15.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 188/65


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1218 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus le formheas na gclár díothaithe le haghaidh galair liostaithe áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 31(3) agus 36(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos an chaoi a gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla galar liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b), de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c), de agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán freisin maidir leis an bhformheas nó an tarraingt siar a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh maidir le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha cur chun feidhme do na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1) pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, maidir le hainmhithe, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalar agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalar acu agus liostaítear ann freisin na cláir dhíothaithe fhormheasta atá ann cheana. Mar gheall ar an athrú atá ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch i gcás galair áirithe, is gá Ballstáit nua atá saor ó ghalar nó criosanna díobh a liostú agus cláir dhíothaithe áirithe arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin a fhormheas.

(4)

I gcás ionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis, ionfhabhtú coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (Mycobacterium bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) (MTBC), liúcóis bhólachta eansótach (LBE), ionfhabhtú na buinní víreasaí bólachta (BVB) agus ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (BTV), tá roinnt Ballstát tar éis iarratas a dhéanamh don Choimisiún stádas saor ó ghalar nó cláir dhíothaithe a fhormheas le haghaidh a gcríche iomláine nó le haghaidh cuid dá gcríoch.

(5)

Maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúige Vibo Valentia i Réigiún Calabria agus i gCúige Teramo i Réigiún Abruzzo. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú mar chriosanna saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i mbó-ainmhithe i gCuid I, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(6)

Maidir le hionfhabhtú Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúige Lecce i Réigiún Puglia. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú mar chrios saor ó ionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis in ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair i gCuid I, Caibidil 2, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(7)

Maidir le hionfhabhtú le MTBC, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó MTBC a aithint, coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gCúigí Aquila, Chieti agus Teramo i Réigiún Abruzzo, i gCúige Latina i Réigiún Lazio, i gCúigí Bari agus Taranto i Réigiún Puglia agus i gCúige Nuoro i Réigiún na Sairdíne. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú mar chriosanna saor ó ionfhabhtú le MTBC i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620.

(8)

Maidir le hionfhabhtú le LBE, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gCróit ar chlár díothaithe a bheith formheasta dá críoch. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh LBE a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát sin a liostú dá réir sin i gCuid II d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh LBE.

(9)

Maidir le hionfhabhtú BVB, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Danmhairg agus ag an nGearmáin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó BVB a aithint, coinníollacha a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gcríoch iomláin na Danmhairge agus in Landkreis Ravensburg, Erding, Weilheim-Schongau, Oberallgäu agus Fulda sa Ghearmáin, faoi seach. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát sin agus na criosanna sin a liostú dá réir sin i gCuid I d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstát nó criosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalar le haghaidh BVB.

(10)

Maidir le hionfhabhtú le BVB, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Éirinn ar chlár díothaithe a bheith formheasta dá críoch. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh BVB a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart an Ballstát sin a liostú dá réir sin i gCuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar Bhallstáit ag a bhfuil clár díothaithe formheasta le haghaidh BVB.

(11)

A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an nGearmáin lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar le haghaidh BTV a aithint comhlíonta i gcás chríoch iomlán Baden-Württemberg, Hessen agus Nordrhein-Westfalen. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú le haghaidh BTV. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna ag a bhfuil stádas saor ó ghalar le haghaidh BTV.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I, II, IV, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir.

(13)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalar agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, IV, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

leasaítear Cuid I mar a leanas:

(i)

i gCaibidil 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:

Ballstát

Críoch

“An Iodáil

Regione Abruzzo: Provincia di Pescara, Teramo

Regione Calabria: Provincia di Vibo Valentia

Regione Campania: Province di Avellino, Benevento, Napoli

Regione Emilia-Romagna

Regione Friuli Venezia Giulia

Regione Lazio

Regione Liguria

Regione Lombardia

Regione Marche

Regione Molise: Provincia di Campobasso

Regione Piemonte

Regione Puglia: Province di Bari, Barletta-Andria-Trani, Brindisi, Lecce

Regione Sardegna

Regione Toscana

Regione Trentino – Alto Adige

Regione Umbria

Regione Valle d’Aosta

Regione Veneto”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 2:

CAIBIDIL 2

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis i bpobail ainmhithe caorach agus gabhair

Ballstát  ((*))

Críoch

An Bheilg

Críoch iomlán

An tSeicia

Críoch iomlán

An Danmhairg

Críoch iomlán

An Ghearmáin

Críoch iomlán

An Eastóin

Críoch iomlán

Éire

Críoch iomlán

An Spáinn

Críoch iomlán

An Fhrainc

Région Auvergne et Rhône-Alpes

Région Bourgogne-Franche-Comté

Région Bretagne

Région Centre-Val de Loire

Région Corse

Région Grande Est

Région Hauts-de-France

Région Ile-de-France

Région Normandie

Région Nouvelle-Aquitaine

Région Occitanie

Région Pays de la Loire

Région Provence-Alpes-Côte d’Azur

An Iodáil

Regione Abruzzo

Regione Calabria: Province di Catanzaro, Cosenza

Regione Campania: Provincia di Benevento

Regione Emilia-Romagna

Regione Friuli Venezia Giulia

Regione Lazio

Regione Liguria

Regione Lombardia

Regione Marche

Regione Molise

Regione Piemonte

Regione Puglia: Province di Bari, Barletta-Andria-Trani, Brindisi, Lecce, Taranto

