|
15.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 160/30 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/925 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Meitheamh 2022
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 maidir le galair liostaithe ainmhithe uisceacha agus liosta na speiceas agus na ngrúpaí speiceas lena mbaineann riosca suntasach maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 8(2), Airteagal 8(3), pointe (a) agus Airteagal 8(4), pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le beartú tosaíochta agus catagóiriú galar liostaithe arb ábhar imní ar leibhéal an Aontais iad. Tá feidhm ag na rialacha sin maidir le cosc agus rialú galar liostaithe maidir le speicis agus grúpaí speiceas, ar féidir leo na galair liostaithe a tharchur, toisc go bhfuil siad soghabhálach ina leith nó gur veicteoirí iad. Tá na speicis agus na grúpaí speiceas sin liostaithe sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (2), i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2016/429. Déantar iad a chatagóiriú freisin mar ghalair de chatagóir A, B, C, D nó E leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. |
|
(2) |
Rinne an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE) athbhreithniú le déanaí ar na speicis uisceacha, atá soghabhálach i leith roinnt galar, atá liostaithe i gCód Sláinte um Ainmhithe Uisceacha OIE (3). Tá roinnt de na galair sin liostaithe freisin sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. I gcomhréir le hAirteagal 8(3), pointe (a) agus Airteagal 8(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2016/429, a bhaineann le speicis nó grúpaí speiceas a chur leis an liosta sin agus iad a bhaint de, agus ar mhaithe le leibhéal iomchuí cóineasaithe a bhaint amach le caighdeáin OIE, is tráthúil don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na speiceas agus na ngrúpaí speiceas, atá soghabhálach i leith galair ainmhithe uisceacha, rud atá leagtha amach sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882, chun a áirithiú go léireofar ann an t-eolas eolaíoch is déanaí. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, tá athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún ar speicis atá soghabhálach i leith na ngalar uisceach, rud atá liostaithe sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882. Cuireadh an t-athbhreithniú sin i gcrích i gcomhréir leis an eolas eolaíoch a sholáthair Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um Ghalair Éisc agus Chrústaigh agus Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um Ghalair Moileasc (EURLanna), a rinne measúnú córasach ar na speicis atá soghabhálach i leith galair ainmhithe uisceacha de Chatagóir A, de Chatagóir C agus de Chatagóir E (an measúnú). Cuirtear san áireamh sa mheasúnú an mhodheolaíocht a leagtar amach i gCaibidil 1.5 de Chód Uisceach OIE. |
|
(4) |
Tar éis an measúnú a chur i gcrích, thuairiscigh na EURLanna ar speicis atá soghabhálach i leith na ngalar neacróis fhuilghinte eipeasótach, ionfhabhtú le Mikrocytos mackini, ionfhabhtú le Perkinsus marinus, ionfhabhtú le víreas shiondróm Taura, ionfhabhtú le víreas ceannbhuí, na galair de chatagóir C víreas na seipticéime fuilreatha víreasaí, neacróis fhuilghinte thógálach, víreas ainéime ionfhabhtaíoch na mbradán HPR-scriosta, ionfhabhtú le Bonamia exitiosa, ionfhabhtú le Bonamia ostreae, ionfhabhtú le Marteilia refringens, agus ionfhabhtú le víreas na spotaí bána, agus an galar de chatagóir E, galar víreas heirpéas Koi. |
