22.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 195/13 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1280 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 24 Feabhra 2022, thionscain fórsaí armtha na Rúise ionradh mórscála ar an Úcráin ag roinnt áiteanna isteach ó Chónaidhm na Rúise, ón mBealarúis agus ó limistéir laistigh den Úcráin nach bhfuil faoi smacht an rialtais. Dá thoradh sin, tá roinnt mhaith limistéar ar chríoch na hÚcráine atá anois ina limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha ar siúl, limistéir as ar theith na milliúin daoine nó as a bhfuil siad ar a dteitheadh. |
(2) |
Mar thoradh ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin, easáitíodh na milliúin daoine. Mar fhreagairt, bhunaigh an Chomhairle den chéad uair gurb ann d’insreabhadh ollmhór isteach san Aontas de dhaoine easáitithe a raibh orthu an Úcráin a fhágáil de dheasca coinbhleacht armtha i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (2) trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (3) a glacadh, cinneadh ina leagtar amach na catagóirí de dhaoine easáitithe atá i dteideal, san Aontas, cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach a fháil faoin dlí náisiúnta. |
(3) |
Le ceadúnais tiomána feabhsaítear soghluaisteacht a sealbhóirí agus éascaítear a saolta laethúla toisc go bhfágann sé gur féidir leo feithiclí cumhacht-thiomáinte a thiomáint. Bíonn deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil an tsealbhóra de dhíth le bheith ag obair mar thiománaí gairmiúil chun earraí agus paisinéirí a iompar ar son gnóthais atá bunaithe san Aontas. Sa chomhthéacs reatha, leis an dá chineál doiciméid, cuirtear rannpháirtíocht daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha chun cinn ina dtimpeallacht nua. |
(4) |
I gcomhréir le hIarscríbhinn XXXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (4), tá comhfhogasú déanta ag an Úcráin ar a dlíthe le forálacha Threoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), go háirithe chun gur féidir na deimhnithe comhfhreagracha ar inniúlacht ghairmiúil a eisiúint le tiománaithe busanna agus trucailí a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí idirnáisiúnta. |
(5) |
Sa Choinbhinsiún um Thrácht ar Bhóithre a tugadh i gcrích i Vín an 8 Samhain 1968 (“Coinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre”), ar páirtí ann í an Úcráin, tá foráil maidir le rialacha áirithe lena gceadaítear aitheantas a thabhairt ar cheadanna tiomána faoi choinníollacha áirithe. Ní páirtithe sa choinbhinsiún sin iad na Ballstáit uile, áfach. Ina theannta sin, níl aon chreat comhchuibhithe de chuid an Aontais ann faoi láthair chun ceadúnais tiomána, nó deimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil arna n-eisiúint ag tríú tíortha amhail an Úcráin, a mhalartú. Tá na ceanglais a bhaineann le malartú féideartha ceadúnas tiomána leagtha síos den chuid is mó i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát, nó faoi chomhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana idir na Ballstáit sin agus an Úcráin. Féadfaidh tionchar diúltach a bheith ag an éagsúlacht sna ceanglais idir na Ballstáit éagsúla, go háirithe a mhéid a bhaineann le haitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána agus ar dheimhnithe ar inniúlacht ghairmiúil, ar an saol agus ar na saoirsí atá ag daoine easáitithe atá ar a dteitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, tráth ina bhfuil na daoine sin an-leochaileach. |
(6) |
Sa chomhthéacs sin, is iomchuí, dá bhrí sin, creat coiteann de chuid an Aontais a bheith ann a bheidh infheidhme maidir le haitheantas a thabhairt ar cheadúnais tiomána arna n-eisiúint ag an Úcráin agus ina seilbh ag daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta. Chun an t-ualach ar dhaoine sin agus ar údaráis na mBallstát a laghdú, ba cheart aitheantas a thabhairt do cheadúnais tiomána arna n-eisiúint go cuí ag an Úcráin do na daoine sin fad a mhairfidh a gcosaint shealadach, gan gá a beith ann dá sealbhóirí iad a mhalartú. |
(7) |
