6.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 179/11


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1159 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil le nochtadh poiblí beartais infheistíochta ag gnólachtaí infheistíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 52(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/2033 ceanglaítear ar ghnólachtaí infheistíochta, seachas gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha, faisnéis a nochtadh go poiblí faoina mbeartas infheistíochta, chun trédhearcacht a chur ar fáil dá n-infheisteoirí agus do rannpháirtithe an mhargaidh i gcoitinne maidir leis an tionchar atá acu ar na cuideachtaí ina bhfuil scaireanna acu, go díreach nó go hindíreach, a bhfuil cearta vótála ag baint leo agus ar an gcaoi a chaitheann siad vótaí. Sa nochtadh is gá, cuimsítear faisnéis ar chion na gceart vótála a bhaineann le scaireanna atá i seilbh na ngnólachtaí infheistíochta, go díreach nó go hindíreach, faisnéis ar a n-iompraíocht vótála, míniúchán ar na vótaí, agus cóimheas na dtograí arna gcur chun tosaigh agus arna bhformheas, faisnéis ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála agus faisnéis ar a dtreoirlínte vótála.

(2)

Is é is aidhm don Rialachán seo, mar a shainordaítear in Airteagal 52(3) de Rialachán (AE) 2019/2033, teimpléid a shonrú don nochtadh is gá, mar fhreagairt ar an ngá atá le faisnéis phoiblí chomhsheasmhach inchomparáide maidir le beartas poiblí na ngnólachtaí infheistíochta.

(3)

A mhéid is féidir, maidir le comhréireacht, is é is aidhm d’fhorálacha an Rialacháin seo a áirithiú sna teimpléid agus sna táblaí a úsáideann gnólachtaí infheistíochta chun beartas infheistíochta a nochtadh go gcuirtear in iúl faisnéis ar leor a cuimsitheacht agus a hinchomparáideacht maidir lena n-iompraíocht vótála agus an tionchar a bhíonn aige sin ar a gcuideachtaí infheistiúcháin.

(4)

Go sonrach, tugtar isteach leis an Rialachán seo teimpléad nochta cainníochtúil maidir le cion na gceart vótála a bhaineann le scaireanna atá i seilbh na ngnólachtaí infheistíochta go díreach, agus go hindíreach i seilbh a bhfochuideachtaí, nó a gcomhlach i gcomhréir le hAirteagal 2, (13) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nó aon ghnóthas eile lena bhfuil an gnólacht infheistíochta nasctha i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(4) de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lena n-áirítear scaireanna faoi bhainistíocht na ngnólachtaí infheistíochta thar ceann cliant, mura gcoimeádann geallsealbhóirí na cearta vótála de bhua socrú conarthach lena gcuirtear toirmeasc ar an ngnólacht infheistíochta vótáil ar a son. Leis an Rialachán seo sainítear freisin táblaí agus teimpléid don tuairisc ar iompraíocht vótála an ghnólachta infheistíochta, agus ar chion na rún ag cruinnithe ginearálta atá formheasta ag an ngnólacht nó ar chuir sé ina choinne, de réir ábhair, agus lena n-áirítear faisnéis ar na ranna nó na róil a bhfuil baint acu leis an seasamh vótála a chinneadh, leis an bpróiseas bailíochtaithe agus athruithe ábhartha ar ráta na rún arna bhformheas. Thairis sin, cuimsítear ann táblaí cáilíochtúla don tuairisc ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála agus ar na naisc leis na gnólachtaí sin. Ar deireadh, cuimsítear ann treoracha maidir leis an bhfaisnéis nach mór do na gnólachtaí a nochtadh i ndáil lena dtreoirlínte vótála.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar dhréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE) faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Tá comhairliúchán poiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na sochair a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé tuairim ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Prionsabail nochta

An fhaisnéis atá le nochtadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh sí faoi réir na bprionsabal seo a leanas:

(a)

Beidh na nochtuithe faoi réir an leibhéil chéanna fíoraithe inmheánaigh agus is infheidhme maidir leis an tuarascáil bhainistíochta a áirítear i dtuarascáil airgeadais an ghnólachta infheistíochta.

