12.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 185/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1192 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Iúil 2022

lena mbunaítear bearta chun Globodera pallida (Stone) Behrens agus Globodera rostochiensis (Wollenweber) Behrens a dhíothú agus chun a leathadh a chosc

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1), pointí (a) go (h) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/2031 cuirtear bonn ar fáil le haghaidh reachtaíocht Aontais maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí. Le linn do shraith nua rialacha a bheith á mbunú leis an Rialachán sin, aisghairtear leis, le héifeacht ón 1 Eanáir 2022, roinnt gníomhartha a bhí bunaithe ar na rialacha a bhí san earnáil roimhe sin.

(2)

Tá Treoir 2007/33/CE ón gComhairle (2), lena leagtar amach bearta i gcoinne na néimeatóidí ciste prátaí, arb iad na lotnaidí Globodera pallida (Stone) Behrens (daonraí Eorpacha) agus Globodera rostochiensis (Wollenweber) Behrens (daonraí Eorpacha) (“na lotnaidí sonraithe”), ar cheann de na gníomhartha aisghairthe sin.

(3)

Anuas air sin, ó glacadh an Treoir sin, tharla forbairtí nua teicneolaíocha agus eolaíocha maidir le bitheolaíocht agus dáileadh na lotnaidí sonraithe, agus forbraíodh modhanna nua tástála chun iad a bhraith agus chun iad a shainaithint, mar aon le modhanna chun iad a dhíothú agus chun a leathadh a chosc.

(4)

Dá bhrí sin, is iomchuí bearta nua a ghlacadh i ndáil le plandaí Solanum tuberosum L., seachas síolta (“na plandaí sonraithe”), chun na lotnaidí sonraithe a dhíothú i láithreáin táirgthe inmhíolaithe i gcás ina n-aimsítear iad i gcríoch an Aontais agus chun a leathadh a chosc. Mar sin féin, tá bearta áirithe a leagtar síos i dTreoir 2007/33/CE, go háirithe na bearta a bhaineann leis na lotnaidí sonraithe a bhrath agus lena leathadh a chosc, tá na bearta sin fós iomchuí agus ba cheart foráil a dhéanamh ina leith dá bhrí sin.

(5)

Ba cheart do na húdaráis inniúla suirbhéanna oifigiúla braite a dhéanamh chun féachaint an bhfuil na lotnaidí sonraithe i láthair, mar chéad chéim, ar an láithreán táirgthe ina bhfuil na plandaí sonraithe, ar plandaí iad atá beartaithe lena n-athphlandú, nó prátaí atá beartaithe chun tiúbair prátaí a tháirgeadh lena gcur, le plandú nó le stóráil. Na rialacha maidir leis na suirbhéanna sin, is é is aidhm dóibh go n-áiritheofar sainaithint na lotnaidí sonraithe agus go n-áiritheofar a ndíothú má aimsítear iad.

(6)

Is iomchuí go n-áirítear sna rialacha maidir le suirbhéanna oifigiúla braite forálacha maidir le sampláil agus tástáil le haghaidh láithreacht na lotnaidí sonraithe, arna ndéanamh i gcomhréir leis na forbairtí teicniúla agus eolaíocha is nuashonraithe.

(7)

Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit chun maolú ar na rialacha maidir le suirbhéanna oifigiúla braite faoi choinníollacha sonracha agus i limistéir arna sainiú ag an údarás inniúil, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann.

(8)

Ba cheart suirbhéanna faireacháin oifigiúla a dhéanamh ar láithreáin táirgthe a úsáidtear chun prátaí a tháirgeadh, seachas iad siúd atá beartaithe chun tiúbair prátaí a tháirgeadh atá beartaithe lena gcur, chun dáileadh na lotnaidí sonraithe a chinneadh. Ba cheart na suirbhéanna sin a dhéanamh ar 0,5 % ar a laghad den acraíocht a úsáidtear sa bhliain ábhartha chun prátaí a tháirgeadh, seachas an méid atá beartaithe chun tiúbair prátaí a tháirgeadh atá beartaithe lena gcur. Tá ráta sin an tsuirbhé riachtanach chun an forléargas is éifeachtaí a dhéanamh ar staid na lotnaidí sonraithe agus chun beart coisctheach a dhéanamh chun a áirithiú go ndíothófar na lotnaidí sonraithe agus go gcuirfear cosc lena leathadh ar chríoch an Aontais.

(9)

Ba cheart taifead oifigiúil a dhéanamh de na láithreáin táirgthe a fhaightear go bhfuil siad inmhíolaithe leis na lotnaidí sonraithe, agus ba cheart na plandaí inmhíolaithe a ainmniú go hoifigiúil mar phlandaí inmhíolaithe, chun a áirithiú go rialófar na plandaí sin go trédhearcach agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta iomchuí.

(10)

Is iomchuí, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh maidir leis na láithreáin táirgthe inmhíolaithe agus na plandaí inmhíolaithe, chun a ráthú go ndíothófar na lotnaidí sonraithe agus nach leathfaidh siad a thuilleadh. Chun go mbeidh na bearta sin comhréireach agus éifeachtach, is gá difear a bheith eatarthu ag brath ar cibé acu an bhfuil sé beartaithe na plandaí lena mbaineann a athphlandú nó a phróiseáil go tionsclaíoch.

