21.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 192/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1267 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Iúil 2022
lena sonraítear na nósanna imeachta chun saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú chun críocha faireachais margaidh agus fíoraithe ar chomhlíonadh táirgí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Ceann de chuspóirí shaoráidí tástála de chuid an Aontais is ea cúnamh a thabhairt do na húdaráis faireachais margaidh náisiúnta ina gcuid gníomhaíochtaí trí rannchuidiú le cumas saotharlainne a fheabhsú i gcás catagóirí sonracha táirgí nó le haghaidh rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí. Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis na nósanna imeachta chun saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú go n-ainmnítear saoráidí tástála de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil easpa cumais tástála saotharlainne ann. |
(2) |
Chun easpa cumais saotharlainne a chosc, ba cheart rochtain leathan ar ainmniú a chur ar fáil. D’fhonn an rochtain sin a chur ar fáil agus chun trédhearcacht a áirithiú sa phróiseas as a n-eascraíonn ainmniú, ba cheart a chinneadh cé na saoráidí tástála poiblí de chuid na mBallstát atá le hainmniú mar shaoráidí tástála de chuid an Aontais tar éis glaonna ar léiriú spéise. |
(3) |
Saoráidí tástála an Choimisiúin a ainmniú mar shaoráidí tástála de chuid an Aontais, ba cheart é sin a dhéanamh trí bhíthin ceapacháin dhírigh ag an gCoimisiún. |
(4) |
I ngeall ar an líon ard catagóirí táirgí agus rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí, ba cheart dul i gcomhairle leis an Líonra de chuid an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a bunaíodh faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 chun tosaíocht cheart na gcatagóirí sin agus na rioscaí sonracha sin a áirithiú. |
(5) |
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar ainmniú shaoráidí tástála de chuid an Aontais ar bhonn rialta chun a fhíorú go n-áirithíonn siad ardleibhéal comhsheasmhach tástála táirgí, agus go gcuireann siad comhairle theicniúil agus eolaíoch d’ardchaighdeán ar fáil. |
(6) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste a bunaíodh le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/1020, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Nósanna imeachta chun saoráidí tástála an Aontais a ainmniú
1. Ainmneofar saoráidí tástála poiblí na mBallstát mar shaoráidí tástála de chuid an Aontais tar éis glao ar léiriú spéise, lena leagfar amach na coinníollacha maidir lena n-ainmniú.
2. Ainmneofar saoráidí tástála an Choimisiúin mar shaoráidí tástála de chuid an Aontais tar éis don Choimisiún ceapachán díreach a dhéanamh, lena leagfar amach na coinníollacha lena n-ainmniú.
3. Roimh an ainmniú, rachfar i gcomhairle leis an Líonra de chuid an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí a bhunaítear faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/1020 (“an Líonra”) maidir leis an dá rud seo a leanas:
(a) |
na catagóirí sonracha táirgí agus na rioscaí sonracha a bhaineann le catagóir táirgí ar gá saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú ina leith; |
(b) |
na coinníollacha maidir le saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú, ionas go n-áiritheofar ardleibhéal comhsheasmhach tástála táirgí agus comhairle theicniúil agus eolaíoch d’ardchaighdeán. |
Airteagal 2
Athbhreithniú ar an ainmniú
1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an Líonra, athbhreithniú ar ainmniú shaoráidí tástála de chuid an Aontais ar bhonn rialta chun a fháil amach an gcomhlíonann saoráidí tástála de chuid an Aontais na coinníollacha maidir lena n-ainmniú agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 21(3), (5) agus (6) de Rialachán (AE) 2019/1020.
2. Sa chinneadh maidir le saoráid tástála de chuid an Aontais a ainmniú, leagfar amach teorainn ama maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar ainmniú na saoráide tástála.
3. I gcás ina mainneoidh saoráid tástála de chuid an Aontais na coinníollacha maidir lena hainmniú agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 21(3), (5) agus (6) de Rialachán (AE) 2019/1020 a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún an t-ainmniú a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN