14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/19


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1209 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Bealtaine 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nós imeachta chun fíneálacha riaracháin a fhorchur agus maidir leis na modhanna lena ríomh agus lena mbailiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagal 85(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An cinneadh chun fíneáil riaracháin a ghearradh ar oibreoir eacnamaíoch ar mhaithe le tacú le bearta ceartaitheacha agus sriantacha i gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) 2018/858, ba cheart don Choimisiún é sin a dhéanamh mar thoradh ar chomhairliúcháin leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faoi Airteagal 53(6) de Rialachán (AE) 2018/858 agus ba cheart é sin a léiriú sa chinneadh chun bearta ceartaitheacha agus sriantacha a fhorchur.

(2)

Is gá céimeanna áirithe nós imeachta a leagan síos nuair atá sé ar intinn ag an gCoimisiún fíneálacha riaracháin a fhorchur chun tacú le bearta ceartaitheacha agus sriantacha, rud a chuirfidh leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 53(6) de Rialachán (AE) 2018/858. Tá sé tábhachtach, go háirithe, an ceart chun éisteacht a fháil agus an ceart rochtain a fháil ar an gcomhad a ráthú trí rochtain a thabhairt don oibreoir eacnamaíoch ar fhaisnéis ábhartha agus an ceart a thabhairt do a chuid barúlacha a chur isteach mar aon leis an bhfianaise is gá chun tacú leis na barúlacha sin i ndáil leis an bhfíneáil riaracháin atá beartaithe a fhorchur. Ina theannta sin, is gá rialacha a leagan amach chun cosaint iomchuí sonraí a áirithiú, sonraí a mheasann oibreoirí eacnamaíocha a bheith rúnda.

(3)

Is gá modh a leagan síos chun fíneálacha riaracháin a ríomh de réir thromchúis an neamhchomhlíonta. Ba cheart go mbeadh na hoibreoirí eacnamaíocha ar an eolas roimh ré faoin modh sin. Ba cheart fíneálacha riaracháin a bheith athchomhairleach chun oibreoirí eacnamaíocha a dhíspreagadh ó cheanglais Rialachán (AE) 2018/858 a shárú agus ba cheart na fíneálacha riaracháin sin a bheith comhréireach le tromchúis an tsáraithe. Ós rud é go bhfuil na fíneálacha riaracháin le gearradh in aghaidh na feithicle, an chórais, na comhpháirte nó an aonaid theicniúil ar leithligh, ba cheart na critéir chun an fhíneáil a ríomh a mheas dá réir sin. Ba cheart a chur san áireamh agus fíneálacha riaracháin á ríomh aon bhuntáiste eacnamaíoch míchuí a fhaightear trí fheithicil neamhchomhlíontach a dhíol nó a dháileadh, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh i leith oibreoirí eacnamaíocha eile a chloíonn leis na rialacha. Aon chaillteanas a bhaineann do thomhaltóirí, lena n-áirítear athrú a dhéanamh ar fheidhmíocht na feithicle, ar caillteanais iad a eascraíonn as neamh-chomhlíonadh, ba cheart iad a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar thromchúis an tsáraithe ós rud é go bhféadfadh neamhchomhlíonadh den sórt sin dochar a dhéanamh do chosaint sláinte agus sábháilteachta tomhaltóirí a lorgaítear leis an Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart méid na bhfíneálacha riaracháin a bheith comhréireach leis an líon feithiclí neamhchomhlíontacha atá cláraithe san Aontas, nó leis an líon córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh neamhchomhlíontacha atá curtha ar fáil ar mhargadh an Aontais.

(4)

Ba cheart aird chuí a thabhairt ar thromchúis agus ar éifeachtaí an tsáraithe, mar aon le haon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach agus fíneálacha riaracháin á ríomh, ar cheart a mheas go ndéanann siad tairbhí an neamhchomhlíonta a dhíspreagadh agus a fhritháireamh, agus go bhfuil siad comhréireach leo. Ba cheart a áireamh le tosca géaraitheacha an tionchar ar an tsábháilteacht, ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol ós rud é go gcinntear ardleibhéal sábháilteachta, sláinte agus cosanta comhshaoil mar chuspóir de Rialachán (AE) 2018/858. Ba cheart go gcuideofaí le baint amach na gcuspóirí sin trí scéim pionóis stóinsithe a shocrú ar leibhéal an Aontais, ar scéim í a ghníomhaíonn mar bhac trí smachtbhannaí maidir le neamhchomhlíonadh a dhéanann difear diúltach do shábháilteacht daoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí eile bóthair agus do chosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil. Maidir le méid an chomhair a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna ndéanamh ag an oibreoir eacnamaíoch, measfar gur eilimintí maolaitheacha iad agus an fhíneáil riaracháin á ríomh.

(5)

Chun íoc fíneálacha riaracháin a éascú, is gá modh a leagan síos chun iad a bhailiú. Ba cheart na fíneálacha sin a bhailiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le fíneálacha, pionóis nó smachtbhannaí eile arna bhforchur ag institiúidí an Aontais a aisghabháil, rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Nós imeachta

1.   Sula bhforchuirfear fíneáil riaracháin ar oibreoir eacnamaíoch de bhun Airteagal 85(1) i gcomhar le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2018/858, tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don oibreoir eacnamaíoch agus do na Ballstáit lena mbaineann faoin rún atá aige fíneáil riaracháin a fhorchur, agus luafaidh sé na cúiseanna a bhfuil sé beartaithe aige déanamh amhlaidh.