Ceanglaítear le Coinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre ar shealbhóirí ceadanna tiomána ceadanna tiomána idirnáisiúnta a thíolacadh chun aitheantas a thabhairt dá gcearta chun tiomána i gcásanna áirithe. Féadfar a chur de cheangal ar na sealbhóirí sin aistriúchán deimhnithe ar a gceadúnas tiomána a thíolacadh freisin. Is ualach díréireach ar na daoine a easáitíodh as an Úcráin atá sna ceanglais sin, áfach, nach dócha go gcomhlíonfar in go leor cásanna. Dá bhrí sin, níor cheart é a bheith de cheangal ar dhaoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta doiciméid den sórt sin a thíolacadh ar chríoch an Aontais. Ba cheart don aitheantas sin a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha coiriúla agus póilíneachta, faoi réir phrionsabal an chríochachais. |
(8) |
D’ainneoin go ndearna an Úcráin a dlí náisiúnta a chomhfhogasú le Treoir 2003/59/CE i gcomhair tiománaithe atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta, ní mór do thiománaithe gairmiúla de chuid na hÚcráine atá ag iarraidh a bheith ag obair do ghnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe san Aontas cáilíocht agus oiliúint iomchuí a chríochnú i mBallstát fós. Dá bhrí sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint, dá dtagraítear i dTreoir 2003/59/CE, leis na daoine lena mbaineann, nó an cód sealadach Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” a mharcáil ar an gceadúnas tiomána ábhartha, do dhaoine atá faoi chosaint shealadach nó faoi chosaint leordhóthanach agus a bhfuil cárta cáilíochta tiomána acu a d’eisigh an Úcráin i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na hÚcráine ar mhaithe le cearta a thabhairt do na daoine lena mbaineann ar bhonn sealadach ar cearta iad atá comhchosúil leis na cearta atá ag daoine atá cáilithe chun tabhairt faoi ghníomhaíocht na tiomána atá cumhdaithe le hAirteagal 1 de Threoir 2003/59/CE. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a ghlacadh lena leagtar síos raon feidhme agus fad oiliúna éigeantaí comhlántaí agus tástála ina dhiaidh sin, chun a áirithiú go gcomhlíonann na daoine lena mbaineann chaighdeáin Threoir 2003/59/CE. I gcás ina ndearbhófar gur cailleadh nó gur goideadh cárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag an Úcráin, ba cheart é a bheith ar chumas na mBallstát a fhíorú freisin, lena n-áirítear le húdaráis inniúla na hÚcráine, go bhfuil deimhniú bailí ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin ina sheilbh ag an duine lena mbaineann. Mar bheart comhlántach, ba cheart éa bheith indéanta cód speisialta sealadach an Aontais a mharcáil freisin ar an bhfianú tiománaí a eisítear leis an tiománaí. |
(9) |
Ós rud é go mbíonn tréimhse theoranta bailíochta ag cártaí cáilíochta tiománaí de ghnáth, is gá iad a athnuachan go rialta. Fágann an comhthéacs reatha nach féidir leis an Úcráin a cúraimí a chur i gcrích ar an ngnáthbhealach, agus is é sin an chúis go bhféadfadh sé nach mbeidh sí in ann doiciméid riaracháin atá ann cheana a athnuachan. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit faisnéis a chur i gcuntas a d’fhéadfadh an Úcráin a chur ar fáil dóibh agus don Choimisiún trí bhealaí oifigiúla. |
(10) |
Na cúinsí a bhaineann le teitheadh ó chogadh, is minic go mbíonn caillteanas nó goid ceadúnas tiomána i gceist leo, nó iad a fhágáil ar lár i limistéar an chogaidh gan deis láithreach a bheith ann iad a fháil ar ais. I gcás den sórt sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit a bheith ceadúnais tiomána shealadacha a eisiúint a rachaidh in ionad na gceadúnas bunaidh ar feadh thréimhse na cosanta sealadaí, ar choinníoll go bhfuil údaráis inniúla na mBallstát in ann an fhaisnéis arna soláthar ag na daoine easáitithe a fhíorú, mar shampla trí rochtain a fháil ar chláir náisiúnta na hÚcráine. Ba cheart aitheantas frithpháirteach a thabhairt do cheadúnais tiomána shealadacha san Aontas, agus níor cheart a mbailíocht riaracháin a bheith níos faide ná fad thréimhse na cosanta sealadaí. |
(11) |
Eisiúint ceadúnas tiomána sealadach i gcás ceadúnas Úcránach atá caillte nó goidte agus seisiúin oiliúna comhlántacha éigeantacha a bhunú do shealbhóirí an chárta cáilíochta tiománaí, is bearta roghnacha iad, lena bhféadfaí bearta cur chun feidhme comhréireacha náisiúnta a éileamh. Ba cheart bearta náisiúnta den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha atá i bhfeidhm i ngach Ballstát. |
