|
2.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 151/45 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/862 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Meitheamh 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal a bhunú agus maidir le haerphaisinéirí a chur ar an eolas faoi chéannacht an iompróra oibriúcháin, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, chuir Ballstáit áirithe agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (“an Ghníomhaireacht”) faisnéis in iúl don Choimisiún atá ábhartha maidir leis an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Sholáthair tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faisnéis ábhartha freisin. Ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh, ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Chuir an Coimisiún na haeriompróirí uile lena mbaineann ar an eolas, go díreach nó trí na húdaráis atá freagrach as a maoirseacht rialála, faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha a bheadh mar bhunús le cinneadh toirmeasc a chur ar a n-oibriú laistigh den Aontas nó leis na coinníollacha maidir le toirmeasc ar a n-oibriú arna fhorchur ar aeriompróir atá curtha isteach sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhodhnú. |
|
(4) |
Thug an Coimisiún an deis do na haeriompróirí lena mbaineann an doiciméadacht ábhartha uile a cheadú, barúlacha i scríbhinn a chur isteach agus cur i láthair ó bhéal a dhéanamh os comhair an Choimisiúin agus an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 (“Coiste Aershábháilteachta an Aontais”). |
|
(5) |
Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na comhairliúcháin chomhpháirteacha leanúnacha, laistigh de chreat Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún (3), le húdaráis inniúla agus aeriompróirí na hAirméine, na hIaráice, na Casacstáine, na Moldóive, na Pacastáine agus na Súdáine Theas. Chuir an Coimisiún Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi chúrsaí sábháilteachta eitlíochta sa Chongó Brazzaville, sa Ghuine Mheánchiorclach, i Madagascar agus i Suranam. |
|
(6) |
Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na measúnuithe teicniúla a rinneadh le haghaidh na meastóireachta tosaigh agus an fhaireacháin leanúnaigh ar údaruithe oibreoirí tríú tíortha (“TCO”), arna n-eisiúint de bhun Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún (4). |
|
(7) |
Chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas freisin faoi thorthaí na hanailíse ar chigireachtaí rampa a rinneadh faoin gclár um Measúnú Sábháilteachta ar Aerárthaí Eachtracha (“SAFA”), i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5). |
|
(8) |
Chomh maith leis sin, chuir an Ghníomhaireacht an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas faoi na tionscadail chúnaimh theicniúil a rinneadh i dtríú tíortha a ndearna toirmeasc ar n-oibriú faoi Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 difear dóibh. Thairis sin, sholáthair an Ghníomhaireacht faisnéis faoi na pleananna agus na hiarrataí ar thuilleadh cúnaimh theicniúil agus comhair chun feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus teicniúil na n-údarás um eitlíocht shibhialta i dtríú tíortha d’fhonn cuidiú leo dul i ngleic le neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta is infheidhme don eitlíocht shibhialta. Iarradh ar na Ballstáit freagra a thabhairt ar na hiarrataí sin i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an nGníomhaireacht ar bhonn déthaobhach. I ndáil leis sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a úsáidí atá sé faisnéis a sholáthar don chomhphobal idirnáisiúnta eitlíochta, go háirithe tríd an uirlis Chomhpháirtíochta um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme, ar uirlis de chuid na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (“ICAO”) í, faoin gcúnamh teicniúil a sholáthraíonn an tAontas agus na Ballstáit do thríú tíortha chun feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta ar fud an domhain. |
|
(9) |
Sholáthair Eurocontrol tuairisc cothrom le dáta don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le stádas fheidhmeanna aláraim SAFA agus TCO, lena n-áirítear staitisticí faoi theachtaireachtaí foláirimh le haghaidh aeriompróirí a bhfuil toirmeasc orthu. |
Aeriompróirí an Aontais
|
(10) |
Tar éis don Ghníomhaireacht anailís a dhéanamh ar fhaisnéis a d’eascair as cigireachtaí rampa a rinneadh ar aerárthaí aeriompróirí an Aontais, maille le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí caighdeánaithe a rinne an Ghníomhaireacht, arna comhlánú freisin le faisnéis a d’eascair as cigireachtaí agus iniúchtaí sonracha a rinne údaráis náisiúnta eitlíochta, tá bearta áirithe ceartaitheacha agus forfheidhmithe déanta ag roinnt Ballstát agus ag an nGníomhaireacht, agus iad ag feidhmiú mar údaráis inniúla, agus tá an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais curtha ar an eolas faoi na bearta sin. |
|
(11) |
D’athdhearbhaigh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht, agus iad ag feidhmiú mar údaráis inniúla, go bhfuil siad réidh le gníomhú de réir mar is gá i gcás ina léireoidh an fhaisnéis ábhartha sábháilteachta go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta ann mar thoradh ar neamhchomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha sábháilteachta ag aeriompróirí an Aontais. |
Aeriompróirí ón Airméin
|
(12) |
I mí an Mheithimh 2020, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún (6) cuireadh aeriompróirí ón Airméin isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006. |
|
(13) |
An 29 Aibreán 2022, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus Coiste Eitlíochta Sibhialta na hAirméine (“CAC”) cruinniú teicniúil, ar lena linn a thug CAC nuashonrú maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh ó tionóladh cruinniú teicniúil an 3 Samhain 2021 chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Is iad na príomhbhearta atá ann a reachtaíocht maidir le heitlíocht shibhialta agus rialacháin tacaíochta a leasú, feabhsuithe maidir le struchtúr agus foireann CAC, agus córas CAC a nuashonrú chun cáilíocht agus oiliúint a chigirí a bhainistiú, lena n-áirítear oiliúint tosaigh bhreise, oiliúint thréimhsiúil agus oiliúint ar an láthair oibre. Ina theannta sin, mhínigh CAC gur fhorbair sé nósanna imeachta maoirseachta breise agus seicliostaí breise i réimsí éagsúla, agus gur dhréachtaigh sé an plean náisiúnta sábháilteachta eitlíochta agus an rialachán maidir le tuairisciú ar tharluithe slándála, a nglacfar an dá cheann acu in 2022. Déanfaidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht grinnscrúdú cúramach ar an ábhar seo uile. |
