4.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 177/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1103 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meitheamh 2022

maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm.

(3)

De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin.

(4)

Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.

Airteagal 2

Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Gerassimos THOMAS

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim


(1)  IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar na hearraí

Aicmiú (Cód AC)

Cúiseanna

(1)

(2)

(3)

Min pónairí soighe a fhaightear trí eastóscadh leachta pónairí soighe.

Déantar min pónairí soighe ó phónairí soighe a sciltear, a bhristear, a théitear agus ansin dá ndéantar calóga sula n-eastósctar an ola le heacsán. Ina dhiaidh sin, triomaítear na calóga trí phróiseas díthuaslagóirithe-tóstála. Ina dhiaidh sin arís, triomaítear na calóga le haer te chun taise a laghdú. Mar chéim dheiridh phróiseála, meiltear na calóga agus cuirtear na crotail a baineadh roimhe sin ar ais leis chun min a fháil ag a bhfuil na saintréithe anailíseacha seo a leanas (neasluach, de réir meáchain):

cion próitéine - 47 %;

cion uisce - 8 %;

cion snáithín - 5 %;

cion saille – 1,5 %.

Mar thoradh ar an tóstáil, baineadh an tuaslagóir iarmharach agus laghdaíodh na tosca frith-chothaitheacha, go háirithe an ghníomhaíocht úiréáise.

Cuirtear an mhin pónairí soighe i láthair i mbulc tráth a hallmhairiúcháin agus féadfar í a úsáid go díreach mar bheatha ainmhithe gan a thuilleadh próiseála.

2304 00 00

Cinntear an t-aicmiú le riail ghinearálta 1 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht chód AC 2304 00 00 .

Is gnáthphróisis i dtáirgeadh ola agus min pónairí soighe iad an díthuaslagóiriú-tóstáil agus caighdeánú cion snáithín trí chrotail síolta a baineadh roimhe sin a chur ar ais. Dá bhrí sin coinníonn an táirge gné iarmhair mar thoradh ar eastóscadh na hola pónairí soighe, a úsáidtear mar ábhar beatha ainmhithe (féach freisin Nóta Míniúcháin an Chórais Ghinearálta Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le Caibidil 23, an chéad mhír, agus NMCC a ghabhann le ceannteideal 2304 , an chéad mhír).

Dá bharr sin, tá an táirge le haicmiú faoi chód AC 2304 00 00 mar iarmhar soladach eile mar thoradh ar eastóscadh ola pónairí soighe.