Regione Sardegna

Regione Toscana

Regione Trentino – Alto Adige

Regione Umbria

Regione Valle d’Aosta

Regione Veneto

An Chipir

Críoch iomlán

An Laitvia

Críoch iomlán

An Liotuáin

Críoch iomlán

Lucsamburg

Críoch iomlán

An Ungáir

Críoch iomlán

An Ísiltír

Críoch iomlán

An Ostair

Críoch iomlán

An Pholainn

Críoch iomlán

An Phortaingéil

Região Autónoma dos Açores

An Rómáin

Críoch iomlán

An tSlóivéin

Críoch iomlán

An tSlóvaic

Críoch iomlán

An Fhionlainn

Críoch iomlán

An tSualainn

Críoch iomlán

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)

Tuaisceart Éireann

(b)

leasaítear Cuid II mar a leanas:

(i)

i gCaibidil 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:

Ballstát

Críoch

“An Iodáil

Regione Abruzzo: Provincia dell’Aquila, di Chieti

Regione Basilicata

Regione Calabria: Provincia di Catanzaro, Cosenza, Crotone, Reggio Calabria

Regione Campania: Provincia di Caserta, Salerno

Regione Molise: Provincia di Isernia

Regione Puglia: Provincia di Foggia, Taranto

Regione Sicilia”

(ii)

i gCaibidil 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Iodáil:

Ballstát

Críoch

“An Iodáil

Regione Basilicata

Regione Calabria: Provincia di Crotone, Reggio Calabria, Vibo Valentia

Regione Campania: Provincia di Caserta, Salerno, Avellino, Napoli

Regione Puglia: Provincia di Foggia

Regione Sicilia”

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad Chuid I:

“CUID I

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú le MTBC

Ballstát

Críoch

An Bheilg

Críoch iomlán

An tSeicia

Críoch iomlán

An Danmhairg

Críoch iomlán

An Ghearmáin

Críoch iomlán

An Eastóin

Críoch iomlán

An Spáinn

Comunidad Autónoma de Canarias

Comunidad Autónoma de Galicia

Comunidad Autónoma del País Vasco

Comunidad Autónoma del Principado de Asturias

An Fhrainc

Críoch iomlán

An Iodáil

Regione Abruzzo

Regione Basilicata: Provincia di Matera

Regione Emilia-Romagna

Regione Friuli Venezia Giulia

Regione Lazio: Provincia di Frosinone, Latina, Rieti, Viterbo

Regione Liguria

Regione Lombardia

Regione Marche: Provincia di Ancona, Ascoli Piceno, Fermo, Pesaro-Urbino

Regione Molise

Regione Piemonte

Regione Puglia: Provincia di Bari, Taranto

Regione Sardegna: Citta metropolitana di Cagliari, Provincia di Nuoro, Oristano, Sud Sardegna

Regione Toscana

Regione Trentino – Alto Adige

Regione Umbria

Regione Valle d’Aosta

Regione Veneto

An Laitvia

Críoch iomlán

An Liotuáin

Críoch iomlán

Lucsamburg

Críoch iomlán

An Ungáir

Críoch iomlán

An Ísiltír

Críoch iomlán

An Ostair

Críoch iomlán

An Pholainn

Críoch iomlán

An Phortaingéil

Região Algarve: all distritos

Região Autónoma dos Açores seachas Ilha de São Miguel

An tSlóivéin

Críoch iomlán

An tSlóvaic

Críoch iomlán

An Fhionlainn

Críoch iomlán

An tSualainn

Críoch iomlán”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II:

“CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú le MTBC

Ballstát ((*))

Críoch

An Bhulgáir

Críoch iomlán

An Chróit

Críoch iomlán

An Chipir

Críoch iomlán

An Ghréig

Críoch iomlán

Éire

Críoch iomlán

An Iodáil

Regione Basilicata: Provincia di Potenza

Regione Calabria

Regione Campania

Regione Lazio: Provincia di Roma

Regione Marche: Provincia di Macerata

Regione Puglia: Provincia di Barletta-Adria-Trani, Brindisi, Foggia, Lecce

Regione Sardegna: Provincia di Sassari

Regione Sicilia

Málta

Críoch iomlán

An Phortaingéil

Região Autónoma dos Açores: Ilha de São Miguel

Região Autónoma da Madeira

Distritos Aveiro, Beja, Braga, Bragança, Castelo Branco, Coimbra, Evora, Guarda, Leiria, Lisboa, Portalegre, Porto, Santarem, Setubal, Viana do Castelo, Vila Real, Viseu