|
(14) |
Thug CAC nuashonrú ar na bearta a rinneadh i dtaca lena phlean gníomhaíochta ceartaithí (“CAP”) maidir leis na barúlacha a tugadh le linn chuairt mheasúnaithe an Aontais ar an láthair in 2020. I measc na mbeart sin bhí próisis phleanála agus oiliúna acmhainní daonna a thabhairt cothrom le dáta, roinnt nósanna imeachta agus seicliostaí a thabhairt cothrom le dáta chun feabhas a chur ar a ghníomhaíochtaí maoirseachta aershábháilteachta, bunachar leictreonach a chur chun feidhme chun tacú lena ghníomhaíochtaí maoirseachta, agus a chóras tuairiscithe ar tharluithe sábháilteachta a fhorbairt. |
|
(15) |
Ina theannta sin, mar chuid d’iarrachtaí an Aontais chun cabhrú le CAC aghaidh a thabhairt ar a riachtanais maidir le sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú, i mí an Mhárta 2022 sheol an Ghníomhaireacht tionscadal teicniúil tiomnaithe a raibh d’aidhm aige maoirseacht aershábháilteachta CAC a neartú i réimsí na nAeroibríochtaí agus na hAeracmhainneacht. |
|
(16) |
Ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil, meastar go bhfuil roinnt feabhsuithe suntasacha curtha ag CAC ar a acmhainneacht maoirseachta aershábháilteachta. Aithnítear freisin go ndealraíonn sé go bhfuil CAC tiomanta leanúint dá chuid iarrachtaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a chuid acmhainneachtaí maoirseachta agus réiteach a fháil ar na hábhair imní sábháilteachta a shainaithníodh. D’ainneoin na bhforbairtí dearfacha sin, níl dóthain fianaise cuí-réasúnaithe ann faoi láthair gur thug CAC aghaidh go héifeachtach ar na heasnaimh uile a sainaithníodh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair i mí Feabhra 2020, measúnú as ar tháinig an cinneadh toirmeasc ar a n-oibriú a fhorchur de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736. Maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil maidir leis na feabhsuithe féideartha, ní mór tuilleadh fíoraithe a dhéanamh ina leith trí chruinnithe teicniúla breise, agus b’fhéidir trí dheimhniú ar an láthair. |
|
(17) |
I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Airméin. |
|
(18) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Airméin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. |
Aeriompróirí ón Iaráic
|
(19) |
I mí na Nollag 2015, le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 2015/2322 ón gCoimisiún (7). cuireadh an t-aeriompróir Iraqi Airways isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 474/2006. |
|
(20) |
I mí Feabhra 2022 rinne Údarás Eitlíochta Sibhialta na hIaráice (“ICAA”) agus Iraqi Airways faisnéis faoi na gníomhaíochtaí agus na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar a n-acmhainneachtaí maidir le maoirseacht aershábháilteachta agus le bainistíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir le sábháilteacht a sainaithníodh. Sainaithníodh easnaimh áirithe, áfach, lena n-áirítear cáilíocht na seicliostaí arna n-úsáid ag cigirí ICAA le haghaidh na bpróiseas deimhniúchán agus maoirseacht araon, chomh maith leis an bplean oiliúna ICAA agus a chur chun feidhme. Léiríodh roinnt easnamh sa mheasúnú ar thorthaí mhaoirseachta ICAA, go háirithe maidir leis an mbealach ina ndréachtaítear na torthaí maoirseachta, agus an bealach ina raibh an obair leantach ina leith sin deimhnithe. I ndáil leis an méid sin, tugadh faoi deara freisin nach ndearna cigirí ICAA bearta iomchuí forfheidhmiúcháin nuair ba ghá. |
|
(21) |
Léiríodh sa mheasúnú ar an bhfaisnéis a sholáthair Iraqi Airways go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag an aeriompróir i réimsí éagsúla. Tugadh faoi deara gur fhostaigh an aeriompróir seirbhísí sainchomhairleora sheachtraigh chun iniúchadh a dhéanamh ar an aeriompróir agus chun CAP a fhorbairt, rud atá á chur chun feidhme faoi láthair. |
|
(22) |
Cuireadh tús leis an gClár um Fhaireachán ar Shonraí Eitilte chun tuilleadh feabhais a chur ar an méid sonraí atá le hanailísiú agus le húsáid chun bearta feabhsaithe sábháilteachta a fhorbairt. Thairis sin, cuireadh córas tuairiscithe inmheánach ar bun, tionóladh cruinnithe sábháilteachta ar leibhéil éagsúla straitéiseacha, agus rinneadh athbhreithniú ar chuid de lámhleabhair na heagraíochta. |
|
(23) |
D’ainneoin an dul chun cinn thuasluaite, is ann do roinnt dúshlán fós, lena n-áirítear an gá atá ann fós le roinnt feidhmchlár bogearraí i réimse na cothabhála, na n-oibríochtaí eitilte agus na bainistíochta doiciméid a shuiteáil. Ní mór don aeriompróir feabhas a chur, freisin, ar a fheidhmeanna agus ar a nósanna imeachta a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na torthaí maoirseachta a chuir ICAA in iúl. Thairis sin, cé go bhfuil Córas Bainistíochta Cáilíochta (“QMS”) forbartha ag Iraqi Airways, dealraíonn sé nach bhfuil sé in ann obair leantach iomchuí a dhéanamh ar na torthaí uile a ardaíodh faoin gcóras sin. |
|
(24) |
An 14 Nollaig 2021 agus an 4 Bealtaine 2022, arna iarraidh sin don Iaráic agus mar chuid de ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnaigh, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit, ICAA agus Iraqi Airways dhá cruinniú teicniúla. Ag an dá ócáid, chuir ICAA i láthair an dul chun cinn a bhí déanta aige i ndáil le haghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sábháilteachta maidir lena acmhainneacht maoirseachta aershábháilteachta éifeachtach a áirithiú sa tír, agus go háirithe maidir le maoirseacht ar Iraqi Airways. Chuir Iraqi Airways i láthair an dul chun cinn a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh shábháilteachta a sainaithníodh roimhe sin, easnaimh as ar eascair cinneadh diúltach maidir le TCO a bheith glactha ag an Ghníomhaireacht, agus cuireadh i láthair freisin feabhsuithe sábháilteachta gaolmhara eile. |
|
(25) |
Tá fís shoiléir agus uaillmhian shoiléir léirithe ag ICAA agus Iraqi Airways chun a gcomhlíonadh rialála agus a bhfeidhmíocht sábháilteachta a fheabhsú. Tá gá fós, áfach, le feabhsuithe breise. Leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil le ICAA agus le Iraqi Airways chun faireachán a dhéanamh ar a n-iarrachtaí chun feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí maidir le maoirseacht aershábháilteachta agus le bainistíocht agus chun cur leis na hiarrachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, tugadh faoi deara go seolfaidh an Ghníomhaireacht tionscadal cúnaimh theicniúil le linn 2022 chun tacú le ICAA lena chuid iarrachtaí maoirseacht aershábháilteachta a fheabhsú san Iaráic. |
