23.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 143/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/800 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substaintí gníomhacha olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2)(c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2009/116/CE ón gComhairle (2) áiríodh olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3 mar shubstaintí gníomhacha in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3).

(2)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4).

(3)

De réir fhormheas na substaintí gníomhacha olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ní cheadaítear a n-úsáid ach amháin mar fheithidicíd agus acairicíd.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 30 Meán Fómhair 2014, chuir Total Fluids iarratas faoi bhráid na Gréige, an Ballstát is rapóirtéir, ina n-iarrtar leasú ar choinníollacha formheasa olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3 chun go gceadófaí a n-úsáid mar fhuingicíd. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha.

(5)

Rinne an Ballstát is rapóirtéir measúnú ar úsáid nua olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3 a ndearnadh an t-iarratas ina leith in 2014 i ndáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus d’ullmhaigh sé dréacht-tuarascáil mheasúnachta a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus an Choimisiúin an 6 Feabhra 2018.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, scaip an tÚdarás an tuarascáil mheasúnachta athbhreithnithe ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chun barúlacha a fháil agus chuir sé ar fáil go poiblí í. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, iarradh faisnéis bhreise ar an iarratasóir.

(7)

An 23 Meán Fómhair 2021, chuir an tÚdarás a chonclúid (5) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu an féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh úsáid nua olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(8)

Chuir an Coimisiún aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithniúcháin maidir le holaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3 mar aon le dréacht den Rialacháin seo faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 27 Eanáir 2022.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir leis an aguisín a ghabhann leis an tuarascáil athbhreithniúcháin, agus scrúdaíodh na barúlacha sin go cúramach.

(10)

Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3, agus an táirge sin á úsáid mar fhuingicíd, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, maidir leis na forálacha sonracha a leagtar síos i bhformheas olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS-97862-82-3, is iomchuí na forálacha sin a leasú chun an úsáid mar fhuingicíd a áireamh i dteannta na n-úsáidí mar fheithidicíd agus mar acairicíd.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Treoir 2009/116/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE chun olaí pairifín Uimh. CAS 64742-46-7, Uimh. CAS 72623-86-0 agus Uimh. CAS 97862-82-3 a áireamh mar shubstaintí gníomhacha. IO L 237, 9.9.2009, lch. 7.

(3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(5)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021.

Peer review of the efficacy as a fungicide of the active substances paraffin oils (CAS 64742-46-7 chain lengths C11–C25, CAS 72623-86-0 chain lengths C15–C30 and CAS 97862-82-3 chain lengths C11–C30) [Athbhreithniú piaraí ar éifeachtúlacht na substaintí gníomhacha olaí pairifín (CAS 64742-46-7 faid slabhra C11-C25, CAS 72623-86-0 faid slabhra C15-C30 agus CAS 97862-82-3 faid slabhra C11-C30) mar fhuingicíd]; EFSA Journal [Iris EPSA], 2021;19(10)6876doi: 10.2903/j.efsa.2021,6876.


IARSCRÍBHINN

I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, maidir leis an iontráil sa cholún “Forálacha sonracha” de shraith 294, olaí pairifín CAS Uimh. 64742-46-7, CAS-Uimh-72623-86-0 agus CAS-Uimh-97862-82-3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála sin:

“Cuid A

Ní fhéadfar úsáidí a údarú ach mar fheithidicíd, acairicíd agus fungaicíd.

Cuid B

Maidir leis na prionsabail aonfhoirmeacha a chur chun feidhme, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tá conclúidí na tuarascála athbhreithnithe ar olaí pairifín CAS Uimh. 64742-46-7, CAS Uimh. 72623-86-0 agus CAS Uimh. 97862-82-3, lena n-áirítear a aguisín, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de, le tabhairt san áireamh.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.”