15.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 160/28


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/923 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2022

lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá earráid sa leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 ón gCoimisiún (2), in Airteagal 6(3), pointe (b), de a mhéid a bhaineann leis na forálacha is infheidhme maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó speicis gránach.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Sualainnise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1189 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí d’ábhar ilchineálach orgánach ó ghéinis nó speicis ar leith (IO L 258, 20.7.2021, lch. 18).