15.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 160/1


RIALACHÁN (AE) 2022/922 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2022

maidir le bunú agus oibriú sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 70 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá limistéar Schengen atá gan rialú teorann ag na teorainneacha inmheánacha ag brath ar na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil. Is éard atá san acquis bearta i réimse na dteorainneacha seachtracha, bearta cúitimh i ngeall ar an easpa rialuithe ag teorainneacha seachtracha agus creat faireacháin láidir, ar bearta iad a neartaíonn an tsaorghluaiseacht agus a áirithíonn ardleibhéal slándála, ceartas agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear cosaint sonraí slándála.

(2)

Ó bhí 1998 ann, is buneilimintí de limistéar Schengen iad an mheastóireacht agus an faireachán idir phiaraí a dhéantar ar chur i bhfeidhm acquis Schengen, agus rannchuidíonn siad le hardleibhéal freagrachta agus úinéireachta a choinneáil ar bun i leith torthaí chomh maith le hiontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit a neartú.

(3)

Bunaíodh sásra sonrach Schengen um meastóireacht agus faireachán le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle (2), agus cuireadh chun feidhme in 2015 é.

(4)

Ba cheart feabhas a chur ar shásra meastóireachta agus faireacháin Schengen ar mhaithe lena éifeachtacht agus lena éifeachtúlacht a mhéadú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an sásra meastóireachta agus faireacháin athbhreithnithe ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí idir na Ballstáit a choinneáil ar bun trína áirithiú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, i gcomhréir leis na caighdeáin choiteanna, na bunphrionsabail agus na nósanna a comhaontaíodh, sa chaoi go gcuideofar le dea-fheidhmiú limistéar Schengen.

(5)

Is trí mheastóireachtaí oibiachtúla neamhchlaonta ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin na spriocanna sin a bhaint amach, meastóireachtaí lenar féidir easnaimh a shainaithint i gcur i bhfeidhm acquis Schengen a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiú ceart limistéar Schengen, lenar féidir a áirithiú go réiteofaí na heasnaimh sin go tapa agus lenar féidir bonn a thabhairt le haghaidh idirphlé ar fheidhmiú limistéar Schengen trí chéile. I gcomhréir le hAirteagal 70 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, le meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartais an Aontais laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Chuige sin, tá gá le dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, na comhfhreagrachtaí a dháileadh ar bhealach cothrom agus gné phiarmheasúnaithe an chórais a choinneáil ar bun. Tá gá freisin le ról feabhsaithe a bheith ag an gComhairle agus le dlúth-rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa. I bhfianaise mhéid na n-athruithe ar an sásra meastóireachta agus faireacháin arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(6)

Ba cheart a bheith in ann leis an sásra meastóireachta agus faireacháin gach réimse de acquis Schengen a chumhdach — anois agus amach anseo, go háirithe bainistiú na dteorainneacha seachtracha, easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, beartas víosaí, filleadh, córais faisnéise mhórscála a thacaíonn le cur i bhfeidhm acquis Schengen, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, agus cosaint sonraí — ach amháin na réimsí sin ina bhfuil sásra sonrach meastóireachta ann cheana faoi dhlí an Aontais. Ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin an reachtaíocht ábhartha uile agus gníomhaíochtaí oibríochtúla atá mar chuid de acquis Schengen agus a rannchuidíonn le feidhmiú limistéar Schengen a chuimsiú.

(7)

I ngach meastóireacht, ba cheart aird a thabhairt ar dhea-fheidhmiú na n-údarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 1 agus 2 Márta 2012. Ina theannta sin, ba cheart don mheastóireacht cleachtais eintiteas príobháideach a chuimsiú chomh maith, amhail aerlínte nó soláthraithe seirbhísí seachtracha, a mhéid atá siad rannpháirteach i gcur chun feidhme acquis Schengen nó a mhéid a dhéanann cur chun feidhme acquis Schengen difear dóibh agus iad ag comhoibriú leis na Ballstáit.

(8)

I bhfianaise ról méadaitheach chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais i gcur chun feidhme acquis Schengen, ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin tacú le gníomhaíochtaí chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí sin an Aontais a fhíorú a mhéid a ghníomhaíonn siad thar ceann na mBallstát chun cuidiú le cur i bhfeidhm oibríochtúil fhorálacha acquis Schengen. Faoi na rialacháin bhunaidh atá acu féin agus faoi na nósanna imeachta meastóireachta agus faireacháin atá acu féin, ba cheart fíorú na ngníomhaíochtaí sin a leabú sa mheastóireacht ar na Ballstáit, é a bheith léirithe sa tuarascáil agus é déanta gan dochar dofhreagrachtaí an Choimisiúin ná do fhreagrachtaí comhlachtaí rialaithe ábhartha na ngníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí lena mbaineann, agus ar bhealach ina n-urramaítear go hiomlán na freagrachtaí sin. I gcás ina sainaithnítear sna meastóireachtaí gur ann d’easnaimh i ndáil le feidhmeanna a dhéanann comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, nó i ndáil le feidhmeanna a dtacaíonn siad leo, ba cheart don Choimisiún é sin a chur in iúl do na comhlachtaí rialaithe ábhartha, agus don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.

(9)

Ba cheart díriú ar ghníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, agus aird á tabhairt ar thorthaí meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin, ar anailísí riosca, ar reachtaíocht nua, ar fhaisnéis a fuair an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, más ábhartha, ar thorthaí sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta. Ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh trí chomhar treisithe le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá rannpháirteach i gcur chun feidhme acquis Schengen chun faisnéis agus saineolas ábhartha a sholáthar chun gníomhaíochtaí meastóireachta nó faireacháin a phleanáil nó a dhéanamh, trí rannpháirtíocht chórasach comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí den sórt sin i meastóireachtaí Schengen, lena n-áirítear trí bhreathnóirí a ainmniú chun páirt a ghlacadh sna meastóireachtaí, agus trí anailísí riosca agus comhroinnt faisnéise fheabhsaithe, lena n-áirítear maidir le héilliú agus coireacht eagraithe a mhéid is féidir leo sin an bonn a bhaint de chur i bhfeidhm acquis Schengen ag na Ballstáit.

Baineann comhar agus rannpháirtíocht den sórt sin go háirithe leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), arna rialú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle (6), agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

Ba cheart an comhar sin a bheith níos cómhalartaí agus, sa bhreis ar rannchuidiú leis an sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart do na gníomhaireachtaí leas a bhaint as a bheith rannpháirteach ann freisin, agus, ar an gcaoi sin, a gcumas freagartha oibríochtúil fheabhsaithe a áirithiú. Chun aon choinbhleacht leasa a sheachaint i gcás ina bhfíoraítear gníomhaíochtaí comhlachta, oifige nó gníomhaireachta an Aontais atá bainteach le cur chun feidhme acquis Schengen, a mhéid a chomhlíonann siad feidhmeanna thar ceann na mBallstát chun cuidiú le cur i bhfeidhm oibríochtúil fhorálacha acquis Schengen, mar chuid de mheastóireacht Ballstáit, níor cheart breathnóirí ó chomhlacht, ó oifig nó ó ghníomhaireacht an Aontais a bheith rannpháirteach sa phlé ar na torthaí a bhaineann le gníomhaíocht an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta sin de chuid an Aontais.

(10)

An measúnú leochaileachta a dhéanann Frontex, is sásra comhlántach é ar an sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar mhaithe le rialú cáilíochta a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ullmhacht leanúnach a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun freagairt ar aon dúshlán ag an teorainn sheachtrach. Ba cheart an measúnú leochaileachta sin a chur san áireamh agus na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin á n-ullmhú, agus, ar an gcaoi sin, feasacht staide cothrom le dáta a áirithiú. Is cuid de bhainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip iad an dá shásra. Ba cheart sineirgí idir an mheastóireacht leochaileachta agus an sásra meastóireachta agus faireacháin a uasmhéadú d’fhonn léiriú staide feabhsaithe a chruthú i leith fheidhmiú limistéar Schengen agus dúbláil iarrachtaí agus moltaí a thagann salach ar a chéile a sheachaint a mhéid is féidir. Chun na críche sin, ba cheart malartú faisnéise rialta a bheith ann idir Frontex agus an Coimisiún faoi na torthaí ón dá shásra. Chun an bhéim straitéiseach a mhéadú agus chun dearadh meastóireachta níos spriocdhírithe a bhaint amach, is gá sineirgí a mhéadú a thuilleadh leis na sásraí agus na hardáin ábhartha atá faoi chúram ghníomhaireachtaí an Aontais agus riarachán náisiúnta, amhail an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (Empact), agus leis an bhformhaoirseacht a dhéanann an Coimisiún le tacú ó eu-LISA a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit a ullmhú le haghaidh chur chun feidhme na gcóras TF ábhartha agus leis na torthaí ó na sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta.

(11)

Le linn na meastóireachta, ba cheart béim ar leith a leagan ar a fhíorú go bhfuil cearta bunúsacha á n-urramú mar chuid de chur i bhfeidhm acquis Schengen, mar aon le meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm ceart na gceanglas cosanta sonraí a bhaineann le acquis Schengen, rud a ndéantar meastóireachtaí ar leithligh air. Chun inniúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú ionas gur féidir sáruithe ar chearta bunúsacha i réimsí beartais ábhartha a shainaithint, ba cheart bearta breise a chur chun feidhme. Ba cheart oiliúint chuí a chur ar mheastóirí Schengen ina leith sin, agus ba cheart úsáid níos fearr a bhaint as faisnéis ábhartha ó FRA agus ról níos mó a thabhairt dá saineolaithe ó thaobh dhearadh agus chur chun feidhme na meastóireachtaí de. Thairis sin, an fhianaise a chuirtear ar fáil go poiblí nó trí shásraí faireacháin neamhspleácha nó an fhianaise a chuireann tríú páirtithe ábhartha ar fáil, amhail oifigí ombudsman, údaráis a dhéanann faireachán ar an urraim do chearta bunúsacha, agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, ar a dtionscnamh féin, ba cheart go bhféadfaí an fhianaise sin a chur san áireamh ó thaobh chlársceidealú agus dhearadh na meastóireachtaí sin. Agus na meastóireachtaí á gcur chun feidhme, amhail na cuairteanna a reáchtáil, ba cheart a thuiscint gurb iad na heintitis agus na tríú páirtithe a thacaíonn leis na Ballstáit na heintitis agus na tríú páirtithe sin a bhfuil nasc dlíthiúil nó conarthach acu leis na Ballstáit, agus a bhfuil cead acu cúraimí áirithe a dhéanamh thar a gceann i gcur i bhfeidhm acquis Schengen. Agus na tuarascálacha meastóireachta á n-ullmhú, níor cheart ach an fhaisnéis a fíoraíodh le linn na gníomhaíochta meastóireachta a chur san áireamh.

(12)

Ba cheart don sásra meastóireachta agus faireacháin rialacha trédhearcacha éifeachtúla soiléire a bhunú maidir le foirmeacha agus modhanna atá le cur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, maidir le húsáid saineolaithe ardcháilithe agus maidir leis an obair leantach ar thorthaí na meastóireachtaí.