|
(26) |
I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Iaráic. |
|
(27) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe san Iaráic trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. |
|
(28) |
I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteacht idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. |
Aeriompróirí ón gCasacstáin
|
(29) |
I mí na Nollag 2016, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún (8) baineadh aeriompróirí ón gCasacstáin d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Astana a baineadh ó Iarscríbhinn B in 2015 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún. |
|
(30) |
I mí Dheireadh Fómhair, mar chuid d’fhaireachán leanúnach an Choimisiúin ar an gcóras maoirseachta sábháilteachta sa Chasacstáine, rinne saineolaithe ón gCoimisiún, ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit (“an fhoireann measúnaithe” cuairt mheasúnaithe de chuid an Aontais sa Chasacstáin ar an láthair ag oifigí Údarás Eitlíochta Sibhialta na Casacstáine (“CAC KZ”) agus ag an Riarachán Eitlíochta de chuid Kazakhstan Joint Stock Company (“AAK”) agus ag oifigí trí aeriompróir atá deimhnithe sa Chasacstáin, eadhon Air Astana, Jupiter Jet agus Qazaq Air. |
|
(31) |
An 2 Feabhra 2022, chuir AAK plean gníomhaíochta ceartaithí faoi bhráid an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a chonacthas agus a thuairiscigh an fhoireann measúnaithe. I gcomhar leis an nGníomhaireacht, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí, agus chuir siad barúlacha agus moltaí maidir le coigeartú ar fáil do CAC KZ agus AAK. |
|
(32) |
An 27 agus an 28 Aibreán 2022, thionóil an Coimisiún, an Ghníomhaireacht, na Ballstáit agus ionadaithe CAC KZ agus AAK cruinniú teicniúil. Ba é cuspóir an chruinnithe sin athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme an CAP ag CAC KZ agus AAK, chomh maith leis na gníomhaíochtaí gaolmhara a rinne siad chun comhlíonadh éifeachtach a gcóras maoirseachta sábháilteachta a áirithiú leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha. |
|
(33) |
Ar bhonn an CAP a cuireadh isteach agus phlé agus ar an bhfianaise a cuireadh ar fáil le linn an chruinnithe theicniúil, tugadh ar aird go ndearnadh dul chun cinn i dtéarmaí aghaidh a thabhairt ar na barúlacha a rinneadh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair. Is léir gur cuireadh aghaidh ar na barúlacha uile go pointe áirithe, agus gur féidir a mheas go bhfuil roinnt acu réitithe. |
|
(34) |
Léiríodh sa chruinniú nach mór do CAC KZ agus AAK tuilleadh soiléirithe agus fianaise a thabhairt don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí agus bearta áirithe a glacadh. D’iarr an Coimisiún ar CAC KZ agus AAK athbhreithniú a dhéanamh ar an CAP trí fhorbairt bhreise a dhéanamh ar an anailís ar bhunchúiseanna na n-easnamh sábháilteachta a sainaithníodh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas, d’fhonn é a phlé ag an gcéad chruinniú teicniúil eile. |
|
(35) |
Mar thoradh ar an bplé a rinne Coiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh i mí na Samhna 2021, agus a dearbhaíodh le linn chruinniú teicniúil mhí Aibreáin 2022, thug an Coimisiún cuireadh do CAC KZ, AAK, agus don aeriompróir Air Astana teacht chuig éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 17 Bealtaine 2022. |
|
(36) |
An córas a cuireadh ar bun chun maoirseacht sábháilteachta a áirithiú ar na haeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin, chuir CAC KZ agus AAK an córas sin i láthair don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais le linn na héisteachta. Mhínigh siad plean forbartha sábháilteachta náisiúnta na Casacstáine, lena n-áirítear bearta chun éifeachtacht aeriompar na Casacstáine a fheabhsú, lena n-áirítear cur chun feidhme éifeachtach na gcaighdeán idirnáisiúnta sábháilteachta ábhartha. Thairis sin, thug AAK tuairisc ar na forbairtí is déanaí maidir lena struchtúr eagraíochtúil, méid an tionscail eitlíochta sa Chasacstáin, chomh maith leis na torthaí ó Mhisean Bailíochtaithe Comhordaithe ICAO a rinneadh i mí Lúnasa 2021. |
|
(37) |
Agus a ngealltanas maidir leis an bhfeabhsú leanúnach á gcur i dtábhacht, thug CAC KZ agus AAK forléargas cuimsitheach mionsonraithe don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ceartaithí a forbraíodh ar bhonn thorthaí na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas i mí Dheireadh Fómhair 2021. Áiríodh leis sin na cuspóirí straitéiseacha a sainíodh i leith an am amach anseo, amhail leasuithe ar chreat dlíthiúil na Casacstáine, agus ar lámhleabhair agus nósanna imeachta AAK, leanúint d’fheabhsuithe ar an QMS, agus cur chun feidhme éifeachtach breise na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha. |
|
(38) |
Le linn na héisteachta, gheall , CAC KZ agus AAK go gcoimeádfadh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí amach anseo a bheidh le déanamh i ndáil leis na barúlacha eile a tugadh le linn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas in 2021. Ina theannta sin, gheall siad go rachadh sé i mbun dialóg sábháilteachta leanúnach, lena n-áirítear trí fhaisnéis ábhartha sábháilteachta a chur ar fáil agus trí chruinnithe breise, ar a laghad dhá uair sa bhliain, nó nuair a mheasann an Coimisiún gur gá sin. |
|
(39) |
De réir na fianaise, tá na bearta a rinne CAC KZ agus AAK ag cur lena gcumas maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eitlíochta sa Chasacstáin cheana féin. Mar sin féin, tá gá le tuilleadh feabhsuithe a mhéid a bhaineann lena gcumas maoirseacht a dhéanamh go bhfuil oibríochtaí aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin á gcur i gcrích i gcomhréir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear trína áirithiú go n-áiritheofar acmhainní iomchuí le haghaidh gníomhaíochtaí maoirseachta sábháilteachta den sórt sin. |
|
(40) |
Ar bhonn na faisnéise arna cur i láthair, is cosúil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 ag CAC KZ agus AAK maidir leis na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme. Thug an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht dá n-aire go bhfuil sé ar intinn acu tuilleadh tacaíochta a thabhairt do CAC KZ agus do AAK lena n-iarrachtaí an córas sábháilteachta eitlíochta sa Chasacstáin a neartú tuilleadh. |