An Rómáin

Críoch iomlán

An Spáinn

Comunidad Autónoma de Andalucía

Comunidad Autónoma de Aragón

Comunidad Autónoma de Islas Baleares

Comunidad Autónoma de Cantabria

Comunidad Autónoma de Castilla-La Mancha

Comunidad Autónoma de Castilla y León

Comunidad Autónoma de Cataluña

Comunidad Autónoma de Extremadura

Comunidad Autónoma de La Rioja

Comunidad Autónoma de Madrid

Comunidad Autónoma de Murcia

Comunidad Autónoma de Navarra,

Comunidad Autónoma de Valencia

An Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann)

Tuaisceart Éireann

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IV, Cuid II:

“CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le LBE

Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

An Chróit

Críoch iomlán

An 18 Iúil 2022”

(4)

in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chodanna I agus II:

“CUID I

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil stádas saor ó ghalar maidir le BVB

Ballstát

Críoch

An Ostair

Críoch iomlán

An Danmhairg

Críoch iomlán

An Fhionlainn

Críoch iomlán

An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg

Bundesland Bayern:

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberbayern: Ingolstadt, Stadt München, Stadt Rosenheim, Altötting, Berchtesgadener Land, Bad Tölz-Wolfratshausen, Ebersberg, Eichstätt, Erding, Freising, Fürstenfeldbruck, Garmisch-Partenkirchen, Landsberg am Lech, Miesbach, Mühldorf am Inn, Lkr. München, Neuburg-Schrobenhausen, Pfaffenhofen an der Ilm, Lkr. Rosenheim, Starnberg, Traunstein, Weilheim-Schongau

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Niederbayern: Stadt Landshut, Stadt Passau, Stadt Straubing, Freyung-Grafenau, Kelheim, Lkr. Landshut, Lkr. Passau, Regen, Rottal-Inn

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberpfalz: Stadt Amberg, Stadt Regensburg, Weiden in der Oberpfalz, Lkr. Amberg-Sulzbach, Cham, Neumarkt in der Oberpfalz, Neustadt an der Waldnaab, Lkr. Regensburg, Schwandorf, Tirschenreuth

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberfranken: Stadt Bamberg, Stadt Bayreuth, Stadt Coburg, Stadt Hof, Lkr. Bamberg, Lkr. Bayreuth, Lkr. Coburg, Forchheim, Lkr. Hof, Kronach, Kulmbach, Lichtenfels, Wunsiedel im Fichtelgebirge

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Mittelfranken: Stadt Ansbach, Stadt Erlangen, Stadt Fürth, Nürnberg, Schwabach, Lkr. Ansbach, Lkr. Erlangen-Höchstadt, Lkr. Fürth, Nürnberger Land, Neustadt an der Aisch-Bad Windsheim, Roth, Weißenburg-Gunzenhausen

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Unterfranken: Stadt Aschaffenburg, Stadt Schweinfurt, Stadt Würzburg, Lkr. Aschaffenburg, Bad Kissingen, Röhn-Grabfeld, Haßberge, Kitzingen, Miltenberg, Main-Spessart, Lkr. Schweinfurt, Lkr. Würzburg

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Schwaben: Stadt Augsburg, Kaufbeuren, Kempten im Allgäu, Memmingen, Aichach-Friedberg, Dillingen an der Donau, Neu-Ulm, Lindau, Oberallgäu, Unterallgäu, Donau-Ries

Bundesland Brandenburg

Bundesland Bremen

Bundesland Hamburg

Bundesland Hessen

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern

Bundesland Rheinland-Pfalz

Bundesland Saarland

Bundesland Sachsen

Bundesland Sachsen-Anhalt

Bundesland Thüringen

An tSualainn

Críoch iomlán

CUID II

Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le BVB

Ballstát

Críoch

Dáta an fhormheasa tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689

An Ghearmáin

Bundesland Bayern:

 

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Oberbayern: Dachau

 

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Niederbayern: Deggendorf, Lkr. Straubing-Bogen, Dingolfing-Landau

 

Na cathracha seo a leanas agus Landkreis in Regierungsbezirk Schwaben: Lkr. Augsburg, Günzburg, Ostallgäu

Bundesland Berlin

Bundesland Niedersachsen

Bundesland Nordrhein-Westfalen

Bundesland Schleswig-Holstein

An 21 Feabhra 2022

Éire

Críoch iomlán

An 18 Iúil 2022”

(5)

in Iarscríbhinn VIII, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad a bhaineann leis an nGearmáin:

Ballstát

Críoch

“An Ghearmáin

Bundesland Baden-Württemberg

Bundesland Bayern

Bundesland Berlin

Bundesland Brandenburg

Bundesland Bremen

Bundesland Hamburg

Bundesland Hessen

Bundesland Mecklenburg-Vorpommern

Bundesland Niedersachsen

Bundesland Nordrhein-Westfalen

Bundesland Sachsen

Bundesland Sachsen-Anhalt

Bundesland Schleswig-Holstein

Bundesland Thüringen”


((*))  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.”

((*))  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, baineann tagairtí do Bhallstáit leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann”