|
11.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 184/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1180 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Eanáir 2022
lena gceartaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí (1), agus go háirithe Airteagal 10(2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411 (2) ón gCoimisiún bhí earráid i Roinn 2, Caibidil II-1, Cuid B d’Iarscríbhinn I arna leasú a ghabhann le Treoir 2009/45/CE. |
|
(2) |
Le Roinn 2, Caibidil II-1, Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/45/CE, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411, ní eisiatar Rialachán 8.1 ó raon feidhme na coda ábhartha den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, arna dhéanamh i Londain an 1 Samhain 1974 (Coinbhinsiún SOLAS 1974), arna leasú, maidir le longa paisinéirí de chatagóirí B, C agus D. |
|
(3) |
Le linn na caibidlíochta maidir le dréacht Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411, chomhaontaigh na saineolaithe, i ndáil leis na ceanglais maidir leis an bhFilleadh Sábháilte ar Chalafort a ionchódaítear i Rialachán 8.1 de Chaibidil II-1, Cuid B de Choinbhinsiún SOLAS 1974, nár cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin ar longa paisinéirí de chatagóirí B, C agus D toisc go mbeadh sé sin díréireach tar éis na cúinsí ina n-oibrítear na longa de na catagóirí sin a mheas. |
|
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/45/CE a cheartú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I Roinn 2, Caibidil II-1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/45/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid B:
“CUID B —
Maidir leis na ceanglais sna forálacha iomchuí de Chaibidil II-1, codanna B go B-4 de SOLAS, arna leasú, cuirfidh na longa na ceanglais sin, seachas Rialachán 8-1, i bhfeidhm.”
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 163, 25.6.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí, a mhéid a bhaineann le longa paisinéirí i mbun turais inmheánacha (IO L 83, 19.3.2020, lch. 1).