|
(41) |
Le linn na héisteachta, thug an t-aeriompróir Air Astana forléargas ar a chabhlach atá ann faoi láthair, agus ar na hacmhainní agus na háiseanna a bhí ar fáil. Thug sé tuairisc ar a Chóras Bainistithe Sábháilteachta atá láidir agus dea-fhorbartha agus a QMS. Thug an t-aeriompróir dá aire go n-úsáideann sé tacar uirlisí bogearraí chun na sonraí sábháilteachta, cáilíochta agus bainistithe riosca a chomhtháthú, lena n-áirítear an córas bainistithe riosca tuirse. |
|
(42) |
Chuir an t-aeriompróir faisnéis ar fáil freisin faoi na gníomhaíochtaí maoirseachta a rinne AAK ar Air Astana in 2021-2022, agus dheimhnigh sé feabhsuithe ar a idirghníomhú le CAC KZ agus AAK, arna iarraidh sin do Choiste Aershábháilteachta an Aontais Eorpaigh, |
|
(43) |
Ar bhonn an phlé a rinne sé, tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid gur cheart aird ar leith a thabhairt ar fhaireachán leantach ar staid na sábháilteachta agus ar na forbairtí sa Chasacstáin, lena n-áirítear trí thuairisciú rialta ar an bhforbairt ó CAC KZ agus AAK, agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhféidearthacht cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar éisteacht ar cruinniú de chuid Choiste Aershábháilteachta an Aontais amach anseo. |
|
(44) |
I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón gCasacstáin. |
|
(45) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Chasacstáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí uile sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. |
|
(46) |
I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. |
Aeriompróirí ón Moldóiv
|
(47) |
I mí na Samhna 2021, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún (9) baineadh aeriompróirí ón Moldóiv d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, cé is moite de Air Moldova, Aerotranscargo agus Fly One, ar aeriompróirí iad nár cuireadh riamh le hIarscríbhinn A nó B. |
|
(48) |
I litir dar dáta an 31 Márta 2022, chuir Údarás Eitlíochta Sibhialta na Moldóive (“CAAM”) faisnéis agus nuashonrú ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí maoirseachta sábháilteachta don tréimhse ó mhí na Samhna 2021 go mí an Mhárta 2022. Anuas ar an nuashonrú ar an CAP a forbraíodh ar bhonn na cuairte measúnaithe ar an láthair a rinne an tAontas i mí Mheán Fómhair 2021, áiríodh leis an bhfaisnéis a chuir CAAM ar fáil nuashonruithe a mhéid a bhaineann leis na leasuithe is déanaí ar chreat reachtach náisiúnta eitlíochta na Moldóive. |
|
(49) |
Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus an doiciméadacht a fuarthas, measann an Coimisiún gur tugadh aghaidh go rathúil ar na barúlacha oscailte a bhí fágtha, barúlacha a d’eascair as an gcuairt mheasúnaithe ar an láthair i mí Mheán Fómhair 2021, agus gur féidir iad a dhúnadh. I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta, measann an Coimisiún gur leor go seolfaidh CAAM nuashonrú bliantúil go dtí go bhféadfar cinneadh a dhéanamh gan sin a dhéanamh. |
|
(50) |
I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón Moldóiv. |
|
(51) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Mholdáiv trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. |
|
(52) |
I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. |
Aeriompróirí ón bPacastáin
|
(53) |
I mí an Mhárta 2007, le Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún (10) luadh Pakistan International Airlines in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 agus baineadh é ina dhiaidh sin i mí na Samhna 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún (11). |
|
(54) |
An 24 Meitheamh 2020, léirigh ráiteas ó Aire Cónaidhme Eitlíochta na Pacastáine gur trí mhodhanna calaoiseacha a fuarthas líon ard de na ceadúnais phíolóta a d’eisigh Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine (“PCAA”). |
|
(55) |
Mar thoradh ar an méid sin agus ar an easpa maoirseachta éifeachtaí sábháilteachta a dhealraíonn sé a rinne Údarás Eitlíochta Sibhialta na Pacastáine, chuir an Ghníomhaireacht údaruithe TCO de chuid Pakistan International Airlines agus Vision Air ar fionraí le héifeacht ón 1 Iúil 2020. |
|
(56) |
An 1 Iúil 2020, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin le PCAA, de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006. Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an Coimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit, roinnt cruinnithe teicniúla le PCAA an 9 Iúil agus an 25 Meán Fómhair 2020 faoi seach, an 15 agus an 16 Márta 2021, an 15 Deireadh Fómhair 2021 agus an 16 Márta 2022. |
|
(57) |
Le linn na gcruinnithe sin, pléadh saincheisteanna éagsúla, go háirithe maoirseacht a dhéanamh ar aeriompróirí atá deimhnithe ag an bPacastáin, lena n-áirítear ar a SMS. D’iarr an Coimisiún faisnéis faoin maoirseacht a dhéantar ar aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin, lena n-áirítear a gCórais Bainistithe Sábháilteachta, mar aon le fianaise nach bhfuil staid den chineál céanna forleathan i réimsí eile, amhail ceadúnú foirne cábáin, ceadúnú innealtóirí cothabhála, nó deimhniú aeriompróirí. |
|
(58) |
Dhírigh an fhaisnéis a malartaíodh le PCAA an 16 Márta 2022 ar an toradh a bhí ar an gcuairt de chuid Chlár Iniúchta ICAO um Maoirseacht Uilíoch Sábháilteachta (“USOAP”) a tugadh le déanaí. Chuir an Coimisiún i dtábhacht go dtabharfar aird chuí ar ábhar na tuarascála iniúchóireachta chun na chéad chéimeanna eile dá phróiseas comhairliúcháin féin maidir leis an Liosta Aershábháilteachta Aeir a chinneadh. Le linn an chruinnithe thug PCAA forléargas ar phríomhghnéithe na tuarascála, agus gheall sé go gcomhroinnfeadh sé an tuarascáil leis an gCoimisiún nuair a bheidh sí tugtha chun críche. |
|
(59) |
Tar éis dó an tuarascáil a fháil, bhí an Coimisiún in ann a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon faisnéis ann faoi réimsí ina n-éilítear gníomhaíocht feabhais láithreach. Mar sin féin, cé go léirítear sa tuarascáil go bhfuil formhór na n-eilimintí chun freagrachtaí PCAA a chomhlíonadh ann, tugtar faoi deara inti gur gá do PCAA treoraíocht agus nósanna imeachta a leasú, a fhorlíonadh nó a fheabhsú, go háirithe i réimsí cheadúnú na bpíolótaí. Thairis sin, tugtar faoi deara inti gur gá reachtaíocht náisiúnta na Pacastáine a fheabhsú trí fhorálacha maidir le beartas forfheidhmithe agus maidir le rochtain neamhshrianta ar phearsanra cigireachta a ionchorprú chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú. |
|
