|
24.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 167/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/994 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 1(21) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/879, lenar leasaíodh Rialachán (AE) Uimh 833/2014 ón gComhairle (2) agus lenar tugadh isteach tuilleadh beart sriantach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta san Aontas, nó atá dírithe ar an Aontas, a chur ar fionraí - gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí meán áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/879. De bhun Airteagal 1(21) de Rialachán (AE) 2022/879, tá infheidhmeacht na mbeart sin i dtaca le ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí meán sin faoi réir ghlacadh gníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle. |
|
(2) |
Tar éis di na cásanna faoi seach a scrúdú, chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 25 Meitheamh 2022 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/879, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Beidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2f de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón 25 Meitheamh 2022 maidir leis na heintitis uile dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/879.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J.-Y. LE DRIAN
(1) IO L 153, 3.6.2022, lch. 53.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).