16.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 161/67 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/928 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Meitheamh 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha le haghaidh Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe ar liostaí na dtríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún maidir le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis: tá ráig amháin acu sin ann i gcúige British Columbia, Ceanada agus tá ráig eile acu ann i gcúige Ontario, Ceanada agus deimhníodh iad an 18 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige British Columbia, Ceanada, agus deimhníodh í an 22 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Thairis sin, thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Saskatchewan, Ceanada, agus deimhníodh í an 26 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann gar do Ludlow, Ludlow, Shropshire, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 1 Meitheamh 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(9) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig eile den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann gar do Ludlow, Ludlow, Shropshire, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh í an 7 Meitheamh 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(10) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcúige Pennsylvania, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 2 Meitheamh 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(11) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(12) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiún ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim teacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe. |
(13) |
Thairis sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil le cúig ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis: dhá ráig gar do North Somercotes, East Lindsey, Lincolnshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh iad an 28 Nollaig 2021 agus an 5 Eanáir 2022, dhá ráig gar do Louth, East Lindsey, Lincolnshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus deimhníodh iad an 31 Nollaig 2021 agus an 10 Eanáir 2022 agus ráig amháin gar do Lazonby, Eden, Cumbria, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus dearbhaíodh í an 4 Eanáir 2022. Chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne sí chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chuir an Ríocht Aontaithe beartas díothaithe chun feidhme chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú. Ina theannta sin, thug an Ríocht Aontaithe chun críche na bearta glantacháin agus díghalraithe ba ghá tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis a bhí ionfhabhtaithe ina críoch. |
(14) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach sna bunaíochtaí éanlaithe clóis gar do North Somercotes, East Lindsey, Lincolnshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe gar do Louth, East Lindsey, Lincolnshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus gar do Lazonby, Eden, Cumbria, Sasana, an Ríocht Aontaithe go raibh na ráigeanna sin díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le tráchtearraí éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas ó na criosanna sa Riocht Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin. |
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch reatha a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
(16) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|