(11)

Is iomchuí go n-áireofaí sna bearta clár rialaithe oifigiúil, ina gcuirfear san áireamh, i measc gnéithe eile, na córais áirithe táirgthe agus margaíochta le haghaidh phlandaí óstacha na lotnaidí sonraithe sa Bhallstát ábhartha, saintréithe dhaonra na lotnaidí sonraithe a bhíonn i láthair, úsáid na gcineálacha prátaí frithsheasmhacha de na leibhéil is airde frithsheasmhachta atá ar fáil, agus na roghanna agranamaíocha eile atá ann le haghaidh lotnaidí a dhíothú, mar a luaitear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(12)

Ionas go mbeidh forléargas ag an gCoimisiún ar na bearta a ghlacann na Ballstáit san Aontas agus chun go ndéanfaidh na Ballstáit a mbearta a oiriúnú de réir mar is gá, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Eanáir gach bliain, faoi liosta de gach cineál nua prátaí ar chinn siad, trí thástáil oifigiúil, go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaidí sonraithe le linn na bliana roimhe sin.

(13)

I gcás nach ndeimhnítear a thuilleadh go bhfuil na lotnaidí sonraithe i láthair i láithreán táirgthe, ar bhonn ceanglais áirithe samplála, ba cheart na bearta sa láithreán sin a chúlghairm, ós rud é gur diomaibhseach an riosca fíteashláintíochta i gcás den sórt sin.

(14)

An modh leithlise na gcisteanna néimeatóidí ón smionagar, agus an speiceas a bhrath agus a shainaithint le PCR fíor-ama ina dhiaidh sin ar bhonn Beniers et al. 2014 (4), úsáidtear é i mBallstáit áirithe ach tá a phróiseas bailíochtaithe fós ar siúl. Ionas nach gcuirfear isteach ar bhrath agus ar shainaithint néimeatóidí sna Ballstáit agus úsáid á baint as an modh sin, is iomchuí cead a thabhairt é a úsáid go fóill ar feadh idirthréimhse, go dtí go mbailíochtófar é, toisc nach bhfuil aon rogha eile ar fáil sna Ballstáit sin faoi láthair.

(15)

Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go mbeidh feidhm aige a luaithe is féidir tar éis aisghairm Threoir 2007/33/CE.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo leagtar amach bearta chun Globodera pallida (Stone) Behrens agus Globodera rostochiensis (Wollenweber) Behrens a dhíothú, agus chun a leathadh laistigh de chríoch an Aontais a chosc.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “lotnaid shonraithe” eiseamal a bhaineann leis an speiceas Globodera pallida (Stone) Behrens nó an speiceas Globodera rostochiensis (Wollenweber) Behrens;

(2)

ciallaíonn “cineál práta frithsheasmhach” cineál a chuireann bac suntasach ar fhorbairt daonra ar leith de na lotnaidí sonraithe nuair a fhástar é;

(3)

ciallaíonn “plandaí sonraithe”:

(a)

plandaí Solanum tuberosum L. seachas síolta; nó

(b)

na plandaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(4)

ciallaíonn “suirbhé braite” nós imeachta modheolaíoch chun a chinneadh an bhfuil na lotnaidí sonraithe i limistéar ar leith;

(5)

Ciallaíonn “suirbhé faireacháin” nós imeachta modheolaíoch a chuirtear i gcrích ar feadh tréimhse shainithe ama chun dáileadh na lotnaidí sonraithe i mBallstát faoi leith, nó i gcuid áirithe de, a chinneadh.

CAIBIDIL II

SUIRBHÉANNA OIFIGIÚLA BRAITE

Airteagal 3

Suirbhéanna oifigiúla braite

1.   Déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhé oifigiúil braite le haghaidh láithreacht na lotnaide sonraithe ar na láithreáin táirgthe, ar láithreáin táirgthe iad ina bhfuil na plandaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar plandaí iad atá beartaithe lena n-athphlandú, nó ina bhfuil prátaí atá beartaithe le haghaidh táirgeadh tiúbair prátaí atá beartaithe iad a chur, le plandú nó le stóráil faoi dálaí ina bhfuil na fréamhacha nó codanna eile den phlanda i dteagmháil dhíreach le hithir an láithreáin táirgthe.

2.   Déanfar na suirbhéanna oifigiúla braite sa tréimhse idir buaint an bhairr is déanaí agus plandú na bplandaí nó na dtiúbair prátaí le haghaidh plandú dá dtagraítear i mír 1.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an suirbhé oifigiúil braite a dhéanamh:

(a)

plandaí óstacha eile a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I i láthair tráth an tsuirbhé braite agus nár fásadh iad ó rinneadh an suirbhé sin; nó níos luaithe ná an tréimhse sin, ar choinníoll go gcoinneoidh an t-údarás inniúil taifead ar fáil faoin bhfianaise dhoiciméadach ar thorthaí an tsuirbhé oifigiúil braite sin, lena ndeimhnítear nár aimsíodh na lotnaidí sonraithe, agus nach raibh na prátaí ná na

(b)

le linn tréimhse ina bhfástar barra nár buaineadh, amhail aoileach glas nó barra breise, ar an láithreán táirgthe lena mbaineann.

