31.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 148/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/840 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Bealtaine 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 18 duine nádúrtha agus le 13 eintiteas atá ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú.

(3)

Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt daoine aonair atá éagtha a scriosadh ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

(4)

Ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a scriosadh ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 tar éis breithiúnas a bheith faighte ón gCúirt Ghinearálta an 16 Márta 2022.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:

(1)

i Roinn A (Daoine), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

40.

Muhammad Bukhaytan;

262.

Salam Tohme;

293.

Abdelkader Sabra;

(2)

I Roinn A (Daoine), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘3.

Ali MAMLUK

(ar a dtugtar freisin Ali Mamlouk; Ali Al-Mamlouk; Abu Ayham)

(علي المملوك; أبو أيهم; علي مملوك)

Dáta Breithe: 19.2.1946;

Áit bhreithe: Damascus, Syria;

Pas taidhleoireachta Uimh. 983;

Inscne: fireann

Leas-uachtarán den Syrian Arab Republic for Security Affairs. Iar-Stiúrthóir an National Security Bureau. Iar-Cheann an Syrian General Intelligence Directorate bainteach le foréigean i gcoinne léirsitheoirí.

9.5.2011

4.

Atif NAJIB

(ar a dtugtar freisin Atef; Atej Najeeb)

(عاطف نجيب)

Áit bhreithe: Jablah, Syria;

Grád: Briogáidire-Ghinearál;

Inscne: fireann

Iar-Cheann an Political Security Directorate in Dara’a. Bainteach le foréigean i gcoinne léirsitheoirí. Ball de theaghlach Assad: col ceathrar leis an Uachtarán Bashar al-Assad.

9.5.2011

28.

Khalid (ar a dtugtar freisin Khaled) QADDUR (ar a dtugtar freisin Qadour, Qaddour, Kaddour)

(خالد قدور)

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, a bhfuil leasanna aige agus/nó gníomhaíochtaí aige in earnáil na teileachumarsáide agus i dtionscail na hola, an phlaistigh agus an tobac agus a bhfuil dlúthchaidreamh gnó aige le Maher al-Assad. Tá sé nasctha le gníomhaíochtaí smuigleála.

Baineann sé tairbhe as réimeas na Siria agus tugann sé tacaíocht dó trína chuid gníomhaíochtaí gnó.

Comhlach Maher al-Assad, lena n-áirítear trína chuid gníomhaíochtaí gnó.

27.1.2015

33.

Ayman JABIR

(ar a dtugtar freisin Aiman Jaber)

(أيمن جابر)

Áit bhreithe: Latakia, Syria;

Inscne: fireann

Mórphearsa ghnó atá ag feidhmiú sa tSiria, agus a bhfuil baint aige leis na hearnálacha cruach, meán, earraí inchaite agus ola, lena n-áirítear trádáil na n-earraí sin. Tá leas airgeadais aige agus/nó tá poist feidhmiúcháin shinsearacha aige i roinnt cuideachtaí agus eintiteassa tSiria, go háirithe Al Jazira (ar a dtugtar freisin Al Jazerra; El Jazireh), Dunia TV, agus Sama Satellite Channel.

Trína chuideachta Al Jazira, d’éascaigh Ayman Jabir ola a allmhairiú ó Overseas Petroleum Trading chuig an tSiria.

Baineann Ayman Jabir tairbhe as réimeas na Siria agus tugann sé tacaíocht dó trína chuid gníomhaíochtaí gnó.

Cuireann sé tacaíocht ar fáil go díreach do ghníomhaíochtaí mílístí atá cleamhnaithe le réimeas ar a dtugtar Shabiha agus/nó Suqur as-Sahraa, agus tá príomhról aige sna gníomhaíochtaí sin. Is uachtarán oinigh é ar ‘Wafa lil-Watan’ (dílseacht don tír dhúchais), cumann a thugann cúnamh do theaghlaigh saighdiúirí agus mílíste ón tSiria.

