30.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 173/58 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1039 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Meitheamh 2022
lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le fabhair taraife áirithe a dheonaítear do thíortha áirithe is tairbhithe GSP a chur ar fionraí le haghaidh na bliana 2023
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na bhFabhar Ginearálaithe, de réir bhrí Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, maidir le fabhair taraife i dtaca le socrú ginearálta na scéime ginearálaithe um fhabhair ghinearálaithe (GSP), cuirfear ar fionraí iad i leith táirgí ó roinn GSP de thionscnamh tíre is tairbhí GSP nuair a sháraíonn meánluach allmhairithe an Aontais de tháirgí den sórt sin ón tír is tairbhí GSP sin thar thrí bliana as a chéile na tairseacha atá liostaithe in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 agus bunaithe ar staidreamh trádála a bhaineann leis na blianta féilire 2015-2017, leagadh síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/249 ón gCoimisiún (2) an liosta de ranna táirgí ar cuireadh na fabhair taraife dóibh ar fionraí ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2022. |
(3) |
De bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, déanfaidh an Coimisiún an liosta sin a athbhreithniú, gach trí bliana, agus glacfaidh sé gníomh cur chun feidhme chun na fabhair taraife a chur ar fionraí nó a athbhunú. |
(4) |
Ós rud é go bhfuil Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 le dul in éag an 31 Nollaig 2023, ba cheart feidhm a bheith ag an liosta athbhreithnithe ar feadh bliana amháin ón 1 Eanáir 2023. Tá an liosta bunaithe ar staidreamh trádála a bhaineann leis na blianta féilire 2018-2020 mar a bhí ar fáil an 1 Meán Fómhair 2021 agus cuirtear san áireamh ann allmhairí ó thíortha is tairbhithe GSP atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 de réir mar is infheidhme ar an dáta sin. Mar sin féin, ní chuirtear san áireamh luach na n-allmhairithe ó thairbhithe GSP nach mbainfidh tairbhe, ón 1 Eanáir 2023, as na fabhair taraife faoi phointe (b) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na fabhair taraife dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ar fionraí i leith na dtíortha is tairbhithe GSP lena mbaineann, don liosta táirgí ó na ranna GSP a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/249 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2019 lena gcuirtear na fabhair taraife le haghaidh tíortha is tairbhithe GSP áirithe ar fionraí i leith ranna GSP áirithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim fabhar taraife ginearálaithe (IO L 42, 13.2.2019, lch. 6).
IARSCRÍBHINN
Liosta na ranna GSP ar ina dtaobh atá na fabhair tharaife dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 curtha ar fionraí i leith tír is tairbhí de GSP lena mbaineann:
Colún A: ainm na tíre Colún B: Roinn GSP (Airteagal 2(j) den Rialachán GSP) Colún C: tuairisc |
||
A |
B |
C |
An India |
S-6a |
Ceimiceáin neamhorgánacha agus orgánacha |
S-7a |
Plaistigh agus earraí díobh |
|
S-8b |
Earraí leathair; Seithí fionnaidh agus fionnadh saorga |
|
S-11a |
Teicstílí |
|
S-13 |
Earraí cloiche, plástair, stroighne, aispeiste, míoca nó ábhair chomhchosúla; táirgí ceirmeacha; gloine agus earraí gloine |
|
S-14 |
Péarlaí agus miotail lómhara |
|
S-15a |
Iarann, cruach agus earraí iarainn agus cruach |
|
S-15b |
Miotail neamhlómhara (seachas iarann agus cruach), earraí de mhiotail neamhlómhara (seachas iarann agus cruach) |
|
S-16 |
Innealra agus fearais mheicniúla; Innealra agus trealamh leictreach agus páirteanna de |
|
S-17a |
Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc |
|
An Indinéis |
S-1a |
Ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe seachas éisc |
S-3 |
Olaí, saillte agus céaracha ainmhíocha nó plandúla |
|
S-5 |
Táirgí mianracha |
|
S-9a |
Adhmad agus earraí adhmaid; fioghual |
|
An Chéinia |
S-2a |
Plandaí beo agus táirgí bláthanna |