3.   Ní cheanglófar suirbhé oifigiúil braite maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

den áit táirgthe céanna atá suite laistigh de limistéar arna shainiú ag na húdaráis inniúla; plandaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, a bhfuil sé beartaithe iad a athphlandú laistigh

(b)

le húsáid laistigh den áit chéanna táirgthe atá suite laistigh de limistéar arna shainiú ag na húdaráis inniúla; prátaí a chur, atá beartaithe le haghaidh táirgeadh tiúbair prátaí le cur, ar tiúbair iad atá

(c)

beartaithe lena n-athphlandú i gcás ina mbeidh na plandaí buainte faoi réir na mbeart atá formheasta go hoifigiúil dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II. plandú plandaí a liostaítear i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I, ar plandaí iad atá

4.   Déanfaidh na Ballstáit taifead oifigiúil de thorthaí na suirbhéanna oifigiúla braite agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún iad, arna iarraidh sin, i gcomhréir leis an teimpléad atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 4

Sampláil agus tástáil le haghaidh suirbhéanna oifigiúla braite

1.   I gcás láithreáin táirgthe ina bhfuil tiúbair prátaí atá beartaithe lena gcur, nó plandaí a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I agus atá beartaithe le haghaidh táirgeadh plandaí lena bplandú, le plandú nó le stóráil, beidh sampláil agus tástáil chun láithreacht na lotnaide sonraithe, arna déanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn III, i gceist leis an suirbhé oifigiúil braite.

2.   I gcás láithreáin táirgthe ina bhfuil plandaí atá liostaithe i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I, ar plandaí iad atá beartaithe le haghaidh táirgeadh plandaí lena bplandú, le plandú nó le stóráil, beidh sampláil agus tástáil le haghaidh na lotnaide sonraithe i gceist leis an suirbhé oifigiúil braite, arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

3.   De mhaolú ar mhír 2, ní bheidh gá le sampláil agus tástáil le haghaidh na lotnaide sonraithe más fíor an méid seo leanas maidir leis an láithreán táirgthe:

(a)

níl stair aige maidir le láithreacht na lotnaide sonraithe le 12 bliana anuas, ar bhonn thorthaí tástála iomchuí ar tástáil í atá formheasta go hoifigiúil; nó

(b)

tá eolas ar a stair churaíochta agus tá fios nár fásadh le 12 bliana anuas aon phráta ná aon phlanda óstach eile atá liostaithe i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Ainmniú na láithreán táirgthe inmhíolaithe agus plandaí sonraithe inmhíolaithe

1.   I gcás ina bhfuarthas go raibh na lotnaidí sonraithe i láthair i láithreán táirgthe le linn suirbhé oifigiúil braite nó suirbhé faireacháin oifigiúil, dá dtagraítear in Airteagal 6, agus gur deimhníodh go hoifigiúil an láithreacht sin leis na tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 7(2), ainmneoidh na húdaráis inniúla an láithreáin sin mar láithreán inmhíolaithe.

2.   Plandaí sonraithe de thionscnamh láithreán táirgthe a ainmnítear mar láithreán inmhíolaithe de bhun mhír 1, nó plandaí sonraithe a bhí i dteagmháil le hithir inar aimsíodh na lotnaidí sonraithe, ainmneofar na plandaí sonraithe sin go hoifigiúil mar phlandaí inmhíolaithe.

CAIBIDIL III

SUIRBHÉANNA FAIREACHÁIN OIFIGIÚLA

Airteagal 6

Suirbhéanna faireacháin oifigiúla

1.   Déanfar suirbhéanna faireacháin oifigiúla rioscabhunaithe gach bliain ar láithreáin táirgthe a úsáidtear chun prátaí a tháirgeadh, seachas prátaí atá beartaithe chun tiúbair prátaí a tháirgeadh a bhfuil sé beartaithe iad a chur, chun dáileadh na lotnaidí sonraithe ar na láithreáin sin a chinneadh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin 30 Aibreán gach bliain maidir le torthaí na suirbhéanna faireacháin dá dtagraítear i mír 1, ar suirbhéanna iad a cuireadh i gcrích i gcaitheamh na bliana féilire roimhe sin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 7

Sampláil agus tástáil le haghaidh suirbhéanna faireacháin oifigiúla

1.   Déanfar na suirbhéanna faireacháin oifigiúla ar 0,5 % ar a laghad den acraíocht a úsáidtear sa bhliain ábhartha chun prátaí a tháirgeadh, seachas prátaí atá beartaithe le haghaidh tiúbair prátaí a tháirgeadh lena gcur.

2.   Is éard a bheidh i gceist leis na suirbhéanna faireacháin oifigiúla sin sampláil agus tástáil le haghaidh láithreacht na lotnaidí sonraithe, i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn III.

3.   I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit an méid sampla dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn III, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi shonraí na limistéar inar úsáideadh an méid sampla sin.

CAIBIDIL IV

BEARTA

Airteagal 8

Bearta díothaithe

1.   I láithreán táirgthe atá ainmnithe go hoifigiúil mar inmhíolaithe de bhun Airteagal 5(1), cuirfidh na húdaráis inniúla, nó na hoibreoirí gairmiúla faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil, na bearta uile seo a leanas i bhfeidhm chun na lotnaidí sonraithe a dhíothú:

(a)

ní chuirfear aon phráta atá beartaithe le haghaidh táirgeadh tiúbair prátaí lena gcur;

(b)

bpointe 1 d’Iarscríbhinn II, ionas nach mbeidh aon riosca inaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe; agus ní phlandálfar ná ní stórálfar aon phlanda a liostaítear in Iarscríbhinn I agus atá beartaithe le haghaidh táirgeadh plandaí lena bplandú, seachas na plandaí sonraithe a liostaítear i bpointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I, ar choinníoll go mbeidh na plandaí sin, tar éis a mbuainte, faoi réir na mbeart atá formheasta go hoifigiúil dá dtagraítear i