Comhlach Rami Makhlouf trína ghníomhaíochtaí gnó agus comhlach Maher al-Assad trína ról i mílístí atá cleamhnaithe leis an réimeas.

27.1.2015

48.

Samir HASSAN

(سمير حسن)

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ag a bhfuil leasanna agus/nó gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Tá leasanna aige agus/nó tá tionchar suntasach aige in Amir Group agus in Cham Holding, dhá ilchuideachta a bhfuil leasanna acu in earnálacha na réadmhaoine, na turasóireachta, an iompair agus an airgeadais. Uachtarán ar an Syria-Russian Business Council agus tá ról suntasach aige sa chaidreamh eacnamaíoch le Russian Federation tríd an Syria-Russian Business Council.

Tacaíonn Samir Hassan le hiarrachtaí cogaidh réimeas na Siria trí thabhartais airgid.

Tá baint ag Samir Hassan le daoine a bhaineann tairbhe as an réimeas nó a thacaíonn leis. Go háirithe, tá baint aige le Rami Makhlouf agus Issam Anbouba, atá ainmnithe ag an gComhairle agus a bhaineann tairbhe as réimeas na Siria.

27.9.2014

114.

Emad Abdul-Ghani SABOUNI

(ar a dtugtar freisin Imad Abdul Ghani Al Sabuni)

(عماد عبدالغني صابوني)

Dáta Breithe: 1964;

Áit bhreithe: Damascus, Syria;

Inscne: fireann

Iar-Aire Teileachumarsáide agus Teicneolaíochta, a bhí in oifig go dtí mí Aibreáin 2014 ar a laghad. Ina cháil mar iarAire Rialtais, tá freagracht air as an gcur faoi chois le foréigean a rinne réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach. Iar-Cheann an Planning and International Cooperation Agency (PICC). Is gníomhaireacht rialtais é PICC atá cleamhnaithe leis an bPríomh-Aireacht agus táirgeann sé, go háirithe, na pleananna 5 bliana a sholáthraíonn na mór-threoirlínte do bheartais eacnamaíocha agus forbartha an Rialtais.

27.2.2012

139.

Major General Hussam LUQA

(ar a dtugtar freisin Husam, Housam, Houssam; Louqa, Louca, Louka, Luka)

(حسام لوقا)

Dáta Breithe: 1964;

Áit bhreithe: Damascus, Syria;

Inscne: fireann

Iar-Cheann ar an Security Committee of the Southern Region ó 2018 go dtí 2020. Iar-Cheann an General Security Directorate. Maor-Ghinearál. Ó mhí Aibreáin 2012 go dtí an 2 Nollaig 2018, bhí sé ina cheann ar chraobh Homs den Political Security Directorate (tháinig i gcomharbacht ar Brigadier General Nasr al-Ali). Ón 3 Nollaig 2018, ceann an Political Security Directorate. Stiúrthóir ar an General Intelligence Department ó bhí 2019 ann. Freagrach as lucht freasúra faoi choimeád a chéasadh.

24.7.2012

203.

George HASWANI

(ar a dtugtar freisin Heswani; Hasawani; Al Hasawani)

Seoladh: Damascus Province, Yabroud, Al Jalaa St, Syria;

Faisnéis eile: Tá Hesco Engineering and Construction Company Ltd ag an seoladh céanna i Londain agus an gnóthas Briotanach, Savero Ltd.;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, a bhfuil leasanna aige agus/nó gníomhaíochtaí aige in earnálacha na hinnealtóireachta, na tógála agus na hola agus an gháis. Tá leasanna aige i roinnt cuideachtaí agus eintiteas sa tSiria agus/nó tá tionchar suntasach aige orthu, go háirithe HESCO Engineering and Construction Company, cuideachta mhór innealtóireachta agus tógála.

7.3.2015

204.