(b)

Beidh na nochtuithe soiléir. Cuirfear iad i láthair i bhfoirm atá intuigthe d’úsáideoirí na faisnéise agus cuirfear iad in iúl trí mheán inrochtana. Leagfar béim ar theachtaireachtaí tábhachtacha agus beidh sé éasca teacht orthu. Míneofar saincheisteanna casta le friotal simplí. Cuirfear faisnéis ghaolmhar i láthair i dteannta a chéile.

(c)

Beidh na nochtuithe fónta agus comhsheasmhach le himeacht ama chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí faisnéis a chur i gcomparáid thar thréimhsí nochta.

(d)

Ag gabháil leis na nochtuithe cainníochtúla, beidh míniúcháin cháilíochtúla agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun go mbeidh úsáideoirí na faisnéise sin in ann iad a thuiscint, agus go háirithe aon athrú mór in aon nochtadh ar leith i gcomparáid leis an bhfaisnéis atá i nochtuithe roimhe sin á lua.

Airteagal 2

Sonraíochtaí ginearálta

1.   Agus faisnéis á nochtadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh gnólachtaí infheistíochta go gcuirfear luachanna uimhriúla isteach mar fhíorais. Déanfar sonraí cainníochtúla a nochtar mar chéatadán a shloinneadh in aghaidh an aonaid agus beachtas íosta acu is ionann agus dhá dheachúil.

2.   Agus faisnéis á nochtadh i gcomhréir leis an Rialachán seo, áiritheoidh gnólachtaí infheistíochta go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil leis na sonraí:

(a)

dáta tagartha nochta agus tréimhse thagartha;

(b)

ainm agus aitheantóir an ghnólachta infheistíochta nochta (Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) i gcás ina mbeidh sé ar fáil);

(c)

i gcás inarb iomchuí, caighdeán cuntasaíochta; agus

(d)

i gcás inarb iomchuí, raon feidhme comhdhlúthaithe.

Airteagal 3

Cion na gceart vótála a nochtadh

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 52(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2019/2033 a nochtadh trí úsáid a bhaint as teimpléad IF IP1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Airteagal 4

Iompraíocht vótála a nochtadh

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 52(1), pointe (b) de Rialachán (AE) 2019/2033 a nochtadh mar a leanas:

(a)

an fhaisnéis maidir leis an iompraíocht vótála trí úsáid a bhaint as tábla IF IP2.01 agus teimpléad IF IP2.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(b)

an fhaisnéis maidir leis an míniúchán ar na vótaí trí úsáid a bhaint as tábla IF IP2.03 agus teimpléad IF IP2.04 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(c)

an fhaisnéis maidir le cóimheas na dtograí atá formheasta ag an ngnólacht infheistíochta trí úsáid a bhaint as teimpléad IF IP2.05 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Airteagal 5

An míniúchán ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála a nochtadh

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 52(1), pointe (c) de Rialachán (AE) 2019/2033 a nochtadh mar a leanas:

(a)

an fhaisnéis maidir leis an liosta gnólachtaí comhairleoirí seachvótála a úsáideann an gnólacht infheistíochta trí úsáid a bhaint as tábla IF IP3.01 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint;

(b)

an fhaisnéis maidir le naisc le gnólachtaí comhairleoirí seachvótála trí úsáid a bhaint as tábla IF IP3.02 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Airteagal 6

Treoirlínte vótála a nochtadh

Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 52(1), pointe (d) de Rialachán (AE) 2019/2033 a nochtadh trí úsáid a bhaint as teimpléad IF IP4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus trí na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leanúint.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(3)  Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


IARSCRÍBHINN I

NOCHTADH BEARTAIS INFHEISTÍOCHTA AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

NOCHTADH Ó GHNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

Uimhir theimpléid

Cód teimpléid

Ainm an teimpléid

Tagairt reachtach

 

 

BEARTAS INFHEISTÍOCHTA

 

1

IF IP1

CION NA gCEART VÓTÁLA

Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 52(1), pointe (a)

