8.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 206/35


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1374 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Lúnasa 2022

maidir le húdarú défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú agus a athnuachan.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012 ón gCoimisiún (2), údaraíodh défhormáit photaisiam ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch, ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) den Rialachán sin ag gabháil leis an iarratas sin. Ina dhiaidh sin rinne an t-iarratasóir an t-iarratas a tharraingt siar le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha.

(4)

Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ina thuairim an 27 Eanáir 2022 (3) gur chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil go gcomhlíonann an breiseán na coinníollacha maidir le húdarú. Ina theannta sin, chinn an tÚdarás nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag défhormáit photaisiam ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol. Chinn sé freisin gur greannaitheoir súl é an breiseán, ach nach bhféadfaí teacht ar aon chonclúid maidir leis an greannú craicinn ná leis an íogrú riospráide nó craicinn a d’fhéadfadh an breiseán a dhéanamh. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar na modhanna a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe agus é i mbeatha, tuarascáil arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léiríonn an measúnú ar dhéfhormáit photaisiam go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan.

(6)

Mar thoradh ar údarú défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe a athnuachan, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012 a aisghairm.

(7)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú na substainte a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘leasaithigh’, déantar an t-údarú sin a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

1.   An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Feabhra 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Lúnasa 2022 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Lúnasa 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Lúnasa 2022 féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha cumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an tsubstaint iontu faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Lúnasa 2024 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Lúnasa 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 333/2012 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2012 maidir le húdarú ullmhóid défhormáite potaisiam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 492/2006 (IO L 108, 20.4.2012, lch. 3).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(3):7167.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: leasaithigh.

1a237a

Défhormáit photaisiam

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Défhormáit photaisiam: 50 ± 5 %

Foirm leachtach (50:50 caolaithe in uisce)

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Défhormáit photaisiam

C2H3O4K

Uimhir CAS: 20642-05-1

Uimhir Einecs: 243-934-6

Arna tháirgeadh trí shintéis cheimiceach

Modh anailíse  (1):

Maidir le défhormáit photaisiam (mar aigéad formach iomlán) sa bhreiseán beatha, sa réamh-mheascán, in ábhair bheatha a chinneadh:

Crómatagrafaíocht iain le brath seoltachta (IC-CD) - EN 17294;

Maidir le potaisiam sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:

Speictriméadracht ionsú adamhaigh (AAS) - EN ISO 6869; nó

Speictriméadracht astaíochta adamhaí le plasma cúpláilte go hionduchtach (ICP-AES) - EN 15510.

Cránacha

 

-

12 000

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Ní cheadaítear iad ach amháin in éisc amh agus i seachtháirgí éisc lena n-úsáid mar bheatha ag a bhfuil uasmhéid 9 000 mg défhormáite potaisiam mar shubstaint ghníomhach in aghaidh an chileagraim éisc amh.

3.

Is é sin an t-uaschion a bheidh ann de dhéfhormáit photaisiam 6 000 mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % le haghaidh bainbh scoite agus le haghaidh mhuca lena ramhrú agus 12 000 mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % le haghaidh cránacha, cibé acu an úsáidtear as féin í mar leasaitheach nó in éineacht le foinsí eile défhormáite potaisiam.

4.

Ní rachaidh an meascán d’fhoinsí éagsúla d’aigéad formach thar an uasleibhéal is ceadmhach in ábhair bheatha iomlána 10 000 mg/kg d’ábhair bheatha iomlána le haghaidh bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha.

5.

Léirigh sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin, an réamh-mheascáin agus na n-ábhar beatha gaolmhar do bhia-ainmhithe:

‘Is fritásctha é úsáid chomhuaineach a bhaint as aigéid orgánacha éagsúla nó as a salainn i gcás ina mbaintear úsáid as ceann amháin nó níos mó díobh ag leibhéal an uaschion is ceadmhach nó i ngar dó’.

6.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin nó iad a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint do na súile, don chraiceann agus don análú a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

28.8.2032

Bainbh scoite

agus

muca lena ramhrú

 

-

6 000


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en