(60) |
Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus an phlé le PCAA, aithníonn an Coimisiún iarrachtaí PCAA plean gníomhaíochta ceartaithí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh shábháilteachta a sainaithníodh. Le cúnamh ón nGníomhaireacht agus ó na Ballstáit, tugann an Coimisiún dá aire, tar éis chuairt USOAP ICAO, go bhfuil an Phacastáin i mbun mórphróiseas forbartha, lena n-áirítear athruithe ar a reachtaíocht phríomhúil maidir le heitlíocht. |
|
(61) |
Ar an mbonn sin, d’fhonn a chinneadh an gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, leanfaidh an Coimisiún de bheith i dteagmháil le PCAA agus déanfaidh sé faireachán ar an dul chun cinn a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar staid na maoirseachta sábháilteachta sa Phacastáin. Leis na gníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha sin cinnfear cathain a dhéanfar cuairt mheasúnaithe ar an láthair de chuid an Aontais. |
|
(62) |
I gcomhréir leis na critéir chomhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún ag an bpointe seo nach bhfuil aon fhoras le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a mhéid a bhaineann le haeriompróirí ón bPacastáin. |
|
(63) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe sa Phacastáin trí thosaíocht a thabhairt do na cigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012. |
|
(64) |
I gcás ina léireoidh aon fhaisnéis sábháilteachta ábhartha go bhfuil gar-rioscaí sábháilteachta mar thoradh ar neamh-chomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, d’fhéadfadh gá a bheith le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005. |
Aeriompróirí ón Rúis
|
(65) |
Aeriompróirí ón Rúis a raibh aerárthach nó aerárthaigh de na haerárthaigh a luaitear in aithris 4 nó 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 (12) oibrithe acu, cuireadh isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 iad an 8 Aibreán 2022 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún. |
|
(66) |
An 28 Aibreán 2022 chuir Gníomhaireacht Aeriompair Fheidearálach na Rúise (“FATA”) an Coimisiún ar an eolas go measann sí nach bhfuil bunús le haon líomhain gur sáraíodh caighdeáin idirnáisiúnta na heitlíochta sibhialta, ná le haon ábhar imní maidir leis an tsábháilteacht dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún. Níor sholáthair FATA aon fhaisnéis i dtacaíocht ar an ráiteas sin uaithi, áfach. |
|
(67) |
I gcreat a ghníomhaíochtaí faireacháin leanúnacha, tá sé suite ag an gCoimisiún go bhfuil fianaise ann go bhfuil aerárthaigh a luaitear in aithris 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún curtha ar chlár aerárthaigh na Rúise ag an aeriompróir I Fly, agus gur oibrigh siad na haerárthaigh chéanna go feasach de shárú ar na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha. Cuireadh na haerárthaigh ar chlár na Rúise gan toiliú na n-úinéirí agus gan comhar Údarás Eitlíochta na hÉireann, arb í Stát Cláraithe aitheanta na n-aerárthaí sin, ina dhiaidh sin maidir leis an tsábháilteacht. |
|
(68) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún agus leis na critéir choiteanna san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún, i dtaobh aeriompróirí ón Rúis, gur cheart liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas a leasú chun I Fly a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006. |
|
(69) |
Ba cheart do na Ballstáit leanúint d’fhíorú go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go héifeachtach ag aeriompróirí atá deimhnithe ag FATA, trí thosaíocht a thabhairt do chigireachtaí rampa ar na haeriompróirí sin, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún. |
Aeriompróirí ón tSúdáin Theas
|
(70) |
Níor cuireadh aeriompróirí arna ndeimhniú sa tSúdáin Theas riamh isteach in Iarscríbhinní A ná B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006. |
|
(71) |
Tharla ceithre thionóisc mharfacha agus roinnt tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha eile sa tSúdáin Theas le ceithre bliana anuas, cuid mhór acu ag baint le haerárthaigh arbh ábhar amhrais a marcanna clárúcháin. |
|
(72) |
An 26 Márta 2021, chuir an Coimisiún tús le comhairliúcháin fhoirmiúla le hÚdarás Eitlíochta Sibhialta na Súdáine Theas (“SSCAA”), de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 473/2006. |
|
(73) |
Sa mhalartú comhfhreagrais a lean sin, chuir SSCAA in iúl go raibh Teastas Aeroibreora (“TAO”) South Sudan Supreme Airlines, a raibh a aerárthach i dtionóisc mharfach, curtha ar fionraí, agus go raibh SSCAA i mbun athbhreithniú ar na hoibreoirí uile aerárthaí agus na TAOnna uile sa tír mar gheall ar amhrais maidir le clárú an aerárthaigh a bhí sa tionóisc sin. Chomh maith leis sin, chuir SSCAA in iúl go raibh gníomhaíochtaí feabhsúcháin ar siúl maidir le forbairt agus athbhreithniú na rialachán, na lámhleabhar agus na hoiliúna. Soláthraíodh doiciméid ina raibh faisnéis maidir le Clár Cigireachta, Maoirseachta agus Iniúchóireachta SSCAA, chomh maith le tuarascálacha ar athbhreithnithe ar aeriompróirí áirithe agus ar aerárthaí atá cláraithe thar lear agus atá á n-oibriú sa tSúdáin Theas, an 5 Samhain 2021. |
|
(74) |
An 28 Márta 2022 chuir SSCAA a fhreagraí ar an gceistneoir a sheol an Coimisiún an 26 Márta 2021 in iúl. De réir na bhfreagraí sin, níl córas maoirseachta éifeachtach forbartha ná curtha chun feidhme ag SSCAA go fóill. Chomh maith leis sin, tugann SSCAA dá aire, cé nár eisigh sé aon cheadúnas ná TAO, agus nach bhfuil aon aerárthach cláraithe sa tír, go bhfuil ceadanna aeroibrithe eisithe ag SSCAA d’aerárthaí atá cláraithe ar an gcoigríoch chun oibriú sa tSúdáin Theas. Níl aon fhianaise ann go ndearnadh aon ghníomhaíocht maoirseachta roimh eisiúint na gceadanna sin ná go ndearnadh an faireachán leanúnach ábhartha. |
|
(75) |
An 22 Feabhra 2022 chuir an Coimisiún SSCAA ar an eolas go bhfuil sé ar intinn aige athbhreithniú ar staid na maoirseachta ar an eitlíocht shibhialta sa tSúdáin Theas a chur ar chlár oibre an chéad chruinnithe eile de Choiste Aershábháilteachta an Aontais, agus thug sé cuireadh do SSCAA freastal ar éisteacht os comhair Choiste Aershábháilteachta an Aontais an 18 Bealtaine 2022. |
|
(76) |
