14.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 187/18


RIALACHÁN (AE) 2022/1208 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 a mhéid a bhaineann leis an ráta comhshó chuig an euro don Chróit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 140(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 ón gComhairle (2), cinntear na rátaí comhshó idir an euro agus airgeadraí na mBallstát a bhfuil an euro á ghlacadh acu ón 1 Eanáir 1999 amach.

(2)

De réir Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012, is Ballstát í an Chróit ag a bhfuil maolú, de réir bhrí Airteagal 139(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

De bhun Chinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle (3) maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023, comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh agus aisghairtear maolú na Cróite le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

(4)

Chun an euro a thabhairt isteach sa Chróit, ní mór an ráta comhshó idir an euro agus kuna na Cróite a ghlacadh. Ba cheart an ráta comhshó sin a shocrú ag 7,53450 kuna in aghaidh 1 euro, ráta a chomhfhreagraíonn do ráta lárnach reatha an kuna sa sásra ráta malairte (ERM II).

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 2866/98, cuirtear isteach an líne seo a leanas idir na rátaí comhshó is infheidhme maidir le franc na Fraince agus punt na hÉireann:

“= 7,53450 kuna na Cróite”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Tuairim an 4 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 ón gComhairle an 31 Nollaig 1998 maidir leis na rátaí comhshó idir an euro agus airgeadraí na mBallstát a bhfuil an euro á ghlacadh acu (IO L 359, 31.12.1998, lch. 1)

(3)  Cinneadh (AE) 2022/1211 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023 (féach leathanach 31 den Iris Oifigiúil seo).