21.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1273 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1272 (3) lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, cinneadh lenár tugadh isteach maolú breise ar an reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus sócmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus eintitis ainmnithe chun teagmhas a chosc nó a laghdú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol.

(3)

I bhfianaise sheasamh daingean an Aontais chun neamhshlándáil bia ar fud an domhain a sheachaint agus a chomhrac, agus chun cur isteach ar bhealaí íocaíochta do tháirgí talmhaíochta a sheachaint, le Cinneadh (CBES) 2022/1272 freisin, tugtar isteach maolú ar reo sócmhainní agus ar an toirmeasc chun cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do bhainc ainmnithe.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2022/1272, freisin, tugtar isteach maolú ar reo sócmhainní agus ar an toirmeasc chun cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil maidir le foirceannadh ordúil oibríochtaí, lena n-áirítear caidrimh bhaincéireachta chomhfhreagracha, le banc ainmnithe aonair.

(5)

Chun cur chun feidhme éifeachtach agus aonfhoirmeach Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a áirithiú, agus i bhfianaise chastacht mhéadaitheach na scéimeanna um smachtbhannaí a sheachaint, a chuireann bac ar an gcur chun feidhme sin, is gá a chur d’oibleagáid ar dhaoine agus eintitis ainmnithe a bhfuil sócmhainní acu laistigh de dhlínse an Aontais na sócmhainní sin a thuairisciú agus oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil i bhfíorú an tuairiscithe sin. Is iomchuí freisin na forálacha maidir le hoibleagáidí tuairiscithe le haghaidh oibreoirí an Aontais a neartú, d’fhonn sárú agus imchéimniú an reo sócmhainní a chosc. Aon mhainneachtain an oibleagáid seo a urramú, is éard a bheadh inti, imchéimniú an reo sócmhainní agus bheadh sí faoi réir pionós má chomhlíontar na coinníollacha maidir leis na pionóis sin faoi na rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme.

(6)

Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, agus go háirithe dualgas rúndachta dlíodóirí i leith a gcuid cliant.

(7)

Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“2a.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 108 in Iarscríbhinn I, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, faoi na coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach, faoin 22 Lúnasa 2023, chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile a fhoirceannadh, lena n-áirítear caidrimh chomhfhreagracha baincéireachta, arna dtabhairt i gcrích leis an eintiteas sin roimh an 21 Iúil 2022.”;

2b.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas a liostaítear faoi iontráil uimhir 108 in Iarscríbhinn I, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun díolachán agus aistriú atá ar bun i dtaca le cearta dílseánaigh atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an eintitis sin i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas a thabhairt chun críche faoin 31 Deireadh Fómhair 2022.”

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

tá gá leis na cistí nó acmhainní eacnamaíocha chun go ndíolfar agus go n-aistreofar faoin 31 Nollaig 2022 nó laistigh de 6 mhí ón dáta liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé dáta is déanaí, cearta dílseánaigh i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas i gcás ina bhfuil na cearta dílseánaigh sin faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus,”;

(2)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 6d

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go ndéanfar acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

is gá sócmhainní eacnamaíocha den sórt sin a scaoileadh chun teagmhas a chosc nó a laghdú go práinneach, ar teagmhas é ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach nach beag aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol; agus

(b)

reofar na fáltais ar toradh iad ar scaoileadh sócmhainní eacnamaíocha den sórt sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 6e

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfear cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82 agus 108 in Iarscríbhinn I, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi na coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.”;

(3)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   D’ainneoin na rialacha is infheidhme maidir le tuairisciú, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis lena n-éascófar comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2 nó faisnéis atá ina seilbh acu faoi chistí agus faoi shócmhainní eacnamaíocha laistigh de chríoch an Aontais ar le, atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus nár chaith na daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí leo, a bhfuil an oibleagáid dhlíthiúil orthu amhlaidh a dhéanamh, mar chistí agus mar shócmhainní eacnamaíocha reoite, an fhaisnéis sin a sholáthar láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis den sórt sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus

(b)

oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le haon fíorú faisnéise den sórt sin.”;

(b)

cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“4.   Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmiúcháin agus riarthóirí cláruithe oifigiúla ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlíthiúla, eintitis agus comhlachtaí chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil agus a mhalartú le húdaráis inniúla eile na mBallstát agus leis an gCoimisiún.

5.   Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, is i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, le Rialacháin (AE) 2016/679 (*1) agus (AE) 2018/1725 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanfar í agus ní dhéanfar í ach amháin a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm’. agus chun comhoibriú éifeachtach idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(*1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireah Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”;"

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

“Airteagal 9

1.   Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2.

2.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfaidh siad an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis a thuairisciú roimh an 1 Meán Fómhair 2022, nó laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, faoi chistí nó sócmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Bhallstáit ar leis iad, atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na sócmhainní eacnamaíocha sin lonnaithe; agus

(b)

oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le haon fíorú faisnéise den sórt sin.

3.   Déanfar mainneachtain maidir le mír 2 a chomhlíonadh a mheas mar rannpháirtíocht, dá dtagraítear i mír 1, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas laistigh de 2 sheachtain maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhír 2(a).

5.   Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid i mír 2(a) go dtí an 1 Eanáir 2023 a mhéid a bhaineann le cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá lonnaithe i mBallstát a raibh oibleagáid tuairiscithe chomhchosúil leagtha síos aige faoin dlí náisiúnta roimh an 21 Iúil 2022.

6.   Aon fhaisnéis a sholáthrófar nó a gheofar i gcomhréir leis an Airteagal seo, úsáidfear í chun na gcríoch ar soláthraíodh nó a bhfuarthas é.

7.   Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta, is i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanfar í agus ní dhéanfar í ach amháin a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  Cinneadh (AE) Uimh 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 193, 21.7.2022).