Ag an gcruinniú sin thug SSCAA forbhreathnú don Choimisiún agus do Choiste Aershábháilteachta an Aontais ar a struchtúr eagrúcháin chomh maith le faisnéis maidir le méid thionscal na heitlíochta sa tSúdáin Theas. Rinne sé cur síos ar fheidhmeanna na Stiúrthóireachtaí éagsúla in SSCAA agus ar na freagrachtaí atá orthu, agus chuir sé faisnéis ghinearálta ar fáil maidir le soláthar foirne an údaráis. Mhínigh sé go mbraitheann SSCAA go mór fós ar thacaíocht ó Ghníomhaireacht Formhaoirseachta Chomhphobal na hAfraice Thoir um Shábháilteacht agus Slándáil na hEitlíochta (EAC-CASSOA) chun rialacháin eitlíochta sibhialta a leagan síos agus chun próiseas éifeachtach maoirseachta a fhorbairt. I ndáil leis an méid sin, chuir SSCAA in iúl go gcuirfí fáilte roimh aon chúnamh nó tacaíocht lena chuid iarrachtaí. |
|
(77) |
Dheimhnigh SSCAA nach bhfuil aon TAO eisithe aige, agus nach bhfuil clár aerárthaí bunaithe aige go fóill. Chuir SSCAA in iúl, áfach, go bhfuil sé ag súil leis, tar éis oiliúint a sholáthróidh EAC-CASSOA ón 23 Bealtaine 2022, cuspóir bhunú an chláir aerárthaí a bhaint amach chomh maith leis an gcumas aeriompróirí a dheimhniú trí bhíthin an phróisis cúig chéim i gcomhréir le treoraíocht ICAO. |
|
(78) |
Chuir SSCAA an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an eolas go bhfuil 24 chead aeroibrithe eisithe aige d’aeriompróirí eachtracha agus go n-oibríonn roinnt de na haeriompróirí údaraithe sin eitiltí intíre sa tír. Samhlaíonn sé gurb é sin an t-aon ghníomhaíocht deimhniúcháin a dhéanann SSCAA. Thug SSCAA tuairisc ar an bpróiseas lena n-eisítear na ceadanna sin, eadhon trí bhíthin bhailíochtú na TAOnna, bailíochtú a chuimsíonn iniúchadh ar an doiciméadacht agus seiceáil fhisiciúil ar aerárthaí. Ba le linn na héisteachta amháin a soláthraíodh an fhaisnéis sin, áfach, agus ní rabhthas in ann a fhíorú conas a chuirtear an próiseas bailíochtaithe i gcrích. |
|
(79) |
Le linn na héisteachta, sholáthair SSCAA sampla freisin de ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin a rinneadh i gcoinne aeriompróir eachtrach ar chúlghair SSCAA a chead oibríochta nuair a fuair sé amach go raibh TAO an aeriompróra cúlghairthe ag an údarás a bhí inniúil ina leith. |
|
(80) |
Thug an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais dá n-aire nach bhfuil freagrachtaí maoirseachta rialála ag SSCAA i leith aon aeriompróra, ós rud é nach bhfuil aon TAO eisithe aige, agus gur aeriompróirí ar eisigh údaráis eachtracha a TAOnna a dhéanann na haeroibríochtaí uile sa tír. Dá thoradh sin, agus na critéir choiteanna atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 á gcur san áireamh, níl aon aeriompróir deimhnithe ag SSCAA a d’fhéadfadh teacht faoi réir gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. |
|
(81) |
Thairis sin, thug an Coimisiún agus Coiste Aershábháilteachta an Aontais dá n-aire gur chuir SSCAA in iúl nach bhfuil sé ar intinn aige aon TAO a eisiúint go dtí go mbeidh cumais deimhniúcháin agus mhaoirseachta bainte amach aige a chuirfidh ar a chumas dó an caighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. |
|
(82) |
I gcomhréir leis na critéir choiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, measann an Coimisiún i dtaobh aeriompróirí ón tSúdáin Theas nach bhfuil aon fhoras ann le leasú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas. |
|
(83) |
Mar chuid dá ghníomhaíochtaí leanúnacha faireacháin, leanfaidh an Coimisiún de shúil ghéar a choinneáil ar staid na sábháilteachta sa tSúdáin Theas. Tháinig Coiste Aershábháilteachta an Aontais ar an gconclúid gur cheart aird faoi leith a thabhairt ar staid na sábháilteachta sa tSúdáin Theas agus ar fhorbairtí ansiúd, agus gur cheart a iarraidh ar SSCAA tuarascálacha tráthrialta a sholáthar faoin gcur chun cinn a dhéanfar maidir le rialacháin eitlíochta sibhialta a leagan síos agus próiseas éifeachtach maoirseachta sábháilteachta a fhorbairt, agus maidir lena chumas TAOnna a eisiúint. Má fhaigheann an Coimisiún eolas maidir le gar-riosca sábháilteachta a eascraíonn as neamhchomhlíonadh na gcaighdeán sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha, amhail TAO a bheith eisithe in éagmais cumas deimhniúcháin agus maoirseachta leormhaith a bheith ag SSCAA, feadfaidh sé go mbeidh gá le gníomhaíocht bhreise ón gCoimisiún, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, amhail toirmeasc oibríochta a fhorchur ar na haeriompróirí lena mbaineann agus iad a chur isteach in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006. |
|
(84) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a leasú dá réir sin. |
|
(85) |
Aithnítear le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 an gá le cinntí a dhéanamh go tapa agus, i gcás inarb iomchuí, go práinneach, i bhfianaise na n-impleachtaí sábháilteachta. Dá bharr sin, tá sé fíor-riachtanach, ar mhaithe le faisnéis íogair agus na daoine a thaistealaíonn a chosaint, go bhfoilseofaí aon chinneadh i gcomhthéacs uasdátú a dhéanamh ar liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc nó srian ar a n-oibriú laistigh den Aontas, agus go dtiocfadh sé i bhfeidhm láithreach tar éis a ghlactha. |
|
(86) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste Aershábháilteachta an Aontais arna bhunú le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn A; |
|
(2) |
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn B. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Adina VĂLEAN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 344, 27.12.2005, lch. 15.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 8).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeroibríochtaí oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 133, 6.5.2014, lch. 12).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/736 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 172, 3.6.2020, lch. 7).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2322 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 328, 12.12.2015, lch. 67).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2214 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas (IO L 334, 9.12.2016, lch. 6).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2070 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 421, 26.11.2021, lch. 31).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 235/2007 ón gCoimisiún an 5 Márta 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 66, 6.3.2007, lch. 3).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 1400/2007 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal (IO L 311, 29.11.2007, lch. 12)
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/594 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (IO L 114, 12.4.2022, lch. 49).