2

IF IP2

IOMPRAÍOCHT VÓTÁLA

Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 52(1), pointe (b)

3

IF IP3

GNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA

Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 52(1), pointe (c)

4

IF IP4

TREOIRLÍNTE VÓTÁLA

Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 52(1), pointe (d)


IF IP1 - TEIMPLÉAD MAIDIR LE CION NA gCEART VÓTÁLA


Tír

Earnáil eacnamaíoch

Ainm na cuideachta

Aitheantóir na cuideachta

Cion na gceart vótála a ghabhann le scaireanna atá i seilbh go díreach nó go hindíreach mar a leagtar amach in Airteagal 52(2)

a

b

c

d

e

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cuir isteach rónna breise de réir mar is gá.

IF IP2.03 - TÁBLA MAIDIR LE MÍNIÚCHÁN AR NA VÓTAÍ


Ítim

Luach

1

Ranna nó róil sa ghnólacht infheistíochta a ghlacann páirt i gcinneadh a dhéanamh maidir le seasamh vótála

 

2

Tuairisc ar an bpróiseas bailíochtaithe le haghaidh vótaí diúltacha

 

3

Líon na gcoibhéisí lánaimseartha a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar rúin agus scrúdú a dhéanamh ar thaifid vótála, gan acmhainní seachtracha amhail gnólachtaí comhairleoirí seachvótála a chur san áireamh

 

4

Míniúchán ar aon athrú ábhartha ar an ráta formheasa

 

5

Liosta de na doiciméid beartais infheistíochta atá ar fáil go poiblí ina dtugtar tuairisc ar chuspóirí an ghnólachta infheistíochta

 

6

Más ábhartha, deimhniú ar bheartas infheistíochta an ghnólachta

 


IF IP2.04 - TEIMPLÉAD MAIDIR LE hIOMPRAÍOCHT VÓTÁLA DE RÉIR THÉAMA NA RÚN


Ítim

Vótáladh ar son an rúin

Vótáladh i gcoinne an rúin

Staonadh ó vótáil

Iomlán

1

Rúin ar caitheadh vóta orthu le bliain anuas de réir téama:

 

 

 

 

2

Struchtúr boird

 

 

 

 

3

Luach saothair feidhmiúcháin

 

 

 

 

4

Iniúchóirí

 

 

 

 

5

Saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, eitice

 

 

 

 

6

Idirbhearta caipitil

 

 

 

 

7

Rúin sheachtracha

 

 

 

 

8

Eile

 

 

 

 


IF IP2.05 - TEIMPLÉAD MAIDIR LE CÓIMHEAS NA dTOGRAÍ FORMHEASTA


Ítim

Luach

1

Céatadán na rún a chuir an comhlacht riaracháin nó bainistíochta chun tosaigh atá formheasta ag an ngnólacht

 

2

Céatadán na rún a chuir scairshealbhóirí chun tosaigh atá formheasta ag an ngnólacht

 


IF IP3 - GNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA


IF IP3.01 - TÁBLA MAIDIR LE LIOSTA NA nGNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA


Ainm an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Aitheantóir an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

An cineál conartha

Infheistíochtaí a bhaineann leis an ngnólacht comhairleoirí seachvótála

Téamaí na rún ar thug an gnólacht seachvótála moltaí vótála ina leith le bliain anuas

a

b

c

d

e

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cuir isteach rónna breise de réir mar is gá.

IF IP3.02 - TÁBLA MAIDIR LEIS NA NAISC LE GNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA


Ainm an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Aitheantóir an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Gnóthais ábhartha a bhfuil naisc ag an ngnólacht comhairleoirí seachvótála leo

An cineál naisc

Más ábhartha, beartas maidir le coinbhleachtaí leasa leis an ngnólacht comhairleoirí seachvótála

a

b

c

d

e

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IF IP4 - TÁBLA MAIDIR LE TREOIRLÍNTE VÓTÁLA


Treoirlínte vótála maidir leis na cuideachtaí a bhfuil a scaireanna ina seilbh i gcomhréir le hAirteagal 52(2): achoimre ghinearálta ghairid agus, más gá, naisc chuig doiciméid neamhrúnda

a

 


