3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 152/103


RIALACHÁN (AE) 2022/870 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2), (an “Comhaontú Comhlachais”), ina bhonn leis an ngaol idir an tAontas agus an Úcráin. I gcomhréir le Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle (3), ón 1 Eanáir 2016, bhí feidhm shealadach ag Teideal IV den Chomhaontú Comhlachais, ar teideal é a bhaineann le trádáil agus le cúrsaí trádála, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017 tar éis do na Ballstáit uile é a dhaingniú.

(2)

Cuirtear in iúl sa Chomhaontú Comhlachais gur mian leis na Páirtithe sa Chomhaontú Comhlachais (na “Páirtithe”) an caidreamh a neartú agus a leathnú ar bhealach uaillmhianach agus nuálach, comhtháthú eacnamaíoch a éascú agus a bhaint amach de réir a chéile, agus é sin a dhéanamh i gcomhréir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí is toradh ar bhallraíocht na bPáirtithe san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(3)

Le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais, bunaítear, i measc nithe eile, urraim do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha chomh maith le meas ar phrionsabail na ceannasachta agus na sláine críche, dosháraitheacht teorainneacha agus neamhspleáchas a chur chun cinn mar bhunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 25 den Chomhaontú Comhlachais go mbunófar limistéar saorthrádála de réir a chéile idir na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994 (“CGTT 1994”). Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais go gcuirfear deireadh de réir a chéile le dleachtanna custaim i gcomhréir leis na Sceidil a áirítear ann agus an fhéidearacht atá ann dlús a chur le raon feidhme an díothaithe sin agus é a leathnú. Foráiltear le hAirteagal 48 den Chomhaontú Comhlachais go ndéanfar leas an phobail a bhreithniú sula gcuirfear bearta frithdhumpála i bhfeidhm idir na Páirtithe.

(5)

Ó bhí 24 Feabhra 2022 ann, tá cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, ionsaí gan chúis gan údar, tar éis tionchar diúltach ollmhór a imirt ar chumas na hÚcráine trádáil a dhéanamh leis an gcuid eile den domhan, i ngeall ar scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta agus toisc nach bhfuil fáil ar chuid shuntasach de na modhanna iompair ó tharla an rochtain ar an Muir Dhubh a bheith dúnta. Faoi chúinsí eisceachtúla den sórt sin agus chun tionchar diúltach eacnamaíoch chogadh foghachh na Rúise a mhaolú, tá gá le dlús a chur le forbairt caidrimh eacnamaíoch níos dlúithe idir an tAontas agus an Úcráin chun tacaíocht a thabhairt go tapa d’údaráis na hÚcráine agus do mhuintir na hÚcráine. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, sreabha trádála a spreagadh agus lamháltais a dheonú i bhfoirm bearta um léirscaoileadh trádála le haghaidh gach táirge i gcomhréir leis an luathú atá á dhéanamh ó thaobh deireadh a chur le dleachtanna custaim ar thrádáil idir an tAontas agus an Úcráin.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), áiritheoidh an tAontas comhchuibheas idir réimsí éagsúla dá ghníomhaíochta seachtraí. De bhun Airteagal 207(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), stiúrfar an comhbheartas tráchtála i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(7)

Ba cheart gur mar seo a leanas a bheadh na bearta um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo: (i) dleachtanna allmhairiúcháin (“dleachtanna custaim tosaíochta”) a bhaint go hiomlán de tháirgí tionsclaíocha a allmhairítear ón Úcráin; (ii) cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála maidir le torthaí agus glasraí a chur ar fionraí; (iii) na cuótaí ráta taraife a chur ar fionraí agus dleachtanna allmhairiúcháin a bhaint go hiomlán; (iv) de mhaolú ar Airteagal 14(1), fomhír 1, de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine arna ndéanamh le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin, níor cheart iad a bhailiú tráth ar bith, lena n-áirítear tar éis don Rialachán seo dul in éag; agus (v) cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a chur ar fionraí go sealadach. Trí na bearta sin, cuirfidh an tAontas, i ndáiríre, tacaíocht iomchuí eacnamaíoch agus airgeadais ar fáil ar bhonn sealadach chun leas na hÚcráine agus na n-oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(8)

Chun calaois a chosc, na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bheith faoi réir an choinníll go mbeidh na coinníollacha ábhartha uile chun socair a fháil faoin gComhaontú Comhlachais comhlíonta ag an Úcráin, lena n-áirítear na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí lena mbaineann agus na nósanna imeachta a bhaineann leis sin, agus ina theannta sin, ba cheart iad a bheith faoi réir dhlúthchomhair na hÚcráine leis an Aontas ó thaobh riaracháin de, dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais.