Emad HAMSHO

(ar a dtugtar freisin Imad Hmisho; Hamchu; Hamcho; Hamisho; Hmeisho; Hemasho, حميشو)

(حمشو عماد)

Seoladh: Hamsho Building 31 Baghdad Street, Damascus, Syria;

Inscne: fireann

Tá post bainistíochta sinsearaí aige in Hamsho Trading. I ngeall ar an bpost sinsearach atá aige in Hamsho Trading, fochuideachta de Hamsho International, atá ainmnithe ag an gComhairle, tugann sé tacaíocht do réimeas na Siria. Tá Hamsho Trading bainteach mar sin le heintiteas ainmnithe, Hamsho International.

Tá sé ina leas-uachtarán freisin ar an Syrian Council of Iron and Steel in éineacht le fir ghnó ainmnithe de chuid an réimis amhail Ayman Jabir. I measc shócmhainní Hamsho tá Syrian Metal Industries, gléasra cruach lasmuigh de Damascus, ar sholáthair Hamsho drámh-mhiotal a ghoid mílístí pró-rialtais thar thréimhse an chogaidh. Is comhlach Uachtarán Bashar al-Assad é freisin.

7.3.2015

245.

Muhammad Yousef HASOURI

(ar a dtugtar freisin Mohammad Yousef Hasouri; Mohammed Yousef Hasouri)

(محمد يوسف حاصوري)

Grád: Briogáidire-Ghinearál;

Inscne: fireann

Tá an Briogáidire-Ghinearál Muhammad Hasouri ina oifigeach sinsearach sa Syrian Air Force,ó mhí na Bealtaine 2011 i leith. Bhí sé ina Cheann Foirne ar Air Force Brigade 50 agus ina Leas-Cheannasaí ar Shayrat Airbase. Oibríonn an Briogáidire-Ghinearál Muhammad Hasouri in earnáil leata arm ceimiceach agus bhí baint aige leis an sléacht ceimiceach in ‘Khan Sheikhoun’ an 4 Aibreán 2017. Inacháil mar oifigeach sinsearach míleata, tá sé freagrach as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois go foréigneach.

18.7.2017

247.

Jayyiz Rayyan AL-MUSA

(ar a dtugtar freisin Jaez Sawada al-Hammoud al-Mousa; Jayez al-Hammoud al-Moussa)

(جايز ريان الموسى)

Dáta Breithe: 1954;

Áit bhreithe: Hama, Syria;

Grád: Maor-Ghinearál;

Inscne: fireann

IarGhobharnóir ar Hasaka, Uachtarán Bashar al-Assad a cheap; baint aige leis an Uachtarán Bashar al-Assad.

Ina Mhaor-Ghinearál, oifigeach sinsearach agus iarLeas-Cheannasaí an Syrian Air Force.

Ina cháil mar oifigeach sinsearach sa Syrian Air Force, is é atá freagrach as an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois le foréigean, lena n-áirítear airm cheimiceacha a bheith á n-úsáid ag réimeas na Siria le linn dó a bheith ina Cheann Foirne ar an Syrian Air Force, mar a thuairisc an Comhshásra Imscrúdaitheach a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe.

18.7.2017

271.

Khaled AL-ZUBAIDI

(ar a dtugtar freisin (Mohammed) Khaled/Khalid (Bassam) (al-) Zubaidi/Zubedi

(خالد الزبيدي)

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Comhúinéir ar Zubaidi and Qalei LLC; Stiúrthóir ar Agar Investment Company; Bainisteoir Ginearálta ar Al Zubaidi company agus Al Zubaidi & Al Taweet Contracting Company; Stiúrthóir agus Úinéir Zubaidi Development Company; Comhúinéir Enjaz Investment Company;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, le hinfheistíochtaí suntasacha sa tionscal tógála, lena n-áirítear 50 % in Zubaidi and Qalei LLC, atá ag tógáil na só-chathrach turasóireachta Grand Town agus ar dheonaigh an réimeas comhaontú 45 bliana dó ar 19-21 % dá ioncam. Tacaíonn Khaled al-Zubaidi le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as réimeas na Siria trína ghníomhaíochtaí gnó, go háirithe tríd an mbun seo san fhorbraíocht Grand Town.