IARSCRÍBHINN II

TREORACHA MAIDIR LE NOCHTADH BEARTAIS INFHEISTÍOCHTA AG GNÓLACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA

1.1.   CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA

1.1   Struchtúr

San iarscríbhinn seo tugtar treoracha le haghaidh na dteimpléad agus na dtáblaí maidir le nochtadh a áirítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann leis na rudaí seo a leanas:

cion na gceart vótála;

iompraíocht vótála;

gnólachtaí comhairleoirí seachvótála;

treoirlínte vótála.

1.2   Comhdhlúthú stuamachta

Sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le comhdhlúthú stuamachta faoi Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/2033 (1), tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar an raon feidhme i dtaca le comhdhlúthú stuamachta a dhéanamh ar ghrúpa gnólachtaí infheistíochta. Is é raon feidhme na stuamachta sin a úsáidfidh grúpaí gnólachtaí infheistíochta chun comhlíonadh na gceanglas maidir le nochtadh, agus é sin amháin, agus ní úsáidfidh siad raon feidhme an chomhdhlúthaithe cuntasaíochta.

1.2.   CUID II: TREORACHA MAIDIR LE TEIMPLÉID AGUS TÁBLAÍ

Ceanglas maidir le beartas infheistíochta a nochtadh, comhlíonfar é trí theimpléid agus táblaí araon a úsáid. Faisnéis chainníochtúil atá i dteimpléid agus faisnéis cháilíochtúil atá i dtáblaí.

1.   IF IP1 – CION NA gCEART VÓTÁLA

1.1.   Barúlacha ginearálta

Le hAirteagal 52(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2033, ceanglaítear go nochtfaí cion na gceart vótála a ghabhann le scaireanna atá i seilbh go díreach nó go neamhdhíreach, miondealaithe de réir an Bhallstáit agus na hearnála, gan ach cuideachtaí ábhartha á gcur san áireamh mar a leagtar amach in Airteagal 52(2). Sa teimpléad gaolmhar, tá gach cuideachta nasctha le tír agus earnáil eacnamaíoch ábhartha de réir an roghchláir anuas a sholáthraítear sa teimpléad, i gcás inar mó cion na gceart vótála atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta, go díreach nó go hindíreach, ná an tairseach de 5 % de na cearta vótála uile a bhaineann leis na scaireanna a eisíonn an chuideachta.

Nochtfaidh gnólachtaí infheistíochta cion na gceart vótála a ghabhann leis na scaireanna atá i seilbh indíreach a bhfochuideachtaí nó gnóthais eile, i gcás ina bhfeidhmíonn na gnólachtaí infheistíochta tionchar nó smacht suntasach ar na fochuideachtaí nó na gnóthais eile, nó i gcás ina bhfuil dlúthnaisc ann.

1.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colún

Tagairtí dlí agus treoracha

a

Tír

Airteagal 52(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2033.

Déanfar cion na gceart vótála a mhiondealú de réir an Bhallstáit, bunaithe ar áit chónaithe na hinstitiúide infheistiúcháin.

b

Earnáil eacnamaíoch

Airteagal 52(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/2033.

Déanfar cion na gceart vótála a mhiondealú de réir na hearnála. Is é liosta na n-earnálacha eacnamaíocha a sholáthraítear i gcreat an Aicmithe Eorpaigh Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), ina bhfuil 27 earnáil, a úsáidfear. Déantar na hearnálacha sin a mhapáil ar chóid NACE, mar a chuirtear i láthair sa tábla (2) ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

c

Ainm na cuideachta

Ainm na cuideachta ina sealbhaítear scaireanna.

d

Aitheantóir na cuideachta

Aitheantóir na cuideachta ina sealbhaítear scaireanna, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI). Sa réimse seo, tuairisceoidh gnólachtaí infheistíochta an cód LEI i ngach cás ina bhfuil sé ar fáil.

e

Cion na gceart vótála a ghabhann le scaireanna atá i seilbh go díreach nó go hindíreach mar a leagtar amach in Airteagal 52(2)

Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

Céatadán idir 5 % (eisiata) agus 100 %.