|
(5) |
De réir na dtuarascálacha arna n-ullmhú ag na EURLanna, tá cóineasú idir na speicis shoghabhálacha a bheartaíonn na EURLanna a liostú agus na speicis shoghabhálacha a bheartaíonn an OIE a liostú maidir leis na galair neacróis fhuilghinte eipeasótach, ionfhabhtú le víreas shiondróm Taura, ionfhabhtú le víreas ceannbhuí, seipticéime fuilreatha víreasaí, neacróis fhuilghinte thógálach, víreas ainéime ionfhabhtaíoch na mbradán HPR-scriosta, víreas heirpéas Koi, ionfhabhtú le Bonamia exitiosa, ionfhabhtú le Bonamia ostreae, agus ionfhabhtú le víreas na spotaí bána. |
|
(6) |
Ina theannta sin, agus úsáid á baint as na critéir chéanna chun speicis shoghabhálacha a liostú, dhréachtaigh Saotharlann Tagartha an Aontais um Ghalair Moileasc liosta speiceas, ar speicis iad atá soghabhálach i leith ionfhabhtú le Mikrocytos mackini, galar nach bhfuil liostaithe ag an OIE. |
|
(7) |
Ní iomchuí leasú a dhéanamh ar na speicis, atá liostaithe faoi láthair sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1882, mar speicis atá soghabhálach i leith ionfhabhtú le Perkinsus marinus agus ionfhabhtú le Marteilia refringens go dtí go mbeidh a measúnú ar na galair sin curtha i gcrích ag an OIE, d’fhonn leibhéal iomchuí cóineasaithe le caighdeáin OIE a bhaint amach. |
|
(8) |
Ina theannta sin, ní iomchuí leasú a dhéanamh ar liosta na speiceas veicteora d’ainmhithe uisceacha, atá liostaithe faoi láthair sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 go dtí go mbeidh measúnú eolaíoch ar na speicis sin curtha i gcrích, seachas na leasuithe atá riachtanach maidir le hainmniú speiceas aonair dá dtagraítear in aithris 9 den Rialachán seo. |
|
(9) |
Is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh ainm coitianta speicis ar leith a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. D’fhéadfadh an riosca féideartha go leathfadh galair a bheith mar thoradh ar an éagsúlacht sin, mura ndéantar ainmhithe a shainaithint i gceart. Ós rud é go mbeidh ainm eolaíoch speicis áirithe seasta, ba cheart na liostaí de na speicis uisceacha, atá leagtha amach sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882, a leasú chun nach n-áireofaí ach ainm eolaíoch gach speicis, rud atá ábhartha do na galair uisceacha liostaithe. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(3) Cód Sláinte um Ainmhithe Uisceacha OIE (2021)
IARSCRÍBHINN
Sa tábla ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialchán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882, cuirtear an méid seo a leanas in ionad rónna 51 go 63 ina gcuimsítear na galair liostaithe, na catagóirí de na galair sin, agus speicis liostaithe d’ainmhithe uisceacha:
|
Ainm an ghalair liostaithe |
Catagóir an ghalair liostaithe |
Speicis liostaithe |
|
|
Speicis agus grúpaí speiceas |
Speicis veicteora |
||
|
“Neacróis fhuilghinte eipeasótach |
A+D+E |
Ameiurus melas, Bidyanus bidyanus, Esox lucius, Galaxias olidus, Gambusia affinis, Gambusia holbrooki, Macquaria australasica, Melanotaenia fluviatilis, Oncorhynchus mykiss, Perca fluviatilis, Sander lucioperca |
Aristichthys nobilis, Carassius auratus, Carassius carassius, Cyprinus carpio, Hypophthalmichthys molitrix, Leuciscus spp., Rutilus rutilus, Scardinius erythrophthalmus, Tinca tinca |
|
Seipticéime fuilreatha víreasach |
C+D+E |