(c)

aon láthair táirgthe atá suite lasmuigh, agus nár ainmníodh mar inmhíolaithe de bhun Airteagal 5(1).glanfar innealra ó smionagar ithreach agus plandaí sula n-aistreofar é amach as an láithreán táirgthe sin agus nó díreach ina dhiaidh sin agus sula dtiocfaidh sé isteach in

2.   Má dhéantar láithreáin táirgthe atá le húsáid chun prátaí a tháirgeadh, seachas prátaí atá beartaithe le haghaidh táirgeadh tiúbair prátaí lena gcur, a ainmniú go hoifigiúil mar láithreáin atá inmhíolaithe de bhun Airteagal 5(1), beidh na láithreáin táirgthe sin faoi réir cláir rialaithe oifigiúil arb é is aidhm dó a áirithiú nach scaipfear na lotnaidí sonraithe amach as na láithreáin táirgthe sin.

Leis an gclár rialuithe oifigiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear gach ceann de na gnéithe seo a leanas san áireamh, de réir mar is infheidhme:

(a)

na córais táirgthe agus margaíochta ar leith le haghaidh plandaí óstacha na lotnaidí sonraithe sa Bhallstát ábhartha;

(b)

saintréithe dhaonra na lotnaidí sonraithe atá i láthair;

(c)

atá ar fáil (scór frithsheasmhachta 8 nó 9, faoi mar a shonraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn V, i gcás ina bhfuil siad ar fáil); úsáid na gcineálacha prátaí frithsheasmhacha de na leibhéil is airde frithsheasmhachta

(d)

roghanna agranamaíocha eile chun lotnaidí a shochtadh, faoi mar a luaitear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2009/128/CE; agus

(e)

na bearta a thuairiscítear in Airteagal 12(1), pointe (b).

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin gclár rialaithe oifigiúil.

3.   Déanfar méid frithsheasmhachta na gcineálacha prátaí a chainníochtú i gcomhréir leis an tábla caighdeánach scórála a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn V.

Déanfar tástáil le haghaidh frithsheasmhachta i gcomhréir leis an bprótacal a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn V.

Airteagal 9

Bearta maidir le plandaí inmhíolaithe

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla, nó na hoibreoirí gairmiúla faoi mhaoirseacht oifigiúil na n-údarás inniúil, gach ceann de na bearta seo a leanas i bhfeidhm i leith plandaí sonraithe a ainmníodh mar phlandaí inmhíolaithe de bhun Airteagal 5, chun na lotnaidí sonraithe a dhíothú:

(a)

ní chuirfear prátaí atá beartaithe le haghaidh táirgeadh tiúbair phrátaí;

(b)

beidh prátaí atá beartaithe lena bpróiseáil thionsclaíoch nó lena grádú faoi réir bearta atá formheasta go hoifigiúil i gcomhréir le pointe 2 d’Iarscríbhinn II; agus

(c)

réir na mbeart atá formheasta go hoifigiúil dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn II, ionas nach mbeidh siad inmhíolaithe a thuilleadh.ní phlandófar plandaí a liostaítear i bpointí 2 nó 3 d’Iarscríbhinn I mura raibh siad faoi

2.   Leis na bearta a dhéantar faoi mhír 1, pointe (b), cuirfear san áireamh na córais táirgthe agus margaíochta ar leith le haghaidh phlandaí óstacha na lotnaide sonraithe sa Bhallstát lena mbaineann agus saintréithe dhaonra na lotnaide sonraithe.

CAIBIDIL V

Fógraí i dtaobh lotnaidí sonraithe agus cineálacha sonraithe agus bearta a chúlghairm

Airteagal 10

Fógra maidir le láithreacht dheimhnithe na lotnaide sonraithe ar chineál prátaí frithsheasmhach

1.   Déanfaidh oibreoirí gairmiúla, agus aon duine eile a fhaigheann amach faoi aon siomptóm a bhaineann leis an lotnaid shonraithe, ar siomptóm é a eascraíonn as cliseadh nó athrú ar éifeachtacht cineáil phráta fhrithsheasmhacha, ar cliseadh nó athrú é a bhaineann le hathrú amhrasta ar phataitíopa na lotnaide sonraithe nó pataitíopa nua, fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla ina leith sin.

2.   I ngach cás a thuairiscítear de bhun mhír 1, agus nuair a bheidh siad ar an eolas faoi chásanna den sórt sin, déanfaidh na húdaráis inniúla imscrúdú ar an speiceas néimeatóide prátaí agus, i gcás inarb infheidhme, ar an bpaititíopa nó ar an ngrúpa nimhneachta atá i gceist, agus deimhneoidh siad go bhfuil siad i láthair trí na modhanna iomchuí.

3.   Faoin 31 Eanáir gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi shonraí na ndeimhnithe a rinneadh de bhun mhír 2 a mhéid a bhaineann leis an mbliain roimhe sin.

Airteagal 11

Fógra a thabhairt maidir le cineálacha atá frithsheasmhach in aghaidh na lotnaidí sonraithe

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, faoin 31 Eanáir gach bliain, faoi liosta na gcineálacha nua prátaí go léir a d’údaraigh siad lena margú sa bhliain roimhe sin, agus a chinn siad, tríd na tástálacha oifigiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaidí sonraithe. Léireoidh siad na cineálacha mar aon leis na speicis, na pataitíopaí, na grúpaí nimhneachta nó na daonraí de na lotnaidí sonraithe a bhfuil siad frithsheasmhach ina leith, chomh maith leis an tsoghabháltacht choibhneasta.