Is éard a bheidh i gcuideachtaí ábhartha chun críoch an teimpléid seo na cuideachtaí sin a ligtear a scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Ní áireofar ach scaireanna lena ngabhann cearta vótála. Ceanglaítear an nochtadh i gcás inar mó cion na gceart vótála atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta, go díreach nó go hindíreach, ná an tairseach de 5 % de na cearta vótála uile a bhaineann leis na scaireanna a eisíonn an chuideachta. Ríomhfar na cearta vótála ar bhonn na scaireanna uile a bhfuil cearta vótála ag baint leo fiú má chuirtear feidhmiú na gceart vótála sin ar fionraí. Féadfar na scaireanna faoi réim feidhme an nochta seo a bheith i seilbh go díreach nó go hindíreach. Is éard atá i ‘scaireanna atá i seilbh go díreach’ ná scaireanna atá i seilbh chuntas an ghnólachta infheistíochta féin agus atá ina gcuid dá chistí dílse iad. Is ‘scaireanna atá i seilbh go hindíreach’ iad na scaireanna atá i seilbh fochuideachta den ghnólacht infheistíochta, nó atá i seilbh aon ghnóthais eile a bhfeidhmíonn an gnólacht infheistíochta tionchar suntasach air de bhua comhaontú foirmiúil nó aon chaidreamh gnó eile. Áirítear leo freisin scaireanna atá faoi bhainistiú an ghnólachta infheistíochta thar ceann cliant, seachas má choinníonn na scairshealbhóirí na cearta vótála de bhua socrú conarthach lena gcuirtear toirmeasc ar an ngnólacht infheistíochta vótáil thar a gceann.

2.   IF IP2 – IOMPRAÍOCHT VÓTÁLA

2.1.   Barúlacha ginearálta

Le hAirteagal 52(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2033, ceanglaítear go nochtfaí trí ghné:

(a)

tuairisc iomlán ar iompraíocht vótála i gcruinnithe ginearálta na gcuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le hAirteagal 52(2);

(b)

míniúchán ar na vótaí;

(c)

cóimheas na dtograí a d’fhormheas an gnólacht infheistíochta.

2.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

IF IP2.01 – TÁBLA MAIDIR LEIS AN TUAIRISC AR IOMPRAÍOCHT VÓTÁLA

Tagairtí dlí agus treoracha

1

Líon na gcuideachtaí ábhartha faoi raon feidhme an nochta

Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

Slánuimhir dheimhneach.

Líon na gcuideachtaí ábhartha ina sealbhaítear scaireanna (féach colún d in IF IP1).

2

Líon na gcruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta le bliain anuas

Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

Slánuimhir dheimhneach.

Líon na gcruinnithe ginearálta a reáchtáladh le bliain anuas le haghaidh na gcuideachtaí faoi raon feidhme an nochta.

3

Líon na gcruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta inar vótáil an gnólacht le bliain anuas

Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

Slánuimhir dheimhneach, níos lú ná ró 2 nó cothrom leis.

Líon na gcruinnithe ginearálta a reáchtáladh le bliain anuas le haghaidh na gcuideachtaí faoi raon feidhme an nochta, inar vótáil an gnólacht infheistíochta. Áirítear leis sin cruinnithe inar staon an gnólacht ó na vótaí ar fad agus cruinnithe inar chaith an gnólacht vóta trí sheachvótálaí.

4

An gcuireann an gnólacht infheistíochta an chuideachta ar an eolas maidir le vótaí diúltacha roimh an gcruinniú ginearálta?

Freagra ‘cuireann’ nó ‘ní chuireann’.

Tabhair an freagra ‘cuireann’ má tá beartas ag an ngnólacht infheistíochta cuideachta a chur ar an eolas maidir le vótaí diúltacha roimh chruinnithe ginearálta, nó má rinne an gnólacht amhlaidh i bhformhór na gcásanna le bliain anuas.

5

Cion na vótaí a chaith an gnólacht ar an láthair go pearsanta

Céatadán.