IARSCRÍBHINN I
“IARSCRIBHINN A
LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ A BHFUIL TOIRMEASC AR A nOIBRIÚ LAISTIGH DEN AONTAS, MAILLE LE hEISCEACHTAÍ (1)
|
Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC agus a ainm trádála, murab ionann é) |
Uimhir an Teastais Aeroibreora (AOC) nó Uimhir an Cheadúnais Oibríochta |
Sainitheoir trí litir ICAO |
Stát an Oibreora |
|
AVIOR AIRLINES |
ROI-RNR-011 |
ROI |
Veiniséala |
|
BLUE WING AIRLINES |
SRBWA-01/2002 |
BWI |
Suranam |
|
IRAN ASEMAN AIRLINES |
FS-102 |
IRC |
An Iaráin |
|
IRAQI AIRWAYS |
001 |
IAW |
An Iaráic |
|
MED-VIEW AIRLINE |
MVA/AOC/10-12/05 |
MEV |
An Nigéir |
|
AIR ZIMBABWE (PVT) |
177/04 |
AZW |
An tSiombáib |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Afganastáin, lena n-áirítear |
|
|
An Afganastáin |
|
ARIANA AFGHAN AIRLINES |
AOC 009 |
AFG |
An Afganastáin |
|
KAM AIR |
AOC 001 |
KMF |
An Afganastáin |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Angóla, cé is moite de TAAG Angola Airlines agus Heli Malongo, lena n-áirítear |
|
|
Angóla |
|
AEROJET |
AO-008/11-07/17 TEJ |
TEJ |
Angóla |
|
GUICANGO |
AO-009/11-06/17 YYY |
Ní fios |
Angóla |
|
AIR JET |
AO-006/11-08/18 MBC |
MBC |
Angóla |
|
BESTFLYA AIRCRAFT MANAGEMENT |
AO-015/15-06/17YYY |
Ní fios |
Angóla |
|
HELIANG |
AO 007/11-08/18 YYY |
Ní fios |
Angóla |
|
SJL |
AO-014/13-08/18YYY |
Ní fios |
Angóla |
|
SONAIR |
AO-002/11-08/17 SOR |
SOR |
Angóla |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Airméin, lena n-áirítear |
|
|
An Airméin |
|
AIRCOMPANY ARMENIA |
AM AOC 065 |
NGT |
An Airméin |
|
ARMENIA AIRWAYS |
AM AOC 063 |
AMW |
An Airméin |
|
ARMENIAN HELICOPTERS |
AM AOC 067 |
KAV |
An Airméin |
|
FLYONE ARMENIA |
AM AOC 074 |
|
An Airméin |
|
NOVAIR |
AM AOC 071 |
NAI |
An Airméin |
|
SHIRAK AVIA |
AM AOC 072 |
SHS |
An Airméin |
|
SKYBALL |
AM AOC 073 |
N/A |
An Airméin |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCongó (Brazzaville), lena n-áirítear |
|
|
An Congó (Brazzaville) |
|
CANADIAN AIRWAYS CONGO |
CG-CTA 006 |
TWC |
An Congó (Brazzaville) |
|
EQUAFLIGHT SERVICES |
CG-CTA 002 |
EKA |
An Congó (Brazzaville) |
|
EQUAJET |
RAC06-007 |
EKJ |
An Congó (Brazzaville) |
|
TRANS AIR CONGO |
CG-CTA 001 |
TSG |
An Congó (Brazzaville) |
|
SOCIETE NOUVELLE AIR CONGO |
CG-CTA 004 |
Ní fios |
An Congó (Brazzaville) |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC), lena n-áirítear |
|
|
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
AIR FAST CONGO |
AAC/DG/OPS-09/03 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
AIR KATANGA |
AAC/DG/OPS-09/08 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
BUSY BEE CONGO |
AAC/DG/OPS-09/04 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
COMPAGNIE AFRICAINE D’AVIATION (CAA) |
AAC/DG/OPS-09/02 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
CONGO AIRWAYS |
AAC/DG/OPS-09/01 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
KIN AVIA |
AAC/DG/OPS-09/10 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
MALU AVIATION |
AAC/DG/OPS-09/05 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
SERVE AIR CARGO |
AAC/DG/OPS-09/07 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
SWALA AVIATION |
AAC/DG/OPS-09/06 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
MWANT JET |
AAC/DG/OPS-09/09 |
Ní fios |
Poblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Djibouti, lena n-áirítear |
|
|
Djibouti |
|
DAALLO AIRLINES |
Ní fios |
DAO |
Djibouti |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an nGuine Mheánchiorclach, lena n-áirítear |
|
|
An Ghuine Mheánchiorclach |
|
CEIBA INTERCONTINENTAL |
2011/0001/MTTCT/DGAC/SOPS |
CEL |
An Ghuine Mheánchiorclach |
|
CRONOS AIRLINES |
2011/0004/MTTCT/DGAC/SOPS |
Ní fios |
An Ghuine Mheánchiorclach |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Eiritré, lena n-áirítear |
|
|
An Eiritré |
|
ERITREAN AIRLINES |
AOC No 004 |
ERT |
An Eiritré |
|
NASAIR ERITREA |
AOC No 005 |
NAS |
An Eiritré |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an gCirgeastáin, lena n-áirítear |
|
|
An Chirgeastáin |
|
AEROSTAN |
08 |
BSC |
An Chirgeastáin |
|
AIR COMPANY AIR KG |
50 |
Ní fios |
An Chirgeastáin |
|
AIR MANAS |
17 |
MBB |
An Chirgeastáin |
|
AVIA TRAFFIC COMPANY |
23 |
AVJ |
An Chirgeastáin |
|
FLYSKY AIRLINES |
53 |
FSQ |
An Chirgeastáin |
|
HELI SKY |
47 |
HAC |
An Chirgeastáin |
|
KAP.KG AIRCOMPANY |
52 |
KGS |
An Chirgeastáin |
|
SKY KG AIRLINES |
41 |
KGK |
An Chirgeastáin |
|
TEZ JET |
46 |
TEZ |
An Chirgeastáin |
|
VALOR AIR |
07 |
VAC |
An Chirgeastáin |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libéir. |
|
|
An Libéir |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Libia, lena n-áirítear |
|
|
An Libia |
|
AFRIQIYAH AIRWAYS |
007/01 |
AAW |
An Libia |
|
AIR LIBYA |
004/01 |
TLR |
An Libia |
|
AL MAHA AVIATION |
030/18 |
Ní fios |
An Libia |
|
BERNIQ AIRWAYS |
032/21 |
BNL |
An Libia |
|
BURAQ AIR |
002/01 |
BRQ |
An Libia |
|
GLOBAL AIR TRANSPORT |
008/05 |
GAK |
An Libia |
|
HALA AIRLINES |