Airteagal 12

Athshampláil agus tástáil oifigiúil chun na bearta i láithreán táirgthe inmhíolaithe a chúlghairm

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla athshampláil a dhéanamh ar láithreán táirgthe inmhíolaithe arna ainmniú de bhun Airteagal 5(1), agus féadfaidh siad tástáil a dhéanamh, i gcomhréir le ceann de na modhanna seo a leanas:

(a)

comhaireamh ón deimhniú dearfach ar an lotnaid shonraithe, nó ón mbarr prátaí deireanach a d’fhás athshampláil oifigiúil ar an láithreán táirgthe, agus tástáil, agus úsáid á baint as ceann de na modhanna a shonraítear in Iarscríbhinn III, tar éis íostréimhse 6 bliana ag ; nó

(b)

de na modhanna a shonraítear in Iarscríbhinn III, tar éis é a bhá le huisce de réir na gcoinníollacha seo a leanas: athshampláil oifigiúil ar an láithreán táirgthe, agus tástáil, agus úsáid á baint as ceann

(i)

ithreach 16 °C ar a laghad ag doimhneacht 15 cm agus sraith uisce 5 cm ar a laghad os cionn na talún; déanfar an bá ar feadh tréimhse 12 seachtaine gan bhriseadh agus teocht

(ii)

eisiafar rith chun srutha ó limistéar an bhá i ngeall ar airde an tír-raoin;

(iii)

ní cheadaítear bá i láithreáin táirgthe atá faoi rialú oifigiúil de dheasca Synchytrium endobioticum a bheith i láthair iontu;

(iv)

phlandófar aon phlandaí Solanum tuberosum nó Solanum lycopersicum sa láithreán táirgthe cóireáilte ar a laghad le linn an tséasúir fáis i ndiaidh an bhá.más i bpáirc oscailte a dhéantar an bá nó má bhaintear úsáid as uisce dromchla ó fhoinse nach féidir éilliú le Ralstonia solanacearum a chur as an áireamh, ní

Féadfar an tréimhse dá bhforáiltear i mír 1, pointe (a), a laghdú go dtí trí bliana ar a laghad, más rud é gur cuireadh chun feidhme bearta rialaithe éifeachtacha atá formheasta go hoifigiúil.

2.   Mura ndeimhnítear go bhfuil na lotnaidí sonraithe i láthair, tar éis an athshamplála oifigiúla agus na tástála oifigiúla dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis inniúla an taifead oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 3(4) agus in Airteagal 5(1) a nuashonrú agus aon srianta arna bhforchur ar an láithreán táirgthe a chúlghairm láithreach.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Bearta idirthréimhseacha maidir le modhanna tástála

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2) agus Airteagal 7(2) agus go dtí an 15 Iúil 2024, féadfar tástáil a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an modh leithlise na gcisteanna néimeatóidí ón smionagar, agus an speiceas a bhrath agus a shainaithint le PCR fíor-ama ina dhiaidh sin ar bhonn Beniers et al. 2014, in ionad na modhanna maidir le lotnaidí sonraithe a bhrath agus a shainaithint a liostaítear i bpointe 1(b) d’Iarscríbhinn III.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Treoir 2007/33/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 maidir le rialú néimeatóidí ciste práta agus lena n-aisghairtear Treoir 69/465/CEE (IO L 156, 16.6.2007, lch. 12).

(3)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(4)  Beniers JE, Been TH, Mendes O, van Gent-Pelzer MPE & van der Lee TAJ (2014) Quantification of viable eggs of the potato cyst nematodes (Globodera spp.) using either trehalose or RNA-specific Real-Time PCR. Nematology, 16, 1219-1232.


IARSCRÍBHINN I

Liosta de phlandaí sonraithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (3)(b)

1.   

Plandaí óstacha le fréamhacha:

 

Solanum lycopersicum L.

 

Solanum melongena L.

2.   

Plandaí eile le fréamhacha:

 

Ailliam porrum L.

 

Asparagus officinalis L.

 

Beta vulgaris L.

 

Brassica spp.

 

Capsicum spp.

 

Fragaria L.

3.   

Bleibeanna, tiúbair agus riosóim, nach bhfuil faoi réir na mbeart atá formheasta go hoifigiúil dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn II, a fhástar in ithir agus atá ceaptha lena n-athphlandú, seachas na cinn a bhfuil fianaise ann ina leith, i bhfoirm a bpacáistithe nó eile, go bhfuil siad ceaptha lena ndíol le húsáideoirí deiridh nach bhfuil páirteach i dtáirgeadh gairmiúil plandaí nó bláthanna gearrtha, ó na nithe seo a leanas:

 

Allium ascalonicum L.

 

Allium cepa L.

 

Dahlia spp.

 

Gladiolus Tourn. Ex L.

 

Hyacinthus spp.

 

Iris spp.

 

Lilium spp.

 

Narcissus L.

 

Tulipa L.


IARSCRÍBHINN II

Bearta oifigiúla amhail dá dtagraítear in Airteagal 3(3), i bpointe (c), in Airteagal 9, sa chéad mhír, i bpointe (b) agus i bpointe (c), agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I

1.   