Ní áireofar vótaí trí sheachvótálaí.

6

Cion na vótaí a chaith an gnólacht tríd an bpost nó tríd an vótáil leictreonach

Céatadán.

Áirítear vótaí trí sheachvótálaí.

7

Ar bhonn comhdhlúite, an bhfuil beartas ag an ngrúpa gnólachta infheistíochta maidir le coinbhleachtaí leasa idir eintitis ábhartha an ghrúpa?

Ceist ‘Tá’ nó ‘Níl’.

Líonfaidh grúpaí gnólachta infheistíochta isteach an ró seo, ní líonfaidh gnólachtaí infheistíochta aonair isteach í.

Is éard a bheidh in eintitis ábhartha an ghrúpa na heintitis sin a áirítear faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta faoi Rialachán (AE) 2019/2033.

8

Má tá, tabhair achoimre ar an mbeartas sin

Téacs saor.

Má thugtar an freagra ‘tá’ i ró 7, tabharfaidh an gnólacht achoimre ghairid ar an mbeartas maidir le coinbhleachtaí leasa idir eintitis ábhartha an ghrúpa.

IF IP2.02 – TEIMPLÉAD MAIDIR LE hIOMPRAÍOCHT VÓTÁLA

Tagairtí dlí agus treoracha

1

Rúin ag cruinnithe ginearálta:

Ró teidil.

2

d’fhormheas an gnólacht iad

Líon agus céatadán na rún ag cruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta atá formheasta ag an ngnólacht infheistíochta le bliain anuas.

3

chuir an gnólacht ina gcoinne

Líon agus céatadán na rún ag cruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta ar chuir an gnólacht infheistíochta ina gcoinne le bliain anuas.

4

ónar staon an gnólacht

Líon agus céatadán na rún ag cruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta ónar staon an gnólacht infheistíochta le bliain anuas.

5

Cruinnithe ginearálta ag ar chuir an gnólacht i gcoinne rún amháin ar a laghad

Líon agus céatadán na gcruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta inar chuir an gnólacht infheistíochta i gcoinne rún amháin ar a laghad le bliain anuas.

IF IP2.03 – TÁBLA MAIDIR LE MÍNIÚCHÁN AR NA VÓTAÍ

Tagairtí dlí agus treoracha

1

Ranna nó róil sa ghnólacht infheistíochta a ghlacann páirt i gcinneadh a dhéanamh maidir le seasamh vótála

Téacs saor.

Liosta de na ranna nó na róil a ghlacann páirt i seasamh vótála a chinneadh.

2

Tuairisc ar an bpróiseas bailíochtaithe le haghaidh vótaí diúltacha

Téacs saor.

Más infheidhme, tuairisc ar an bpróiseas bailíochtaithe le haghaidh vótaí diúltacha sna cruinnithe ginearálta ábhartha.

3

Líon na gcoibhéisí lánaimseartha a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar rúin agus scrúdú a dhéanamh ar thaifid vótála, gan acmhainní seachtracha amhail gnólachtaí comhairleoirí seachvótála a chur san áireamh

Líon deimhneach.

Líon na gcoibhéisí lánaimseartha sna ranna nó sna róil a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar rúin agus scrúdú a dhéanamh ar thaifid vótála. Ní áireofar ann ach acmhainní inmheánacha ag an ngnólacht infheistíochta.

4

Míniúchán ar aon athrú ábhartha ar an ráta formheasa

Téacs saor.

Tabharfar míniúchán gairid má tháinig méadú nó laghdú ábhartha ar an ráta formheasa i gcoibhneas leis an nochtadh deiridh, cuir i gcás tar éis athrú ar bheartas, straitéis nó ionchas an ghnólachta infheistíocht mar scairshealbhóir.

5

Liosta de na doiciméid beartais infheistíochta atá ar fáil go poiblí ina dtugtar tuairisc ar chuspóirí an ghnólachta infheistíochta

Téacs saor.

