24.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 145/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/804 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Feabhra 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha nós imeachta a shonrú maidir le bearta is infheidhme i dtaca le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 48i(10) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 48f agus le hAirteagal 48g de Rialachán (AE) 2016/1011 tugtar de chumhacht don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”) fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur faoi choinníollacha áirithe ar na riarthóirí tagarmharcanna faoina mhaoirseacht. Le hAirteagal 48i(10) de Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar an gCoimisiún na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla sin a fhorchur, lena n-áirítear na cearta chun cosanta, fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú agus na tréimhsí teorann i dtaca le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú.

(2)

I gcás ina bhfaighidh ESMA amach go bhfuil tásca tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh fíorais a bheith ann arbh ionann iad agus sárú amháin nó níos mó ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 de (AE) 2016/1011 le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna faoina mhaoirseacht, ceapfaidh ESMA oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ESMA chun an t-ábhar a imscrúdú. Nuair a bheidh a chuid oibre déanta aige, ba cheart don oifigeach imscrúdúcháin comhad iomlán a tharchur chuig ESMA. Is cuid dhílis den cheart chun cosanta é bheith ar an eolas faoi na torthaí sin agus deis a bheith ann freagra a thabhairt orthu. Dá bhrí sin, ba cheart an duine atá faoi imscrúdú a chur ar an eolas faoi chinntí an oifigigh imscrúdúcháin, agus ba cheart an deis a bheith aige freagra a thabhairt ar na cinntí sin laistigh de theorainn ama réasúnta. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ba cheart don oifigeach imscrúdúcháin a bhreithniú, de thoradh na n-aighneachtaí arna ndéanamh ag an duine is ábhar don imscrúdú, an gá an ráiteas ar chinntí a leasú sula gcuirfear faoi bhráid ESMA é.

(3)

Ba cheart do ESMA measúnú a dhéanamh ar iomláine an chomhaid arna chur isteach ag an oifigeach imscrúdúcháin bunaithe ar liosta doiciméad. Chun a áirithiú go bhfuil an duine atá faoi réir an imscrúdaithe in ann a chosaint a ullmhú go leormhaith, sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach maidir le fíneálacha nó bearta maoirseachta, ba cheart do ESMA a áirithiú go dtabharfar an deis dó tuilleadh barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil.

(4)

Chun a áirithiú go gcomhoibreoidh an duine atá faoi réir an imscrúdaithe le himscrúdú, ba cheart ESMA a bheith in ann bearta comhéigneacha áirithe a dhéanamh. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag ESMA lena gceanglaítear ar dhuine deireadh a chur le sárú, nó nuair a iarrfaidh sé faisnéis iomlán a sholáthar nó taifid iomlána, sonraí nó aon ábhar eile a chur isteach, nó nuair a bheidh cinneadh déanta aige cigireacht ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur chun iallach a chur ar an duine atá faoi réir an imscrúdaithe an cinneadh a rinneadh a chomhlíonadh. Sula ndéanfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, ba cheart do ESMA an deis a thabhairt don duine aighneachtaí i scríbhinn a sholáthar.

(5)

Ós rud é go ndéanann an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid oibre go neamhspleách, níor cheart ESMA a bheith faoi cheangal ag an gcomhad a d’ullmhaigh sé. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfuil an duine atá faoi réir an imscrúdaithe in ann a chosaint a ullmhú go leormhaith, i gcás ina n-easaontaíonn ESMA, ba cheart iad a chur ar an eolas, agus ba cheart deis freagartha a thabhairt dó.

(6)

Chun a áirithiú go bhfuil an duine atá faoi réir an imscrúdaithe in ann a chosaint a ullmhú go leormhaith, ba cheart iad a chur ar an eolas agus ba cheart an deis a bheith acu freagra a thabhairt i gcás ina gcomhaontóidh ESMA le cinntí uile an oifigigh imscrúdúcháin nó le cuid díobh,

(7)

Ba cheart an ceart chun éisteacht a fháil a mheas i bhfianaise an ghá, faoi imthosca sonracha, le gníomhaíocht phráinneach ESMA. I gcás ina bhfuil údar le gníomhaíocht phráinneach de bhun Airteagal 48e de Rialachán (AE) 2016/1011, níor cheart ceart an duine faoi réir an imscrúdaithe chun éisteacht a fháil a bheith ina bhac ar ESMA bearta práinneacha a dhéanamh. I gcásanna den sórt sin, ba cheart ceart an duine faoi réir an imscrúdaithe chun éisteacht a fháil a áirithiú a luaithe is féidir tar éis an cinneadh a dhéanamh. Mar sin féin, ba cheart go ndeonódh an nós imeachta ceart don duine atá faoi réir an imscrúdaithe éisteacht a fháil ón oifigeach imscrúdúcháin.