(9)

Ba cheart don Úcráin staonadh ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu agus ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó ar mhuirir atá ann cheana nó ó aon srian eile ar thrádáil leis an Aontas a thabhairt isteach, ach amháin má tá údar soiléir leis sin i gcomhthéacs an chogaidh. I gcás nach gcomhlíonann an Úcráin aon cheann de na coinníollacha sin, ba cheart a chumhachtú don Choimisiún na socruithe fabhracha uile a bunaíodh leis an Rialachán seo, nó cuid díobh, a chur ar fionraí ar bhonn sealadach.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Comhlachais gur bunghnéithe den Chomhaontú Comhlachais, i measc nithe eile, prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú chomh maith le dul i ngleic le leathadh na n-arm ollscriosta, ábhair ghaolmhara agus modhanna seachadta na n-arm sin. Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 3 den Chomhaontú Comhlachais an smacht reachta, an dea-rialachas, an comhrac i gcoinne na héillitheachta agus an comhrac i gcoinne na gcineálacha éagsúla coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus sceimhlitheoireachta, agus cur chun cinn na forbartha inbhuanaithe agus an iltaobhachais éifeachtaigh, ar rudaí iad atá ríthábhachtach ó thaobh an caidreamh idir na Páirtithe a fheabhsú. Is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach na socruithe fabhracha a bhunaítear leis an Rialachán seo a chur ar fionraí go sealadach mura n-urramaíonn an Úcráin prionsabail ghinearálta an Chomhaontaithe Comhlachais, mar a tharlaíonn faoi chomhaontuithe comhlachais eile arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.

(11)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na socruithe fabhracha a chur ar fionraí go sealadach agus bearta ceartaitheacha a thabhairt isteach, amhail dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 den Rialachán seo, i gcás ina mbeadh tionchar tromchúiseach ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo i ngeall ar allmhairí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(12)

Faoi réir imscrúdú déanta ag an gCoimisiún, na dleachtanna custaim a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo, is gá foráil a dhéanamh ionas gur féidir na dleachtanna sin a thabhairt isteach arís, i gcás allmhairí aon táirge a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar cúis iad, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo san Aontas Eorpach.

(13)

Ba cheart measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála a bhunaítear leis an Rialachán seo a chuimsiú sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála, rud atá ina dhlúthchuid den Chomhaontú Comhlachais.

(14)

I bhfianaise na práinne atá leis an ábhar a bhaineann leis an staid arb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine is cúis leis, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, le CFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt.

(15)

I bhfianaise na staide éigeandála san Úcráin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir le foráil idirthréimhseach iomchuí agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta um léirscaoileadh trádála

1.   Tugtar isteach na socruithe fabhracha seo a leanas:

(a)

na dleachtanna custaim fabhracha ar tháirgí tionsclaíocha áirithe de thionscnamh na hÚcráine a allmhairítear isteach san Aontas, dleachtanna a bhfuil deireadh á chur leo de réir a chéile le linn tréimhse seacht mbliana i gcomhréir le hIarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, socrófar na dleachtanna sin ag nialas.

(b)

déanfar cur i bhfeidhm chóras an phraghais iontrála a chur ar fionraí le haghaidh na dtáirgí sin a bhfuil feidhm aige maidir leo mar a shonraítear in Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais. Ní bheidh feidhm ag aon dleacht chustaim maidir le hallmhairína dtáirgí sin.

