20.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 164/6


RIALACHÁN (AE) 2022/943 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2022

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) a cheartú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir leis an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (1), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráid in Iarscríbhinn I sa leagan Cróitise agus Eastóinise de Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002, sa tábla “Príomhfhoclóir”, sa dara colún i dtaca leis an gcód Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) 79530000-8.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha den Chróitis agus den Eastóinis d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 340, 16.12.2002, lch. 1.