25.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 146/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/814 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí heipteamalocsalaglúcan

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún (3), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí heipteamalocsalaglúcan go dtí an 31 Bealtaine 2022.

(3)

Cuireadh isteach iarratas ar athnuachan fhormheas na substainte gníomhaí sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (4). Cé gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (5), tá feidhm ag na forálacha a bhaineann le hathnuachan fhormheas na substaintí gníomhacha sin faoi mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 go fóill i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740.

(4)

Ós rud é gur cuireadh moill ar mheasúnú na substainte gníomhaí heipteamalocsalaglúcan ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas atá ag an tsubstaint ghníomhach sin in éag sula mbeidh cinneadh déanta maidir lena hathnuachan. Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur lena tréimhse formheasa chun an t-am is gá chun an measúnú a chríochnú a chur ar fáil.

(5)

A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a athnuachan toisc nach gcomhlíontar na critéir formheasa, is é an dáta atá le socrú ag an gCoimisiún mar dháta éaga an dáta céanna sin a bhí ann roimh an Rialachán seo nó dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena bhforáiltear nach ndéanfar formheas na substainte gníomhaí a athnuachan, cibé dáta acu sin is déanaí. A mhéid a bhaineann le cásanna ina bhfuil an Coimisiún le Rialachán a ghlacadh lena bhforálfar maidir le hathnuachan na substainte gníomhaí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, féachfaidh an Coimisiún leis an dáta cur i bhfeidhm is luaithe is féidir a shocrú, de réir mar is iomchuí sna himthosca.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(7)

I bhfianaise phráinn an cháis ós rud é go rachaidh an formheas reatha in éag an 31 Bealtaine 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm a luaithe is féidir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).


IARSCRÍBHINN

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, sa séú colún, “Dul in éag an fhormheasa”, ró 298, “Heipteamalocsalaglúcan”, cuirtear “an 31 Bealtaine 2023” in ionad an dáta.