(12) |
Tá an comhrac i gcoinne na calaoise agus an bhrionnaithe ríthábhachtach chun sábháilteacht ar bhóithre agus forfheidhmiú an dlí a choinneáil ar bun. I ndáil leis sin, ba cheart comhar riaracháin idir an Úcráin agus an tAontas a bheith ag gabháil le cur chun feidhme an Rialacháin seo chun tacú le fíorú bhailíocht agus bharántúlacht na ndoiciméad tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin. |
(13) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(14) |
Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a íoslaghdú agus chun athnuachaintí iolracha a sheachaint, ba cheart don dáta éaga atá taifeadta ar dhoiciméid tiománaí arna n-eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo, a bheith ag comhfhreagairt don fhad féideartha uasta reatha le haghaidh cosaint shealadach i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin, agus a síneadh féideartha á chur san áireamh de bhun Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE. D’ainneoin an dáta éaga atá taifeadta ar na doiciméid sin, áfach, ba cheart go mbeadh a mbailíocht ag comhfhreagairt d’fhad na cosanta sealadaí. |
(15) |
I bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an phráinn a bhaineann le bearta sonracha agus sealadacha a leagan síos maidir le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
(16) |
I bhfianaise an ghá atá le bearta sonracha agus sealadacha a leagan síos gan mhoill maidir le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(17) |
I bhfianaise na gcúinsí eisceachtúla is údar leis an Rialachán seo agus na gcuspóirí sonracha atá á saothrú, is iomchuí dá chur i bhfeidhm a bheith teoranta ó thaobh ama de, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar síos bearta sonracha agus sealadacha is infheidhme maidir le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht agus atá i seilbh ag daoine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach acu faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382.
Airteagal 2
Sainmhíniú
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin”:
(a) |
ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag an Úcráin, lena gcruthaítear, agus na coinníollacha ar fúthu, go n-údaraítear do thiománaí tiomáint faoi dhlí na hÚcráine; nó |
(b) |
cártaí cáilíochta tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta arna glacadh chun Treoir 2003/59/CE a chur chun feidhme, de bhun Airteagal 368(1) de, agus Iarscríbhinn XXXII a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile, le tiománaithe feithiclí bóthair atá ag gabháil d’iompar idirnáisiúnta earraí nó paisinéirí de bhóthar a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach sin. |
Airteagal 3
Aitheantas a thabhairt do cheadúnais tiomána arna n-eisiúint ag an Úcráin
1. Tabharfar aitheantas do cheadúnais tiomána bhailí arna n-eisiúint ag an Úcráin má tá cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag a sealbhóirí faoin dlí náisiúnta acu i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 go dtí an tráth nach mbeidh feidhm ag an gcosaint shealadach a thuilleadh. Ba cheart don aitheantas sin a bheith gach dochar do chur i bhfeidhm forálacha náisiúnta maidir le srianadh, fionraí, tarraingt siar nó cealú an chirt tiomáint ar chríoch an Bhallstáit sin, i gcomhréir le prionsabal chríochachas na ndlíthe coiriúla agus póilíneachta.
2. I gcás ina mbeidh ceadúnas tiomána bailí arna n-eisiúint ag an Úcráin ina sheilbh ag duine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag an duine sin i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, ní chuirfidh an Ballstát de cheangal aistriúchán deimhnithe nó cead tiomána idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41(2) de Choinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre a thíolacadh. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh go dtaispeánfaí pas, doiciméad lena gceadaítear cónaitheacht shealadach nó doiciméad leordhóthanach eile chun céannacht shealbhóir an cheadúnais tiománaí a fhíorú.
