainiú i gceart. |
|
3.4.5. |
Bailíochtú |
|
3.4.5.1. |
An próiseas cainníochtúil chun a chinneadh a mhéid is gur léiriú cruinn é samhail nó ionsamhlúchán ar an bhfíorshaol ó pheirspictíocht úsáidí beartaithe S&I, ceanglaítear leis roghnú agus sainiú gnéithe éagsúla. |
|
3.4.5.2. |
Toisí feidhmíochta (méadrachtaí) |
|
3.4.5.2.1. |
Is ionann na toisí feidhmíochta agus na méadrachtaí a úsáidtear chun an tsamhail ionsamhlúcháin a chur i gcomparáid leis an bhfíorshaol. Sainítear toisí feidhmíochta le linn na hanailíse S&I. |
|
3.4.5.2.2. |
D’fhéadfaí iad seo a áireamh leis na méadrachtaí i gcomhair bailíochtú:
|
|
3.4.5.3. |
Bearta maidir le feabhas oiriúna |
|
3.4.5.3.1. |
Úsáidtear na creataí anailíseacha chun méadrachtaí fíorshaoil agus ionsamhlúcháin a chur i gcomparáid lena chéile. Príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) a bhíonn i gceist leo go ginearálta lena léirítear an inchomparáideacht staidrimh idir dhá thacar sonraí. |
|
3.4.5.3.2. |
Taispeánfar leis an mbailíochtú go gcomhlíontar na KPInna sin. |
|
3.4.5.4. |
Modheolaíocht bailíochtaithe |
|
3.4.5.4.1. |
Saineoidh an monaróir na cásanna loighciúla a úsáidtear chun tástáil fhíorúil a dhéanamh ar bhailíochtú an tslabhra uirlisí. Beidh siad in ann ODD na tástála fíorúla le haghaidh bailíochtú ADS a chumhdach chuig an méid féideartha uasta |
|
3.4.5.4.2. |
Beidh an mhodheolaíocht bheacht ag brath ar struchtúr agus aidhm an tslabhra uirlisí. D’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis an mbailíochtú:
|
|
3.4.5.5. |
Ceanglas maidir le cruinneas |
|
3.4.5.5.1. |
Déantar an ceanglas maidir leis an tairseach comhchoibhnis a shainiú le linn na hanailíse S&I. Taispeánfar leis an mbailíochtú go gcomhlíontar na KPInna a sainaithníodh in 3.4.5.3.1. den chuid reatha. |
|
3.4.5.6. |
Raon feidhme an bhailíochtaithe (an chuid den slabhra uirlisí atá le bailíochtú) |
|
3.4.5.6.1. |
Cuimsítear roinnt uirlisí le slabhra uirlisí agus úsáidfidh gach uirlis roinnt samhlacha. Áirítear leis an raon feidhme bailíochtaithe na huirlisí uile agus na samhlacha ábhartha a bheidh faoi réir bailíochtú. |
|
3.4.5.7. |
Na torthaí bailíochtaithe inmheánacha |
|
3.4.5.7.1. |
Ní hamháin go soláthrófar fianaise ar bhailíochtú na samhla ionsamhlúcháin sa doiciméadacht ach úsáidfear é freisin chun faisnéis leordhóthanach a fháil maidir leis na próisis agus na táirgí a thugann creidiúnacht fhoriomlán den slabhra uirlisí a úsáideadh. |
|
3.4.5.7.2. |
Féadfar an doiciméadacht/na torthaí a thabhairt ar aghaidh ó mheasúnuithe creidiúnachta roimhe seo. |
|
3.4.5.8. |
Bailíochtú neamhspleách ar thorthaí |
|
3.4.5.8.1. |
Déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe measúnú ar an doiciméadacht a sholáthróidh an monaróir agus féadfaidh sé tástálacha fisiceacha a dhéanamh ar an uirlis iomlán chomhtháite |
|
3.4.5.9. |
Saintréithriú na neamhchinnteachta |
|
3.4.5.9.1. |
Baineann an roinn seo le hathraitheacht thorthaí an tslabhra uirlisí fhíorúil a bhfuil coinne leis a shaintréithriú. Dhá chéim a bheidh sa mheasúnú. Sa chéad chéim úsáidfear an fhaisnéis a bhailítear san anailís agus sa tuairisc S&I agus na codanna den aicme sonraí/ionchuir chun an neamhchinnteacht sna sonraí ionchuir, sna samhail-pharaiméadair agus sa struchtúr samhaltaithe a shaintréithriú. Ansin, ach na neamhchinnteachtaí uile a iomadú tríd an slabhra uirlisí fíorúil, déantar an neamhchinnteacht sna samhail-torthaí a chainníochtú. Ag brath ar an neamhchinnteacht sna samhail-torthaí, caithfidh an monaróir lamhálacha sábháilteachta cearta a thabhairt isteach san úsáid a bhainfidh sé as an tástáil fhíorúil le haghaidh bailíochtú ADS. |