Liosta doiciméad, i bhfoirm naisc hipirtéacs más féidir, a thugann tuairisc ar chuspóirí an ghnólachta infheistíochta agus é ag feidhmiú mar scairshealbhóir.

6

Más ábhartha, deimhniú ar bheartas infheistíochta an ghnólachta

Téacs saor.

Má tá deimhniú faighte ag an ngnólacht infheistíochta le haghaidh a bheartais infheistíochta, tabhair ainm agus dáta bronnta an deimhnithe sin. D’fhéadfadh roinnt deimhnithe den chineál sin a bheith ann.

IF IP2.04 – TEIMPLÉAD MAIDIR LE hIOMPRAÍOCHT VÓTÁLA DE RÉIR THÉAMA NA RÚN

Tagairtí dlí agus treoracha

1

Rúin ar caitheadh vóta orthu, de réir téama, le bliain anuas:

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún ar chaith an gnólacht nó a seachvótálaithe vóta orthu le bliain anuas sna cruinnithe ginearálta faoi raon feidhme an nochta. Déantar an líon iomlán a mhiondealú de réir an stádais formheasa: formheasta, diúltaithe, staonta.

2

Struchtúr boird

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le struchtúr boird, agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa.

3

Luach saothair feidhmiúcháin

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le luach saothair feidhmiúcháin, agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa.

4

Iniúchóirí

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le hiniúchóirí (e.g. ceapachán, luach saothair), agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa.

5

Saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, eitice

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus eitice, agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa.

6

Idirbhearta caipitil

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le hidirbhearta caipitil (e.g. cumaisc, éadálacha), agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa.

7

Rúin sheachtracha

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le tograí rún seachtrach, agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa. Is scairshealbhóir a mholann na rúin sheachtracha seo do na scairshealbhóirí eile, agus is gnách go moltar iad dóibh chun a chur ina luí orthu vótáil i gcoinne togra de chuid an bhoird.

8

Eile

Slánuimhreacha deimhneacha.

Líon na rún maidir le hábhair eile seachas na cinn thuas, agus é miondealaithe de réir an stádais formheasa.

IF IP2.05 – TEIMPLÉAD MAIDIR LE CÓIMHEAS NA dTOGRAÍ FORMHEASTA

Tagairtí dlí agus treoracha

1

Céatadán na rún a chuir an comhlacht riaracháin nó bainistíochta chun tosaigh atá formheasta ag an ngnólacht

Airteagal 52(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2033.

Céatadán.

2

Céatadán na rún a chuir scairshealbhóirí chun tosaigh atá formheasta ag an ngnólacht

Airteagal 52(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2019/2033.

Céatadán.

3.   IF IP3 – GNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA

3.1.   Barúlacha ginearálta

Le hAirteagal 52(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/2033, ceanglaítear go nochtfaí míniúchán ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála. Sa teimpléad seo tá faisnéis maidir le gnólachtaí comhairleoirí seachvótála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (g), de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (3). Féadfaidh na gnólachtaí comhairleoirí seachvótála sin taighde, comhairle nó moltaí vótála a sholáthar, sin nó ní fhéadfaidh siad ach treoracha vótála a fhorghníomhú.

3.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

IF IP3.01 – TÁBLA MAIDIR LE LIOSTA NA nGNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA

Colún

Tagairtí dlí agus treoracha

a

Ainm an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Gnólachtaí comhairleoirí seachvótála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (g), de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe.

Téacs saor.

b

Aitheantóir an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Aitheantóir an ghnólachta comhairleoirí seachvótála, LEI i gcás inarb infheidhme.

c

An cineál conartha

Tá an réimse seo teoranta do dhá rogha, idir gnólachtaí comhairleoirí seachvótála a thugann moltaí vótála agus gnólachtaí nach dtugann. Sa dara cás, ní dhéanann na gnólachtaí comhairleoirí seachvótála ach vótaí a fhorghníomhú thar ceann gnólacht infheistíochta.

d

Infheistíochtaí a bhaineann leis an ngnólacht comhairleoirí seachvótála

Téacs saor.