Is iad seo a leanas na bearta atá formheasta go hoifigiúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(3), i bpointe (c) den chéad mhír d’Airteagal 9 agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I:

(a)

dí-inmhíolú trí mhodhanna iomchuí, ionas nach mbeidh aon riosca inaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe; nó

(b)

diúscairt na hithreach dramhaíola de réir nós imeachta a bhfuil sé cruthaithe ina leith nach bhfuil aon bhaol ann go scaipfí an lotnaid shonraithe. ithir a bhaint tríd a ní nó a scuabadh go dtí go mbeidh sí saor go praiticiúil ón ithir, sa chaoi is nach bhfuil aon riosca inaitheanta ann go scaipfí an lotnaid shonraithe agus

2.   

Tá na bearta arna bhformheas go hoifigiúil dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 9 á seachadadh chuig gléasra próiseála nó grádaithe ag a bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus atá formheasta go hoifigiúil maidir le diúscairt dramhaíola, lena n-áirítear maidir le hithir dramhaíola, ar suíodh ina leith nach bhfuil aon riosca ann go scaipfí an lotnaid shonraithe.


IARSCRÍBHINN III

Sampláil agus tástáil dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 7

1.   

Déantar an tsampláil agus an tástáil le haghaidh na suirbhéanna oifigiúla braite, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2), mar a leanas:

Sampláil ina bhfuil ithirshampla le ráta caighdeánach de 1 500 ml ithir/ha ar a laghad a bailíodh ó 100 croíleacán/ha ar a laghad, i ngreille dhronuilleogach nach lú ná 5 m ar leithead agus nach faide ná 20 m idir pointí samplála a chumhdaíonn an láthair táirgeachta ar fad, más féidir. Úsáidtear an sampla iomlán chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh, i.e. cisteanna a eastóscadh, speicis a shainaithint agus, más infheidhme, grúpa pataitíopa/nimhneachta chinneadh.

Tástáil lena gcuirtear i bhfeidhm na modhanna seo a leanas maidir le heastóscadh na lotnaide sonraithe, a ndéantar cur síos orthu sna prótacail ábhartha dhiagnóiseacha atá bailíochtaithe agus aitheanta go hidirnáisiúnta:

(a)

maidir le heastóscadh, modhanna atá bunaithe ar channa Fenwick, lártheifneoir Schuiling, eisniteoir Seinhorst nó eisniteoir Kort;

(b)

maidir le brath agus sainaithint, ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)

cisteanna Globodera a aonrú ón smionagar bunaithe ar mhoirfeolaíocht na ciste, agus ina dhiaidh sin aithint speiceas bunaithe ar mhoirfeolaíocht cisteanna aonair agus ógánach, in éineacht leis an ngnáththástáil PCR bunaithe ar Bulman & Marshall, 1997 (1) (i gcás amhrais faoi G. tabacum a bheith ann, is féidir an tástáil PCR traidisiúnta bunaithe ar Skantar et al., 2007 (2) a dhéanamh chomh maith);

(ii)

aonrú cisteanna Globodera ón smionagar bunaithe ar mhoirfeolaíocht na ciste, ina dhiaidh sin aithint speiceas bunaithe ar mhoirfeolaíocht na gcisteanna aonair agus ógánach, in éineacht le PCR fíor-ama bunaithe ar Gamel et al., 2017 (3);

(iii)

aonrú cisteanna néimeatóide ón smionagar, agus ina dhiaidh sin speicis a bhrath le PCR fíor-ama bunaithe ar Gamel et al., 2017 (3).

2.   

Déantar an tsampláil don suirbhé oifigiúil faireacháin, dá dtagraítear in Airteagal 7, i gcomhréir le ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

an tsampláil dá dtagraítear i bpointe 1 agus íosráta samplála ithreach de 400 ml/ha ar a laghad;

(b)

spriocshampláil a dhéanamh ar 400 ml d’ithir ar a laghad tar éis scrúdú amhairc a dhéanamh ar fhréamhacha i gcás ina bhfuil comharthaí amhairc ann; nó

(c)

400 ml d’ithir ar a laghad a shampláil a bhaineann leis na prátaí tar éis na buainte ar choinníoll gur féidir an láthair táirgthe inar fásadh na prátaí a rianú.

Déantar tástáil don suirbhé oifigiúil faireacháin, dá dtagraítear in Airteagal 7, i gcomhréir le pointe 1.

3.   

De mhaolú ar phointe 1, féadfar an ráta samplála caighdeánach a laghdú go dtí 400 ml ithir/ha ar a laghad i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

go bhfuil fianaise dhoiciméadach ann nár fásadh aon phrátaí nó plandaí a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I agus nach raibh siad i láthair ar an láithreán táirgthe sna 6 bliana roimh an suirbhé oifigiúil braite;

(b)

nár aimsíodh aon eiseamal den lotnaid shonraithe le linn an dá shuirbhé oifigiúla braite dheireanacha i ndiaidh a chéile i samplaí de 1 500 ml ithir/ha agus nár aimsíodh aon phrátaí ná plandaí a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, seachas na prátaí nó na plandaí sin a bhfuil gá le suirbhé oifigiúil braite ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(1) tar éis an chéad suirbhé oifigiúil maidir le brath a bheith déanta;

(c)

níor aimsíodh aon eiseamal de lotnaid nó de chisteanna na lotnaide sonraithe gan ábhar beo sa suirbhé oifigiúil braite is déanaí, a chaithfidh a bheith comhdhéanta de mhéid samplach de 1 500 ml ithir/ha ar a laghad agus nár fásadh aon phrátaí nó plandaí a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, seachas na prátaí nó na plandaí sin a n-éilítear suirbhé oifigiúil braite ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(1), ar an láthair táirgthe ó rinneadh an suirbhé oifigiúil braite deireanach.

