10.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 209/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/938 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le catalóg na sonraí aerloingseoireachta agus foilseachán faisnéise aerloingseoireachta
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43(1), pointí (a) agus (f), agus Airteagal 62(15), pointí (a) agus (c), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (2) ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta (BAT/SAL) agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta eile maidir le haerthrácht ginearálta agus maoirseacht ina leith. |
(2) |
An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) Leasú 1 ar na Nósanna Imeachta maidir le Seirbhísí Aerloingseoireachta — Bainistiú Faisnéise Aerloingseoireachta (PANS-AIM, Doc 10066), lena dtugtar isteach forálacha nua maidir le hábhar agus struchtúr an fhoilseacháin faisnéise aerloingseoireachta (AIP) agus chatalóg na sonraí aerloingseoireachta, atá infheidhme i Stáit Chonarthacha ICAO ón 4 Samhain 2021. Ba cheart na forálacha sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, agus go háirithe sna ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí a leagtar amach in Iarscríbhinn III (Cuid-ATM/ANS.OR) agus sna ceanglais shonracha le haghaidh soláthraithe seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI (Cuid-AIS) a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
(3) |
Ceann de na heilimintí is gá le haghaidh chur chun feidhme choincheap na n-oibríochtaí uile-aimsire, a tugadh isteach le Rialacháin (AE) Uimh. 965/2012 (3) agus (AE) Uimh. 139/2014 (4) ón gCoimisiún, is ea infhaighteacht faisnéise ábhartha a bhaineann le haeradróim san fhoilseachán faisnéise aerloingseoireachta, faisnéis a chuirtear i láthair ar bhealach caighdeánaithe. Le struchtúr agus le hábhar codanna áirithe den fhoilseachán faisnéise aerloingseoireachta atá ann faoi láthair, léirítear seanfhorálacha Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”) maidir le tomhas ar fhrithchuimilt, agus ar an gcaoi sin gan foráil a dhéanamh maidir le fógairt na faisnéise aerloingseoireachta is gá le haghaidh chur chun feidhme fhormáid dhomhanda tuairiscithe ICAO tríd an bhfoilseachán faisnéise aerloingseoireachta. Dá bhrí sin, na forálacha maidir le struchtúr agus ábhar an fhoilseacháin faisnéise aerloingseoireachta, a leagtar amach in Iarscríbhinn VI (Cuid-AIS) a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373, ba cheart iad a leasú. |
(4) |
Na sainmhínithe a bhaineann le coincheap na n-oibríochtaí uile-aimsire, a leagtar amach in Iarscríbhinn I (Sainmhínithe) a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373, ba cheart iad a leasú chun comhsheasmhacht leis na sainmhínithe sin atá i Rialacháin (AE) Uimh. 965/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 a áirithiú. Thairis sin, chun a áirithiú go n-eiseofar SNOWTAManna faoi na dálaí oibríochtúla uile is gá, ba cheart an sainmhíniú ar SNOWTAM atá in Iarscríbhinn I (Sainmhínithe) a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373 a leasú ar bhealach a bheadh comhsheasmhach leis an sainmhíniú a leagtar amach in Iarscríbhinn 15 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago agus leis an sainmhíniú a leagtar amach in Rialachán (AE) Uimh. 139/2014. |
(5) |
Faoi na treoracha atá ann faoi láthair chun formáid SNOWTAM a chomhlánú, ní féidir SNOWTAM a eisiúint faoi dhálaí oibríochtúla áirithe rúidbhealaigh, rud a dhéanfaidh difear do chur chun feidhme ceart na formáide domhanda tuairiscithe le haghaidh staid dromchla an rúidbhealaigh. Dá bhrí sin, ba cheart na treoracha sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373, a leasú ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/373 a leasú dá réir. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le Tuairim Uimh. 03/2022 ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní I, III agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373 i gcomhréir le hIarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 26 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014. lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an pointe (38a) seo a leanas isteach:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (206):
|
(3) |
cuirtear an pointe (206a) seo a leanas isteach:
|
(4) |
cuirtear an pointe (212a) seo a leanas isteach:
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (231):
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Foscríbhinn 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
Tábla 1 Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na sonraí aeradróim: “1. Sonraí aeradróim
|
(2) |
Tábla 3. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad sonraí faoi aerbhealaí agus bealaí eile: “3. Sonraí faoi aerbhealaí agus bealaí eile
|
(3) |
Tábla 5. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad sonraí maidir le háiseanna/córais radaloingseoireachta: “Tábla 5. Sonraí maidir le háiseanna/córais radaloingseoireachta
|
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Foscríbhinn 1 mar a leanas:
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn 3: “Foscríbhinn 3 Formáid SNOWTAM
TREORACHA MAIDIR LE FORMÁID SNOWTAM A CHOMHLÁNÚ 1. Faisnéis ghinearálta
2. An roinn a bhaineann le feidhmíocht an eitleáin a ríomh
3. Roinn um fheasacht staide Le lánstad a chuirfear deireadh leis na heilimintí sa roinn um fheasacht staide. Eilimintí sa roinn um fheasacht staide nach bhfuil aon fhaisnéis ann ina leith, nó nach gcomhlíontar na coinníollacha staide lena bhfoilsiú, fágfar amach ina n-iomláine iad.
|