Airteagal 4
Cártaí cáilíochta tiománaí agus fianuithe tiománaí
1. Arna iarraidh sin do dhuine a shealbhaíonn cárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag an Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), den Rialachán seo, a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach ag an duine sin faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, féadfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach don duine sin nó an Ballstát ina bhfuil cosaint leordhóthanach ag an duine sin faoin dlí náisiúnta an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) |
de mhaolú ar phointe 12 d’Iarscríbhinn I de Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cód speisialta sealadach an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)”, a chiallaíonn “Tiománaí a bhfuil CPC aige nó aici a chomhlíonann oibleagáid na hinniúlachta gairmiúila – eisiúint speisialta le haghaidh thréimhse na cosanta sealadaí amháin” a mharcáil i réimse 12 ar thaobh 2 de cheadúnas tiomána an duine lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil ceadúnas tiomána ar mhúnla an Aontais arna eisiúint ag an mBallstát sin ina seilbh ag an duine freisin; nó |
(b) |
cáilíochta tiománaí a eisiúint don duine sin ag a bhfuil cód sealadach speisialta an Aontais “95.01 (06.03.2025 ar a dhéanaí)” i réimse 10 de thaobh 2 di dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/59/CE. |
De mhaolú ar Airteagal 10(2) de Threoir 2003/59/CE, aon tiománaí ag a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta agus a bhfuil cárta cáilíochta tiománaí aige nó aici a d’eisigh an Úcráin chun earraí a iompar de bhóthar, beidh cead ag an tiomanaí sin a chruthú go bhfuil an cháilíocht agus an oiliúint dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo aige nó aici trí bhíthin an fhianaithe tiománaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ar choinníoll go bhfuil cód an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” air.
Chun críocha an Rialacháin seo, léireoidh an Ballstát eisiúna cód an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” i roinn na nótaí maidir leis an bhfianú tiománaí, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009, más rud é a chomhlíon an sealbhóir lena mbaineann na ceanglais oiliúna agus tástála agus na híoschaighdeáin folláine coirp agus meabhrach dá bhforáiltear san Airteagal seo.
2. Tabharfar aitheantas frithpháirteach ar chríoch an Aontais do na cártaí cáilíochta tiománaí agus don mharc ar na ceadúnais tiomána dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo agus do na fianuithe tiománaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Measfar go gcomhlíonann sealbhóirí na gcártaí cáilíochta tiománaí sin, na gceadúnas tiomána sin atá marcáilte le cód sealadach speisialta an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” nó na bhfianuithe tiománaithe sin atá marcáilte le cód sealadach speisialta an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” an ceanglas maidir le cáilíocht tosaigh éigeantach is gá chun an ghníomhaíocht tiomána a leagtar síos le hAirteagal 3 de Threoir 2003/59/CE a dhéanamh.
3. Gan dochar d’aon ghníomhartha de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le fad na cosanta sealadaí, de mhaolú ar phointí 4(b) agus 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE agus ar phointe 4(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/59/CE, is é an 6 Márta 2025 an dáta éaga do na cártaí cáilíochta tiománaí sin nó dóibh sin arna gceangal le cód sealadach speisialta an Aontais atá marcáilte ar na ceadúnais tiomána.
Mar sin féin, d’ainneoin an dáta a bheith marcáilte ar na doiciméid sin, comhfhreagródh a mbailíocht riaracháin d’fhad tréimhse na cosanta sealadaí i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, nó d’fhad thréimhse na cosanta sealadaí leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta don sealbhóir, nó do thréimhse bhailíochta an cheadúnais tiomána, cibé acu a thagann chun deireadh is luaithe. Cuirfear an sealbhóir ar an eolas go leordhóthanach faoin teorannú sin.
4. Sula n-eiseofar an cárta cáilíochta tiománaí nó sula marcálfar cód speisialta sealadach an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” ar an gceadúnas tiomána nó ar an bhfianú tiománaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ceanglóidh na Ballstáit ar shealbhóir an chárta cáilíochta tiománaí arna eisiúint ag an Úcráin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), oiliúint éigeantach chomhlántach a dhéanamh a chríochnófar le tástáil chun a fhíorú go bhfuil an leibhéal eolais ag an tiománaí a cheanglaítear le Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/59/CE.
Ní bheidh fad na hoiliúna éigeantaí comhlántaí níos lú ná 35 uair an chloig agus ní bheidh sé níos nó ná 60 uair an chloig, lena n-áirítear 2,5 uair an chloig ar a laghad de thiomáint aonair mar a shonraítear i bpointe 2.1 de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/59/CE. Féadfar an oiliúint sin a dhéanamh i bhfoirm oiliúint thréimhsiúil éigeantach mar a shonraítear i roinn 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/59/CE. Maidir leis na riachtanais shonracha oiliúna atá le cur san áireamh sa chomhthéacs sin, ba cheart béim a chur ar eolas ar na rialacha i Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) a bheith á fháil ag an tiománaí.
