27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 169/43


RIALACHÁN (AE) 2022/992 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann le leathnú chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha fíor-riachtanacha maidir le hastaíochtaí ó thruailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus maidir le cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, agus tugtar cumhacht don Choimisiún leis an Rialachán seo sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe áirithe a leagan síos i ngníomhartha tarmligthe. Le hAirteagal 55(2) den Rialachán sin, tugadh an chumhacht sin don Choimisiún ar feadh tréimhse theoranta 5 bliana. Chuaigh an tréimhse sin in éag an 6 Deireadh Fómhair 2021. Is gá cuid de na gníomhartha tarmligthe a thabhairt cothrom le dáta chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh agus chun gnéithe eile a thabhairt isteach i gcomhréir leis an gcumhachtú, lena n-áirítear i ndáil le gníomh tarmligthe lena leagtar síos ceanglais a bhaineann le faireachán inseirbhíse ar innill dócháin inmheánaigh a shuiteáiltear in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é. Ba cheart é a bheith indéanta freisin gníomhartha tarmligthe nua a ghlacadh i gcomhréir leis an gcumhachtú. Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an gcumhachtú a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le féideartacht síntí breise a chur leis sin.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1628 a leasú dá réir sin.

(3)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2016/1628, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2), in Airteagal 24(11), in Airteagal 25(4), in Airteagal 26(6), in Airteagal 34(9), in Airteagal 42(4), in Airteagal 43(5) agus in Airteagal 48 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 10 mbliana ón 6 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 6 Eanáir 2026 agus 9 mí roimh dheireadh gach tréimhse 5 bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar síneadh a chur le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh síneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Meitheamh 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Tuairim an 18 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Meitheamh 2022.

(3)  Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí le haghaidh truailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 97/68/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 53).