4.   

Féadfar ráta samplála a laghdú i gcás réimsí ar mó iad ná 8 ha agus 4 ha, faoi seach, i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás an ráta chaighdeánaigh dá dtagraítear i bpointe 1, déanfar an chéad 8 ha a shampláil de réir an ráta a shonraítear ann, ach féadfar iad a laghdú in aghaidh gach heicteáir breise go dtí íosmhéid 400 ml ithir/ha;

(b)

i gcás an ráta laghdaithe dá dtagraítear i bpointe 3, déanfar an chéad 4 ha a shampláil de réir an ráta a shonraítear ann, ach féadfar é a laghdú tuilleadh in aghaidh gach heicteáir breise go dtí íosmhéid 200 ml ithir/ha.

5.   

Féadfar leanúint d’úsáid an mhéide sampla laghdaithe, dá dtagraítear i bpointe 3 agus i bpointe 4, sa suirbhé oifigiúil braite ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 3(1), fad is nach n-aimsítear na lotnaidí sonraithe sa láithreán táirgthe atá i gceist.

6.   

Féadfar méid caighdeánach an ithirshampla a laghdú go dtí 200 ml ithir/ha ar a laghad, ar choinníoll go bhfuil an láthair táirgthe suite i limistéar atá dearbhaithe a bheith saor ón lotnaid shonraithe, agus a ainmníodh, a cothaíodh agus a ndearnadh suirbhé uirthi i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta ábhartha maidir le Bearta Fíteashláintíochta (CIBF Uimh. 4) (4).

7.   

Is é íosmhéid na hithreach i ngach cás 200 ml d’ithir in aghaidh an láithreáin táirgthe.


(1)  Bulman, S.R. & Marshall, J.W. (1997). Difreáil daonraí néimeatóid ciste práta na hAstraláise (PCN) ag baint úsáid as an Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise (PCR). New Zealand Journal of Crop and Horticultural Science 25, 123-129.

(2)  Skantar, A.M., Handoo, Z.A., Carta, L.K., Chitwood, D.J. (2007). Aithint moirfeolaíoch agus móilíneach Globodera pallida a bhaineann leis an bPráta in Idaho. Journal of Nematology 39(2), 133-144.

(3)  Gamel, S., Letort A., Fouville D., Folcher L., Grenier E. (2017). Forbairt agus bailíochtú measúnachtaí PCR fíor-ama bunaithe ar mharcóirí móilíneacha nua chun Globodera pallida, G. rostochiensis agus Heterodera schachtii a bhrath agus a aithint go comhuaineach. Nematology 19 (7):789-804.

(4)  CIBF 4. 1995.Ceanglais maidir le limistéir atá saor ó lotnaidí a bhunú. An Róimh, IPPC, FAO. https://www.ippc.int/en/publications/614/


IARSCRÍBHINN IV

Teimpléad suirbhé dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 6

Teimpléad chun torthaí an tsuirbhé ar phrátaí néimeatóide a chur i láthair ó bhuaint prátaí na bliana roimhe sin.

Bain úsáid as an tábla seo le haghaidh prátaí a baineadh i do thír amháin

Ballstát

limistéar

Cineál suirbhé (Braith/Faireachán)

Limistéar iomlán faoi bharr (ha)

Limistéar sampláilte  (1)

Ráta samplála

Limistéar inmhíolaithe tar éis tástáil saotharlainne

Faisnéis eile

G. p.  (2) amháin

G. p.  (3) amháin

G. p.  (2) agus G. r.  (3) le chéile ar an láithreán táirgthe céanna

Limistéar iomlán inmhíolaithe

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


(1)  Níl sé ábhartha ach amháin i gcás suirbhéanna monatóireachta.

(2)  G. p. = Globodera pallida.

(3)  G. r. = Globodera rostochiensis.


IARSCRÍBHINN V

Cainníochtú mhéid frithsheasmhachta na gcineálacha prátaí agus an prótacal i gcomhair tástála frithsheasmhaí, dá dtagraítear in Airteagal 8(3)

1.

An méid frithsheasmhachta

Déantar soghabháltacht choibhneasta cineáil prátaí ar leith a shannadh de réir na scór a léirítear sa tábla agus de réir na foirmle atá leagtha amach i bpointe 2.16. Freagraíonn scór 9 don leibhéal is airde frithsheasmhachta.

Nodaireacht um scóráil chaighdeánach maidir le soghabháltacht cineálacha prátaí i leith na lotnaidí sonraithe

soghabháltacht choibhneasta (%) (RS)

Scór

≤ 1

9

1<RS≤ 3

8

3<RS≤ 5

7

5<RS≤ 10

6

10<RS≤ 15

5

15<RS≤ 25

4

25<RS≤ 50

3

50<RS≤ 100

2

> 100

1

2.

Prótacal um thástáil frithsheasmhachta

2.1.

Déanfar an tástáil i saoráid choraintín, i spás oscailte, i dtithe gloine nó i gcuasáin aeráide.

2.2.

Déanfar an tástáil i bpotaí ina mbeidh ar a laghad lítear amháin ithreach nó foshraith oiriúnach eile.

2.3.

Ní sháróidh teocht na hithreach sna coimeádáin tástála le linn fhad na tástála 25 °C agus cuirfear uisce leordhóthanach ar fáil.

2.4.