(8)

Ba cheart an chumhacht atá ag ESMA íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur a fheidhmiú agus aird chuí á tabhairt ar an gceart chun cosanta agus níor cheart í a choinneáil thar an tréimhse is gá. I gcás ina ndéanfaidh ESMA cinneadh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, ba cheart deis a bheith ag an duine lena mbaineann éisteacht a fháil agus níor cheart aon íocaíocht phionósach a bheith iníoctha a thuilleadh ón nóiméad a chomhlíon an duine lena mbaineann ordú ESMA ina thaobh.

(9)

Cuimseofar sna comhaid a ullmhóidh ESMA agus an t-oifigeach imscrúdúcháin faisnéis atá fíor-riachtanach don duine lena mbaineann maidir le hullmhúchán le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin. Tar éis don duine atá faoi réir imscrúdaithe an fógra a fháil i dtaobh ráiteas maidir le cinneadh a fháil ón oifigeach imscrúdúcháin nó ó ESMA, ba cheart an duine sin a bheith i dteideal rochtain a fháil ar an gcomhad faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Níor cheart úsáid doiciméad comhaid a ndéantar rochtain orthu a cheadú ach amháin i gcomhair nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin maidir le sáruithe ar Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/1011.

(10)

An chumhacht chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar aon leis an gcumhacht chun fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorfheidhmiú, ba cheart an dá chumhacht sin a fheidhmiú laistigh de thréimhse réasúnta agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith faoi réir tréimhse teorann. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, sna tréimhsí teorann le haghaidh fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur agus a fhorfheidhmiú, ba cheart reachtaíocht an Aontais atá ann cheana a chur san áireamh, reachtaíocht is infheidhme maidir le pionóis a fhorchur agus a fhorfheidhmiú ar eintitis faoi mhaoirseacht agus taithí ESMA i gcur i bhfeidhm na reachtaíochta sin a chur san áireamh freisin. Chun go n-áiritheoidh ESMA go ndéanfar na fíneálacha agus na pionóis thréimhsiúla sin arna mbailiú a choinneáil slán, ba cheart do ESMA iad a thaisceadh i gcuntais úsmhara a osclófar go heisiach chun críche fíneála aonair nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le sárú aonair. Mar cheist a bhaineann le stuamacht bhuiséadach, níor cheart do ESMA na méideanna a aistriú chuig an gCoimisiún go dtí go mbeidh na cinntí críochnaitheach de bharr na gceart achomharc a dhéanamh a bheith ídithe nó as feidhm.

(11)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is féidir tagarmharcanna tríú tír a úsáid san Aontas gan é a bheith de cheangal ar na riarthóirí ábhartha coibhéis, aitheantas nó formhuiniú a lorg le linn idirthréimhse a bhfuil síneadh curtha leis go dtí 2023. Le linn na hidirthréimhse sin, is córas é an t-aitheantas san Aontas ina ndéanann riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha rogha a bheith páirteach, rud a léiríonn go mbeidh a dtagarmharcanna fós ar fáil lena n-úsáid san Aontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse sin, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha maidir le fíneálacha ach amháin maidir le riarthóirí atá lonnaithe i dtríú tíortha a rinne iarratas ar aitheantas dá dheoin féin roimh dhul in éag na hidirthréimhse a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/168 agus i gcás inar dheonaigh an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha nó ESMA aitheantas.

(12)

Chun cur i bhfeidhm rianúil na gcumhachtaí maoirseachta a thugtar do ESMA a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn “tagarmharc criticiúil” tagarmharc criticiúil de bhun airteagal 20(1), pointí (a) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/1011;

(2)

Ciallaíonn “tagarmharc tríú tír” tagarmharc a bhfuil an riarthóir lena mbaineann lonnaithe lasmuigh den Aontas.

Airteagal 2

Rialacha nós imeachta maidir le himeachtaí um shárú os comhair an oifigigh imscrúdúcháin

1.   Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin imscrúdú a chríochnú ar sháruithe féideartha a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2016/1011 agus sula gcuirfidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 48i(1) den Rialachán sin an comhad faoi bhráid ESMA, cuirfidh sé an duine atá faoi réir a imscrúdaithe ar an eolas i scríbhinn ina luafar a chuid cinntí agus tabharfaidh sé deis don duine sin aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn de bhun mhír 3. Leagfar amach sa ráiteas fionnachtana na fíorais ar dóigh gurb ionann iad agus ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais a leagtar amach i dTeideal VI de Rialachán (AE) 2016/1011, lena n-áirítear measúnú ar chineál agus ar thromchúis na sáruithe sin, agus na critéir a leagtar síos in Airteagal 48e(2) den Rialachán sin á gcur san áireamh.