Ar chur i gcrích na hoiliúna sin, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó an t-eintiteas atá ainmnithe acu tástáil a chur ar an tiománaí i scríbhinn nó ó bhéal nó trí thástáil ríomhairebhunaithe i saoráidí tástála ainmnithe.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi rialacha náisiúnta arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula n-eiseoidh siad an cárta cáilíochta tiománaí nó sula marcálfaidh siad an ceadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 1.
5. Sa chás go gcailltear nó go ngoidtear cárta cáilíochta tiománaí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), den Rialachán seo, atá i seilbh duine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382, féadfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach nó a bhfuil cosaint leordhóthanach aige faoin dlí náisiúnta fíorú a dhéanamh, arna iarraidh sin don duine sin, lena n-áirítear le húdaráis inniúla na hÚcráine, gur sealbhóir é an duine sin ar dheimhniú bailí ar inniúlacht ghairmiúil arna eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta agus nach bhfuil seilbh ag an duine sin ar dhoiciméad arna mharcáil nó arna eisiúint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ag Ballstát eile.
I ndiaidh an fíoraithe sin a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cárta cáilíochta tiománaí a eisiúint nó cód speisialta sealadach an Aontais “95.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” a mharcáil ar an gceadúnas tiomána nó ar an bhfianú tiománaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i míreanna 1 go 4.
6. I gcás nach mbeidh ceadúnas tiomána de shamhail an Aontais arna eisiúint ag Ballstát ag duine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, éileoidh na Ballstáit go ndéanfar scrúdú lena gcuirfear i bhfeidhm íoschaighdeáin maidir le folláine coirp agus meabhrach don tiomáint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta arna ghlacadh chun Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a thrasuí sula n-eiseofar cárta cáilíochta tiománaí nó sula ndéanfar cód speisialta sealadach an Aontais a mharcáil ar an bhfianú tiománaí i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.
7. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse iarratais i leith daoine easáitithe ón Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, beidh na cártaí cáilíochta tiománaí agus na fianaithe tiománaí arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus cód speisialta sealadach an Aontais atá marcáilte ar an gceadúnas tiomána i gcomhréir leis an Airteagal seo ar neamhní.
Airteagal 5
Síneadh a chur le bailíocht doiciméid tiománaí atá imithe in éag arna n-eisiúint ag an Úcráin
Gan dochar d’Airteagail 3, 4 agus 6, i gcás ina nglacann an Úcráin cinntí chun síneadh ama a chur le bailíocht doiciméid tiománaí atá imithe in éag arna n-eisiúint ag an Úcráin, tar éis do na doiciméid sin dul in éag i ndiaidh an 31 Nollaig 2021, déanfaidh na Ballstáit, chun críocha Airteagail 3, 4 agus 6, sealbhóirí na ndoiciméid tiománaí ábhartha arna n-eisiúint ag an Úcráin a mheas a bheith i seilbh doiciméad bailí ar choinníoll go gcuirfidh an Úcráin an Coimisiún agus na Ballstáit ar an eolas faoina cinneadh síneadh a chur le bailíocht na ndoiciméad tiománaí sin. Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl trí chainéil oifigiúla iomchuí.
Airteagal 6
Ceadúnais tiomána caillte nó goidte arna n-eisiúint ag an Úcráin
1. I gcás ina ndearbhaíonn duine a bhfuil cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach aige nó aici faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 gur cailleadh nó gur goideadh an ceadúnas tiomána atá aige nó aici, féadfaidh an Ballstát inar deonaíodh cead cónaithe sealadach don duine sin nó ina bhfuil cosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta ag an duine sin, arna iarraidh sin don duine sin, lena n-áirítear le húdaráis inniúla na hÚcráine, na cearta tiomána a fhíorú a fuair an duine sin i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme san Úcráin agus nár eisigh aon Bhallstát eile ceadúnas tiomána don duine sin cheana féin i gcomhréir leis an Airteagal seo, go háirithe chun a fháil amach nach ndearnadh an ceadúnas tiomána a shrianadh, a chur ar fionraí ná a tharraingt siar.
2. De mhaolú ar Airteagal 11(6) de Threoir 2006/126/CE, i ndiaidh do Bhallstát an fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, féadfaidh sé ceadúnas tiomána den chatagóir chéanna nó de na catagóirí céanna a eisiúint don duine lena mbaineann bunaithe ar mhúnla an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE. Sa chás sin, agus de mhaolú ar phointe 12 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, cuirfidh an Ballstát isteach ar an gceadúnas tiomána cód speisialta sealadach an Aontais “99.01 (6.3.2025 ar a dhéanaí)” i réimse 12, agus is é an bhrí a bheidh leis sin “Eisiúint speisialta nach bhfuil bailí ach ar feadh fad thréimhse na cosanta sealadaí (ceadúnas UA caillte nó goidte)”.