|
3.4.5.9.2. |
Saintréithriú na neamhchinnteachta sna sonraí ionchuir
Taispeánfaidh an monaróir gur thug sé meastachán iomchuí ar ionchuir na samhla criticiúla trí bhíthin teicnící láidre amhail roinnt athdhéanamh don mheasúnú ar chainníocht; |
|
3.4.5.9.3. |
Saintréithriú na neamhchinnteachta sna samhail-pharaiméadair (tar éis calabrúcháin)
Taispeánfaidh an monaróir go ndéanfar paraiméadair na samhla criticiúla nach féidir a mheas ar bhealach comhionann a shaintréithriú trí bhíthin dáileadh agus/nó eatraimh muiníne; |
|
3.4.5.9.4. |
Saintréithriú na neamhchinnteachta sa struchtúr S&I
Soláthróidh an monaróir fianaise go dtugtar saintréithriú cainníochtúil den neamhchinnteacht arna giniúint do na toimhdí samhaltaithe (e.g. trí aschur cineálacha cur chuige samhaltaithe difriúla a chur i gcomparáid aon uair is féidir). |
|
3.4.5.9.5. |
Saintréithriú na neamhchinnteachta taismí vs. eipistéimí:
Beidh sé mar aidhm ag an monaróir idirdhealú a dhéanamh idir comhpháirt thaismeach na neamhchinnteachta (nach féidir ach meastachán a thabhairt air ach gan a laghdú) agus an neamhchinnteacht eipistéimeach a eascraíonn ón easpa eolais i bhfíorúlú an phróisis (ar féidir é a laghdú in ionad sin). |
4. Struchtúr na doiciméadachta
|
4.1. |
Leagtar amach sa roinn seo conas a bhaileofar agus a eagrófar an fhaisnéis thuas sa doiciméadacht arna soláthar ag an monaróir don údarás ábhartha. |
|
4.2. |
Cuirfidh an monaróir doiciméad ar fáil (“lámhleabhar ionsamhlúcháin”) a bheidh leagtha amach i gcomhréir leis an imlíne reatha chun fianaise a sholáthar maidir leis na topaicí a chuirtear i láthair. |
|
4.3. |
Déanfar an doiciméadacht sin a sheachadadh in éineacht leis an eisiúint chomhfhreagrach de na sonraí S&I agus na sonraí gaolmhara arna dtáirgeadh. |
|
4.4. |
Soláthróidh an monaróir tagairtí soiléire lena mbeifear in ann an doiciméadacht a rianú ar ais chuig S&I/sonraí comhfhreagracha; |
|
4.5. |
Coinneofar an doiciméadacht fad agus a bheidh S&I in úsáid. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe iniúchadh a dhéanamh ar an monaróir trína dhoiciméadacht a mheasúnú agus/nó trí thástálacha fisiceacha a dhéanamh. |
CUID 5
Tuairisciú Inseirbhíse
1. Sainmhínithe
Chun críoch na hiarscríbhinne seo,
|
1.1. |
Tagraíonn “tarlú” do chás a bhaineann le sábháilteacht lena mbaineann feithicil ar a bhfuil córas tiomána uathoibrithe. |
|
1.2. |
Ciallaíonn “Tarlú Neamhchriticiúil” tarlú lena mbaineann cur isteach oibríochtúil, locht, fabht nó toisc eile ag a raibh tionchar nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar shábháilteacht ADS agus nár tharla timpiste nó teagmhas tromchúiseach dá bharr. Áirítear sa chatagóir seo teagmhais bheaga mar shampla, díghrádú sábháilteachta nár chuir cosc ar ghnáthoibríocht, inlíocht éigeandála/casta chun imbhualadh a chosc, agus níos ginearálta gach tarlú is ábhartha d’fheidhmiú sábháilte ADS ar bóthar (ar nós idirghníomhaíocht leis an oibreoir cianda, etc.). |
|
1.3. |
Ciallaíonn ‘Tarlú Criticiúil’ gach tarlú ina mbíonn ADS gafa tráth an imbhuailte agus a dtarlaíonn sé mar gheall air:
|
2. Fógraí agus tuairisciú ón monaróir
|
2.1. |
Tabharfaidh an monaróir fógra gan mhoill maidir le tarluithe criticiúla sábháilteachta do na húdaráis cineálcheadaithe, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún. |
|
2.2. |