2.   Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama réasúnach don duine atá faoi réir imscrúdaithe a chuid aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. In imscrúduithe seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 5, 4 seachtaine ar a laghad a bheidh sa teorainn ama sin. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar an oifigeach imscrúdúcháin iad a chur san áireamh.

3.   Ina aighneachtaí i scríbhinn, féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe na fíorais a leagan amach a mheasann sé a bheith ábhartha dá chosaint agus déanfaidh sé, más féidir, doiciméid a cheangal leis mar chruthúnas ar na fíorais a leagtar amach. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe a mholadh go n-éistfeadh an t-oifigeach imscrúdúcháin le daoine eile a d’fhéadfadh comhthacú leis na fíorais a leagtar amach in aighneachtaí an duine atá faoi réir imscrúdaithe.

4.   Duine atá faoi réir imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin cuireadh a thabhairt dó freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

Airteagal 3

Rialacha nós imeachta in imeachtaí um shárú os comhair ESMA maidir le fíneálacha agus bearta maoirseachta

1.   Sa chomhad iomlán atá le cur faoi bhráid ESMA ag an oifigeach imscrúdúcháin, cuimseofar na doiciméid a leanas:

an ráiteas cinntí agus cóip den ráiteas cinntí a dhíreofar chuig an riarthóir tagarmharcanna nó chuig an duine atá faoi réir an imscrúdaithe;

cóip de na haighneachtaí i scríbhinn ón riarthóir tagarmharcanna nó ón duine atá faoi réir imscrúdaithe;

na miontuairiscí ó aon éisteacht ó bhéal.

2.   I gcás ina bhfuil comhad neamhiomlán, cuirfidh ESMA iarraidh réasúnaithe ar dhoiciméid bhreise faoi bhráid an oifigigh imscrúdúcháin.

3.   I gcás ina measfaidh ESMA, maidir leis na fíorais a dtugtar tuairisc orthu i ráiteas cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, nach sáruithe iad ar na ceanglais a leagtar amach i dTeideal VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011, cinnfidh sé an cás a scor agus tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe.

4.   I gcás nach n-aontóidh ESMA le cinntí an oifigigh imscrúdúcháin, cuirfidh sé ráiteas nua cinntí faoi bhráid an duine atá faoi réir imscrúdaithe. Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad inar féidir le duine atá faoi réir imeachtaí aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Maidir leis an teorainn ama sin chun cinneadh a ghlacadh maidir le sárú a bheith ann agus maidir le bearta maoirseachta agus fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 48e agus Airteagal 48f de Rialachán (AE) 2016/1011, ní bheidh sé d’oibleagáid ar ESMA aighneachtaí i scríbhinn a fhaightear tar éis dhul in éag na teorann ama sin a chur san áireamh.

5.   I gcás ina n-aontóidh ESMA le cinntí uile an oifigigh imscrúdúcháin nó le cuid díobh, cuirfidh sé na daoine atá faoi réir imscrúdaithe ar an eolas dá réir. Leis an gcumarsáid sin, socrófar teorainn ama de dhá sheachtain ar a laghad i gcás ina n-aontóidh ESMA leis na cinntí ar fad, agus ceithre seachtaine ar a laghad i gcás nach n-aontaíonn ESMA leis na cinntí uile, agus laistigh den tréimhse sin féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh. Maidir leis an teorainn ama sin chun cinneadh a ghlacadh maidir le sárú a bheith ann agus maidir le bearta maoirseachta agus fíneáil a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 48e agus Airteagal 48f de Rialachán (AE) 2016/1011, ní bheidh sé d’oibleagáid ar ESMA aighneachtaí i scríbhinn a fhaightear tar éis dhul in éag na teorann ama sin a chur san áireamh.

6.   An duine atá faoi réir imscrúdaithe ar díríodh ráiteas cinntí chuige, féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt dó freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir imscrúdaithe cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

7.   I gcás ina gcinnfidh ESMA go ndearna duine atá faoi réir imscrúdaithe ceann amháin nó níos mó de na sáruithe ar na ceanglais dá bhforáiltear i dTeideal VI de Rialachán (AE) 2016/1011, agus ina nglacfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 48f den Rialachán sin, tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir imscrúdaithe láithreach.

