10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 208/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1387 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stát Aontaithe Mheiriceá, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní (“GOES”) atá dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi réir dleacht frithdhumpála chinntitheach, arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 (2) ón gCoimisiún .

(2)

An 7 Iúil 2021, AK Steel Corporation (“an t-iarratasóir”), cód breise TARIC C044 (3), cuideachta atá lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá (“SAM”) a bhfuil a n-onnmhairí GOES atá á gcur chuig an Aontas faoi réir na dleachta frithdhumpála ad valorem 22 %, chuir sé in iúl don Choimisiún gur athraigh sé a hainm go “Cleveland-Cliffs Steel Corporation” atá lonnaithe in Ohio, SAM.

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dhearbhú nach ndéanfaidh an t-athrú san ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta aonair frithdhumpála ab infheidhme maidir léi faoin seanainm a bhí uirthi roimhe sin.

(4)

D’iarr an Coimisiún ar an gcuideachta freagra ar an gceistneoir a chur ar fáil agus cuireadh isteach é an 20 Lúnasa 2021. Tugadh soiléirithe breise an 3 Eanáir 2022.

(5)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus tháinig sé ar an gconclúid gur cláraíodh an t-athrú san ainm i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann le grúpaí cuideachtaí eile mar thoradh air, cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(6)

Rinne an Coimisiún measúnú, i measc nithe eile, ar na doiciméid tacaíochta seo a leanas a sholáthair an t-iarratasóir: deimhniú leasaithe, teastais cláraithe cuideachta agus ráitis airgeadais iniúchta. Chuathas i gcomhairle le tionscal an Aontais maidir leis an iarraidh ach níor thug sé aon bharúil.

(7)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú san ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála ad valorem is infheidhme maidir leis.

(8)

Ba cheart don athrú ainm teacht i bhfeidhm amhail ón dáta a chuir an chuideachta in iúl don Choimisiún gur athraigh sí a hainm (mar a léirítear in aithris 2 thuas).

(9)

I bhfianaise a bhfuil sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, ainm ar sannadh cód breise TARIC C044 dó roimhe seo.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Airteagal 1(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 mar a leanas:

“AK Steel Corporation, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá

22,0 %

C044”

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin

“Cleveland-Cliffs Steel Corporation, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá

22,0 %

C044”

2.   Beidh feidhm ag cód breise TARIC C044 a sannadh do AK Steel Corporation roimhe seo maidir le Cleveland-Cliffs Steel Corporation amhail ón 7 Iúil 2021. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Cleveland-Cliffs Steel Corporation de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 a mhéid a bhaineann le AK Steel Corporation, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/58 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe cothrom-rollta de chruach shileacain-leictreach dírithe ar ghráinní de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Seapáine, Phoblacht na Cóiré, Chónaidhm na Rúise agus Stát Aontaithe Mheiriceá, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 10, 17.1.2022, lch. 17).

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.