Tabharfaidh an monaróir tuairisc laistigh de 1 mhí amháin maidir le haon tarlú gearrthéarmach, mar a thuairiscítear i bhFoscríbhinn 1, ar gá don mhonaróir iad a réiteach do na húdaráis cineálcheadaithe, d’údaráis um fhaireachas margaidh agus don Choimisiún. |
|
2.3. |
Tuairisceoidh an monaróir gach bliain don údarás cineálcheadaithe a dheonaigh an ceadú maidir leis na tarluithe a liostaítear i bhFoscríbhinn 1. Cuirfear fianaise ar fáil sa tuarascáil maidir le feidhmíocht ADS maidir le tarluithe is ábhartha don tsábháilteacht sa réimse sin. Taispeánfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:
Roinnfidh an t-údarás cineálcheadaithe deonaithe an fhaisnéis sin le húdaráis cineálcheadaithe, le húdaráis um fhaireachas margaidh agus leis an gCoimisiún. |
|
2.4. |
Féadfaidh an húdaráis cineálcheadaithe, na húdaráis um fhaireachas margaidh agus an Coimisiún sonraí tacaíochta a iarraidh ar an monaróir a úsáideadh chun an fhaisnéis arna soláthar a mhionléiriú sa tuairisciú agus sna fógraí inseirbhíse. Déanfar na sonraí sin a mhalartú trí bhíthin comhad malartaithe sonraí a bheidh comhaontaithe. Déanfaidh na húdaráis cineálcheadaithe, na húdaráis um fhaireachas margaidh, agus an Coimisiún gach beart is gá chun na sonraí sin a áirithiú. |
|
2.5. |
Ba cheart fógra a thabhairt don údarás cineálcheadaithe sa Tuarascáil Sonraí inseirbhíse maidir le haon réamhphróiseáil a dhéanfar ar sonraí.
Foscríbhinn 1 Liosta tarluithe le haghaidh tuairisciú inseirbhíse Rinneadh na tarluithe a fhoroinnt i gceithre chatagóir, bunaithe ar a n-ábharthacht le DDT, leis an idirghníomhaíocht le húsáideoirí feithiclí lán-uathoibrithe, agus le coinníollacha teicniúla ADS. Le haghaidh gach tarlú, rinneadh tagairt shonrach sa tábla thíos dá ábharthacht leis an tuairisciú gearrthéarmach agus/nó tréimhsiúil. Tá coinne leis go gcuirfear an tuairisciú tréimhsiúil ar tharluithe isteach i bhfoirm sonraí chomhiomlánaithe (in aghaidh na huaire oibríochta nó km arna dtiomáint) le haghaidh cineál feithicle ADS agus a bhaineann le hoibriú ADS (i.e. nuair a bhíonn ADS gníomhachtaithe).
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) ECE/TRANS/WP.29/2022/59/Rev.1.
(2) Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo.
IARSCRÍBHINN IV
Deimhniú ar Chineálcheadú AE (Córas Feithicle)
Teachtaireacht maidir le deonú/síneadh/diúltú/aistarraingt (1) ar chineálcheadú de chineál feithicle lán-uathoibrithe maidir lena córas tiomána uathoibrithe (ADS) i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426 ón gCoimisiún, arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas:
An chúis leis an síneadh/diúltú/tarraingt siar (1):
ROINN I
|
0.1. |
Déantús (trádainm an mhonaróra): |
|
0.2. |
Cineál: |
|
0.2.1. |
Ainm(neacha) tráchtála (má tá siad ar fáil): |
|
0.3. |
Modh sainaitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil: |
|
0.3.1. |
Suíomh na marcála sin: |
|
0.4. |
Catagóir na feithicle: |
|
0.5. |
Ainm agus seoladh an mhonaróra: |
|
0.8. |
Ainm(neacha) agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála: |
|
0.9. |
Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó): |
ROINN II
|
1. |
Faisnéis bhreise (i gcás inarb infheidhme): féach an tAguisín. |
|
2. |
Seirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh: |
|
3. |
Dáta na tuarascála tástála: |
|
4. |
Uimhir na tuarascála tástála: |
|
5. |
Nótaí (más ann dóibh): féach an tAguisín. |
|
6. |
Áit: |
|
7. |
Dáta: |
|
8. |
Síniú: |
Aguisín
le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE
1.