Shínigh Khaled Zubaidi urraíocht (luach USD 350 000 ) le club peile na Siria ‘Wihda FC’ trí cheann dá chuideachtaí ‘Hijaz Company’. Ball de Federation of Syrian Chambers of Tourism ó 2019 i leith.

21.1.2019

283.

Mohammed Nazer JAMAL EDDIN

(ar a dtugtar freisin Nazir Ahmad, Mohammed JamalEddine; Jamal Aldiyn)

(محمد ناذر جمال الدين)

Dáta Breithe: 2.1.1962;

Áit bhreithe: Damascus, Syria;

Náisiúntacht: Siriach;

Pasuimhir: N 011612445, eagrán uimh. 002-17-L022286 (áit eisiúna: Damascus, Syrian Arab Republic);

Uimhir Aitheantais: 010-30208342 (áit eisiúna: Syrian Arab Republic);

Post: Comhbhunaitheoir agus scairshealbhóir tromlaigh Apex Development and Projects LLC agus bunaitheoir A’ayan Company for Projects and Equipment;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus mórinfheistíochtaí aige sa tionscal tógála, lena n-áirítear bun urlámhais 90 % in Apex Development and Projects LLC, a ghlac páirt i gcomhfhiontar USD 34,8 milliún chun Marota City, sófhorbraíocht chónaithe agus tráchtála dar taca an réimeas, a thógáil. Tacaíonn Mohammed Nazer Jamal Eddin Mohammed Nazer le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as an réimeas sin trína bheith rannpháirteach i bhforbraíocht Marota City. I mí na Bealtaine 2019, chruthaigh Jamal Eddin ‘Trillium Private JSC’, cuideachta ar fiú SYP 15 mhilliún é a bhfuil baint acu le trádáil ábhar tógála agus táirgí leictreacha.

21.1.2019

284.

Mazin AL-TARAZI

(ar a dtugtar freisin

Image 1
; Mazen al-Tarazi)

(مازن الترزي)

Dáta Breithe: Meán Fómhair 1962;

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Duine gnó;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus ag a bhfuil mórinfheistíochtaí sna hearnálacha tógála agus eitlíochta. Tacaíonn Mazin al-Tarazi le réimeas na Siria agus/nó baineann sé tairbhe as an réimeas sin trína chuid infheistíochtaí agus gníomhaíochtaí gnó. Go háirithe, tá margadh tugtha i gcrích ag Mazin al-Tarazi le Damascus Cham Holding le haghaidh infheistíocht USD 320 milliún i dtógáil Marota City, sófhorbraíocht chónaithe agus tráchtála dar taca an réimeas; deonaíodh ceadúnas dó freisin le haghaidh aerlíne phríobháideach sa tSiria. I Meán Fómhair 2019, chruthaigh sé ‘al-Dana Group Investments LLC’, cuideachta ar fiú SYP 25 mhilliún é agus atá bainteach le honnmhairiú-allmhairiú agus le hinfheistíocht in áiseanna turasóireachta agus i gcoimpléisc tráchtála.

21.1.2019

285.

