2.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 202/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1343 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás na haicéacuinicile, an chlórantrainileapróil agus na heimimeictine, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
I gcás na haicéacuinicile, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2), chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana. Le haghaidh táirgí áirithe, mhol an tÚdarás na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le seadóga, oráistí, líomóidí, líomaí, mandairíní, cnónna coill, úlla, piorraí, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, fíonchaora boird agus fíniúnacha coiteanna, trátaí, ubhthorthaí, leannlusanna, muc-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), bó-ainmhithe (matán, saill, ae, duán, bainne), each-ainmhithe (matán, saill, ae, duán, bainne) tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(3) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás clórantrainileapróil i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (3). Mhol sé go laghdófaí na MRLanna a bhaineann le halmóinní, cnónna Brasaíleacha, cnónna caisiú, castáin, cnónna cócó, cnónna coill, macadaimia, cnónna peacáin, eithní cnónna péine, cnónna pistéise, gallchnónna, úlla, piorraí, cainchí, torthaí ón meispeal Gearmánach, locuatanna, grán milis, cóilis, soilire, pónairí caife agus matán (muc-ainmhithe, bó-ainmhithe, caorach, gabhar agus each-ainmhithe). I gcás táirgí eile, mhol sé na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Le haghaidh cál, mhol an tÚdarás an MRL de 20 mg/kg atá ann cheana a choinneáil. Mar sin féin, d’iarr na Ballstáit go n-ardófaí an MRL a bhaineann le cáil go dtí 40 mg/kg, arb é an uasteorainn iarmhar Codex (CXL) le haghaidh duillí raidise, toisc go n-aicmítear duillí raidise i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 faoin bhfoghrúpa “Cáil”. In 2015 nuair a tugadh isteach CXL le haghaidh duillí raidise i reachtaíocht an Aontais, ní raibh duillí raidise luaite go sainráite i reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, measadh gur bhain siad leis an bhfoghrúpa “Barra duilleog óga” (lena n-áirítear speicis phraisí) agus ní leis an bhfoghrúpa “Cáil”. D’iarr na Ballstáit go leanfaí an t-aicmiú reatha. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le piobair mhilse/piobair chloigíneacha, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, duilleoga caor fíniúna agus speicis chomhchosúla, piseanna talún, síolta lus na gréine agus síolta ráibe, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do na bainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(4) |
Chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach ar na MRLanna atá ann cheana i gcás eimimeictine i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (4). Mhol sé go n-athrófaí an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh eimimeictin B1a agus a shalainn a shloinntear mar eimimeictin B1a (saorbhonn). Mhol sé go n-ísleofaí na MRLanna a bhaineann le plumaí, prátaí, cúcamair, gircíní, cúirséid, mealbhacáin, mealbhacáin uisce, brocailí, cóilis, bachlóga Bruiséile, cabáistí cinn, ceathrúna uain, leitísí, biolair agus eascróga agus péacáin eile, biolair thalún, roicéad Rómánach/rucola, mustard dearg, barra duilleog óga (lena n-áirítear speicis phraisí), costóg, síobhas, duilleoga soilire, peirsil, sáiste, marós, tím, basal agus bláthanna inite, duilleog labhrais, dragan, piseanna (gan faighneoga) agus bliosáin chruinne. I gcás táirgí eile, mhol an tÚdarás na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Maidir leis na MRLanna a bhaineann le horáistí, líomóidí, mandairíní, fíonchaora boird agus fíniúnacha coiteanna, puimcíní, searbháin muc, síolta cadáis, muc-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), bó-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), caoirigh (matán, saill, ae, duán), gabhair (matán, saill, ae, duán), each-ainmhithe (matán, saill, ae, duán), ainmhithe talún feirme eile (matán, saill, ae, duán) agus bainne (ó eallach, caoirigh, gabhair eachaí) tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh faisnéis áirithe ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí an cheist a scrúdú tuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna a bhaineann leis na táirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; leis an athbhreithniú sin cuirfear san áireamh an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 2 bhliain ó fhoilsiú an Rialacháin seo. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach raibh roinnt eolais ar fáil maidir leis an MRL a bhaineann le haibreoga. Cuireadh isteach iarratas de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarradh na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú i measc táirgí eile le haghaidh aibreog freisin. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid sa tuairim uaidh (5) gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach, agus go raibh an modhnú ar na MRLanna a bhaineann le haibreoga a d’iarr an t-iarratasóir inghlactha. Tugadh aghaidh ar an modhnú sin i Rialachán (AE) 2022/476 ón gCoimisiún (6) agus dá bhrí sin níl gá leis an bhfaisnéis bhreise le haghaidh aibreog. |
(5) |
Cuireadh CXLanna a bhí ann cheana san áireamh i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. CXLanna, atá sábháilte do thomhaltóirí san Aontas, rinneadh iad a mheas chun MRL a shocrú. |
(6) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí san Aontas, agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná CXLanna ann ina leith, ba cheart MRLanna a shocrú ag an teorainn shonrach cinnidh nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(7) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le teorannacha cinnidh áirithe a oiriúnú. A mhéid a bhaineann le roinnt substaintí, tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá teorannacha cinnidh sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
(8) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí atá á mbeartú ar na MRLanna. |
(9) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí a táirgeadh sula modhnaíodh na MRLanna, táirgí a léiríonn an fhaisnéis ina leith go gcoinníonn siad leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
(12) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
(13) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 22 Feabhra 2023.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for acequinocyl according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás aicéacuinicile de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal 2020;[Iris EFSA 2020]; 18(1): 5983.
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for chlorantraniliprole according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás clórantrainileapróil de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal 2020;[Iris EFSA 2020]; 18(9): 6235.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for emamectin according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás eimimeictine de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(8):5803.
(5) Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for emamectin in various crops [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh eimimeictine i mbarra éagsúla a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6824.
(6) Rialachán (AE) 2022/476 ón gCoimisiún an 24 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhair le haghaidh aigéad aicéiteach, asocsastróibine, beinsivindéfhluipire, ciantrainileapróil, ciofluifeanaimíde, eimimeictine, flutolainile, sulfar aoil, maltaideistrine agus prócuineaisíde i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 98, 25.3.2022, lch. 9).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na colúin seo a leanas le haghaidh aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III, scriostar na colúin le haghaidh aicéacuinicile, clórantrainileapróil agus eimimeictine. |
(*1) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I