24.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 167/91


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/980 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013 maidir leis na dleachtanna allmhairiúcháin breise in earnáil an tsiúcra

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 182(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 ón gCoimisiún (2) do dhleachtanna allmhairiúcháin breise i gcás táirgí áirithe in earnáil an tsiúcra.

(2)

I bhfianaise na ndálaí margaidh agus réamhaisnéis an mhargaidh a bhí i réim ag an am, foráladh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013 ón gCoimisiún (3) nach mbeadh feidhm ag na dleachtanna allmhairiúcháin breise ar roinnt táirgí siúcra go dtí an 30 Meán Fómhair 2015. Ós rud é nár tháinig athrú suntasach ar dhálaí an mhargaidh i ndiaidh an dáta sin, le Rialachán (AE) Uimh. 1278/2014 ón gCoimisiún (4), cuireadh síneadh leis an tréimhse sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 agus cuireadh síneadh breise le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1409 ón gCoimisiún (5) go dtí an 30 Meán Fómhair 2022.

(3)

De réir Airteagal 182(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ní fhorchuirfear dleachtanna breise allmhairiúcháin nuair nach dócha go suaithfeadh na hallmhairí margadh an Aontais, nó i gcás ina mbeadh na héifeachtaí díréireach i gcomparáid leis an gcuspóir a bheartófar. Agus bunphrionsabail mhargaí siúcra an Aontais agus an domhain á gcur san áireamh, ní dócha go suaithfeadh allmhairí táirgí siúcra atá faoi réir na dleachta allmhairiúcháin dá bhforáiltear sa Chomhtharaif Chustaim margadh an Aontais. Dá réir sin, níor cheart aon dleachtanna breise a chur i bhfeidhm ar na hallmhairí sin, mura dtagann athrú suntasach ar staid an mhargaidh.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse nach mbeidh feidhm ag dleachtanna allmhairiúcháin breise lena linn i leith roinnt táirgí siúcra, dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013 a leasú dá réir.

(6)

Ar mhaithe le deimhneacht dlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis dhul in éag na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013, cuirtear “an 30 Meán Fómhair 2022” in ionad an dáta “30 Meán Fómhair 2027”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 318/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le trádáil le tríú tíortha in earnáil an tsiúcra (IO L 178, 1.7.2006, lch. 24).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2013 lena maolaítear ó Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 maidir le praghsanna ionadaíocha agus dleachtanna allmhairiúcháin breise a chur i bhfeidhm i gcás táirgí áirithe in earnáil an tsiúcra agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 892/2012 lena socraítear na praghsanna ionadaíocha agus dleachtanna allmhairiúcháin breise ar tháirgí áirithe in earnáil an tsiúcra don bhliain mhargaíochta 2012/2013 (IO L 26, 26.1.2013, lch. 19).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1278/2014 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 967/2006, Rialachán (CE) Uimh. 828/2009, Rialachán (CE) Uimh. 891/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013 (IO L 346, 2.12.2014, lch. 26).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1409 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 75/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 maidir leis na dleachtanna allmhairiúcháin breise in earnáil an tsiúcra agus maidir le ríomh an chion de shiúcrós iseaglúcóis agus síoróipe áirithe (IO L 201, 2.8.2017, lch. 21).