18.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 215/27


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1407 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Lúnasa 2022

lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2382 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh aistriú faisnéise i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 34(9) agus Airteagal 35(12) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Laitvise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Spáinnise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2382 ón gCoimisiún (2), tá earráidí in Iarscríbhinn VI, cuid 2, roinn “Córais & Rialuithe”, pointe 3 agus in Iarscríbhinn VII, cuid 2, roinn “Córais & Rialuithe”, pointe 3, a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis ar leith nach mór d’oibreoirí fógra a thabhairt ina leith faoi na forálacha lena mbaineann.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Bulgáirise, Cróitise, Danmhairgise, Eastóinise, Gearmáinise, Gréigise, Iodáilise, Laitvise, Liotuáinise, Máltaise, Ollainnise, Polainnise, Portaingéilise, Rómáinise, Seicise, Slóivéinise, Spáinnise agus Sualainnise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2382 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2382 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh aistriú faisnéise i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 340, 20.12.2017, lch. 6).