|
8.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 183/35 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1174 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is léir ón taithí a fuarthas le cur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2) go bhfuil gá le mionleasuithe ar mhódúlachtaí cur chun feidhme bunchaighdeán comhchoiteann áirithe. |
|
(2) |
Ba cheart bearta slándála eitlíochta mionsonraithe áirithe a shoiléiriú, a chomhchuibhiú nó a shimpliú chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, chun léirmhíniú comhchoiteann na reachtaíochta a chaighdeánú agus chun feabhas chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta a áirithiú a thuilleadh. Thairis sin, tá gá anois le leasuithe áirithe i gcomhréir leis na hathruithe sa staid bhagartha agus riosca, sna forbairtí is déanaí maidir le hoibríochtaí aerfoirt agus aerlínte, sa teicneolaíocht agus sa bheartas idirnáisiúnta. Baineann na leasuithe sin le slándáil na n-aerfort, le hiompar sábháilte agus slán na n-arm tine ar bord, le hoiliúint na foirne, le slándáil an aerlasta agus an phoist, le soláthróirí aitheanta soláthairtí aerfoirt, leis an tseiceáil chúlra, le madraí braite pléascán (MBP), agus leis na caighdeáin bhraite le haghaidh trealamh braite miotail siúl tríd (TBMST). |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú dá réir. |
|
(4) |
Ós rud é go bhfuil gá le tréimhse réasúnta le go bhféadfaidh na baill d’fhoirne eitilte agus d’fhoirne cábáin a chuireann na bearta slándála le linn eitilte chun feidhme dul faoin oiliúint a leagtar síos i bpointe (38) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart cur i bhfeidhm an phointe sin a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2023. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022. Is ón 1 Eanáir 2023, áfach, a bheidh feidhm ag pointí (32) agus (38) den Iarscríbhinn.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe 1.1.2.2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Daoine a dhéanann cuardach slándála i limistéir nach iad na limistéir a úsáideann paisinéirí díbhordála nach ndéantar braitheoireacht orthu de réir na mbunchaighdeán comhchoiteann, ní mór oiliúint a chur orthu i gcomhréir le pointe 11.2.3.1, 11.2.3.2, 11.2.3.3, 11.2.3.4 nó 11.2.3.5.”; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4.4.2:
|
|
(3) |
cuirtear an pointe 1.4.4.3 seo a leanas isteach:
|
|
(4) |
cuirtear an pointe 1.5.5 seo a leanas isteach:
|
|
(5) |
i bpointe 3.1.1.3, cuirtear an abairt seo a leanas leis: “Ní fhéadfar tús a chur leis an gcuardach go dtí go mbeidh a shuíomh páirceála deiridh bainte amach ag an aerárthach.”; |
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1.3: “3.1.3. Faisnéisí faoin gcuardach slándála ar aerárthach Déanfar na faisnéisí seo a leanas maidir leis an gcuardach slándála a dhéantar ar aerárthach ar eitilt imeachta a thaifeadadh agus a choinneáil in áit nach áit ar bord an aerárthaigh í ar feadh thréimhse na heitilte nó ar feadh 24 uair, cibé acu is faide:
Féadfar taifeadadh na bhfaisnéisí a liostaítear sa chéad mhír a choimeád i bhformáid leictreonach.”; |
|
(7) |
i bpointe 5.4.2, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Áiritheoidh aeriompróir nach gceadófar airm thine a iompar i mbagáiste boilg ach amháin tar éis do dhuine údaraithe atá cáilithe go cuí a chinneadh nach bhfuil siad luchtaithe. Stuálfar na hairm thine sin in áit nach mbeidh rochtain ag aon duine air le linn na heitilte.”; |
|
(8) |
i bpointe 6.1.1, scriostar pointe (c); |
|
(9) |
cuirtear an pointe 6.1.3 seo a leanas isteach:
|
|
(10) |
i bpointe 6.3.1.2 (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír: “Luafar go soiléir sa dearbhú sínithe suíomh an láithreáin nó na láithreán dá dtagraíonn sé agus coinneoidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann é;”; |
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3.2.1:
|
|
(12) |
i bpointe 6.3.2.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(13) |
leasaítear pointe 6.3.2.6 mar a leanas:
|
|
(14) |
i bpointe 6.3.2.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: “Áiritheoidh gníomhaire rialáilte go n-earcófar an fhoireann ar fad i gcomhréir le ceanglais Chaibidil 11 agus go gcuirfear oiliúint iomchuí orthu i gcomhréir leis na sonraíochtaí poist ábhartha. Chun críocha na hoiliúna, measfar gur ball foirne a chuireann rialuithe slándála chun feidhme é aon bhall foirne a bhfuil rochtain gan mhaoirseacht aige ar aerlasta inaitheanta nó ar aerphost inaitheanta ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglas iad i bhfeidhm air. Maidir le daoine a fuair oiliúint roimhe sin i gcomhréir le pointe 11.2.7, déanfar a n-inniúlachtaí a uasghrádú go dtí na hinniúlachtaí dá dtagraítear i bpointe 11.2.3.9 faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.”; |