Samer FOZ

(ar a dtugtar freisin Samir Foz/Fawz; Samer Zuhair Foz; Samer Foz bin Zuhair)

(سامر فوز)

Dáta Breithe: 20 Bealtaine 1973;

Áit bhreithe: Homs, Syria/Latakia, Syria;

Náisiúntachtaí: Siriach, Turcach;

Uimhir an phas Turcach: U 09471711 (áit eisiúna: an Tuirc; dáta éaga 21.7.2024);

Uimhir náisiúnta na Siria: 06010274705

Seoladh: Platinum Tower, office No 2405, Jumeirah Lake Towers, Dubai, UAE;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria ag a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí aige san iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria. Soláthraíonn Samer Foz tacaíocht airgeadais agus tacaíocht eile do réimeas na Siria, lena n áirítear Military Security Shield Forces sa tSiria a chistiú agus margaí gráin a shocrú. Ina theannta sin, baineann sé tairbhe airgeadais as rochtain ar dheiseanna tráchtála trí thrádáil na cruithneachta agus tionscadail atógála mar thoradh ar na naisc atá aige leis an réimeas.

D’oscail Samer Foz monarcha scagtha siúcra (‘Factory Samer Foz’) in 2021 mar thaca le cuspóir réimeas na Siria an táirgeadh siúcra a mhéadú ar fud na tíre.

21.1.2019

287.

Hussam AL-QATIRJI

(ar a dtugtar freisin Hussam/Hossam Ahmed/Mohammed/Muhammad al-Katerji)

(حسام القطرجي)

Dáta Breithe: 1982;

Áit bhreithe: Raqqa, Syria;

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Katerji Group (ar a dtugtar freisin Al Qatarji Company/Qatirji Company/Khatirji Group/Katerji International Group);

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria agus teachta Pharlaimint na Siria. Tacaíonn Al Qatarji le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as freisin trí mhargaí trádála maidir le hola agus cruithneacht leis an réimeas a chumasú agus brabús a dhéanamh astu.

Fuair Hussam Al Qatarji, in éineacht lena theaghlach, ceadúnas chun banc nua a chruthú, an National Islamic Bank. Tá gléasra stroighne nua faighte acu freisin ón rialtas, trí cheann dá gcuideachtaí, Nabd Contracting and Construction. Leathnaigh siad san earnáil turasóireachta freisin agus an chuideachta Arman Hotel and Tourist Management LLC á cruthú acu. Chomh maith leis sin, chuaigh siad i mbun comhfhiontar leis an aireacht turasóireachta ‘Bere Aleppo Private JSC’. Tá mílíste in Aleppo á stiúradh ag Hussam Al Qatarji agus a theaghlach freisin. I nDeireadh Fómhair 2021, shínigh BSCompany for Oil Services Qateri socrú leis an réimeas chun stáisiúin gáis a sholáthar le breosla i limistéir atá i seilbh an réimis.

21.1.2019

290.

Waseem AL-KATTAN

(وسيم القطان)

(ar a dtugtar freisin Waseem, Wasseem, Wassim, Wasim; Anouar; al-Kattan, al-Katan, al-Qattan, al-Qatan; وسيم قطان, وسيم أنوار القطان)

Dáta Breithe: 4.3.1976;

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Uachtarán Damascus Countryside (Rural) Province Chamber of Commerce;

Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

Larosa Furniture/Furnishing; Jasmine Fields Company Ltd.; Muruj Cham (Murooj al-Cham) Investment and Tourism Group; Adam and Investment LLC; Universal Market Company LLC; Cisteoir Federation of Syrian Chambers of Commerce;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú sa tSiria, atá ag baint tairbhe as an réimeas agus atá ag tacú leis. Úinéir gnólachtaí éagsúla agus cuideachtaí sealbhaíochta a bhfuil leasanna agus gníomhaíochtaí acu in earnálacha eacnamaíocha éagsúla amhail réadmhaoin, tionscal na n-óstán sóúla agus ionaid tráchtála. Rinne Waseem al-Kattan dul chun cinn tapa mar mhórphearsa ghnó trí chánacha a ghearradh ar earraí a smuigleáladh isteach in Oirthear Ghouta a bhí faoi léigear agus tá baint aige anois le cineálacha cliantachais atá chun sochair don réimeas. Baineann Waseem al-Kattan tairbhe airgeadais as rochtain fhabhrach ar thairiscintí poiblí agus ar cheadúnais agus ar chonarthaí arna ndámhachtain ag gníomhaireachtaí rialtais mar thoradh ar na dlúthnaisc atá aige leis an réimeas.