Alosa immaculata, Ameiurus nebulosus, Ambloplites rupestris, Ammodytes hexapterus, Aplodinotus grunniens, Centrolabrus exoletus, Clupea harengus, Clupea pallasii pallasii, Coregonus artedii, Coregonus clupeaformis, Coregonus lavaretus, Ctenolabrus rupestris, Cyclopterus lumpus, Cymatogaster aggregata, Dorosoma cepedianum, Danio rerio, Engraulis encrasicolus, Esox lucius, Esox masquinongy, Fundulus heteroclitus, Gadus macrocephalus, Gadus morhua, Gaidropsarus vulgaris,Gasterosteus aculeatus, Labrus bergylta, Labrus mixtus, Lampetra fluviatilis, Lepomis gibbosus, Lepomis macrochirus, Limanda limanda, Merlangius merlangus, Micropterus dolomieu, Micropterus salmoides, Micromesistius poutassou, Morone americana, Morone chrysops, Morone saxatilis, Mullus barbatus, Neogobius melanostomus, Notropis atherinoides, Notropis hudsonius, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus mykiss X Oncorhynchus kisutch hybrids, Oncorhynchus tshawytscha, Paralichthys olivaceus, Perca flavescens, Pimephales notatus, Pimephales promelas, Platichthys flesus, Pleuronectes platessa, Pomatoschistus minutus, Pomoxis nigromaculatus, Raja clavata, Salmo marmoratus, Salmo salar, Salmo trutta, Salvelinus namaycush, Sander vitreus, Sardina pilchardus, Sardinops sagax, Scomber japonicus, Scophthalmus maximus, Solea senegalensis, Sprattus sprattus, Symphodus melops, Thaleichthys pacificus, Trachurus mediterraneus, Trisopterus esmarkii, Thymallus thymallus, Uranoscopus scaber |
Acipenser baerii, Acipenser gueldenstaedtii, Acipenser ruthenus, Acipenser stellatus, Acipenser sturio, Ameiurus melas, Argyrosomus regius, Aristichthys nobilis, Carassius auratus, Carassius carassius, Clarias gariepinus, Cyprinus carpio, Dentex dentex, Dicentrarchus labrax, Diplodus puntazzo, Diplodus sargus, Diplodus vulgaris, Epinephelus aeneus, Epinephelus marginatus, Huso huso, Hypophthalmichthys molitrix, Ictalurus punctatus, Ictalurus spp., Leuciscus spp., Morone chrysops x, Morone saxatilis, Mugil cephalus, Oreochromis, Pagellus bogaraveo, Pagellus erythrinus, Pagrus major, Pagrus pagrus, Pangasius pangasius, Rutilus rutilus, Salvelinus alpinus, Salvelinus fontinalis, Sander lucioperca, Scardinius erythrophthalmus, Sciaenops ocellatus, Silurus glanis, Soleasenegalensis, Solea solea, Sparus aurata, Thunnus spp., Thunnus thynnus, Tinca tinca, Umbrina cirrosa |
|
Neacróis fhuilghinte ionfhabhtaíoch |
C+D+E |
Esox lucius, Onchorynchus clarkii, Oncorhynchus keta, Oncorhynchus kisutch, Oncorhynchus masou, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus nerka, Oncorhynchus tshawytscha, Salmo marmoratus, Salvelinus namaycush, Salmo salar, Salmo trutta, Salvelinus alpinus, Salvelinus fontinalis |
Acipenser Baerii, Acipenser gueldenstaedtii, Acipenser ruthenus, Acipenser stellatus, Acipenser sturio, Ameiurus melas, Aristichthys nobilis, Astacus astacus, Carassius auratus, Carassius carassius, Clarias gariepinus, Cyprinus carpio, Gadus morhua, Hippoglossus hippoglossus, Hypophthalmichthys molitrix, Huso huso, Ictalurus punctatus, Ictalurus spp., Leuciscus spp., Melanogrammus aeglefinus, Platichthys flesus, Pacifastacus leniusculus, Procambarus clarkii, Pangasius pangasius, Rutilus rutilus, Sander lucioperca, Scardinius erythrophthalmus, Silurus glanis, Tinca tinca |
|
Ionfhabhtú le víreas ainéime ionfhabhtaíoch na mbradán HPR-scriosta |
C+D+E |
Oncorynchus mykiss, Salmo salar, Salmo trutta |
|
|
Galar víreasach heirpéis koi |
E |
Gach cineál agus fospeiceas de Cyprinus carpio, agus hibridí de Cyprinus carpio e.g. Cyprinus carpio × Carassius auratus, Cyprinus carpio × Carassius carassius |