|
(15) |
i bpointe 6.4.2.1, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.5: “6.5. TARLÓIRÍ FORMHEASTA Níl aon fhoráil sa Rialachán seo.”; |
|
(17) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.6.1.1:
|
|
(18) |
leasaítear pointe 6.8.3.1 mar a leanas:
|
|
(19) |
cuirtear an pointe 6.8.3.10 seo a leanas isteach:
|
|
(20) |
i bpointe 6.8.5.4, scriostar an dara mír; |
|
(21) |
i gCeangaltán 6-A, an dara mír, an ceathrú fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(22) |
i gCeangaltán 6-C, Cuid 3, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.4:
|
|
(23) |
scriostar Ceangaltán 6-D; |
|
(24) |
i gCeangaltán 6-E, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:
|
|
(25) |
i bpointe 8.1.1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: “Déanfaidh aeriompróir, soláthróir rialáilte nó oibreoir aerfoirt braitheoireacht ar sholáthairtí eitilte nó déanfar braitheoireacht orthu thar a cheann sula dtabharfar isteach i limistéar srianta slándála iad, mura rud é:”; |
|
(26) |
i bpointe 8.1.3.2(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír: “Luafar go soiléir sa dearbhú sínithe suíomh an láithreáin nó na láithreán dá dtagraíonn sé agus coinneoidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann é;”; |
|
(27) |
i bpointe 8.1.4.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(28) |
i bpointe 8.1.5.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(29) |
i gCeangaltán 8-B, an dara mír, an chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(30) |
i bpointe 9.1.1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: “Déanfaidh oibreoir aerfoirt nó soláthróir rialáilte braitheoireacht ar sholáthairtí aerfoirt nó déanfar braitheoireacht orthu thar a cheann sula dtabharfar isteach i limistéar srianta slándála iad, mura rud é:”; |
|
(31) |
i bpointe 9.1.3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(32) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.1.3.3:
|
|
(33) |
i bpointe 9.1.4.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(34) |
i gCeangaltán 9-A, an dara mír, an chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(35) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11.1.1:
|
|
(36) |
i bpointe 11.1.5, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “Déanfar seiceáil chúlra fheabhsaithe a chríochnú go hiomlán sula gcuirfear an oiliúint dá dtagraítear i bpointí 11.2.3.1 go 11.2.3.5 ar an duine.”; |
|
(37) |
I bpointe 11.2.3.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití: “Oiliúint na ndaoine a bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar aerlasta agus aerphost inaitheanta ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglas iad i bhfeidhm orthu agus na ndaoine a chuireann rialuithe slándála seachas an bhraitheoireacht chun feidhme ar aerlasta agus ar aerphost, beidh na hinniúlachtaí uile seo a leanas de thoradh uirthi:”; |
|
(38) |
cuirtear an pointe 11.2.3.11 seo a leanas isteach:
|
|
(39) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.3.2:
|
|
(40) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.1.2.1:
|
|
(41) |
cuirtear an pointe 12.1.2.4 seo a leanas isteach:
|
|
(42) |
scriostar pointe 12.2.4; |
|
(43) |
i bpointe 12.5.1.1, scriostar an seachtú mír; |
|
(44) |
scriostar pointe 12.6.3; |
|
(45) |
scriostar pointe 12.7.3; |
|
(46) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.1.7:
|
|
(47) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.3.2:
|
|
(48) |
cuirtear Ceangaltán 12-P seo a leanas leis: “ CEANGALTÁN 12-P LITIR TUISCEANA IDIR ÚDARÁIS IOMCHUÍ A THACAÍONN LE hIMSCARADH FOIRNE MBP Tá an litir tuisceana seo idir na páirtithe seo a leanas: An t-údarás iomchuí a fhaigheann tacaíocht chun foirne MBP a imscaradh: … An t-údarás iomchuí nó na húdaráis iomchuí a chuireann tacaíocht ar fáil chun foirne MBP a imscaradh: … Chun críocha shainaithint na ról seo a leanas (*1) chun a áirithiú go gcomhlíonann imscaradh na bhfoirne MBP cheanglais an Aontais: An t-údarás iomchuí a bhfuil sé de chúram air ábhar na gcúrsaí oiliúna a shonrú nó a fhormheas: … An t-údarás iomchuí a bhfuil sé de chúram air foirne MBP a fhormheas: … An t-údarás iomchuí a bhfuil an rialú cáilíochta seachtrach de chúram air: … Ar feadh na tréimhse bailíochta seo a leanas: Dáta: Sínithe: (*1) I gcás ina mbeidh gá leis, féadfar an litir tuisceana seo a fhorlíonadh le sonraí breise agus féadfar í a leasú mar is gá chun róil na n-údarás iomchuí a shonrú, agus chun raon feidhme na litreach a chinneadh.”." |
(*1) I gcás ina mbeidh gá leis, féadfar an litir tuisceana seo a fhorlíonadh le sonraí breise agus féadfar í a leasú mar is gá chun róil na n-údarás iomchuí a shonrú, agus chun raon feidhme na litreach a chinneadh.”.”