|
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 198/4 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1309 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2022
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus domestica áirithe le haghaidh plandú de thionscnamh na hÚcráine agus na Seirbia
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo. |
|
(3) |
Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 34 ghéineas agus speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú, de thionscnamh tríú tíortha, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Áirítear san Iarscríbhinn sin an géineas Malus Mill. |
|
(4) |
An 18 Deireadh Fómhair 2019, chuir an Úcráin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun fréamhstoic agus plandaí beangaithe Malus domestica 1 bhliain d’aois go 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil ábhartha isteach leis an iarraidh sin. |
|
(5) |
An 30 Meán Fómhair 2021, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica le haghaidh plandú ar de thionscnamh na hÚcráine iad (4). D’aithin an tÚdarás Lopholeucaspis japonica, Eotetranychus prunicola, víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus Erwinia amylovora mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí le haghaidh plandú sin. |
|
(6) |
Rinne an tÚdarás measúnú ar na bearta maolaithe riosca a bhfuil tuairisc orthu sa sainchomhad maidir le Lopholeucaspis japonica, Eotetranychus prunicola agus víreas fáinnebhall an phlanda tobac agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh na plandaí saor ó na lotnaidí sin. A mhéid a bhaineann le Erwinia amylovora, rinne an tÚdarás meastóireacht féachaint an gcomhlíontar na ceanglais speisialta maidir le plandaí Malus Mill, seachas torthaí agus síolta, a thabhairt isteach sna criosanna cosanta sonraithe agus maidir lena ngluaiseacht laistigh de na criosanna sin, criosanna a liostaítear i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5). |
|
(7) |
Ar bhonn na tuairime eolaíche sin ón Údarás, meastar gur inghlactha atá an riosca fíteashláintíochta ó thabhairt isteach san Aontas fréamhstoc agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na hÚcráine, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin speisialta ábhartha arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus na ceanglais speisialta le haghaidh criosanna cosanta arna leagan amach i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis. |
|
(8) |
Liostaítear Lopholeucapsis japonica agus víreas fáinnebhall an phlanda tobac mar lotnaidí coraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Liostaítear Erwinia amylovora mar lotnaid choraintín de chuid criosanna cosanta agus mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais in Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 faoi seach, agus tá ceanglais speisialta i bhfeidhm i bpointe 9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán sin chun teacht isteach agus leathadh na lotnaide sin laistigh de na criosanna cosanta sonraithe a chosc. |
|
(9) |
Ní áirítear Eotetranychus prunicola fós sa liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais. Mar sin féin, ar bhonn fianaise arna soláthar ag na Ballstáit, níl tionchar suntasach ag an lotnaid sin ar a plandaí óstacha san Aontas. Dá réir sin, ní gá aon cheanglas allmhairiúcháin maidir leis an lotnaid sin. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, is iomchuí nach measfar a thuilleadh gur plandaí ardriosca iad fréamhstoic agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na hÚcráine. |
|
(11) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1361 ón gCoimisiún (6), leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 trína shonrú go bhfuil toirmeasc ar Malus Mill., seachas plandaí beangaithe Malus domestica 1 bhliain go 2 bhliain d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na Seirbia, a thabhairt isteach san Aontas. Trí easnamh, áfach, ní shonraítear sa Rialachán sin gur cheart na plandaí le haghaidh plandú sin a bheith gan duilleoga, i gcomhréir leis an tuairim eolaíoch ábhartha ó EFSA (7). Dá bhrí sin, ba cheart an t-easnamh sin a cheartú. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú agus a cheartú dá réir. |
|
(13) |
Chun oibleagáidí an Aontais a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a chur i bhfeidhm (8) a chomhlíonadh, ba cheart allmhairiú fréamhstoc agus plandaí beangaithe Malus domestica suas le 3 bliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na hÚcráine a atosú a luaithe is féidir. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear agus ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).
(4) EFSA PLH Panel [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2021. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Malus domestica plants from Ukraine [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica ón Úcráin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6909, 58 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6909.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1361 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí Malus domestica áirithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na Seirbia agus plandaí Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi áirithe le haghaidh plandú, de thionscnamh na Nua-Shéalainne (IO L 317, 1.10.2020, lch. 1).
(7) EFSA PLH Panel (EFSA Panel on Plant Health) [Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí], 2020. Scientific Opinion on the commodity risk assessment of Malus domestica plants from Serbia [Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Malus domestica ón tSeirbia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(5):6109, 53 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.6109.
(8) Comhaontú maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm (Comhaontú SPS) (arna ghlacadh an 15 Aibreán 1994, arna theacht i bhfeidhm an 1 Eanáir 1995; UNTS imleabhar 1867 UNTS, lch. 493); An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, https://www.wto.org/english/tratop_e/sps_e/spsagr_e.htm.
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún “Tuairisc”, in ionad na hiontrála “ Malus Mill., seachas plandaí beangaithe Malus domestica aon bhliain go dhá bhliana d’aois le haghaidh plandú atá suanach agus fréamhlom de thionscnamh na Seirbia” cuirtear an méid seo a leanas:
|
|
“ Malus Mill., seachas:
|