|
28.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 170/15 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1009 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Meitheamh 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha sonracha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 an 18 Iúil 2005 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Iúil 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(2) |
I ndiaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gcás T-108/21 (2), ba cheart iontráil amháin a scriosadh ó liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn Ia ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo í.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 27 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. PANNIER-RUNACHER
(1) IO L 193, 23.7.2005, p. 1.
(2) Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022, Ferdinand Ilunga Luyoyo v. Comhairle an Aontais Eorpaigh, T-108/21, ECLI:EU:T:2022:253.
IARSCRÍBHINN
Scriostar an iontráil seo a leanas ón liosta a leagtar amach i Roinn A (“Daoine”) d’Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle:
|
“3. |
Ferdinand Ilunga LUYOYO”. |