Carassius auratus, Ctenopharyngodon idella |
|
Ionfhabhtú le Mikrocytos mackini |
A+D+E |
Crassostrea gigas, Crassostrea sikamea, Ostrea edulis |
|
|
Ionfhabhtú le Perkinsus marinus |
A+D+E |
Crassostrea gigas, Crassostrea virginica |
Brachyura spp., Cherax destructor, Homarus gammarus, Macrobrachium rosenbergii, Palinurus spp., Penaeus indicus, Penaeus japonicus, Penaeus kerathurus, Penaeus stylirostris, Penaeus vannamei, Portunus puber, Scylla serrata |
|
Ionfhabhtú le Bonamia exitiosa |
C+D+E |
Crassostrea ariakensis, Crassostrea virginica, Ostrea puelchana, Ostrea angasi, Ostrea chilensis, Ostrea equestris, Ostrea edulis, Ostrea lurida |
Crassostrea angulata, Crassostrea gigas, Crassostrea virginica |
|
Ionfhabhtú le Bonamia ostreae |
C+D+E |
Crassostrea ariakensis, Ostrea chilensis, Ostrea edulis |
Cerastoderma edule, Donax trunculus, Mya arenaria, Mercenaria mercenaria, Meretrix lusoria, Pecten maximus, Ruditapes decussatus, Ruditapes philippinarum, Venerupis aurea, Venerupis pullastra, Venus verrucosa |
|
Ionfhabhtú le Marteilia refringens |
C+D+E |
Ostrea angasi, Ostrea chilensis, Ostrea edulis, Ostrea puelchana |
Cerastoderma edule, Donax trunculus, Mya arenaria, Mercenaria mercenaria, Meretrix lusoria, Ruditapes decussatus, Ruditapes philippinarum, Venerupis aurea, Venerupis pullastra, Venus verrucosa |
|
Ionfhabhtú le víreas shiondróm Taura |
A+D+E |
Metapenaeus ensis, Penaeus aztecus, Penaeus monodon, Penaeus setiferus, Penaeus stylirostris, Penaeus vannamei |
Atrina spp., Buccinum undatum, Brachyura spp., Cherax destructor, Crassostrea angulata, Cerastoderma edule, Crassostrea gigas, Crassostrea virginica, Donax trunculus, Haliotis discus hannai, Haliotis tuberculata, Homarus gammarus, Littorina littorea, Macrobrachium rosenbergii, Mercenaria mercenaria, Meretrix lusoria, Mya arenaria, Mytilus edulis, Mytilus galloprovincialis, Octopus vulgaris, Ostrea edulis, Palinurus spp, Portunus puber, Pecten maximus, Penaeus indicus, Penaeus japonicus, Penaeus kerathurus Ruditapes decussatus, Ruditapes philippinarum, Scylla serrata, Sepia officinalis, Strombus spp., Venerupis aurea, Venerupis pullastra, Venus verrucosa |
|
Ionfhabhtú le víreas ceannbhuí |
A+D+E |
Metapenaeus affinis, Penaeus monodon, Palaemonetes pugio, Penaeus stylirostris, Penaeus vannamei |
Atrina spp., Buccinum undatum, Crassostrea angulata, Cerastoderma edule, Crassostrea gigas, Crassostrea virginica, Donax trunculus, Haliotis discus hannai, Haliotis tuberculata, Littorina littorea, Mercenaria mercenaria, Meretrix lusoria, Mya arenaria, Mytilus edulis, Mytilus galloprovincialis, Octopus vulgaris, Ostrea edulis, Pecten maximus, Ruditapes decussatus, Ruditapes philippinarum, Sepia officinalis, Strombus spp., Venerupis aurea, Venerupis pullastra, Venus verrucosa |
|
Ionfhabhtú le víreas an tsiondróim spotaí bána |
C+D+E |
Crústaigh deiceapód (an t-ord Decapoda) |
Atrina spp., Buccinum undatum, Crassostrea angulata, Cerastoderma edule, Crassostrea gigas, Crassostrea virginica, Donax trunculus, Haliotis discus hannai, Haliotis tuberculata, Littorina littorea, Mercenaria mercenaria, Meretrix lusoria, Mya arenaria, Mytilus edulis, Mytilus galloprovincialis, Octopus vulgaris, Ostrea edulis, Pecten maximus, Ruditapes decussatus, Ruditapes philippinarum, Sepia officinalis, Strombus spp., Venerupis aurea, Venerupis pullastra, Venus verrucosa” |