(c)

na taraif-chuótaí uile a bunaíodh faoi Iarscríbhinn I-A a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais, déanfar iad a chur ar fionraí agus ceadófar allmhairiú na dtáirgí atá cumhdaithe faoi na cuótaí sin isteach san Aontas ón Úcráin gan aon dleacht chustaim.

2.   De mhaolú ar Airteagal 14(1), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) 2016/1036, dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí de thionscnamh na hÚcráine arna ndéanamh le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart iad a bhailiú tráth ar bith, lena n-áirítear tar éis don Rialachán seo dul in éag.

3.   Déanfar cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/478 a chur ar fionraí go sealadach maidir le hallmhairí de thionscnamh na hÚcráine.

Airteagal 2

Coinníollacha teidlíochta i leith na socruithe fabhracha

Beidh na socruithe fabhracha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), pointí (a), (b) agus (c), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

comhlíonadh na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí agus na nósanna imeachta a bhaineann leo dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhlachais;

(b)

staonadh na hÚcráine ó aon dleacht nó muirear nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu nó ó aon srian cainníochtúil nó beart nua a mbeadh a choibhéis d’éifeacht acu a thabhairt isteach i gcás allmhairí de thionscnamh an Aontais, ó mhéadú a dhéanamh ar dhleachtanna nó muirir atá ann cheana agus ó shrian d’aon saghas eile a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta riaracháin inmheánacha atá idirdhealaitheach, ach amháin má tá údar soiléir leis i gcomhthéacs an chogaidh; agus

(c)

urraim na hÚcráine do phrionsabail an daonlathais, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha agus urraim do phrionsabal an smachta reachta chomh maith le hiarrachtaí leanúnacha, marthanacha i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na héillitheachta agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha dá bhforáiltear in Airteagail 2, 3 agus 22 den Chomhaontú Comhlachais.

Airteagal 3

Fionraíocht shealadach

1.   Má chinneann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann lena léiriú nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, féadfaidh sé, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na socruithe fabhracha uile dá bhforáiltear in Airteagal 1(1), pointí (a), (b) agus (c) a chur ar fionraí nó cuid díobh a chur ar fionraí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

2.   I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát ar an gCoimisiún aon cheann de na socruithe fabhracha a chur ar fionraí ar an mbonn nár chomhlíon an Úcráin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe ar fáil laistigh de 4 mhí ó rinneadh an iarraidh i dtaobh an raibh bunús leis an maíomh nár chomhlíon Úcráin na coinníollacha. Má chinneann an Coimisiún go bhfuil bunús leis an maíomh, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

Clásal coimirce

1.   I gcás ina ndéanfar táirge de thionscnamh na hÚcráine a allmhairiú ar théarmaí is cúis, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis, le deacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo, féadfar na dleachtanna custaim a bheadh infheidhme ar allmhairí an táirge sin faoin gComhaontú Comhlachais seo a thabhairt isteach arís tráth ar bith.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar thionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le praghsanna ar mhargadh an Aontais, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis maidir le honnmhairí, allmhairí agus táirgeacht an Aontais i ndáil leis na dtáirgí atá faoi réir na mbeart léirscaoilte trádála arna mbunú leis an Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i leith imscrúdú a thionscnamh laistigh d’achar réasúnta ama:

(a)

arna iarraidh sin do Bhallstát;

(b)

arna iarraidh sin do dhuine dlítheanach nó do chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann tionscal an Aontais, sin le rá táirgeoirí uile an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach nó cion mór de na táirgeoirí sin; nó

(c)

ar thionscnamh an Choimisiúin uaidh féin más dealraitheach dó go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann ar na deacrachtaí móra ar tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach leo faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1.

Chun críocha na míre seo, ciallaíonn “cion mór de tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach” táirgeoirí de chuid an Aontais arb ionann a gcomhaschur agus 50 % de tháirgeacht iomlán an Aontais i gcás táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach arna dtáirgeadh ag an gcuid sin de thionscal an Aontais a chuir in iúl go dtacaíonn siad leis an iarraidh nó go gcuireann siad ina haghaidh agus a ionadaíonn do mhéid nach lú ná 25 % de tháirgeacht iomlán na dtáirgí comhchosúla nó na dtáirgí atá in iomaíocht dhíreach a tháirgeann tionscal an Aontais.