In 2020, toghadh Al-Kattan ina chomhalta de Damascus Chamber of Commerce. I mí na Samhna 2021, cheap Rialtas na Siria Al-Kattan ina rúnaí ar Federation of Syrian chambers of commerce, d’ainneoin gur cailleadh na toghcháin.

17.2.2020

294.

Khodr Ali TAHER

(ar a dtugtar freisin خضر علي طاهر)

Dáta Breithe: 1976;

Náisiúntacht: Siriach;

Post: Stiúrthóir agus úinéir Ella Media Services; duine de bhunaitheoirí Castle Security and Protection agus Jasmine Contracting Company; Cathaoirleach agus duine de bhunaitheoirí Syrian Hotel Management Company; Bainisteoir agus úinéir Ematel;

Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc:

Citadel for Protection; Guard and Security Services (Castle Security and protection); Ematel LLC (Ematel Communications); Syrian Hotel Management Company; Jasmine Contracting Company;

Inscne: fireann

Duine de phríomhdhaoine gnó atá ag feidhmiú in iliomad earnálacha i ngeilleagar na Siria, lena n-áirítear an tslándáil phríobháideach, miondíol fón póca, bainistiú ósta, seirbhísí fógraíochta, aistriú airgid intíre, deochanna alcólacha agus neamh-alcólacha.

Tacaíonn sé leis réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as trí chomhar ina chuid gníomhaíochtaí gnó agus trína rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí smuigléireachta agus brabúsaíochta. Tá roinnt cuideachtaí faoi úinéireacht Khodr Ali Taher agus chomhbhunaigh sé roinnt eile. Tá baint aige le déileálacha gnó leis an réimeas, lena n-áirítear dul i gcomhfhiontar leis an Syrian Transport and Tourism Company, a bhfuil a dhá thrian faoi úinéireacht na hAireachta Turasóireachta.

17.2.2020’

(3)

I Roinn B (Eintitis), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘1.

Bena Properties

Cham Holding Building, Daraa Highway, Ashrafiyat Sahnaya Rif Dimashq, Syria, P.O. Box 9525

I seilbh Rami Makhlouf. An chuideachta réadmhaoine is mó sa tSiria agus fochuideachta réadmhaoine agus infheistíochta Cham Holding; soláthraíonn sé cistiú do réimeas na Siria.

23.6.2011

2.

Al Mashreq Investment Fund (AMIF)

(ar a dtugtar freisin Sunduq Al Mashrek Al Istithmari)

P.O. Box 108, Damascus, Syria;

Teil: +963 112110059/963 112110043;

Facs: +963 933333149

I seilbh Rami Makhlouf. soláthraíonn sé cistiú do réimeas na Siria.

23.6.2011

18.

Syriatel

Syriatel Mobile Telecom Building, Amman Road, Daraa Highway, Ashrafiyat Sahnaya Area, Damascus, Syria, P.O. Box 2900;

Teil: +963 11 61 26 270;

Facs: +963 11 23 73 97 19;

R-phost: info@syriatel.com.sy;

Suíomh gréasáin: http://syriatel.sy/

Tugann sé tacaíocht airgeadais do réimeas na Siria: trína chonradh ceadúnaithe, íocann sí 50 % nó níos mó dá bhrabús leis an Rialtas.

23.9.2011

24.

Mechanical Construction Factory (MCF)

P.O. Box 35202, Industrial Zone, Al-Qadam Road, Damascus, Syria

Teil:+963 011 5810719; +963 11 4474579; +963 11 5810718; +963 11 5810719;

R-phost: info@metallic-sy.com. agus shaamco@mail.sy

Cuideachta chaoch lena bhfaigheann CERS trealamh íogair.