2.   Tar éis an fhógra de bhun mhír 1 a fháil, tabharfar tréimhse nach lú ná 30 lá don oibreoir eacnamaíoch agus do na Ballstáit lena mbaineann chun a gcuid barúlacha a chur in iúl i scríbhinn don Choimisiún. Gan dochar do mhír 4, ní chuirfear san áireamh barúlacha i scríbhinn a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag.

3.   Féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch agus na Ballstáit lena mbaineann, ina gcuid barúlacha i scríbhinn chuig an gCoimisiún, aon fhianaise a chur i gceangal le tacú lena gcuid barúlacha.

4.   Tar éis don oibreoir eacnamaíoch agus do na Ballstáit lena mbaineann na barúlacha i scríbhinn a chur ar fháil, féadfaidh an Coimisiún, trí iarraidh réasúnaithe, tuilleadh faisnéise a éileamh laistigh de theorainn ama nach lú ná 15 lá, ar teorainn ama í a leagfar amach san iarraidh.

5.   I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina n-éileoidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise, féadfaidh sé iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch agus ar na Ballstáit lena mbaineann a seasamh a chur in iúl ó bhéal i gcruinniú tar éis an chuid den nós imeachta i scríbhinn faoi mhíreanna 1 go 4 a bheith curtha i gcrích.

Airteagal 2

Rúndacht

1.   Oibreoirí eacnamaíocha a chuireann faisnéis isteach i gcomhréir le hAirteagal 1, déanfaidh siad aon fhaisnéis a chuireann siad isteach agus a mheasann siad a bheith rúnda a shainaithint, agus, i gcás inar gá, soláthróidh siad leagan neamhrúnda ar leithligh den doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis sin faoin dáta a bheidh socraithe ag an gCoimisiún.

2.   I gcás nár shainaithin an t-oibreoir eacnamaíoch aon fhaisnéis mar fhaisnéis rúnda, féadfaidh an Coimisiún glacadh leis nach bhfuil faisnéis rúnda san fhaisnéis a cuireadh isteach.

3.   Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar an gCoimisiún an fhaisnéis a chuirfear faoina bhráid a úsáid chun neamhchomhlíonadh a chruthú.

Airteagal 3

Modh chun fíneálacha riaracháin a ríomh

1.   Chun méid na bhfíneálacha riaracháin a ríomh, déanfaidh an Coimisiún na méideanna seo a leanas a mheas:

(a)

an buntáiste eacnamaíoch nó buntáiste eile a fuair an t-oibreoir eacnamaíoch mar thoradh ar an neamhchomhlíonadh;

(b)

i gcás inar féidir, na caillteanais a bhaineann do thomhaltóirí mar thoradh ar an neamhchomhlíonadh.

Beidh na buntáistí agus na caillteanais a mheasúnófar amhlaidh mar bhonn chun fíneálacha riaracháin a ríomh. I gcás inarb ionann buntáiste don oibreoir eacnamaíoch agus caillteanas do thomhaltóirí, ní chuirfear san áireamh é ach an t-aon uair amháin.

Ar bhonn na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), déanfar na fíneálacha riaracháin a ríomh ag féachaint don líon feithiclí neamhchomhlíontacha atá cláraithe i margadh an Aontais, nó leis an líon córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh neamhchomhlíontacha atá curtha ar fáil ar mhargadh an Aontais.

2.   Agus méid na bhfíneálacha riaracháin á ríomh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach agus tosca eile.

3.   Áireofar na gnéithe seo a leanas sna tosca géaraitheacha dá dtagraítear i mír 2:

(a)

an tionchar ar shláinte agus ar shábháilteacht daoine nó an tionchar diúltach ar an gcomhshaol de dheasca ceanglais feidhmíochta feithicle a ísliú;

(b)

méid faillí nó intinne an oibreora eacnamaíoch, lena n-áirítear aon iarracht a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch faisnéis a cheilt, ar faisnéis í atá ábhartha chun neamhchomhlíonadh a shuí;

(c)

aon diúltú nach bhfuil údar maith leis ón oibreoir eacnamaíoch chun faisnéis nó fianaise a chur ar fáil arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.

4.   Áireofar na gnéithe seo a leanas sna tosca maolaitheacha dá dtagraítear i mír 2:

(a)

iarrachtaí agus comhar an oibreora eacnamaíoch chun neamhchomhlíonadh a bhrath;

(b)

aon ghníomhaíocht cheartaitheach fhéintionscanta a rinne an t-oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear an pras;

(c)

aon toisc mhaolaitheach réasúnta ábhartha eile atá léirithe ag an oibreoir eacnamaíoch le fianaise iomchuí.

5.   Áireofar sna tosca eile dá dtagraítear i mír 2 athdhéanamh, minicíocht nó fad an neamhchomhlíonta, agus smachtbhannaí eile arna bhforchur ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta as neamhchomhlíonadh rialacha cineálcheadaithe an Aontais sna 10 mbliana roimh bhunú an neamhchomhlíonta.

6.   An fhíneáil riaracháin chríochnaitheach arna sloinneadh in EUR, socrófar í ar leibhéal lena n-áiritheofar a héifeachtacht, a comhréireacht agus athchomhairleacht.

Airteagal 4

Modhanna chun fíneálacha riaracháin a bhailiú

Ní mór na fíneálacha riaracháin a íoc laistigh de 3 mhí ón dáta ar tugadh fógra don fhéichiúnaí maidir le cinneadh an Choimisiúin, agus sin ón dáta a fuarthas an litir fógra. Bailítear na fíneálacha sin i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Féadfar am breise le haghaidh na híocaíochta a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 104 den Rialachán sin.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).