Liosta de na gnóthais/infheistíochtaí a bhaineann le seirbhísí gach gnólachta comhairleoirí seachvótála.

e

Téamaí na rún ar thug an gnólacht comhairleoirí seachvótála moltaí vótála ina leith le bliain anuas

Téacs saor, agus úsáid á baint as na catagóirí a thugtar in IF IP2.04 más féidir: struchtúr boird, luach saothair feidhmiúcháin, iniúchóirí, saincheisteanna comhshaoil, sóisialta, eitice, idirbhearta caipitil, rúin sheachtracha, nó téamaí eile atá le sonrú.

IF IP3.02 – TÁBLA MAIDIR LEIS NA NAISC LE GNÓLACHTAÍ COMHAIRLEOIRÍ SEACHVÓTÁLA

Colún

Tagairtí dlí agus treoracha

a

Ainm an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Téacs saor.

b

Aitheantóir an ghnólachta comhairleoirí seachvótála

Aitheantóir an ghnólachta comhairleoirí seachvótála, LEI más féidir.

c

Gnóthais ábhartha a bhfuil naisc ag an ngnólacht comhairleoirí seachvótála leo

Gnóthais ábhartha a bhfuil naisc ag an ngnólacht comhairleoirí seachvótála leo, agus tuairisc ar na naisc sin. Cuideachtaí liostaithe, gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí creidmheasa a bheidh sna gnóthais ábhartha.

d

An cineál naisc

Naisc a d’fhéadfadh a bheith ann, mar a thugtar in IAS 24.9. Má tá feidhm ag cúpla nasc, déanfar na cinn is suntasaí a roghnú agus a shonrú san insint a ghabhann leo:

an grúpa céanna;

comhlach nó comhfhiontar an eintitis eile;

comhlach nó comhfhiontar tríú eintitis;

tá rialú nó comhrialú ag duine gaolmhar;

tá tionchar suntasach ag duine gaolmhar;

príomhphearsanra bainistíochta.

e

Más ábhartha, beartas maidir le coinbhleachtaí leasa leis an ngnólacht comhairleoirí seachvótála

Téacs saor.

Más infheidhme, tuairisc ghairid ar an mbeartas a shaothraíonn an gnólacht infheistíochta chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint a d’fhéadfadh eascairt as naisc idir gnólachtaí seachvótála agus gnóthais nó grúpaí a bhfuil scaireanna ina seilbh ag gnólachtaí infheistíochta iontu.

4.   IF IP4 – TREOIRLÍNTE VÓTÁLA

4.1.   Barúlacha ginearálta

Le hAirteagal 52(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2019/2033, ceanglaítear go nochtfaí na treoirlínte vótála i ndáil leis na cuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le Mír 2 den airteagal sin. Úsáidtear an tábla gaolmhar chun na treoirlínte vótála ar fad faoin raon feidhme ábhartha a nochtadh, ní hamháin treoirlínte seachvótála. Is féidir le treoirlínte vótála a bheith fairsing agus féadfar cinneadh a dhéanamh ina leith ar bhonn cás ar chás i ndáil le míreanna áirithe ar chlár oibre cruinnithe ginearálta. Féadfar na treoirlínte sin athrú de réir an limistéir gheografaigh, na hearnála eacnamaíche nó théama na rún.

4.2.   Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha

Colún

Tagairtí dlí agus treoracha

a

Treoirlínte vótála maidir leis na cuideachtaí a bhfuil a scaireanna ina seilbh i gcomhréir le hAirteagal 52(2)

Airteagal 52(1), pointe (d), Airteagal 52(2) de Rialachán (AE) 2019/2033.

Téacs saor.

Achoimre ghinearálta ghairid agus, má tá siad ar fáil, naisc chuig doiciméid neamhrúnda, i bhfoirm naisc hipirtéacs más féidir.


(1)  https://www.eba.europa.eu/sites/default/documents/files/document_library/Publications/Draft%20Technical%20Standards/2020/RTS/961461/Final%20draft%20RTS%20on%20prudential%20requirements%20for%20Investment%20Firms%20%28EBA-RTS-2020-11%29.pdf

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(3)  Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17).