1.12.2011

25.

Syronics – Syrian Arab Co. for Electronic Industries

Kaboon Street, PO Box 5966, Damascus, Syria;

Teil: +963 11 5111352;

Facs: +963 11 5110117

R-phost: info@syronics.com.sy

Cuideachta chaoch lena bhfaigheann CERS trealamh íogair.

1.12.2011

26.

Handasieh – Organization for Engineering Industries

P.O. Box 5966, Abou Bakr Al-Seddeq St., Damascus, Syria

agus

P.O. Box 2849, Al-Moutanabi Street, Damascus, Syria

agus

P.O. Box 21120, Baramkeh, Damascus, Syria;

Teil: + 96311 2121824; +963 11 2121825; +963 11 2131307;

R-phost: g.o.eng.ind@net.sy

Cuideachta chaoch lena bhfaigheann CERS trealamh íogair.

1.12.2011

34.

Syrian Lebanese Commercial Bank

Syrian Lebanese Commercial Bank Building, 6th Floor, Makdessi Street, Hamra, P.O. Box 11-8701, Beirut, Lebanon;

Brainse Hamra: Hamra Street, Darwish and Fakhro Building, P.O. Box 113-5127/11-8701, Beirut, Lebanon

Brainse Mar Elias: Mar Elias Street, Fakhani Building, P.O. Box 145 796, Beirut, Lebanon

Teil:+961 1741666;

Facs: +961 1738214;

Suíomh gréasáin: www.slcb.com.lb

Fochuideachta de chuid Commercial Bank of Syria arna liostú cheana. Tugann sé tacaíocht airgeadais don réimeas.

23.1.2012

38.

Central Bank of Syria

Sabah Bahrat Square, Damascus, Syria

Seoladh poist: Altjreda al Maghrebeh Square, Damascus, Syria, P.O. Box: 2254

Teil: +961011 - 9985

R-phost: info@cb.gov.sy

Suíomh gréasáin: https://www.cb.gov.sy/

Tugann sé tacaíocht airgeadais do réimeas na Siria.

27.2.2012

56.

The Baniyas Refinery Company

(ar a dtugtar freisin Banias; Banyas)

Banias Refinery Building, 26 Latkia Main Road, Tartous, P.O. Box 26, Syria;

352, Tripoli Street, PO Box 352, Homs

Fochuideachta de chuid an General Corporation for Refining and Distribution of Petroleum Products (GCRDPP), roinn de chuid Ministry of Petroleum and Mineral Resources. tTugann sé tacaíocht airgeadais do réimeas na Siria.

23.7.2014

57.

The Homs Refinery Company

(ar a dtugtar freisin Hims, General Company for Homs Refinery)

General Company for Homs Refinery Building, 352 Tripoli Street, Homs, P.O. Box 352, Syria

Teil: 963-3125-16401

Facs: 963-3124-70101

R-phost: homs-refine@mail.sy

Fochuideachta de chuid an General Corporation for Refining and Distribution of Petroleum Products (GCRDPP), roinn de chuid Ministry of Petroleum and Mineral Resources. Tugann sé tacaíocht airgeadais do réimeas na Siria.

23.7.2014

67.

Hamsho Trading

(ar a dtugtar freisin Hamsho Group; Grúpa Trádála Hmisho; Hmisho Economic Group)

Hamsho Building, 31 Baghdad Street, Damascus, Syria

Grúpa Hamsho, Damascus countryside – northern road-ring, Hamsho le haghaidh trádála agus tógála;

R-phost: info@hamsho-group.com.

Teil: 00963 (11) 3227530.

Fochuideachta de Hamsho International, a d’ainmnigh an Chomhairle.

Tá Hamsho Trading bainteach mar sin le heintiteas ainmnithe, Hamsho International.