4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar tionscnamh an imscrúdaithe. Beidh achoimre san fhógra ar an bhfaisnéis a fuarthas agus sonrófar ann gur cheart aon fhaisnéis ábhartha a sheoladh chuig an gCoimisiún. Sonróidh sé an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl i scríbhinn. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 4 mhí ó dháta foilsithe an fhógra.

5.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach, agus féadfaidh sé an fhaisnéis a fhaightear a dheimhniú leis an Úcráin nó le haon fhoinse ábhartha eile. Féadfaidh oifigigh de chuid na mBallstát a bhféadfaí deimhniú a lorg ar a gcríoch a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún, má iarrann an Ballstát sin cúnamh den sórt sin ar na hoifigigh sin.

6.   Agus scrúdú á dhéanamh aige arbh ann do dheacrachtaí móra do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó táirgí atá in iomaíocht dhíreach faoi mar a thagraítear dóibh i mír 1, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na tosca seo a leanas, i measc nithe eile, maidir le táirgeoirí de chuid an Aontais i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha ar fáil:

an sciar den mhargadh,

táirgeacht,

stoic,

acmhainneacht táirgeachta,

úsáid na hacmhainneachta táirgeachta,

fostaíocht,

allmhairí,

praghsanna.

7.   Críochnófar an t-imscrúdú faoi cheann 6 mhí tar éis fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse sin, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).

8.   Laistigh de 3mhí tar éis an t-imscrúdú a chríochnú, déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaobh na ndleachtanna custaim a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo a thabhairt isteach arís nó gan iad a thabhairt isteach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán seo. Tiocfaidh an gníomh cur chun feidhme sin i bhfeidhm faoi cheann mí amháin ó dháta a fhoilsithe.

Na dleachtanna a bheadh infheidhme faoin gComhaontú Comhlachais murach an Rialachán seo, féadfar iad a thabhairt isteach arís a fhad a mbeidh gá leo chun meathlú chúinsí eacnamaíocha agus/nó airgeadais tháirgeoirí an Aontais a fhritháireamh, nó a fhad a mbeadh baol an mheathlaithe sin fós ann. I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear go críochnaitheach iad, nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo á gcomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirfear deireadh leis an imscrúdú agus leis na himeachtaí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán seo.

9.   I gcás nach bhfuil sé indéanta imscrúdú a dhéanamh de dheasca imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún, tar éis an méid sin a chur in iúl don Choiste um an gCód Custaim dá dtagraítear in Airteagal 5(1), aon bheart ceartaitheach is gá a dhéanamh.

Airteagal 5

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um Chód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle cúnamh a thabhairt don Choimisiún (7). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 6

Measúnú ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála

Beidh measúnú mionsonraithe ar chur chun feidhme na mbeart um léirscaoileadh trádála dá bhforáiltear sa Rialachán seo sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Limistéir Dhomhain Chuimsithigh Saorthrádála agus beidh ann, a mhéid is iomchuí, measúnú ar an tionchar sóisialta a bheidh ag na bearta sin san Úcráin agus san Aontas. Cuirfear faisnéis faoi allmhairiú táirgí faoi Airteagal 1(1), pointe (c), ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Airteagal 7

Foráil idirthréimhseach

Beidh feidhm ag na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (a), (b) agus (c), maidir le táirgí atá, an 4 Meitheamh 2022, ar idirthuras ón Úcráin go dtí an tAontas, nó faoi rialú custaim san Aontas, faoi réir éileamh chuige sin a bheith déanta ar údaráis chustaim an Aontais atá freagrach laistigh de 6 mhí ón dáta sin.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí 5 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022.

(2)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(3)  Cinneadh 2014/668/AE ón gComhairle an 23 Meitheamh 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Teideal III (seachas na forálacha a bhaineann leis an gcóir a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tír atá fostaithe go dleathach mar oibrithe i gcríoch an Pháirtí eile) agus Teidil IV, V, VI agus VII, mar aon leis na Prótacail agus na hIarscríbhinní gaolmhara (IO L 278, 20.9.2014, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).