(13)

Ba cheart foirmeacha na meastóireachtaí agus na modhanna a dhéanamh ní ba sholúbtha chun éifeachtúlacht an tsásra meastóireachta agus faireacháin a mhéadú agus chun cur lena acmhainneacht dul in oiriúint d’imthosca nua agus d’fhorbairtí reachtacha nua agus chun úsáid acmhainní na mBallstát, an Choimisiúin agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a chuíchóiriú. Ba cheart meastóireachtaí tréimhsiúla trí bhíthin cuairteanna a bheith ina bpríomhbhealach chun an mheastóireacht a dhéanamh. Ba cheart meastóireachtaí gan réamhfhógra agus meastóireachtaí téamacha a úsáid ar bhealach cothrom, ar bhonn anailísí riosca, tar éis reachtaíocht nua a ghlacadh nó ar bhonn faisnéise a gheobhaidh an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart foirmeacha na meastóireachtaí a shainiú go soiléir. Ag brath ar an réimse beartais agus ar an gcineál gníomhaíochta meastóireachta agus faireacháin atá ann, leis an sásra meastóireachta agus faireacháin ba cheart go bhféadfaí meastóireacht a dhéanamh ar roinnt Ballstát san am céanna, agus i gcásanna eisceachtúla, ba cheart go bhféadfaí meastóireachtaí a dhéanamh go cianda nó go leathchianda agus meastóireacht a dhéanamh ar réimsí beartais le chéile. Faoin sásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart é a bheith indéanta tuarascálacha meastóireachta cuimsitheacha a sholáthar ina ndéanfaí measúnú ar fheidhmíocht fhoriomlán an Bhallstáit ó thaobh chur i bhfeidhm acquis Schengen de.

(14)

Ba cheart meastóireachtaí téamacha a úsáid chun anailís a sholáthar ar chleachtais na mBallstát i gcur chun feidhme acquis Schengen. Ba cheart na meastóireachtaí sin a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha, de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm, agus ar chur chun feidhme tionscnamh nua, mar aon le measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla nó ar chleachtais na mBallstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.

(15)

Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a eagrú, ag brath ar an gcuspóir atá leo, gan ach réamhfhógra gearr a thabhairt nó gan réamhfhógra a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar anailísí riosca nó ar fhorais ábhartha eile, de réir mar is iomchuí. Ba cheart go bhféadfaí cuairteanna gan réamhfhógra a eagrú chun meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm acquis Schengen ag teorainneacha inmheánacha, agus ar na fadhbanna atá ag teacht chun cinn nó ar na fadhbanna sistéamacha a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar fheidhmiú limistéar Schengen, nó cuairteanna a eagrú i gcás ina bhfuil forais ann lena mheas go bhfuil faillí thromchúiseach á déanamh ag Ballstát maidir le hoibleagáidí faoi acquis Schengen. Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a eagrú de ghnáth le réamhfhógra 24 uair an chloig ar a laghad. Ba cheart cuairteanna gan réamhfhógra a dhéanamh chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi acquis Schengen a fhíorú, go háirithe ag teorainneacha inmheánacha agus mar fhreagairt ar thásca réasúnaithe maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha i gcur i bhfeidhm acquis Schengen. I gcásanna den sórt sin, shárófaí cuspóir na cuairte dá dtabharfaí fógra roimh ré. Ba cheart go bhféadfaí, trí chuairteanna gan réamhfhógra a bhaineann leis an meastóireacht ar chur i bhfeidhm acquis Schengen is infheidhme ag teorainneacha inmheánacha, a fhíorú, go háirithe, nach bhfuil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha ann, agus cé acu atá nó nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú cumhachtaí póilíneachta nó aon chumhachtaí poiblí eile a fheidhmítear i limistéar na teorann inmheánaí le seiceálacha teorann.

(16)

Tá fianaise ann cheana go bhfuil breisluach ag baint leis na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo a chlársceidealú trí chláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla i dtaobh intuarthacht agus deimhneacht a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a ghlacadh. Ba cheart an tsolúbthacht is gá a bheith ag baint leis na cláir sin ionas gur féidir iad a chur in oiriúint do nádúr dinimiciúil acquis Schengen le himeacht ama. I gcás force majeure, ba cheart na cláir sin a choigeartú i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann gan aon ghá leis na cláir a leasú go foirmiúil. Leis an gclár meastóireachta ilbhliantúil, arna ghlacadh ar feadh 7 mbliana, ba cheart go mbeifí in ann réimsí tosaíochta sonracha a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, laistigh de na réimsí beartais, atá le cumhdach sna meastóireachtaí tréimhsiúla. Leis an gcur chuige sin, ba cheart gurbh ann do níos mó solúbthachta mar aon le roghnú tosaíochtaí ní b’fhearr agus úsáid ní ba chothroime agus ní ba straitéisí a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil. Agus an clár meastóireachta ilbhliantúil á shíneadh ó 5 bliana go 7 mbliana, ba cheart faireachán méadaithe ar na Ballstáit atá ní ba ghrinne agus ní ba spriocdhírithe a bheith mar thoradh air sin gan an leibhéal grinnscrúdaithe a laghdú.

(17)

Ba cheart d’fhoirne ar a bhfuil ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh. Ba cheart na cáilíochtaí cuí a bheith ag na hionadaithe agus ag na saineolaithe sin, lena n-áirítear eolas teoiriciúil láidir agus taithí phraiticiúil, agus ba cheart go mbeidís tar éis tabhairt faoin oiliúint ábhartha atá ann cheana. Ba cheart don Choimisiún cúrsaí oiliúna do mheastóirí Schengen i ngach réimse beartais ábhartha a áirithiú, lena n-áirítear na gnéithe a bhaineann le cearta bunúsacha agus feidhmiú ceart na n-údarás. Leis an oiliúint a chuirfear ar shaineolaí chun a bheith ina mheastóir ar Schengen, ba cheart go mbeifí in ann aitheantas a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta do scileanna, do shaineolas agus do chumas a fuair sé nó sí le linn na hoiliúna sin. Mura bhfuil aon chúrsaí oiliúna ar fáil do réimse beartais, agus mar thoradh air sin go bhfuil easpa saineolaithe oilte ann, ba cheart don saineolaí atá ag iarraidh bheith ina mheastóir Schengen a bheith in ann gabháil le misean meastóireachta mar shaineolaí faoi oiliúint.

(18)

Chun a áirithiú ar bhealach níos tapúla agus níos simplí gur leor an líon saineolaithe rannpháirteacha a bhfuil taithí acu, ba cheart don Choimisiún díorma saineolaithe a bhunú agus a choinneáil ar bun i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Ba cheart gurbh é an díorma sin an príomhfhoinse saineolaithe le haghaidh gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin. Ba cheart do gach Ballstát saineolaí amháin ar a laghad a ainmniú i ngach réimse beartais ina ndéantar meastóireacht air, ach amháin i gcás ina ndéanfadh an t-ainmniú difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta.

(19)

Ba cheart tuilleadh solúbthachta a chur ar fáil i ndáil le méid na bhfoirne meastóireachta agus faireacháin chun an éifeachtúlacht a mhéadú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún méid na bhfoirne a shainiú agus a oiriúnú ag brath ar na riachtanais agus ar na dúshláin a bhaineann le gach gníomhaíocht mheastóireachta agus faireacháin, agus an chothromaíocht idir líon ionadaithe ón gCoimisiún agus saineolaithe ó na Ballstáit a choimeád, chun na prionsabail maidir le freagracht idir piaraí agus freagracht chomhroinnte a léiriú. Ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir prionsabail na freagrachta comhroinnte agus intuarthacht agus an gá atá le solúbthacht le linn phróiseas roghnúcháin na saineolaithe. Agus foirne á mbunú, dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cothromaíocht gheografach, cineálacha éagsúla próifílí agus uainíocht a áirithiú, a mhéid is féidir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar acmhainneacht na riarachán náisiúnta chun a áirithiú nach gcuirfeadh ainmniú saineolaithe i ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin ualach iomarcach ar na Ballstáit ná ar staid aonair na saineolaithe. Ba cheart do na saineolaithe ar tugadh cuireadh dóibh chun meastóireachtaí sonracha a dhéanamh agus ba cheart dá n-údaráis náisiúnta freagairt dhearfach a thabhairt ar chuirí; níor cheart ach d’fhorais thromchúiseacha ghairmiúla nó phearsanta a bheith ina n-údar cuí leis an gcuireadh a dhiúltú.

(20)

Na costais oibríochtúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, amhail taisteal, lóistín agus bia, ba cheart do bhuiséad an Aontais na costais sin a chumhdach. Ba cheart go bhféadfaí aon liúntas laethúil breise le haghaidh saineolaithe náisiúnta atá rannpháirteach sna misin mheastóireachta agus faireacháin mar aon le costais foirne na ndaoine a thagann in ionad na saineolaithe sin agus iad as láthair, a chumhdach le cláir náisiúnta na mBallstát faoi chistí ábhartha an Aontais, i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha infheidhme na gcistí sin.

(21)

Ba cheart gur ghairid agus gur ghonta iad na tuarascálacha meastóireachta. Ba cheart dóibh díriú ar easnaimh a bhfuil tionchar suntasach acu agus tábhacht a leagan ar réimsí a bhféadfaí feabhsuithe suntasacha a chur orthu. Níor cheart torthaí fánacha a chur sna tuarascálacha. Bíodh sin mar atá, ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, ba cheart don fhoireann na torthaí sin a chur in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, lena n-áirítear na húdaráis a bhfuil an sásra rialaithe cáilíochta náisiúnta ábhartha faoina gcúram. Ba cheart don fhoireann a dícheall a dhéanamh na cleachtais is fearr a shainaithint, agus ba cheart iad a chur leis na tuarascálacha. Go háirithe, i dtaca le bearta nua nuálacha a chuireann feabhas mór ar chur chun feidhme na rialacha comhchoiteanna ar bearta iad a d’fhéadfadh Ballstáit eile a chur i ngníomh, ba cheart na bearta sin a chur i dtábhacht mar dhea-chleachtais chun críocha na tuarascála.

(22)

Moltaí maidir leis na heasnaimh arna sainaithint a réiteach lena n-áirítear sáruithe ar chearta bunúsacha, ba cheart na moltaí sin a bheith sna tuarascálacha meastóireachta go hiondúil agus ba cheart don Choimisiún iad a ghlacadh i ngníomh amháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme tríd an nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) gan mhoill. Nuair a chomhdhlúthaítear an tuarascáil agus na moltaí le chéile in aon doiciméad amháin atá faoi réir nós imeachta um ghlacadh amháin, treisítear an ceangal bunúsach idir torthaí na meastóireachta agus na moltaí. Sa bhreis air sin, i ngeall ar fhoilsiú comhuaineach na tuarascála agus na moltaí, ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit na heasnaimh a réiteach ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla. An tráth céanna, le húsáid an nós imeachta scrúdúcháin, ba cheart go n-áiritheofaí rannpháirtíocht na mBallstát sa phróiseas cinnteoireachta a mbeidh glacadh na moltaí ina thoradh air.

(23)

Mar sin féin, chun muinín fhrithpháirteach i measc na mBallstát a neartú, chun comhordú níos fearr ar leibhéal an Aontais a áirithiú agus chun piarbhrú eatarthu a threisiú, ba cheart an chumhacht cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle na moltaí maidir le gníomhaíocht cheartaitheach a ghlacadh i gcásanna áirithe, chomh maith leis na pleananna gníomhaíochta a dhúnadh i gcásanna áirithe, i bhfianaise a róil pholaitiúil agus brú piaraí den sórt sin á fheidhmiú aici. Tá údar le cumhacht cur chun feidhme den sórt sin toisc gur tugadh cumhachtaí sonracha don Chomhairle, faoi Airteagal 70 CFAE, i réimse na meastóireachta frithpháirtí ar chur chun feidhme bheartais an Aontais laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Léirítear go leordhóthanach léi an cuspóir atá le sásra meastóireachta bunaithe ar an lex specialis seo, is é sin, laistigh den réimse áirithe seo, feidhm chomhlántach a chomhlíonadh maidir le faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá cur chun feidhme praiticiúil bheartais an Aontais trí athbhreithniú piaraí. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle moltaí a ghlacadh i gcásanna a bhfuil tábhacht pholaitiúil agus leas ginearálta ag baint leo agus ar mhaithe le feidhmiú limistéar Schengen. Ba cheart a mheas go dtagann cásanna den sórt sin chun cinn i gcás ina ndéanann an Ballstát a bhfuil meastóireacht déanta air ábhar na dréacht-tuarascála meastóireachta nó cineál toraidh a chonspóid go substaintiúil, ag léiriú ar an gcaoi sin go bhféadfadh sé gur tháinig fadhbanna chun cinn le linn na meastóireachta. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid céanna i gcás meastóireacht arb é is conclúid di go bhfuil easnamh tromchúiseach ann, i gcásanna meastóireachtaí téamacha nó i gcásanna meastóireachtaí céaduaire. Ar an gcaoi chéanna, mar chuid dá ról i gcéim faireacháin an tsásra meastóireachta agus faireacháin, ba cheart don Chomhairle cinntí cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheastar tabhairt chun críche pleananna gníomhaíochta i gcásanna easnaimh thromchúiseacha agus meastóireachtaí céaduaire.

(24)

Sa bhreis air sin, i gcás ina sainaithneofar i meastóireacht gurb ann d’easnamh tromchúiseach, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha sonracha lena n-áirithiú go nglacfar beart ceartaitheach go pras. I bhfianaise an riosca a bhaineann le heasnaimh den sórt sin, a luaithe a bheidh an t-easnamh tromchúiseach curtha in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, ba cheart dó bearta a chur chun feidhme láithreach chun an t-easnamh a leigheas, lena n-áirítear, i gcás inar gá, na hacmhainní oibríochtúla agus airgeadais uile iomchuí a shlógadh. Ba cheart gníomhaíocht cheartaitheach a bheith faoi réir teorainneacha ama ní ba ghairide agus scrúdú polaitiúil agus meastóireacht ní ba ghrinne le linn an phróisis. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach nuair a shainaithnítear i meastóireacht easnamh tromchúiseach, lena n-áirítear i gcás ina meastar gurb ionann easnamh tromchúiseach agus riosca don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí laistigh de limistéar Schengen. Ba cheart don Choimisiún tuairisc a chur chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa agus athchuairt a eagrú tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta na meastóireachta chun a fhíorú an bhfuil na heasnaimh lena mbaineann leigheasta ag an mBallstát. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le hathchuairt a chur bhráid na Comhairle tar éis na hathchuairte.

(25)

Chun easnamh tromchúiseach a shainaithint, tá gá le measúnú críochnúil a dhéanamh de réir an cháis ar bhonn critéir shoiléire maidir le gné, scála agus tionchar féideartha na bhfadhbanna, ar critéir iad a d’fhéadfadh a bheith difriúil i gcás gach réimse beartais. Na príomheilimintí le haghaidh acquis Schengen a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach mar aon le teaglaim tosca éagsúla, is nithe iad a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le toradh a aicmiú mar easnamh tromchúiseach. Má mheastar, áfach, go bhféadfadh easnamh a sainaithníodh a bheith ina shárú ar chearta bunúsacha nó go bhfuil, nó go bhféadfadh sé le himeacht aimsire, tionchar diúltach suntasach a bheith aige ar Bhallstát amháin nó níos mó nó ar fheidhmiú an limistéir nach bhfuil rialú ag teorainneacha inmheánacha ann, measfar gur easnamh tromchúiseach é an t-easnamh sin. I gcás ina sainaithneofar i dtuarascáil mheastóireachta gurb ann d’easnamh tromchúiseach maidir leis an rialú teorann a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha, féadfaidh feidhm a bheith ag Airteagal 21 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(26)

Ba cheart béim láidir ar obair leantach agus faireacháin a bheith mar chuid den sásra meastóireachta agus faireacháin. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis an gComhairle, agus le Parlaimint na hEorpa, i gcás inarb ábhartha, ar cheart dó an bhéim sin a áirithiú, gan ualach díréireach a chruthú do na gníomhaithe atá páirteach ann. Ba cheart pleananna gníomhaíochta a chur i bhfeidhm ar bhonn na meastóireachtaí. Agus na pleananna gníomhaíochta á dtarraingt suas, ba cheart do na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu aird iomlán a thabhairt ar na deiseanna cistiúcháin a chuireann an tAontas ar fáil agus an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní sin. Chun dlús a chur leis an bpróiseas, ba cheart don Choimisiún athbhreithnithe a dhéanamh ar leordhóthanacht na bpleananna gníomhaíochta, i bhfoirm litreach mar shampla. Chun obair leantach thráthúil a áirithiú, mura measann seirbhísí an Choimisiúin gur sásúil an plean gníomhaíochta, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta leasaithe a chur isteach laistigh de 1 mhí amháin ó fuair sé an t-athbhreithniú. Ba cheart don Ballstát tuairisc ar an obair leantach a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle gach 6 mhí de ghnáth. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann minicíocht éagsúil tuairiscithe a léiriú, lena n-áirítear minicíocht tuairiscithe laghdaithe, mar shampla i gcásanna inar sainaithníodh sa mheastóireacht nach raibh sna torthaí ach go raibh “feabhsú riachtanach”.

(27)

Mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireacháin ba cheart don Choimisiún a bheith in ann athchuairteanna agus cuairteanna fíorúcháin a eagrú. Ba cheart athchuairteanna a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ó thaobh cur chun feidhme plean gníomhaíochta tar éis meastóireacht inar sainaithníodh easnamh tromchúiseach nó tar éis “meastóireacht chéaduaire” arb é is conclúid di nár chomhlíon an Ballstáit a ndearnadh meastóireacht air na coinníollacha is gá chun acquis Schengen a chur i bhfeidhm sa réimse beartais a ndearnadh meastóireacht ina leith. Sa tuarascáil athchuairte, ba cheart an dul chun cinn a rinneadh chun na moltaí a chur chun feidhme a chur i láthair agus a chinneadh ar tugadh aghaidh ar an easnamh tromchúiseach. Ba cheart go bhféadfaí, moltaí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más gá. Mar bhealach chun brú piaraí a chur i ngníomh, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann a seasamh maidir leis an tuarascáil a chur in iúl agus iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a mholadh.

(28)

Má mheastar gur gá sin, ba cheart go bhféadfaí cuairteanna fíorúcháin a eagrú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn chur chun feidhme plean gníomhaíochta tar éis meastóireacht nár sainaithníodh easnamh tromchúiseach inti. Ba cheart cuairteanna fíorúcháin a eagrú i gcónaí roimh phlean gníomhaíochta a thabhairt chun críche tar éis meastóireacht inar sainaithníodh gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus tar éis meastóireacht chéaduaire a dhéanamh. Ó thaobh na gceanglas eagraíochtúla agus tuairiscithe de, ba cheart cuairteanna fíorúcháin a bheith níos éadroime ná cuairteanna meastóireachta. Go háirithe, ba cheart foirne níos lú a bheith ag baint leo agus níor cheart gurbh é ba thoradh orthu torthaí nua ná gá a bheith le tuarascáil a ghlacadh. Ba cheart don Chomhairle páirt ní ba ghníomhaí a ghlacadh sa chéim faireacháin, ba cheart don Choimisiún í a chur ar an eolas i scríbhinn, mar shampla i bhfoirm litreach, maidir le toradh na gcuairteanna fíorúcháin agus ba cheart di tabhairt chun críche na bpleananna gníomhaíochta a fhormheas i gcás easnamh tromchúiseach agus meastóireachtaí céaduaire, ar bhonn an togra ón gCoimisiún.

(29)

Tá sé riachtanach go mbíonn plé ar siúl go rialta ar an leibhéal polaitiúil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle chun aird a tharraingt ar chur chun feidhme éifeachtach acquis Schengen agus chun na Ballstáit a spreagadh chun na heasnaimh arna sainaithint a leigheas, de réir mar is iomchuí. Go háirithe, ba cheart don Chomhairle a ról polaitiúil a fheidhmiú maidir le rialachas limistéar Schengen trí na tuarascálacha a thíolaic an Coimisiún a phlé agus trí phlé polaitiúil a dhéanamh maidir le acquis Schengen a chur chun feidhme go héifeachtach agus maidir le feidhmiú cuí an limistéir gan rialú ag na teorainneacha inmheánacha. Ba cheart don Choimisiún ionchur leormhaith a chur ar fáil chun an plé sin a éascú lena n-áirítear trí thuarascáil bhliantúil chuimsitheach a ghlacadh ina gcumhdaítear na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin agus an staid atá ann ó thaobh chur chun feidhme na moltaí. Ba cheart don Chomhairle plé cothrománach a dhéanamh ar bhonn na tuarascála sin agus na dtorthaí sin chun rannchuidiú le cur chun feidhme níos éifeachtúla agus níos gasta na moltaí agus a ngníomhaíochtaí ceartaitheacha comhchoibhneasa.

(30)

An sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dó feidhm chomhlántach a chomhlíonadh maidir le faireachán a dhéanamh ar a éifeachtaí atá cur chun feidhme praiticiúil bheartais an Aontais trí athbhreithniú piaraí. Cumhacht ghinearálta an Choimisiúin chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh trí nósanna imeachta um shárú, níor cheart difear a dhéanamh don chumhacht sin.

(31)

Stádas rúnaicmithe na tuarascála meastóireachta agus na tuarascála maidir le hathchuairt, ba cheart iad a bheith “íogair neamh-rúnaicmithe” i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme arna leagan amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (10). Ba cheart iad a aicmiú mar “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” de réir bhrí Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (11), i gcás ina bhfuil aicmiú den sórt sin de dhíth de bhun Airteagal 5(3) den Chinneadh sin nó tar éis iarraidh a bhfuil bonn cirt léi a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

(32)

I bhfianaise an róil ar leith a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta faoin abairt dheireanach d’Airteagal 70 den CFAE, mar a leagtar béim air in Airteagal 12, pointe (c), den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a mhéid a bhaineann leis na parlaimintí náisiúnta, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta a chur ar an eolas maidir le hábhar agus torthaí na meastóireachtaí. Anuas air sin, dá gcuirfeadh an Coimisiún togra isteach le haghaidh an Rialachán seo a leasú, rachadh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 19(7), pointe (h), dá Rialacha Nós Imeachta (12), chun an tuairim uaithi a chur san áireamh, a mhéid is féidir, roimh an téacs críochnaitheach a ghlacadh.

(33)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 27 Iúil 2021 (13).

(34)

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann na Ballstáit agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus a bhfreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.

(35)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na cláir mheastóireachta ilbhliantúla agus bhliantúla a bhunú, ceistneoir caighdeánach a bhunú agus a nuashonrú, agus tuarascálacha meastóireachta agus tuarascálacha maidir le hathchuairt a ghlacadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(36)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le heasnamh tromchúiseach, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(37)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal le CAE agus CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(38)

Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal le CAE agus CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (15).

(39)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen (16) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (17).

(40)

Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (18) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (19).

(41)

Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (20) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (21).

(42)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, an Bhulgáir agus an Rómáin agus an Chróit, is éard atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach.

(43)

An fíorú i gcomhréir leis na nósanna imeachta meastóireachta Schengen is infheidhme maidir leis an mBulgáir, an Rómáin agus an Chróit, ó tharla go bhfuil an fíorú sin curtha i gcrích cheana féin de bhun a nIonstraimí Aontachais féin, níor cheart an fíorú faoi Airteagal 1(2), pointe (b), den Rialachán seo a athsheoladh i ndáil leis na Ballstáit sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin lena áirithiú go ndéanann na Ballstáit acquis Schengen a chur i bhfeidhm go héifeachtach, go héifeachtúil agus i gceart agus ar an gcaoi sin go gcuidíonn siad leis an muinín fhrithpháirteach a chothabháil i measc na mBallstát agus le limistéar dea-fheidhmiúil a bheith ann gan rialú ag na teorainneacha inmheánacha.

2.   Leis an sásra meastóireachta agus faireacháin a bhunófar, déanfar foráil maidir le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin oibiachtúla neamhchlaonta a bhfuil sé d’aidhm acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú sna Ballstáit a bhfuil feidhm iomlán ag acquis Schengen ina leith, agus sna Ballstáit a bhfuil feidhm, i bpáirt aige ina leith, i gcomhréir leis na Prótacail ábhartha atá i gceangal le CAE agus le CFAE;

(b)

a fhíorú go bhfuil na coinníollacha is gá do chur i bhfeidhm gach cuid ábhartha de acquis Schengen comhlíonta sna Ballstáit sin nár glacadh cinneadh ón gComhairle ina leith, ina luaitear go mbeidh feidhm ag forálacha acquis Schengen, ina n-iomláine nó i bpáirt, seachas na Ballstáit sin a mbeidh a meastóireacht curtha i gcrích tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin sin.

3.   Féadfaidh meastóireachtaí gach gné de acquis Schengen a chumhdach agus cuirfear feidhmiú na n-údarás a chuireann acquis Schengen i bhfeidhm san áireamh iontu. Féadfaidh na meastóireachtaí na réimsí beartais seo a leanas a chumhdach go háirithe: bainistiú na dteorainneacha seachtracha, easpa rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, beartas víosaí, filleadh, córais faisnéise mhórscála, tacú le cur i bhfeidhm acquis Schengen, comhar póilíneachta, comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus cosaint sonraí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críoch an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “acquis Schengen” na forálacha arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus CFAE, mar aon leis na gníomhartha a chuireann leo nó atá bainteach leo ar bhealach eile;

(2)

ciallaíonn “meastóireacht chéaduaire” meastóireacht chun a fhíorú an gcomhlíonann Ballstát a bhfuil acquis Schengen ina cheangal air agus ar Ballstát é nár cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha ina leith, an gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine nó, i gcás Ballstát nach nglacann páirt in acquis Schengen agus ar Ballstát é ar údaraigh an Chomhairle dó codanna de acquis Schengen a chur i bhfeidhm, chun a fhíorú an gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm i bpáirt;

(3)

ciallaíonn “meastóireacht thréimhsiúil” meastóireacht atá sa chlár meastóireachta ilbhliantúil agus sna cláir mheastóireachta bhliantúla, ar meastóireacht í chun a fhíorú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ag Ballstát d’fhonn measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Bhallstáit sin maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm;

(4)

ciallaíonn “meastóireacht gan réamhfhógra” meastóireacht nach bhfuil sna cláir mheastóireachta bhliantúla agus ilbhliantúla, ar meastóireacht í chun a fhíorú go bhfuil acquis Schengen á chur i bhfeidhm ag Ballstát amháin nó níos mó i réimse beartais amháin nó níos mó;

(5)

ciallaíonn “meastóireacht théamach” meastóireacht, a áirítear sa chlár meastóireachta bliantúil, arb é is aidhm di anailís ar reachtaíocht na mBallstát nó ar a gcleachtais i ndáil le cur i bhfeidhm acquis Schengen a chur ar fáil, nó anailís ar chur i bhfeidhm a chodanna sonracha i roinnt Ballstát;

(6)

ciallaíonn “cuairt” cuairt ar Bhallstát nó ar a chonsalachtaí chun gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin a dhéanamh;

(7)

ciallaíonn “athchuairt” cuairt bhreise a dhéantar tar éis meastóireacht inar sainaithníodh gur ann d’easnamh tromchúiseach nó tar éis meastóireacht chéaduaire arb é ba chonclúid di nár chomhlíon an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air na coinníollacha is gá maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm;

(8)

ciallaíonn “cuairt fíorúcháin” cuairt bhreise nach athchuairt í, cuairt a dhéantar chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm plean gníomhaíochta;

(9)

ciallaíonn “toradh neamhchomhlíontach” measúnú ar thoradh ar dá réir a chinntear nach gcomhlíonann na dlíthe náisiúnta, na rialacháin agus na bearta riaracháin, ná a gcur chun feidhme forálacha acquis Schengen a bhfuil ceangail dlí ag baint leo;

(10)

ciallaíonn “easnamh tromchúiseach” measúnú ginearálta ar an staid atá inchurtha i leith toradh neamhchomhlíontach amháin nó níos mó a bhaineann le cur i bhfeidhm éifeachtach acquis Schengen agus a bhfuil an baol ann, ina n-aonar nó i dteannta a chéile, gur sárú ar chearta bunúsacha a bheadh i gceist nó a bhfuil baol ann, le himeacht aimsire, go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige ar Bhallstát amháin nó níos mó nó ar fheidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha;

(11)

ciallaíonn “foireann” grúpa ina bhfuil saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin;

(12)

ciallaíonn “breathnóir” saineolaí arna ainmniú ag comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7 a bhíonn rannpháirteach i ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin;

(13)

ciallaíonn “saineolaí faoi oiliúint” saineolaí arna ainmniú ag Ballstát nó ag ionadaí an Choimisiúin ar a gcuirfear oiliúint mar mheastóir Schengen.

Airteagal 3

Freagrachtaí agus dualgas comhair

1.   Beidh na Ballstáit agus an Coimisiún freagrach go comhpháirteach as cur chun feidhme an tsásra meastóireachta agus faireacháin, le rannchuidiú ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7 i gcomhréir lena sainorduithe féin.

2.   Is ag an gCoimisiún a bheidh ról comhordúcháin foriomlán maidir leis na cláir mheastóireachta bhliantúla agus ilbhliantúla a chur ar bun, ceistneoirí a dhréachtú, sceideal na gcuairteanna a shocrú, cuairteanna a dhéanamh, agus tuarascálacha meastóireachta agus moltaí a dhréachtú. Áiritheoidh sé freisin go ndéanfar na gníomhaíochtaí leantacha agus faireacháin.

3.   Glacfaidh an Chomhairle moltaí i gcás easnaimh thromchúiseacha, meastóireachtaí céaduaire, meastóireachtaí téamacha agus i gcás ina ndéanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air an dréacht-tuarascáil mheastóireachta ina bhfuil na dréachtmholtaí a chonspóid go substaintiúil. Mar chuid de chéim faireacháin an tsásra meastóireachta agus faireacháin, glacfaidh an Chomhairle cinntí cur chun feidhme maidir le tabhairt chun críche na bpleananna gníomhaíochta i gcás easnaimh thromchúiseacha agus meastóireachtaí céaduaire.

Comhlíonfaidh an Chomhairle a ról polaitiúil maidir le rialachas limistéar Schengen trí na tuarascálacha a thíolaic an Coimisiún a phlé, i gcomhréir le hAirteagal 25, lena n-áirítear staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, agus trí phlé polaitiúil a dhéanamh maidir le acquis Schengen a chur chun feidhme go héifeachtach agus maidir le feidhmiú cuí an limistéir gan rialú ag na teorainneacha inmheánacha. Chuige sin, oibreoidh an Coimisiún agus an Chomhairle go hiomlán i gcomhar ag gach céim den sásra meastóireachta agus faireacháin a dhéanfar faoin Rialachán seo. Go háirithe, cuirfidh an Coimisiún faisnéis ábhartha thráthúil ar fáil don Chomhairle maidir le clársceidealú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin.

4.   Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go hiomlán i gcomhar ag gach céim de na meastóireachtaí ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

5.   Déanfaidh na Ballstáit gach beart, bíodh sé ginearálta nó sonrach, chun tacaíocht agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na foirne i dtaca le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an Coimisiún agus na foirne a dhéanann gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin in ann a gcúraimí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, go háirithe trí ligean don Choimisiún agus do na foirne fiosrúcháin a chur faoi bhráid daoine ábhartha go díreach agus trí rochtain iomlán gan bhac a thabhairt ar na limistéir ar fad, ar na háitribh ar fad agus ar na doiciméid ar fad is gá don ghníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin, lena n-áirítear treoirlínte agus treoracha náisiúnta agus inmheánacha. Tabharfar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe do bhaill foirne agus do bhreathnóirí a bhfuil imréiteach slándála iomchuí acu arna eisiúint ag údarás inniúil.

6.   Na socruithe taistil is gá chuig an mBallstát a bhfuil cuairt á tabhairt air agus ón mBallstát sin, is é an Coimisiún a bheidh freagrach as na socruithe sin a dhéanamh le haghaidh ionadaithe ón gCoimisiún agus le haghaidh saineolaithe ó na Ballstáit atá ar na foirne.

Is é an Coimisiún a sheasfaidh na costais taistil agus lóistín le haghaidh na saineolaithe a bheidh páirteach sna cuairteanna agus le haghaidh an bhreathnóra agus an saineolaí faoi oiliúint dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

Is é an Ballstát a bhfuil cuairt á tabhairt air a bheidh freagrach as an iompar is gá ar an láthair a sholáthar, ach amháin i gcás cuairteanna gan réamhfhógra.

Airteagal 4

Foirmeacha na meastóireachta

1.   Féadfaidh na meastóireachtaí a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

meastóireachtaí céaduaire;

(b)

meastóireachtaí tréimhsiúla;

(c)

meastóireachtaí gan réamhfhógra;

(d)

meastóireachtaí téamacha.

2.   Eagróidh an Coimisiún meastóireachtaí céaduaire tar éis do Bhallstát dearbhú a dhéanamh faoina ullmhacht le haghaidh meastóireachta.

3.   Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí gan réamhfhógra a eagrú, go háirithe sna cásanna seo a leanas:

(a)

meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm acquis Schengen is infheidhme ag na teorainneacha inmheánacha;

(b)

nuair atá sé ar an eolas faoi fhadhbanna sistéamacha nó fadhbanna atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh tionchar diúltach suntasach a bheith acu ar fheidhmiú an limistéir gan rialú ag na teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear imthosca a bheadh ina mbagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar sin;

(c)

nuair atá foras aige lena mheas go bhfuil Ballstát ag déanamh faillí thromchúiseach ina n-oibleagáidí faoi acquis Schengen, lena n-áirítear nuair atá foras aige lena mheas gur ann do sháruithe tromchúiseacha ar chearta bunúsacha.

4.   Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí téamacha a eagrú, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme athruithe reachtacha suntasacha de réir mar a thosóidh na hathruithe ag teacht i bhfeidhm nó ar chur chun feidhme tionscnamh nua, nó chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna i réimsí beartais éagsúla nó ar chleachtais Ballstát a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.

Airteagal 5

Foirmeacha na ngníomhaíochtaí faireacháin

D’fhéadfadh gníomhaíochtaí faireacháin aon cheann de na nithe seo a leanas a chuimsiú:

(a)

athbhreithniú ar phleananna gníomhaíochta agus tuarascálacha leantacha arna gcur isteach ag na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu;

(b)

athchuairteanna;

(c)

cuairteanna fíorúcháin.

Airteagal 6

Modhanna meastóireachta agus faireacháin

Féadfar gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 4 agus Airteagal 5 a dhéanamh trí bhíthin cuairteanna agus trí bhíthin ceistneoirí nó, go heisceachtúil, modhanna cianda eile.

Féadfar gach modh meastóireachta agus faireacháin a úsáid go neamhspleách nó in éineacht le modh eile, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 7

Comhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais

1.   Oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a ghlacann páirt i gcur chun feidhme acquis Schengen, agus oibreoidh sé i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA).

Féadfaidh an Coimisiún socruithe a dhéanamh leis na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais ar mhaithe le comhar a éascú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

2.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir lena sainorduithe féin, faisnéis, sonraí staidrimh nó anailísí riosca a sholáthar, lena n-áirítear maidir le héilliú agus an choireacht eagraithe, a mhéid a d’fhéadfadh siad sin dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm acquis Schengen ag na Ballstáit, ar mhaithe le feasacht staide a fheabhsú de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1896 a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme acquis Schengen ag na Ballstáit.

Féadfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air tuairim a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil faoin gcéad fhomhír.

Airteagal 8

Comhar le Frontex

1.   Faoin 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh Frontex anailís riosca faoi bhráid na Comhairle, an Choimisiúin agus na mBallstát chun an clár meastóireachta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13 a bhunú.

Cumhdófar san anailís riosca dá dtagraítear sa chéad fhomhír gach gné ábhartha a bhaineann le bainistiú comhtháite teorainneacha san Eoraip agus beidh moltaí inti maidir le codanna sonracha de na teorainneacha seachtracha, pointí trasnaithe teorann sonracha, agus suíomhanna sonracha is ábhartha chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) sna Ballstáit a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu an bhliain ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an gclár meastóireachta ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 12.

2.   An 31 Lúnasa gach bliain, cuirfidh Frontex faoi bhráid an Choimisiúin anailís riosca ar leith ina mbeidh moltaí maidir le meastóireachtaí gan réamhfhógra sa bhliain ina dhiaidh sin, gan beann ar ord na mBallstát a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu gach bliain, i gcomhréir leis an gclár meastóireachta ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 12.

Féadfaidh na moltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith bainteach le haon réigiún nó limistéar sonrach agus beidh liosta de 10 gcuid shonracha de na teorainneacha seachtracha ar a laghad, agus 10 bpointe trasnaithe teorann shonracha ar a laghad sna moltaí sin, agus ar a laghad 10 suíomhanna sonracha atá ábhartha maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Threoir 2008/115/CE, mar aon le faisnéis ábhartha eile.

Airteagal 9

Comhar le Europol

I gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (u), de Rialachán (AE) 2016/794, cuirfidh Europol saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile ar fáil chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Sineirgí le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin eile

1.   Torthaí na sásraí agus na n-ionstraimí ábhartha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanann comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghlacann páirt i gcur chun feidhme acquis Schengen, go háirithe an measúnú leochaileachta, gníomhaíochtaí a dhéanann FRA, agus gníomhaíochtaí a dhéanann sásraí agus comhlachtaí faireacháin náisiúnta neamhspleácha, is torthaí iad a bhainfidh an Coimisiún úsáid astu nuair a bheidh na gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin á n-ullmhú aige, ar mhaithe le feasacht a fheabhsú maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag na teorainneacha inmheánacha agus ar mhaithe le dúbláil iarrachtaí agus bearta a thagann salach ar a chéile a sheachaint. Nuair atá sé ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhaontú leis an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air, úsáid a bhaint as torthaí sásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta.

2.   Is ina gcomhlánú ar mholtaí a rinneadh de bhun Airteagal 32(7) de Rialachán (AE) 2019/1896 faoin measúnú leochaileachta a bheidh moltaí faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Coimisiún sonraí na dtuarascálacha meastóireachta, pleananna gníomhaíochta agus nuashonruithe maidir le cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a chomhroinnt leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha náisiúnta agus AE dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach slán prapúil.

Déanfar an chomhroinnt faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhréir le sainorduithe chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann.

Airteagal 11

Faisnéis ó thríú páirtithe

Gan dochar d’Airteagal 20(1), i gclársceidealú agus i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme acquis Schengen arna soláthar ag tríú páirtithe, lena n-áirítear údaráis neamhspleácha, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, a chur san áireamh.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin bhfaisnéis arna cur ar fáil ag tríú páirtithe a shainaithneoidh sé mar fhaisnéis ábhartha do chlársceidealú na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin. Beidh deis ag na Ballstáit ansin a dtuairimí a thabhairt maidir le substaint na faisnéise sin.

CAIBIDIL II

CLÁRSCEIDEALÚ

Airteagal 12

Clár meastóireachta ilbhliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún clár meastóireachta ilbhliantúil ar bun a chumhdóidh tréimhse 7 mbliana, i gcás inarb iomchuí agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7, agus déanfaidh sé é sin 8 mí ar a laghad roimh thús na tréimhse 7 mbliana ina dhiaidh sin.

I ngach timthriall meastóireachta ilbhliantúil, déanfar meastóireacht thréimhsiúil amháin ar gach Ballstát, agus d’fhéadfadh sé, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfaí meastóireacht théamach amháin nó níos mó nó meastóireacht gan réamhfhógra amháin nó níos mó orthu, ar bhonn anailísí riosca, reachtaíocht nua nó faisnéis nua a gheobhaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagail 7 go 11.

2.   Is trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a bhunóidh an Coimisiún an clár meastóireachta ilbhliantúil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Tarchuirfidh an Coimisiún an clár meastóireachta ilbhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

3.   Féadfaidh an clár meastóireachta ilbhliantúil a shainaithint, i gcás inarb ábhartha, na réimsí tosaíochta sonracha laistigh de na réimsí beartais dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a bheidh le cumhdach faoi na meastóireachtaí tréimhsiúla agus beidh sceideal ama sealadach le haghaidh na meastóireachtaí sin sa chlár.

Leagfaidh an clár meastóireachta ilbhliantúil amach liosta sealadach de na Ballstáit atá le bheith faoi réir na meastóireachtaí tréimhsiúla, gan dochar do choigeartuithe a dhéanfar faoi mhír 4 den Airteagal seo i mbliain ar leith. An t-ord sealadach ina bhfuil na Ballstáit le bheith faoi réir meastóireacht thréimhsiúil, cuirfear san áireamh ann an t-am a chuaigh thart ó rinneadh an mheastóireacht thréimhsiúil roimhe sin. Cuirfear san áireamh ann freisin toradh na meastóireachtaí a rinneadh roimhe sin, luas chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta, agus faisnéis ábhartha eile atá ar fáil don Choimisiún, arna bailiú i gcomhréir le hAirteagail 7 go 11, a mhéid a bhaineann le cleachtais na mBallstát i gcur i bhfeidhm acquis Schengen.

4.   Más rud é go gcuireann force majeure cosc ar na meastóireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an sceideal ama sealadach a bhunófar de bhun mhír 3, féadfaidh an Coimisiún coigeartuithe a dhéanamh ar sceideal ama na meastóireachtaí lena mbaineann, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi theagmhais dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus faoin tionchar a mheastar a bheidh acu ar sceidealú meastóireachtaí faoin gclár meastóireachta ilbhliantúil.

Airteagal 13

Clár meastóireachta bliantúil

1.   Cuirfidh an Coimisiún clár meastóireachta bliantúil ar bun, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, faoin 15 Samhain sa bhliain roimh an mbliain a mbaineann an clár léi. Beidh an clár meastóireachta bliantúil sin bunaithe, go háirithe, ar na hanailísí riosca agus ar fhaisnéis eile a gheobhaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagail 7 go 11. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

2.   Beidh sceideal ama sealadach le haghaidh na meastóireachtaí seo a leanas sa chlár meastóireachta bliantúil:

(a)

meastóireachtaí tréimhsiúla ar Bhallstáit de réir mar a shonraítear sa chlár meastóireachta ilbhliantúil;

(b)

meastóireachtaí céaduaire Ballstáit;

(c)

i gcás inarb iomchuí, meastóireachtaí téamacha, lena n-áirítear an téama a bheidh acu, na Ballstáit ar a ndéanfar meastóireacht agus na modhanna beartaithe.

3.   Tarchuirfidh an Coimisiún an clár meastóireachta bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan mhoill.

Más rud é go gcuireann force majeure cosc ar na meastóireachtaí a dhéanamh i gcomhréir leis an sceideal ama sealadach a bhunófar de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún coigeartuithe a dhéanamh ar sceideal ama na meastóireachtaí lena mbaineann, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi theagmhais dá dtagraítear sa dara fomhír agus faoin tionchar a mheastar a bheidh acu ar sceidealú meastóireachtaí faoin gclár meastóireachta bliantúil.

Airteagal 14

Ceistneoir caighdeánach

1.   Déanfaidh an Coimisiún ceistneoir caighdeánach a chur ar bun agus a nuashonrú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Agus an ceistneoir á tharraingt suas ag an gCoimisiún, féadfaidh sé dul i gcomhairle leis na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7.

2.   Cumhdóidh an ceistneoir caighdeánach cur chun feidhme na reachtaíochta ábhartha chomh maith leis na modhanna eagrúcháin agus teicniúla atá ar fáil maidir le cur chun feidhme acquis Schengen, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i lámhleabhair, i gcatalóga Schengen agus sna sonraí staidrimh ábhartha.

3.   Faoin 1 Iúil gach bliain, seolfaidh an Coimisiún an ceistneoir caighdeánach chuig na Ballstáit a bhfuil meastóireachtaí tréimhsiúla le déanamh orthu an bhliain dár gcionn i gcomhréir leis an gclár meastóireachta bliantúil.

Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bhfreagraí ar fáil don Choimisiún faoin 31 Deireadh Fómhair den bhliain chéanna.

Cuirfidh an Coimisiún na freagraí dá dtagraítear sa dara fomhír ar fáil do na Ballstáit eile.

4.   Ar iarraidh ón gCoimisiún, déanfaidh na Ballstáit a ndearnadh meastóireacht orthu a bhfreagraí ar an gceistneoir caighdeánach a nuashonrú agus, má iarrtar sin orthu, freagra a thabhairt ar cheisteanna comhlántacha roimh mheastóireachtaí sonracha. Féadfaidh na Ballstáit na torthaí a chur ar fáil freisin ó shásraí rialaithe cáilíochta náisiúnta agus ó iniúchtaí inmheánacha i gcás inarb ábhartha.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COITEANNA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ MEASTÓIREACHTA AGUS FAIREACHÁIN A DHÉANAMH

Airteagal 15

Baill Foirne agus breathnóirí

1.   Na baill foirne agus na breathnóirí a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin, beidh na cáilíochtaí iomchuí acu, lena n-áirítear sáreolas teoiriciúil agus taithí sna réimsí a chumhdaítear faoin sásra meastóireachta agus faireacháin, mar aon le heolas fónta ar phrionsabail, nósanna imeachta agus teicnící na meastóireachta, agus beidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach i dteanga choiteann.

2.   Saineolaithe ó na Ballstáit a bhfuil acquis Schengen ina cheangal orthu ach nach gcuireann i bhfeidhm ina iomláine go fóill é, i gcomhréir leis an Ionstraim Aontachais ábhartha, beidh na saineolaithe sin rannpháirteach i ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin ar gach cuid de acquis Schengen.

Airteagal 16

Oiliúint na saineolaithe, na mbreathnóirí agus na saineolaithe faoi oiliúint

1.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, i gcomhar leis na comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7, go bhfaighidh saineolaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ón gCoimisiún oiliúint leordhóthanach le bheith ina meastóirí Schengen.

Áiritheoidh an Coimisiún go n-eagrófar cúrsaí oiliúna le haghaidh meastóirí Schengen le haghaidh gach réimse beartais ábhartha agus go gcuimseoidh siad dea-fheidhmiú na n-údarás maille le gnéithe maidir le cearta bunúsacha arna bhforbairt le rannpháirtíocht FRA.

Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7, na curaclaim oiliúna tosaigh a choimeád cothrom le dáta agus, i gcás inar gá, oiliúint leantach agus oiliúint athnuachana a chur ar fáil.

2.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar saineolaí faoi oiliúint ó Bhallstát nó ón gCoimisiún a bheith ar gach foireann a dhéanann meastóireachtaí tréimhsiúla.

3.   Beidh oiliúint leordhóthanach ar bhreathnóirí.

Airteagal 17

Díorma saineolaithe ó na Ballstáit

1.   Féadfaidh an Coimisiún díorma saineolaithe a chur ar bun gach bliain i gcomhar leis na Ballstáit, ar saineolaithe iad a bhfuil cúlra gairmiúil acu a chumhdaíonn réimsí beartais, nó, i gcás inarb ábhartha, na réimsí tosaíochta sonracha a leagtar amach sa chlár meastóireachta ilbhliantúil.

2.   I gcomhthráth le cur ar bun an chláir meastóireachta ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 13(1), ar iarraidh ón gCoimisiún, ainmneoidh na Ballstáit saineolaí cáilithe amháin nó níos mó in aghaidh gach réimse beartais le haghaidh dhíorma saineolaithe na bliana ina dhiaidh sin. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh saineolaí ainmnithe amháin ar a laghad in aghaidh gach réimse beartais ar fáil aon tráth ar leith le linn bliain féilire. Féadfaidh an Ballstát an tréimhse 6 mhí ina mbeidh saineolaí ainmnithe ar fáil agus roghanna maidir le meastóireacht ar leith a chur in iúl. Cuirfidh an Coimisiún na roghanna sin san áireamh a mhéad is féidir.

Ní cheanglófar ar na Ballstáit saineolaithe a ainmniú sna réimsí nach ndéantar meastóireacht ar na Ballstáit sin ar chúiseanna oibiachtúla, nó, i gcásanna eisceachtúla, dá ndéanfadh an t-ainmniú difear substaintiúil do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Má dhéanann Ballstát an t-ainmniú sin, soláthróidh sé, i scríbhinn, cúiseanna cuimsitheacha agus faisnéis maidir leis an staid eisceachtúil sin don Choimisiún.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin bpointe teagmhála náisiúnta a ainmníodh chun cumarsáid a dhéanamh maidir le saineolaithe a imscaradh.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún tuilleadh sonraí san iarraidh maidir le ceanglais ghairmiúla na saineolaithe atá le hainmniú, ag brath ar na meastóireachtaí a chuimsítear sa chlár meastóireachta bliantúil.

4.   Ainmneoidh na Ballstáit saineolaithe laistigh de 6 seachtaine tar éis dóibh an iarraidh dá dtagraítear i mír 2 a fháil.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na saineolaithe na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 15 agus na ceanglais shonracha a leagtar amach san iarraidh maidir leis an díorma saineolaithe a chur ar bun.

6.   Saineolaithe ar cuireadh an oiliúint iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 16 orthu, ainmneofar iad, i gcás inar féidir, ar an díorma saineolaithe a chuirfear ar bun i dtaca leis an mbliain i ndiaidh na bliana sin ina ndearna siad an cúrsa oiliúna ábhartha.

7.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 breathnóirí don díorma saineolaithe a ainmniú.

8.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na saineolaithe a ainmneofar agus deimhneoidh sé roghnú na saineolaithe don díorma laistigh de sheachtain amháin óna n-ainmniú. Laistigh de mhí amháin ón díorma saineolaithe a bhunú, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi roghnú na saineolaithe do na meastóireachtaí a bheartaítear don bhliain dár gcionn, agus infhaighteacht agus roghanna maidir le meastóireacht ar leith á gcur san áireamh.

9.   I gcás nach gcomhlíonfaidh aon duine de na saineolaithe sna réimsí sonracha na ceanglais dá dtagraítear i mír 3, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát lena mbaineann saineolaí nua a ainmniú le haghaidh an réimse tosaíochta shonraigh lena mbaineann.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na saineolaithe ainmnithe ar fáil le haghaidh meastóireachtaí mura rud é nach mór dóibh aghaidh a thabhairt ar staid eisceachtúil amhail staid a dhéanann difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta nó do staid phearsanta. Má dhéanann Ballstát staid eisceachtúil den sórt sin a agairt, soláthróidh sé, i scríbhinn, cúiseanna cuimsitheacha agus faisnéis maidir leis an staid sin don Choimisiún.

Mura mbeidh saineolaí ar fáil a thuilleadh le haghaidh an díorma, ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann ionadaí laistigh de thréimhse réasúnta ama.

11.   Coimeádfaidh an Coimisiún liosta na saineolaithe atá sa díorma cothrom le dáta agus cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi líon na saineolaithe atá ainmnithe in aghaidh an Bhallstáit agus faoi phróifílí na saineolaithe.

Airteagal 18

Na foirne a chur ar bun

1.   Saineoidh an Coimisiún líon na saineolaithe ó na Ballstáit agus líon na n-ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh rannpháirteach i bhfoireann ar bhonn shaintréithe agus riachtanais na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin. Is é beirt líon uasta na n-ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh ar fhoireann. Is é triúr líon íosta na saineolaithe ó na Ballstáit ar fhoireann a bheidh páirteach i gcuairt fógartha nó i gcuairt gan réamhfhógra. Roghnóidh an Coimisiún saineolaithe ón díorma saineolaithe le bheith ina mbaill ar fhoireann.

Agus na foirne á mbunú le haghaidh athchuairteanna agus cuairteanna fíorúcháin ar Bhallstát ar leith, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a ndícheall a áirithiú gurb iad na saineolaithe céanna iad a ghlac páirt sa mheastóireacht ar a laghad leathchuid díobh sin ar an bhfoireann de shaineolaithe ó na Ballstáit.

2.   Nuair a bheidh saineolaithe á roghnú ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé aird ar na próifílí is gá le haghaidh gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin ar leith, agus cuirfidh sé san áireamh an gá atá le cothromaíocht gheografach agus cothromaíocht ó thaobh taithí ghairmiúil de a áirithiú mar aon le hacmhainneacht na n-údarás náisiúnta.

Ní bheidh saineolaithe ó na Ballstáit rannpháirteach i bhfoireann a dhéanann gníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin ar an mBallstát ina bhfuil siad fostaithe.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh do na saineolaithe roghnaithe díreach tar éis an dáta a shocrófar an ghníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin agus tráth nach déanaí ná 10 seachtaine roimh dháta tosaigh sceidealaithe na gníomhaíochta meastóireachta nó faireacháin. Na saineolaithe ar tugadh cuireadh dóibh, tabharfaidh siad freagra laistigh de sheachtain amháin ón dáta a gheobhaidh siad an cuireadh, i gcomhaontú lena n-údaráis ainmniúcháin.

Seolfar cuirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí na pointí teagmhála náisiúnta ainmnithe.

4.   I gcás cuairteanna gan réamhfhógra, seolfaidh an Coimisiún na cuirí trí na pointí teagmhála náisiúnta ainmnithe tráth nach déanaí ná coicís roimh an dáta atá sé sceidealaithe tús a chur leis an gcuairt. Tabharfaidh saineolaithe ar tugadh cuireadh dóibh freagra laistigh de 72 uair an chloig ón dáta a gheobhaidh siad an cuireadh, i gcomhaontú lena n-údaráis ainmniúcháin.

5.   Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 ionadaí a ainmniú, ionadaí a mbeidh taithí ghairmiúil agus taithí allamuigh ábhartha aige, chun páirt a ghlacadh mar bhreathnóir i ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin i réimse a gclúdaítear ina sainordú. Beidh feidhm ag na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo maidir leis an iarraidh agus an freagra.

6.   Más mian le Ballstát saineolaí faoi oiliúint a ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 16(2), cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta atá sé sceidealaithe tús a chur leis an meastóireacht.

7.   Na breathnóirí dá dtagraítear i mír 5, tacóidh siad leis an bhfoireann de réir mar a iarrfaidh na príomhshaineolaithe sin orthu, ach ní bheidh siad rannpháirteach i bpróiseas cinnteoireachta inmheánach na foirne.

Ní bheidh na saineolaithe faoi oiliúint dá dtagraítear i mír 6 rannpháirteach go gníomhach sa ghníomhaíocht mheastóireachta.

8.   Má mhainníonn an Coimisiún deimhniú a fháil maidir le rannpháirtíocht an lín saineolaithe is gá ón díorma 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé sceidealaithe tús a chur leis an ngníomhaíocht mheastóireachta nó faireacháin, nó seachtain amháin ar a laghad roimh ré i gcás cuairte gan réamhfhógra, iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit ar fad gan mhoill, saineolaithe cáilithe a ainmniú ó lasmuigh den díorma le haghaidh na bhfolúntas sin. Freagróidh na Ballstáit laistigh de 72 uair an chloig ón iarraidh sin a fháil

9.   Ainmneoidh an Coimisiún príomhshaineolaí ón gCoimisiún agus molfaidh sé an príomhshaineolaí ón mBallstát. Ainmneoidh na baill den fhoireann an príomhshaineolaí ón mBallstát a luaithe is féidir tar éis an fhoireann a chur ar bun.

Beidh na príomh-shaineolaithe freagrach go háirithe as an bpleanáil fhoriomlán, gníomhaíochtaí ullmhúcháin, an fhoireann a eagrú, an mheastóireacht a dhéanamh, dréachtú na tuarascála meastóireachta a chomhordú, cur i láthair na tuarascála meastóireachta agus na moltaí, an tseiceáil cáilíochta agus gníomhaíochtaí leantacha, chomh maith le gníomhaíochtaí faireacháin ábhartha, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 19

Cuairteanna a dhéanamh

1.   Déanfaidh na foirne na gníomhaíochtaí ullmhúcháin uile is gá lena áirithiú go mbeidh na cuairteanna éifeachtúil, cruinn agus comhsheasmhach.

2.   An clár mionsonraithe le haghaidh na gcuairteanna i mBallstát nó i gconsalachtaí Ballstáit, is é an Coimisiún a chuirfidh an clár sin ar bun, i ndlúthchomhar leis na príomhshaineolaithe agus leis an mBallstát lena mbaineann.

D’fhéadfaí a áireamh leis an gclár mionsonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír cuairteanna ar údaráis agus comhlachtaí náisiúnta, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirnáisiúnta, agus ar eintitis, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile a thacaíonn leis na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme acquis Schengen.

3.   Le haghaidh cuairteanna fógartha, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann agus tabharfaidh sé fógra don Bhallstát sin faoin gclár mionsonraithe 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta atá sé sceidealaithe an chuairt a dhéanamh. Cuirfidh sé ainmneacha na mball den fhoireann agus ainmneacha na mbreathnóirí ar fáil roimh ré. Ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann pointe teagmhála chun na socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir leis an gcuairt.

4.   Tabharfar cuairteanna gan réamhfhógra tar éis fógra 24 uair a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Tabharfar cuairteanna gan réamhfhógra chuig na teorainneacha inmheánacha gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann. Féadfar cuairteanna gan réamhfhógra a thabhairt gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann i gcásanna ina bhfuil forais a bhfuil bunús leo ag an gCoimisiún lena mheas go bhfuil sáruithe tromchúiseacha déanta ar chearta bunúsacha i gcur chun feidhme acquis Schengen. Ina theannta sin, féadfar cuairteanna fíorúcháin a thabhairt gan fógra a thabhairt roimh ré don Bhallstát lena mbaineann.

Bunóidh an Coimisiún an clár mionsonraithe do chuairteanna gan réamhfhógra. I gcás inar tugadh fógra don Bhallstát faoi chuairt gan réamhfhógra, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis an amchlár agus leis an gclár mionsonraithe.

Airteagal 20

Tuarascálacha meastóireachta agus moltaí

1.   Déanfaidh an fhoireann tuarascáil mheastóireachta a dhréachtú tar éis gach meastóireachta.

Nuair a bheidh an tuarascáil mheastóireachta á hullmhú ag na foirne, tabharfaidh siad aird ar na freagraí ar an gceistneoir caighdeánach, ar aon fhaisnéis bhreise a gheofar i gcomhréir le hAirteagail 7 go 11 agus a fhíorófar le linn na gníomhaíochta meastóireachta, agus ar thorthaí na gníomhaíochta meastóireachta. Féadfar ábhar faisnéise agus digiteach a chuimsiú sna tuarascálacha meastóireachta chun tacú leis na torthaí. I gcás ina ndéanfar meastóireacht trí bhíthin cuairte, déanfaidh an fhoireann an tuarascáil mheastóireachta a dhréachtú le linn na cuairte.

Is ar an bhfoireann a bheidh an fhreagracht iomlán as an tuarascáil mheastóireachta a dhréachtú agus as sláine agus cáilíocht na tuarascála a áirithiú. I gcás easaontais, déanfaidh an fhoireann gach iarracht teacht ar chomhréiteach.

Tarchuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil mheastóireachta ina bhfuil na dréachtmholtaí chuig an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de 4 seachtaine ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a bharúlacha maidir leis an dréacht-tuarascáil mheastóireachta ar fáil laistigh de 2 sheachtain tar éis dó í a fháil. Tionólfar cruinniú maidir le dréachtú arna iarraidh sin don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis na barúlacha a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air. Léireofar barúlacha an Bhallstáit a ndearnadh meastóireacht air sa dréacht-tuarascáil mheastóireachta i gcás inarb ábhartha.

2.   Déanfar anailís sa tuarascáil mheastóireachta ar na gnéithe cáilíochtúla, cainníochtúla, oibríochtúla, riaracháin agus eagraíochtúla agus liostófar inti na heasnaimh, na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu agus na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn na meastóireachta.

3.   Féadfar torthaí a mheasúnú mar cheann díobh seo a leanas:

(a)

dea-chleachtas;

(b)

feabhas ag teastáil;

(c)

neamhchomhlíontach.

4.   Is trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta a ghlacadh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Glacfar an tuarascáil mheastóireachta tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta.

Beidh moltaí sa tuarascáil mheastóireachta maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus na réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a sainaithníodh le linn na meastóireachta agus tabharfar léiriú inti ar na tosaíochtaí maidir lena gcur chun feidhme. Leis an tuarascáil mheastóireachta, féadfar teorainneacha ama réasúnta, arna mbunú i gcomhar leis an mBallstát lena mbaineann, a leagan síos le haghaidh chur chun feidhme na moltaí. I gcás ina sainaithneofar sa mheastóireacht gur ann d’easnamh tromchúiseach, beidh feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 22.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis ghlacadh na tuarascála.

5.   I gcás ina ndéanfaidh an Ballstát a mbeidh meastóireacht déanta air, laistigh de 10 lá oibre ó chruinniú an dréachtaithe, ábhar na dréacht-tuarascála meastóireachta a chonspóid go suntasach, nó a mhéid a bhaineann le cineál toraidh, beidh an tuarascáil a ghlacfaidh an Coimisiún teoranta do thorthaí agus ní bheidh moltaí inti. Sna cásanna sin, agus gan dochar d’Airteagal 22, cuirfidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta, togra ar leithligh faoi bhráid na Comhairle maidir le moltaí a ghlacadh trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme. Féadfar teorainneacha ama réasúnta arna mbunú i gcomhar leis an mBallstát chun moltaí a chur chun feidhme a leagan síos sa togra, agus tabharfar léiriú ann ar na tosaíochtaí maidir lena gcur chun feidhme.

Glacfaidh an Chomhairle na moltaí a áirítear sa tuarascáil agus tarchuirfidh sí iad chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Airteagal 21

Obair leantach agus faireachán

1.   Laistigh de 2 mhí ón dáta a ghlacfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta lena n-áirítear moltaí, de bhun Airteagal 20(4), nó a ghlacfar moltaí na Comhairle, de bhun Airteagal 20(5), cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na moltaí uile. Iarrfar ar na Ballstáit eile a mbarúlacha a thabhairt ar an bplean gníomhaíochta.

2.   Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfoireann a rinne an ghníomhaíocht mheastóireachta, cuirfidh sé athbhreithniú ar fáil don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air ar leordhóthanacht an phlean gníomhaíochta laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an plean isteach sin.

Mura measfaidh an Coimisiún gur leor an plean gníomhaíochta, déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta athbhreithnithe a chur isteach laistigh de mhí amháin tar éis dó an t-athbhreithniú a fháil. Cuirfidh an Coimisiún an t-athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta faoi bhráid na Comhairle freisin.

3.   Tuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta gach 6 mhí ón dáta a fhaightear fógra go bhfuarthas an t-athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta go dtí go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air, a cheangal ar an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air cloí le minicíocht eile tuairiscithe, agus sin ag brath ar chineál na n-easnamh agus ar staid chur chun feidhme na moltaí.

Mura dtuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta go rialta, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa nach bhfuil a gcuid oibleagáidí á gcomhlíonadh ag an mBallstát sin.

Féadfaidh an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a thabhairt chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine, cuirfidh sé na Ballstáit ar an eolas faoi thabhairt chun críche an phlean gníomhaíochta.

CAIBIDIL IV

EASNAMH TROMCHÚISEACH AGUS FOIRMEACHA SONRACHA MEASTÓIREACHTA

Airteagal 22

Forálacha sonracha i gcás easnamh tromchúiseach ar sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta gur ann dó

1.   Ag deireadh na gníomhaíochta meastóireachta, thar ceann na foirne, déanfaidh na príomh-shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit a chur in iúl i scríbhinn don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air gur sainaithníodh easnamh tromchúiseach. Cuirfear an Chomhairle ar an eolas freisin gan mhoill.

Déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air bearta ceartaitheacha láithreacha lena n-áirítear, i gcás inar gá, na modhanna oibríochtúla agus airgeadais oiriúnacha uile a shlógadh. Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi na gníomhaíochtaí ceartaitheacha láithreacha a rinneadh nó atá beartaithe. I gcomhthráth leis sin, cuirfidh an Coimisiún comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 7 ar an eolas faoin easnamh tromchúiseach i bhfianaise na tacaíochta a d’fhéadfadh siad a thabhairt don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air.

2.   Na torthaí arb é cinneadh gur ann d’easnamh tromchúiseach is toradh orthu, is iad a bheidh san áireamh mar thosaíocht sa tuarascáil mheastóireachta a dhréachtófar i gcomhréir le hAirteagal 20(1), (2) agus (3). Cuirfear in iúl go soiléir i dteideal agus i gconclúid na tuarascála meastóireachta go bhfuil easnamh tromchúiseach ann nó go bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann. Beidh dréachtmholtaí ag gabháil leis, lena n-áirítear dréachtmholtaí maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha láithreacha. Tarchuirfidh an Coimisiún an dréacht-tuarascáil mheastóireachta chuig an mBallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de 2 sheachtain ó dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta.

Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a bharúlacha maidir leis an dréacht-tuarascáil mheastóireachta ar fáil laistigh de 10 lá oibre tar éis dó í a fháil. Tionólfar cruinniú maidir le dréachtú arna iarraidh sin don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis na barúlacha a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

3.   Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an easnamh tromchúiseach, glacfaidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta tráth nach déanaí ná 6 seachtaine tar éis dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(3). Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa.

4.   I bhfianaise na dtorthaí, déanfaidh an fhoireann moltaí a dhréachtú maidir le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an easnamh tromchúiseach a sainaithníodh sa tuarascáil mheastóireachta.

Laistigh de 6 seachtaine ó ghlacadh na tuarascála meastóireachta, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid na Comhairle mar aon le togra le haghaidh moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an easnamh tromchúiseach a sainaithníodh le linn na meastóireachta, agus léiriú ar na tosaíochtaí maidir lena gcur chun feidhme.

Glacfaidh an Chomhairle moltaí laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a gheofar an togra.

Tarchuirfidh an Chomhairle na moltaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Socróidh an Chomhairle teorainneacha ama comhréireacha le haghaidh chur chun feidhme na moltaí a bhaineann le heasnamh tromchúiseach agus sonróidh sí minicíocht an tuairiscithe a dhéanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle i ndáil le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta.

5.   Má nochtar, trí chuairt, easnamh tromchúiseach a mheastar gur bagairt thromchúiseach é ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, nó má aithnítear é ar bhonn an bhaoil gur sárú sistéamach ar chearta bunúsacha é, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin láithreach bonn.

Pléifidh an Chomhairle an t-ábhar faoi phráinn agus déanfaidh sí a dícheall moltaí a ghlacadh, ar bhonn togra ón gCoimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, lena leagtar amach bearta iomchuí chun tionchar an easnaimh thromchúisigh ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha, nó an tsáraithe shistéamaigh ar chearta bunúsacha, a leigheas nó a theorannú, laistigh de 2 sheachtain tar éis di an togra a fháil. Beidh an Cinneadh ón gComhairle lena leagfar amach na moltaí sin gan dochar d’Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2016/399 agus Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2019/1896.

Tarchuirfidh an Chomhairle na moltaí chuig Parlaimint na hEorpa.

6.   Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air a phlean gníomhaíochta faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis ghlacadh na moltaí. Iarrfar ar na Ballstáit eile a mbarúlacha a thabhairt ar an bplean gníomhaíochta. Tarchuirfidh an Coimisiún an plean gníomhaíochta chuig Parlaimint na hEorpa.

Tar éis dul i gcomhairle leis an bhfoireann a rinne an ghníomhaíocht mheastóireachta déanta aici, cuirfidh an Coimisiún athbhreithniú ar leordhóthanacht an phlean gníomhaíochta ar fáil don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air laistigh de 2 sheachtain tar éis a thíolactha. Mura measfaidh an Coimisiún gur leordhóthanach an plean gníomhaíochta, déanfaidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta athbhreithnithe a chur isteach laistigh de 2 sheachtain tar éis dó an t-athbhreithniú a fháil.

Cuirfidh an Coimisiún a athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta faoi bhráid na Comhairle agus tarchuirfidh sé é chuig Parlaimint na hEorpa.

Tuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta go dtí go measfaidh an Coimisiún go bhfuil an plean gníomhaíochta curtha chun feidhme ina iomláine.

7.   Ar mhaithe leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na moltaí a bhaineann leis an easnamh tromchúiseach a fhíorú, eagróidh an Coimisiún athchuairt atá le déanamh tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta na gníomhaíochta meastóireachta.

Dréachtóidh an fhoireann tuarascáil athchuairte i gcomhréir le hAirteagal 20(1) ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le moltaí na Comhairle a chur chun feidhme agus ina gcinnfear cé acu a tugadh nó nár tugadh aghaidh ar an easnamh tromchúiseach.

Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le hathchuairt trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil athchuairte faoi bhráid na Comhairle.

8.   Féadfaidh an Chomhairle a seasamh maidir leis an tuarascáil athchuairte a chur in iúl, agus i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sí a iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh ina mbeidh moltaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha darb aidhm aghaidh a thabhairt ar an easnamh tromchúiseach leanúnach arna shainaithint sa tuarascáil athchuairte. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 6 agus mír 7.

9.   I gcásanna ina measann an Coimisiún gur féidir an plean gníomhaíochta a thabhairt chun críche, eagróidh sé cuairt fíorúcháin agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi thoradh na cuairte fíorúcháin sin. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa gur féidir an plean gníomhaíochta a thabhairt chun críche.

Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn an togra ón gCoimisiún, agus toradh na cuairte fíorúcháin á chur san áireamh aici, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheasfar tabhairt chun críche an phlean gníomhaíochta.

Airteagal 23

Forálacha sonracha maidir le meastóireachtaí céaduaire

1.   I bhfianaise na dtorthaí, beidh dréachtmholtaí le haghaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta tar éis meastóireacht chéaduaire a dhréachtófar i gcomhréir le hAirteagal 20(1) go (4).

Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle go nglacfadh sí na moltaí lena mbaineann tráth nach déanaí ná 4 mhí tar éis dheireadh na gníomhaíochta meastóireachta.

2.   Glacfaidh an Chomhairle moltaí. Féadfaidh sí teorainneacha ama a shocrú le haghaidh cur chun feidhme moltaí sonracha.

Tarchuirfidh an Chomhairle na moltaí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

3.   Cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air faoi bhráid an Choimisiúin agus na Comhairle plean gníomhaíochta chun na moltaí go léir a chur chun feidhme.

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfoireann a rinne an ghníomhaíocht mheastóireachta, cuirfidh sé athbhreithniú ar leordhóthanacht an phlean gníomhaíochta ar fáil agus, laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an plean isteach, cuirfidh sé sin in iúl don Bhallstát a ndearnadh meastóireacht air.

Mura measfaidh an Coimisiún gur leor an plean gníomhaíochta, cuirfidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air plean gníomhaíochta athbhreithnithe isteach.

Tuairisceoidh an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air don Choimisiún agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme a phlean gníomhaíochta gach 6 mhí ón dáta a fhaightear fógra go bhfuarthas an t-athbhreithniú.

4.   I gcás ina gcinnfear sa tuarascáil mheastóireachta nár chomhlíon an Ballstát a ndearnadh meastóireacht air na coinníollacha is gá maidir le acquis Schengen a chur i bhfeidhm, eagróidh an Coimisiún athchuairt amháin nó níos mó.

Dréachtóidh an fhoireann tuarascáil athchuairte i gcomhréir le hAirteagal 20(1) go (4) ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le moltaí na Comhairle a chur chun feidhme.

Glacfaidh an Coimisiún an tuarascáil athchuairte trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil athchuairte agus togra le haghaidh moltaí ón gComhairle, más iomchuí, faoi bhráid na Comhairle go nglacfadh sí iad trí chinneadh cur chun feidhme.

5.   Agus é ag meas an féidir an plean gníomhaíochta a thabhairt chun críche, eagróidh an Coimisiún cuairt fíorúcháin sula dtabharfar an phlean gníomhaíochta chun críche.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi thoradh na cuairte fíorúcháin. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gur féidir an plean gníomhaíochta a thabhairt chun críche.

Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn an togra ón gCoimisiún, agus toradh na cuairte fíorúcháin á chur san áireamh aici, cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena bhformheasfar tabhairt chun críche an phlean gníomhaíochta.

6.   Na Ballstáit a bhfuil cinneadh ón gComhairle glactha ina leith lena sonraítear go bhfuil forálacha acquis Schengen le cur i bhfeidhm go hiomlán, déanfar meastóireacht orthu i gcomhréir le hAirteagal 1(2), pointe (a), tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis chur i bhfeidhm iomlán acquis Schengen sa Bhallstát sin. Déanfar an clár meastóireachta bliantúil a thabhairt cothrom le dáta chun na críche sin.

Airteagal 24

Foráil shonrach maidir le meastóireachtaí téamacha

Beidh feidhm ag Airteagal 23(1) (2) agus (3) maidir le meastóireachtaí téamacha.

Má shainaithnítear sa mheastóireacht théamach gur ann d’easnamh tromchúiseach, beidh feidhm ag Airteagal 22.

CAIBIDIL V

RIALACHAS SCHENGEN AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 25

Tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach bliain maidir leis na meastóireachtaí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo le linn na bliana roimhe sin. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

Beidh faisnéis sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír faoi na meastóireachtaí a rinneadh le linn na bliana roimhe sin, faoi fheidhmiú an díorma saineolaithe, lena n-áirítear infhaighteacht saineolaithe na mBallstát, faoi na conclúidí a baineadh as na meastóireachtaí sin agus faoi staid na himeartha maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a rinne na Ballstáit. Ar bhonn thorthaí na ngníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo, sainaithneofar sa tuarascáil sin saincheisteanna coiteanna, na cleachtais is fearr agus réitigh nuálacha, chun cur chun feidhme acquis Schengen a fheabhsú. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin sineirgí le huirlisí agus sásraí faireacháin eile chun feasacht a mhéadú maidir le feidhmiú an limistéir atá gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír chuig na parlaimintí náisiúnta gan mhoill. Pléifidh an Chomhairle an tuarascáil, agus cuirfidh sí san áireamh an méid a chuireann na meastóireachtaí le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas dhá uair sa bhliain ar a laghad faoi staid chur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta arna dtarraingt suas ag na Ballstáit. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, faisnéis a sholáthar faoina chuid athbhreithnithe ar leordhóthanacht na bpleananna gníomhaíochta faoi thoradh na n-athchuairteanna agus na gcuairteanna fíorúcháin, chomh maith lena bharúlacha i gcás ina measann sé go bhfuil easpa dul chun cinn suntasach i gceist le plean gníomhaíochta áirithe a chur chun feidhme.

Airteagal 26

Treoir Mheastóireachta Schengen

I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, bunóidh an Coimisiún treoirlínte, agus más gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad, go háirithe maidir leis an méid a leanas:

(a)

freagrachtaí maidir le saineolaithe, ionadaithe an Choimisiúin agus breathnóirí a oiliúint;

(b)

gníomhaíochtaí ullmhúcháin le haghaidh meastóireachtaí;

(c)

cuairteanna a reáchtáil, lena n-áirítear cuairteanna gan réamhfhógra;

(d)

gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a dhéanamh, lena n-áirítear trí bhíthin ceistneoirí nó, go heisceachtúil, trí bhíthin modhanna cianda eile;

(e)

an próiseas dréachtaithe agus ábhar doiciméadach digiteach a chur i dtuarascálacha meastóireachta;

(f)

nós imeachta leantach; go háirithe maidir le hathchuairteanna agus cuairteanna fíorúcháin;

(g)

sineirgí le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin eile;

(h)

lóistíocht agus saincheisteanna airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí meastóireachta agus faireacháin a eagrú;

(i)

gníomhaíochtaí chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a fhíorú a mhéid a ghníomhaíonn siad thar ceann na mBallstát chun cuidiú le cur i bhfeidhm oibríochtúil fhorálacha acquis Schengen.

Airteagal 27

Athbhreithniú

Tabharfaidh an Coimisiún faoi athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Comhairle laistigh de 6 mhí ón dáta a ghlacfar na tuarascálacha meastóireachta uile maidir leis na meastóireachtaí a chumhdaítear faoin gcéad chlár meastóireachta ilbhliantúil, clár a ghlacfar i gcomhréir leis an Rialachán seo. Faoin athbhreithniú sin, cumhdófar eilimintí uile an Rialacháin seo, lena n-áirítear feidhmiú na nósanna imeachta um ghníomhartha a ghlacadh faoin sásra meastóireachta. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa gan mhoill.

Airteagal 28

Faisnéis íogair

1.   Measfaidh na baill foirne, na breathnóirí agus na saineolaithe faoi oiliúint gur faoi rún a bheidh aon fhaisnéis a gheobhaidh siad agus iad ag comhlíonadh a gcuid dualgas.

2.   Cinnfear stádas rúnaicmiúcháin na dtuarascálacha a bheith “íogair neamh-rúnaicmithe” i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443. Déanfar iad a aicmiú mar “RESTREINT UE/EU RESTRICTED” de réir bhrí Chinneadh (AE, Euratom) 2015/444, i gcás ina gceanglaítear aicmiú den sórt sin de bhun Airteagal 5(3) den Chinneadh sin nó tar éis iarraidh a bhfuil údar léi a fháil ón mBallstát a ndearnadh meastóireacht air.

Cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, cén chuid den tuarascáil mheastóireachta a fhéadfar a chur ar fáil don phobal.

3.   Is i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme a dhéanfar faisnéis agus doiciméid rúnaicmithe a tharchur agus a láimhseáil chun críocha an Rialacháin seo. Ní chuirfidh na rialacha sin bac ar fhaisnéis a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa ná do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 29

Coinníollacha maidir le rannpháirtíocht na hÉireann

1.   Ní bheidh saineolaithe ó Éirinn rannpháirteach ach amháin sa mheastóireacht ar an gcuid de acquis Schengen ar údaraíodh Éire le bheith rannpháirteach inti.

2.   Cumhdóidh na meastóireachtaí cur i bhfeidhm éifeachtach agus éifeachtúil acquis Schengen ag Éirinn a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin de acquis Schengen ar údaraíodh Éire le bheith rannpháirteach inti, agus an chuid sin amháin.

3.   Ní bheidh Éire rannpháirteach ach amháin i nglacadh na moltaí ag an gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcuid de acquis Schengen ar údaraíodh Éire le bheith rannpháirteach inti.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 31

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Cuirfear an chéad chlár meastóireachta ilbhliantúil agus an chéad chlár meastóireachta bliantúil faoin Rialachán seo ar bun faoin 1 Nollaig 2022 agus cuirfear tús leo an 1 Feabhra 2023.

Sa chéad chlár meastóireachta ilbhliantúil faoin Rialachán seo, cuirfear san áireamh na meastóireachtaí a rinneadh cheana faoin dara clár ilbhliantúil a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 agus déanfar an chéad chlár meastóireachta ilbhliantúil a tharraingt suas sa tslí go leanfar den chlár sin.

2.   Úsáidfear an ceistneoir caighdeánach a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 go dtí go mbunófar an ceistneoir caighdeánach dá bhforáiltear faoi Airteagal 14 den Rialachán seo.

3.   I gcás meastóireachtaí a dhéanfar roimh an 1 Feabhra 2023, déanfar na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013. Déanfar gníomhaíochtaí leantacha agus faireacháin na meastóireachtaí sin, ag tosú le tíolacadh na bpleananna gníomhaíochta, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Airteagal 32

Aisghairm

Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2022 cé is moite de na forálacha a bhaineann leis na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí a ghlacadh, a mbeidh feidhm acu go dtí go nglacfar na tuarascálacha meastóireachta agus na moltaí dá dtagraítear in Airteagal 31(3) den Rialachán seo.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 9 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

É. DUPOND-MORETTI


(1)  Tuairim an 7 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um meastóireacht agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).

(5)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(9)  Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

(10)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(11)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(12)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialachán Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(13)  IO C 337, 23.8.2021, lch. 2

(14)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(15)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(16)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36

(17)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(18)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52

(19)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(20)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21

(21)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(22)  Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lch. 98).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013

An Rialachán seo

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 15(2)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

-

Airteagal 4

-

Airteagal 5

Airteagal 4(1)

Airteagal 1(3)

Airteagal 4(2) agus (3)

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

-

Airteagal 9

-

Airteagal 10

-

Airteagal 11

Airteagal 5

Airteagal 12

Airteagal 6

Airteagal 13

Airteagal 9

Airteagal 14

Airteagal 12

Airteagal 15(1)

Airteagal 12

Airteagal 16

-

Airteagal 17

Airteagal 10 agus Airteagal 11

Airteagal 18

Airteagal 13

Airteagal 19

Airteagal 14 agus Airteagal 15

Airteagal 20

Airteagal 16

Airteagal 21

-

Airteagal 22

-

Airteagal 23

-

Airteagal 24

Airteagal 20

Airteagal 25

-

Airteagal 26

Airteagal 22

Airteagal 27

Airteagal 19

-

Airteagal 17

Airteagal 28

Airteagal 18

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

Airteagal 23

Airteagal 31

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 24

Airteagal 33