Tugann sé tacaíocht do réimeas na Siria trína chuid fochuideachtaí, lena n-áirítear Syria Steel. Tá sé bainteach le grúpaí amhail mílístí Shabiha, atá ar son an réimis, trína fhochuideachtaí.

7.3.2015

77.

Al Qatarji Company

(ar a dtugtar freisin Qatarji International Group; Al-Sham and Al-Darwish Company; Qatirji/Khatirji/Katarji/Katerji Group)

(مجموعة/شركة قاطرجي)

Cineál eintitis: cuideachta phríobháideach;

Earnáil ghnó: allmhairiú/onnmhairiú; cuideachta trucaile; ola agus tráchtearraí a sholáthar;

Ainm an Stiúrthóra/an Bhainistíocht: Hussam Al Qatarji, CEO (arna ainmniú ag an gComhairle);

Úinéir tairbhiúil deiridh: Hussam Al Qatarji (arna ainmniú ag an gComhairle);

Seoladh cláraithe: Mazzah, Damascus, Syria;

Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Arvada/Arfada Petroleum Company JSC

Cuideachta mór le rá atá ag feidhmiú in earnálacha éagsúla i ngeilleagar na Siria. Sin trí thrádáil breosla, arm agus armlóin a éascú idir an réimeas agus gníomhaithe éagsúla, lena n-áirítear ISIL (Da’esh) faoi scáth earraí bia a allmhairiú agus a onnmhairiú, trí thacú le mílístí atá ag troid i dteannta an réimis agus trí bhuntáiste a bhaint as an gceangal atá aici leis an réimeas chun a gníomhaíochtaí tráchtála féin a leathnú, tacaíonn Al Qatarji Company – dar ceann feadhna an duine ainmnithe Hussam al-Qatirji agus ar comhalta é de Thionól Mhuintir na Siria – le réimeas na Siria agus baineann sí leas as an réimeas sin.

17.2.2020

78.

Damascus Cham Holding Company

(ar a dtugtar freisin Damascus Cham Private Joint Stock Company)

(القابضة الشام دمشق)

Cineál eintitis: cuideachta atá faoi úinéireacht phoiblí faoin dlí príobháideach;

An earnáil gnó: forbairt réadmhaoine;

Ainm an Stiúrthóra/an Bhainistíocht: Adel Anwar al-Olabi, cathaoirleach Bhord na Stiúrthóirí agus Gobharnóir ar an Damaisc (arna ainmniú ag an gComhairle);

Úinéir tairbhiúil deiridh: Gobharnóireacht na Damaisce;

Gaolta/comhlaigh ghnó/eintitis nó comhpháirtithe/naisc: Rami Makhlouf (arna ainmniú ag an gComhairle); Samer Foz (arna ainmniú ag an gComhairle); Mazen Tarazi (arna ainmniú ag an gComhairle); Talas Group, atá faoi úinéireacht an fhir gnó, Anas Talas (arna ainmniú ag an gComhairle); Khaled al-Zubaidi (arna ainmniú ag an gComhairle).

Ba é an réimeas a bhunaigh Damascus Cham Holding Company, mar ghéag infheistíochta de Ghobharnóireacht na Damaisce chun maoin ghobharnóireacht na Damaisce a bhainistiú agus tionscadal Marota City a chur chun feidhme — tionscadal réadmhaoine galánta as talamh a díshealbhaíodh uathu siúd a díshealbhaíodh faoi Fhoraithne Uimh. 66 agus Dlí Uimh. 10 go háirithe.

Trí bhainistiú a dhéanamh ar chur chun feidhme Marota City, tacaíonn Damascus Cham Holding (dar cathaoirleach Gobharnóir na Damaisce) le réimeas na Siria agus baineann sí tairbhe as an réimeas sin agus soláthraíonn sí sochair do lucht gnó a bhfuil dlúthcheangal acu leis an réimeas agus a bhfuil margaí brabúsacha déanta acu leis an eintiteas sin trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí

17.2.2020’