Nuair a bheidh an cineál tástála nó an cineál cóimheasa á phlandáil úsáidfear dallán súl práta amháin de gach cineál tástála nó cóimheasa.

2.5.

Úsáidfear an cineál práta “Désirée” mar chineál cóimheasa caighdeánach soghabhálach i ngach tástáil. Féadfar cineálacha breise cóimheasa atá go hiomlán soghabhálach a bhfuil tábhacht áitiúil ag baint leo a chur isteach mar chóimheastóirí inmheánacha.

2.6.

Úsáidfear na líonta caighdeánacha seo a leanas den lotnaid shonraithe i dtástálacha frithsheasmhachta i gcoinne paititíopaí Globodera rostochiensis Ro1, Ro5 agus paititíopaí Globodera pallida Pa1 agus Pa3:

 

Ro1: daonra Ecosse

 

Ro5: daonra Harmerz

 

Pa1: daonra Scottish

 

Pa3: daonra Chavornay

Féadfar daonraí eile a bhfuil ábharthacht áitiúil ag baint leo a chur leis. I gcás na ndaonraí seo, beidh taifid ar an gcaoi ar cinneadh a bpataitíopa ar fáil. Féadfar líonta nimhneacha nua a chur isteach, ag cur san áireamh i gcás nach bhfuil na líonta sin cobhsaí fós agus pataitíopaí nach bhfuil bunaithe go fóill.

2.7.

Déanfar céannacht an daonra chaighdeánaigh a úsáidtear a sheiceáil trí mhodhanna iomchuí a úsáid. Moltar go n-úsáidfear ar a laghad dhá chineál frithsheasmhacha nó dhá chlóin chaighdeánacha difreálacha arb eol cumas frithsheasmhachta a bheith acu sna turgnaimh tástála.

2.8.

Beidh ionaclam na lotnaide sonraithe (Pi) comhdhéanta de chúig cinn d’uibheacha ionfhabhtaíocha agus d’ógánaigh in aghaidh an ml d’ithir. Féadfar an lotnaid shonraithe a ionaclú mar chisteanna, nó a chomhcheangal mar uibheacha agus ógánaigh i bhfuaidreán.

2.9.

Beidh inmharthanacht chion na gcisteanna sa lotnaid shonraithe a úsáidtear mar fhoinse ionaclaim cothrom le 70 % ar a laghad. Moltar go mbeadh na cisteanna idir 6 agus 24 mí d’aois agus go gcoinneofaí iad ar feadh ceithre mhí ar a laghad ag 4 °C díreach roimh iad a úsáid.

2.10.

Beidh ar a laghad ceithre mhacasamhlú (potaí) in aghaidh an cumasc de dhaonra an chineáil sonraithe lotnaide agus práta a ndearnadh tástáil orthu.

2.11.

Mairfidh an tástáil trí mhí ar a laghad agus seiceálfar aibíocht na mbaineannach atá ag forbairt roimh an turgnamh a chríochnú.

2.12.

Déanfar cisteanna den lotnaid shonraithe ón gceithre mhacasamhlú a eastóscadh agus a chomhaireamh ar leithligh do gach pota.

2.13.

Cinnfear an daonra deiridh (Pf) ar an gcineál cóimheasa caighdeánach soghabhálach ag deireadh na tástála frithsheasmhachta trí gach cist ó gach macasamhlú, ó na huibheacha agus ó na huibheacha agus ó ógánaigh ó cheithre mhacasamhlú ar a laghad a chomhaireamh.

2.14.

Bainfear amach ráta iolrúcháin 20 × (Pf/Pi) ar a laghad ar an gcineál cóimheasa caighdeánach soghabhálach.

2.15.

Ní bheidh comhéifeacht athrúcháin (CV) ar an gcineál cóimheasa caighdeánach soghabhálach níos mó ná 35 %. Féadfar tástálacha staidrimh eile a chur i bhfeidhm ag céim níos déanaí má tá fianaise ann go gcuirfidh na tástálacha sin le beachtas thorthaí na dtástálacha.

2.16.

Déanfar soghabháltacht choibhneasta an chineáil práta a tástáladh i leith an chineáil cóimheasa chaighdeánaigh shoghabhálaigh a chinneadh agus a shloinneadh mar chéatadán de réir na foirmle:

Pfcineál tástála/Pfcineál cóimheasa caighdeánach soghabhálach × 100 %.

2.17.

Má tá soghabháltacht choibhneasta 3 % nó níos mó ag cineál práta a tástáladh, is leor áirimh na gcisteanna. I gcásanna inar lú ná 3 % an soghabháltacht choibhneasta, comhairfear uibheacha agus ógánaigh i dteannta áirimh na gcisteanna.

2.18.

I gcás ina léiríonn torthaí tástálacha sa chéad bhliain go bhfuil cineál go hiomlán soghabhálach i leith pataitíopa (nuair a bhíonn an scór < 3), níl aon cheanglas ann na tástálacha sin a dhéanamh arís sa dara bliain.

2.19.

Mura bhfuil an cineál a tástáladh soghabhálach go hiomlán i leith pataitíopa (nuair a bhíonn an scór ≥ 3), deimhneofar torthaí na dtástálacha le triail amháin eile ar a laghad a rinneadh i mbliain eile. Déanfar meán uimhríochtúil na soghabháltachta coibhneasta sa dá bhliain a úsáid chun an scór a dhíorthú i gcomhréir leis an tábla atá leagtha amach i bpointe 1.