|
17.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 214/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1403 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Lúnasa 2022
lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (1), agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 23 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá earráidí sa leagan Bulgáirise, sa leagan Gaeilge, sa leagan Gearmáinise agus sa leagan Seicise de Rialachán (CE) Uimh. 999/2001. I gCaibidil V, Roinn G d’Iarscríbhinn IV, i bpointe 1 sa leagan Gearmáinise agus sa leagan Seicise, agus i bpointe 2 sa leagan Bulgáirise agus sa leagan Gaeilge, tá earráid ann a athraíonn ciall na bhforálacha sin. |
|
(2) |
Dá bhrí sin ba cheart an leagan Bulgáirise, an leagan Gaeilge, an leagan Gearmáinise agus an leagan Seicise a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(3) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 mar a leanas:
|
(1) |
(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge); |
|
(2) |
i gCaibidil V, Roinn G, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN