|
5.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 205/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1356 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Lúnasa 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle an 4 Feabhra 2011 maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Feabhra 2011, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 101/2011. |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart iontráil duine amháin mar aon leis an bhfhaisnéis maidir lena chearta chun cosanta agus a cheart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a scriosadh. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 mar a leanas:
|
(1) |
i Roinn A. (“Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2”), scriostar an iontráil don duine seo a leanas:
|
|
(2) |
i Roinn B. (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil faoi dhlí na Túinéise;”), scriostar an iontráil seo a leanas:
|