Airteagal 4

Rialacha nós imeachta maidir le himeachtaí um shárú faoi bhráid ESMA i dtaca le híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh lena bhforchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil de bhun Airteagal 48g de Rialachán (AE) 2016/1011, cuirfidh ESMA ráiteas cinntí faoi bhráid an duine atá faoi réir na n-imeachtaí, ráiteas ina leagfar amach na cúiseanna lena dtugtar údar le híocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur agus méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla in aghaidh gach lae a bheidh neamhchomhlíonadh i gceist. Sa ráiteas cinntí socrófar teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad inar féidir leis an duine atá faoi réir imeachtaí aighneachtaí a dhéanamh i scríbhinn. Aighneachtaí i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil leis an íocaíocht phionósach thréimhsiúil.

2.   An riarthóir tagarmharcanna nó an duine atá faoi réir an imeachta dá dtagraítear in Airteagal 48b(1) de Rialachán (AE) 2016/1011, a luaithe a chomhlíonfaidh sé an cinneadh ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 48g(1) de Rialachán (AE) 2016/1011, ní fhorchuirfear íocaíocht phionósach thréimhsiúil a thuilleadh.

3.   Le cinneadh ó ESMA chun íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur, léireofar an bunús dlí agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh, méid na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla, agus dáta tosaigh na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla.

4.   Féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt don duine atá faoi réir nósanna imeachta freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir na n-imeachtaí cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

Airteagal 5

Rialacha nós imeachta le haghaidh cinntí eatramhacha maidir le bearta maoirseachta

1.   De mhaolú ar Airteagal 3(4), Airteagal 3(5), Airteagal 3(6), Airteagal 4(1) agus Airteagal 4(4), beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach san Airteagal seo i gcás ina nglacfaidh ESMA cinntí eatramhacha de bhun Airteagal 48j(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2016/1011.

2.   I gcás ina gcinnfidh ESMA go bhfuil sárú déanta ag duine atá faoi imscrúdú ar cheanglas dá bhforáiltear i dTeideal VI de Rialachán (AE) 2016/1011 agus go nglacfaidh sé cinneadh eatramhach lena bhforchuirfear bearta maoirseachta de bhun Airteagal 48e de Rialachán (AE) 2016/1011, tabharfaidh sé fógra láithreach faoin gcinneadh eatramhach sin don duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh.

Socróidh ESMA teorainn ama 4 seachtaine ar a laghad inar féidir leis an duine atá faoi réir cinneadh eatramhach aighneacht i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an gcinneadh eatramhach. Aighneacht i scríbhinn a gheofar tar éis don teorainn ama sin dul in éag, ní bheidh oibleagáid ar ESMA iad a chur san áireamh.

Deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh, arna iarraidh sin air, nó ar a thionscnamh féin. Maidir le doiciméid de chuid an chomhaid, ní úsáidfear iad ach chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann le Rialachán (AE) 2016/1011.

Féadfaidh ESMA cuireadh a thabhairt don duine atá faoi réir imscrúdaithe freastal ar éisteacht ó bhéal. Féadfaidh an duine atá faoi réir cinneadh eatramhach cúnamh a fháil ó abhcóide dá rogha féin. Ní dhéanfar éisteachtaí ó bhéal go poiblí.

3.   Déanfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach a luaithe is féidir tar éis ghlacadh an chinnidh eatramhaigh.

I gcás ina measfaidh ESMA, tar éis éisteacht a thabhairt don duine atá faoi réir cinneadh eatramhach, go bhfuil sárú déanta ag an duine atá faoi réir an chinnidh eatramhaigh ar cheanglas a leagtar amach i dTeideal VI de Rialachán (AE) 2016/1011, glacfaidh sé cinneadh daingniúcháin lena bhforchuirfear ceann amháin nó níos mó de na bearta maoirseachta a leagtar síos in Airteagal 48e de Rialachán (AE) 2016/1011. Tabharfaidh ESMA fógra faoin gcinneadh sin don duine atá faoi réir cinneadh eatramhach.

4.   I gcás ina nglacfaidh ESMA cinneadh críochnaitheach nach ndeimhneofar an cinneadh eatramhach leis, measfar an cinneadh eatramhach a bheith aisghairthe.

Airteagal 6

Rochtain ar an gcomhad agus úsáid doiciméad

1.   I gcás ina n-iarrfar sin air, deonóidh ESMA rochtain ar an gcomhad don duine atá faoi réir an imscrúdaithe ar chuir an t-oifigeach imscrúdúcháin nó ESMA ráiteas cinntí chuige. Deonófar rochtain tar éis fógra a thabhairt faoi aon ráiteas cinntí.

2.   Maidir le doiciméid de chuid an chomhaid a bhfaigheann an duine dá dtagraítear i mír 1 rochtain orthu ní úsáidfidh an duine sin iad ach chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann le Rialachán (AE) 2016/1011.