033/21 |
HTP |
An Libia |
|
LIBYAN AIRLINES |
001/01 |
LAA |
An Libia |
|
LIBYAN WINGS AIRLINES |
029/15 |
LWA |
An Libia |
|
PETRO AIR |
025/08 |
PEO |
An Libia |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Neipeal, lena n-áirítear |
|
|
Neipeal |
|
AIR DYNASTY HELI. S. |
035/2001 |
Ní fios |
Neipeal |
|
ALTITUDE AIR |
085/2016 |
Ní fios |
Neipeal |
|
BUDDHA AIR |
014/1996 |
BHA |
Neipeal |
|
FISHTAIL AIR |
017/2001 |
Ní fios |
Neipeal |
|
SUMMIT AIR |
064/2010 |
Ní fios |
Neipeal |
|
HELI EVEREST |
086/2016 |
Ní fios |
Neipeal |
|
HIMALAYA AIRLINES |
084/2015 |
HIM |
Neipeal |
|
KAILASH HELICOPTER SERVICES |
087/2018 |
Ní fios |
Neipeal |
|
MAKALU AIR |
057A/2009 |
Ní fios |
Neipeal |
|
MANANG AIR PVT |
082/2014 |
Ní fios |
Neipeal |
|
MOUNTAIN HELICOPTERS |
055/2009 |
Ní fios |
Neipeal |
|
PRABHU HELICOPTERS |
081/2013 |
Ní fios |
Neipeal |
|
NEPAL AIRLINES CORPORATION |
003/2000 |
RNA |
Neipeal |
|
SAURYA AIRLINES |
083/2014 |
Ní fios |
Neipeal |
|
SHREE AIRLINES |
030/2002 |
SHA |
Neipeal |
|
SIMRIK AIR |
034/2000 |
Ní fios |
Neipeal |
|
SIMRIK AIRLINES |
052/2009 |
RMK |
Neipeal |
|
SITA AIR |
033/2000 |
Ní fios |
Neipeal |
|
TARA AIR |
053/2009 |
Ní fios |
Neipeal |
|
YETI AIRLINES |
037/2004 |
NYT |
Neipeal |
|
Na haeriompróirí seo a leanas atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an Rúis |
|
|
An Rúis |
|
AURORA AIRLINES |
486 |
SHU |
An Rúis |
|
AVIACOMPANY "AVIASTAR-TU" CO. LTD |
458 |
TUP |
An Rúis |
|
IZHAVIA |
479 |
IZA |
An Rúis |
|
JOINT STOCK COMPANY "AIR COMPANY "YAKUTIA" |
464 |
SYL |
An Rúis |
|
JOINT STOCK COMPANY "RUSJET" |
498 |
RSJ |
An Rúis |
|
JOINT STOCK COMPANY "UVT AERO" |
567 |
UVT |
An Rúis |
|
JOINT STOCK COMPANY SIBERIA AIRLINES |
31 |
SBI |
An Rúis |
|
JOINT STOCK COMPANY SMARTAVIA AIRLINES |
466 |
AUL |
An Rúis |
|
JOINT-STOCK COMPANY "IRAERO" AIRLINES |
480 |
IAE |
An Rúis |
|
JOINT-STOCK COMPANY "URAL AIRLINES" |
18 |
SVR |
An Rúis |
|
JOINT–STOCK COMPANY ALROSA AIR COMPANY |
230 |
DRU |
An Rúis |
|
JOINT-STOCK COMPANY NORDSTAR AIRLINES |
452 |
TYA |
An Rúis |
|
JS AVIATION COMPANY "RUSLINE" |
225 |
RLU |
An Rúis |
|
JSC YAMAL AIRLINES |
142 |
LLM |
An Rúis |
|
LLC "NORD WIND" |
516 |
NWS |
An Rúis |
|
LLC “AIRCOMPANY IKAR” |
36 |
KAR |
An Rúis |
|
LTD. I FLY |
533 |
RSY |
An Rúis |
|
POBEDA AIRLINES LIMITED LIABILITY COMPANY |
562 |
PBD |
An Rúis |
|
PUBLIC JOINT STOCK COMPANY "AEROFLOT - RUSSIAN AIRLINES" |
1 |
AFL |
An Rúis |
|
ROSSIYA AIRLINES, JOINT STOCK COMPANY |
2 |
SDM |
An Rúis |
|
SKOL AIRLINE LLC |
228 |
CDV |
An Rúis |
|
UTAIR AVIATION, JOINT-STOCK COMPANY |
6 |
UTA |
An Rúis |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar São Tomé agus Príncipe, lena n-áirítear |
|
|
São Tomé agus Príncipe |
|
AFRICA'S CONNECTION |
10/AOC/2008 |
ACH |
São Tomé agus Príncipe |
|
STP AIRWAYS |
03/AOC/2006 |
STP |
São Tomé agus Príncipe |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar Shiarra Leon |
|
|
Siarra Leon |
|
Gach aeriompróir atá deimhnithe ag na húdaráis atá freagrach as formhaoirseacht rialála a dhéanamh ar an tSúdáin, lena n-áirítear |
|
|
An tSúdáin |
|
ALFA AIRLINES SD |
54 |
AAJ |
An tSúdáin |
|
BADR AIRLINES |
35 |
BDR |
An tSúdáin |
|
BLUE BIRD AVIATION |
11 |
BLB |
An tSúdáin |
|
ELDINDER AVIATION |
8 |
DND |
An tSúdáin |
|
GREEN FLAG AVIATION |
17 |
GNF |
An tSúdáin |
|
HELEJETIC AIR |
57 |
HJT |
An tSúdáin |
|
KATA AIR TRANSPORT |
9 |
KTV |
An tSúdáin |
|
KUSH AVIATION CO. |
60 |
KUH |
An tSúdáin |
|
NOVA AIRWAYS |
46 |
NOV |
An tSúdáin |
|
SUDAN AIRWAYS CO. |
1 |
SUD |
An tSúdáin |
|
SUN AIR |
51 |
SNR |
An tSúdáin |
|
TARCO AIR |
56 |
TRQ |
An tSúdáin |
(1) D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn A cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN B
LIOSTA NA nAERIOMPRÓIRÍ ATÁ FAOI RÉIR SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA LAISTIGH DEN AONTAS (1)
|
Ainm eintiteas dlíthiúil an aeriompróra faoi mar a léirítear é ar a AOC (agus a ainm trádála, murab ionann é) |
Uimhir an Teastais Aeroibreora (‘AOC’) |
Sainitheoir trí litir ICAO |
Stádas an Oibreora |
Cineál aerárthaigh a bhfuil srian air |
Cláruimhir nó cláruimhreacha agus, má tá a leithéid ann, sraithuimhir nó sraithuimhreacha déantúis aerárthaí a bhfuil srian orthu |
Stát an chláraithe |
|
IRAN AIR |
FS100 |
IRA |
An Iaráin |
Gach aerárthach den chineál Fokker F100 agus den chineál Boeing B747. |
Aerárthaí den chineál Fokker F100 mar a luaitear ar an AOC; Aerárthaí den chineál Boeing B747 mar a luaitear ar an AOC. |
An Iaráin |
|
AIR KORYO |
GAC-AOC/KOR-01 |
KOR |
An Chóiré Thuaidh |
An flít ar fad, cé is moite de: 2 aerárthach den chineál TU-204. |
An flít ar fad, cé is moite de: P-632, P-633. |
An Chóiré Thuaidh |
(1) D’fhéadfaí cead a thabhairt d’aeriompróirí a liostaítear in Iarscríbhinn B cearta tráchta a fheidhmiú trí aerárthaí a úsáid ar léas fliuch ó aeriompróir nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a oibriú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na caighdeáin sábháilteachta ábhartha.