Tar éis dóibh an fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh agus sula n-eiseofar ceadúnas tiomána dá dtagraítear sa mhír seo do chatagóirí AM, A1, A2, A, B, B1 agus BE, féadfaidh na Ballstáit scrúdú a éileamh ina gcuirfear i bhfeidhm na híoschaighdeáin folláine coirp agus meabhrach don tiomáint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta arna ghlacadh chun Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a thrasuí.
Tar éis dóibh an fíorú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh sula n-eiseofar ceadúnas tiomána dá dtagraítear sa mhír seo do chatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E, déanfaidh na Ballstáit scrúdú a éileamh ina gcuirfear i bhfeidhm na híoschaighdeáin folláine coirp agus meabhrach don tiomáint i gcomhréir leis an dlí náisiúnta arna ghlacadh chun Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/126/CE a thrasuí.
3. Tabharfar aitheantas frithpháirteach san Aontas don cheadúnais tiomána dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Gan dochar d’aon ghníomhartha de chuid an Aontais a bheidh ann amach anseo maidir le fad na cosanta sealadaí, de mhaolú ar phointí 4(b) agus 11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/126/CE, is é an 6 Márta 2025 an dáta éaga a bheidh ar cheadúnas tiomána den sórt sin. Mar sin féin, d’ainneoin an dáta sin a bheith marcáilte ar cheadúnas tiomána den sórt sin, comhfhreagródh a mbailíocht riaracháin d’fhad thréimhse na cosanta sealadaí i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, nó fad thréimhse na cosanta sealadaí nó na cosanta leordhóthanaí faoin dlí náisiúnta don sealbhóir, cibé acu is luaithe a thagann chun deireadh. Cuirfear an sealbhóir ar an eolas go leordhóthanach faoin teorannú sin.
4. I gcás nach féidir an fíorú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, ní eiseoidh an Ballstát atá i gceist an ceadúnas tiomána dá dtagraítear i mír 2. Sa chás sin, féadfaidh an Ballstát ceadúnas tiomána a bheidh bailí go heisiach ar a chríoch a eisiúint don duine lena mbaineann, i gcomhréir lena dlí náisiúnta. Beidh ceadúnas den sórt sin difriúil ón múnla a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann Treoir 2006/126/CE.
5. Nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tréimhse ina gcuirtear i bhfeidhm cosaint shealadach do dhaoine easáitithe ón Úcráin, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2001/55/CE, beidh na ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal seo ar neamhní.
Airteagal 7
Calaois agus brionnú a chosc
Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, bainfidh na Ballstáit úsáid as gach modh iomchuí chun calaois a bhaineann le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin, agus a mbrionnú, a chosc agus a chomhrac.
Féadfaidh na Ballstáit, tráth ar bith, bailíocht na ndoiciméad tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin a fhíorú. I gcás freagra diúltach nó easpa freagra a bheith faighte ó na údaráis de chuid na hÚcráine a ndeachaigh siad i gcomhairle leo maidir leis na cearta a d’éiligh sealbhóir doiciméid tiománaí arna eisiúint ag an Úcráin, agus más ann d’amhras tromchúiseach faoi bharántúlacht an doiciméid tiománaí a thugann le fios go bhféadfaí sábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol, féadfaidh na Ballstáit diúltú aitheantas a thabhairt do dhoiciméad tiománaí den sórt sin.
Ní chuirfidh na Ballstáit forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm maidir le doiciméid tiománaí arna n-eisiúint ag an Úcráin i bhformáid leictreonach mura mbeidh siad in ann a mbarántúlacht, a n-iomláine agus a mbailíocht a fhíorú.
Airteagal 8
Faireachán
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, uair amháin gach sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, go príomha ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún.
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an lá i ndiaidh an lá a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse a gcuirtear cosaint shealadach i ndáil le daoine easáitithe ón Úcráin i bhfeidhm, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Treoir 2001/55/CE, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Iúil 2022.
(2) Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).
(4) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(5) Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil do thiománaithe feithiclí bóthair áirithe a úsáidtear chun earraí agus paisinéirí a iompar, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).
(6) Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).