Tuairisc agus/nó líníocht de ADS lena n-áirítear:
1.1.
ODD, teorainneacha an chórais agus luas uasta sonraithe ADS arna dhearbhú ag an monaróir:
1.2.
Tuairisc ar phríomhfheidhmeanna ADS
1.2.1.
Feidhmeanna inmheánacha feithicle
1.2.2
Feidhmeanna seachtracha feithicle (e.g. cúl-mheiteashonraí, bonneagar seachtrach a theastaíonn, bearta oibríochta a theastaíonn)
1.3
Córas cianbhraiteachta (lena n-áirítear comhpháirteanna):
1.4.
Suiteáil an chórais cianbhraiteachta ADS:
1.5.
Sainaithint bogearraí ADS:
2.
Tuairisc scríofa agus/nó líníocht de mhaoirseacht an duine ar ADS
2.1.
Oibreoir cianda agus idirghabháil chianda ar ADS
2.2.
Bealaí chun ADS a ghníomhachtú, a dhíghníomhachtú
2.3.
Faireachán i dtaobh istigh na feithicle
2.4.
Aon teorainn ar an gcóras i ngeall ar dhálaí comhshaoil nó bóthair
3.
Tuairisc i scríbhinn agus/nó líníocht den fhaisnéis a tugadh do na taistealaithe feithicle agus d’úsáideoirí eile bóthair
3.1.
Stádas an chórais:
3.2.
Iarraidh chuig an oibreoir ar bord/oibreoir idirghabhála cianda:
3.3.
Inlíocht um riosca íosta:
3.4.
Inlíocht éigeandála:
4.
Eilimintí sonraí ADS
4.1.
Eilimintí sonraí ADS arna bhfíorú tar éis na tástálacha a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn III, Cuid 3:
4.2.
Doiciméadacht maidir le hin-aisghabhálacht sonraí, féinseiceáil ar shláine sonraí agus cosaint in aghaidh ionramháil sonraí stóráilte fíoraithe: tá/níl
5.
Cibearshlándáil agus nuashonruithe bogearraí
5.1.
Uimhir chineálcheadaithe cibearshlándála:
5.2.
Uimhir chineálcheadaithe don nuashonrú bogearraí:
6.
Measúnú ar ghnéithe sábháilteachta feidhmiúla agus oibríochta an chórais tiomána uathoibrithe
6.1.
Tagairt do dhoiciméad an mhonaróra don mheasúnú (lena n-áirítear uimhir an leagain):
6.2.
Doiciméad faisnéise
7.
An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha formheasa a dhéanamh
7.1.
Dáta na tuarascála tástála a d’eisigh an tseirbhís sin
7.2.
Uimhir (thagartha) na tuarascála a d’eisigh an tseirbhís sin
8.
Iarscríbhinní|
Aguisín 1: |
Doiciméad faisnéise le haghaidh córais tiomána uathoibrithe (tagair d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1426). |
|
Aguisín 2: |
Na Ballstáit agus na limistéir shonracha inar dhearbhaigh an monaróir go ndearnadh measúnú ar ADS chun na rialacha tráchta áitiúla a chomhlíonadh. Liosta na ndoiciméad sa chomhad ceadaithe a fágadh istigh ag na seirbhísí riaracháin tar éis an cineálcheadú a sheachadadh agus ar féidir é a fháil ach é a iarraidh. |
|
Aguisín 3: |
Tuarascáil measúnúcháin/torthaí tástála ADS ón údarás cineálcheadaithe deonaithe. |
|
Aguisín 4: |
Deimhniú Comhlíontachta le haghaidh SMS |
(1) Scrios murab infheidhme.