Airteagal 7

Tréimhsí teorann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur

1.   Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar riarthóirí tagarmharcanna agus ar dhaoine eile atá faoi réir imscrúdaithe, beidh siad faoi réir tréimhse teorann 5 bliana.

2.   Is ar an lá tar éis an lae ar a ndéanfar an sárú a thosóidh an tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1. I gcás sáruithe leanúnacha nó sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, is ar an lá a thiocfaidh deireadh leis an sárú a thosóidh an tréimhse teorann.

3.   Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh ESMA nó an t-údarás inniúil náisiúnta agus é ag gníomhú ar iarraidh ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 48m de Rialachán (AE) 2016/1011 chun críche an imscrúdaithe nó na n-imeachtaí i ndáil le sárú de bhun theideal VI de Rialachán (AE) 2016/1011, brisfear leis an ngníomhaíocht sin an tréimhse teorann le haghaidh fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur. Brisfear an tréimhse teorann sin ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomhaíocht don riarthóir tagarmharcanna nó don duine atá faoi réir imscrúdaithe i ndáil le sárú de bhun Rialachán (AE) 2016/1011.

4.   Athbhunófar le gach briseadh dá dtagraítear i mír 3 an tréimhse teorann. Mar sin féin, rachaidh an tréimhse teorann in éag ar a dhéanaí an lá a bheidh tréimhse curtha isteach ar ionann í agus dúbailt na tréimhse teorann gan aon fhíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil forchurtha ag ESMA le linn an ama sin. An t-am a bheidh an teorainn ar fionraí de bhun mhír 5, cuirfear é de shíneadh leis an tréimhse sin.

5.   An tréimhse teorann i dtaca le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur, cuirfear ar fionraí í fad atá cinneadh ESMA faoi réir imeachtaí atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 48k de Rialachán (AE) 2016/1011.

Airteagal 8

Tréimhsí teorann maidir le pionóis a fhorfheidhmiú

1.   Is faoi réir tréimhse teorann 5 bliana é an chumhacht atá ag ESMA cinntí a ghlactar de bhun Airteagal 48e agus Airteagal 48g de Rialachán (AE) 2016/1011 a fhorfheidhmiú.

2.   An tréimhse teorann dá dtagraítear i mír 1, is ar an lá tar éis an lae a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh a thosóidh sí.

3.   An tréimhse teorann i dtaca le pionóis a fhorfheidhmiú, déanfaidh na nithe seo a leanas í a bhriseadh:

(a)

fógra ó ESMA don duine atá faoi réir imeachtaí faoi chinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla;

(b)

aon ghníomhaíocht atá déanta ag ESMA, aon ghníomhaíocht a dhéanann údarás inniúil náisiúnta arna iarraidh sin ag ESMA, i gcomhréir le hairteagal 48m de Rialachán (AE) 2016/1011, agus an ghníomhaíocht sin ceaptha chun téarmaí íocaíochta nó coinníollacha íocaíochta na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Athbhunóidh gach briseadh dá dtagraítear i mír 3 an tréimhse teorann.

5.   An tréimhse teorann i dtaca le pionóis a fhorfheidhmiú, cuirfear ar fionraí í fad:

(a)

a cheadófar am chun íocaíocht a dhéanamh;

(b)

a chuirfear forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ó ESMA atá ar feitheamh os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, agus os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 48k de Rialachán (AE) 2016/1011.

Airteagal 9

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú

1.   Méideanna na bhfíneálacha agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailíonn ESMA, taiscfear iad i gcuntas úsmhar arna oscailt ag ESMA go dtí go mbeidh siad críochnaitheach. I gcás ina mbaileoidh ESMA roinnt fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ag an am céanna, áiritheoidh ESMA go dtaiscfear iad i gcuntais nó i bhfochuntais éagsúla. Ní iontrálfar fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna n-íoc i mbuiséad ESMA ná ní dhéanfar iad a thaifeadadh mar mhéideanna buiséadacha.

2.   A luaithe a chinnfidh ESMA gur críochnaitheach iad na fíneálacha nó na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla tar éis gach ceart achomhairc a bheith ídithe, aistreoidh an t-oifigeach cuntasaíochta sin na méideanna sin móide aon ús a fhabhróidh orthu chuig an gCoimisiún Eorpach. Cuirfear na méideanna sin isteach i mbuiséad Ioncaim an Aontais ansin.

3.   Tuairisceoidh ESMA don Choimisiún go tráthrialta maidir le méideanna na bhfíneálacha agus méideanna na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirtear agus maidir lena stádas.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171 29.6.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 6)

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).