20.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 141/15


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/791 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Bealtaine 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt faoi leibhéil na stoc gránach, olashíolta agus ríse

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 223(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 (2), leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid ábhartha.

(2)

Tá sé fíor-riachtanach cáilíocht na sonraí a bhailítear agus a scaiptear a áirithiú chun faireachán a dhéanamh ar thrédhearcacht leordhóthanach an mhargaidh agus chun an trédhearcacht sin a áirithiú. Dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na sonraí is gá chun na haidhmeanna sin a shaothrú.

(3)

Cé gur ar na Ballstáit atá an cúram fós na céimeanna is gá a ghlacadh chun a áirithiú maidir leis an bhfaisnéis a dtugtar fógra fúithi go bhfuil sí ábhartha maidir leis an margadh lena mbaineann, cruinn agus iomlán, tá an Coimisiún le húsáid a bhaint as a shaineolas earnála chun a chinneadh céard iad na sonraí atá le foilsiú i gcásanna nach bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit faoin bhfaisnéis is gá.

(4)

De thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 agus an suaitheadh sa mhargadh domhanda a tháinig as, tá sraith bearnaí faisnéise tagtha chun solais. Maidir le faisnéis atá cothrom le dáta faoi leibhéil na stoc gránach, olashíolta agus ríse, lena n-áirítear faoi tháirgeadh agus leibhéil na stoc síolta deimhnithe, ar stoic iad atá i seilbh táirgeoirí, mórdhíoltóirí agus oibreoirí ábhartha, léiríodh go bhfuil an fhaisnéis sin fíor-riachtanach chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta ábhartha chun suaitheadh sa mhargadh a chosc agus a mhaolú. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí tuairiscithe a leathnú chun an fhaisnéis sin a chumhdach.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 a leasú dá réir.

(6)

Ós rud é go bhfuil tionchar cheana féin ag ionradh na Rúise ar an Úcráin ar thrádáil agus praghsanna gránach, olashíolta agus ríse, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit, áfach, chun forbairt a dhéanamh ar na modheolaíochtaí agus na córais oibríochtúla chun an fhaisnéis is gá a bhailiú, mar sin ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha nua maidir le fógraí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ó mhí Iúil 2022 amach.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

Fógra mainneachtana

Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1, i gcás nach bhfuil fógra tugtha don Choimisiún faoin sprioc-am ag na Ballstáit, agus i gcás inarb ábhartha, ag tríú tíortha ná oibreoirí, faoin bhfaisnéis ná faoi na doiciméid is gá (‘toradh nialasach’), measfar go bhfuil fógra tugtha acu faoin méid seo a leanas:

(a)

i gcás praghsanna, easpa faisnéise;

(b)

i gcás sonraí cainníochtúla eile, luach nialasach;

(c)

i gcás faisnéis cháilíochtúil, nach bhfuil aon rud le tuairisciú.

I ngach cás, cinnfidh an Coimisiún an bhfoilseofar an luach mainneachtana, agus/nó an gcuirfear meastachán ón gCoimisiún nó an luafar nár tugadh fógra faoi ina ionad sin.’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (2), ón 1 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe “1. Rís”:

“1a.   Rís

Inneachar an fhógra: i gcás gach ceann de na cineálacha ríse dá dtagraítear i gCuid I, pointí 2 agus 3, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013:

(a)

an limistéar a bhfuil rís curtha ann, an táirgeacht agranamaíoch, an táirgeacht ríse gan scilligeadh sa bhliain buainte agus an táirgeacht mheilteoireachta;

(b)

úsáid intíre ríse (lena n-áirítear ag an tionscal próiseála) arna sloinneadh i gcoibhéis mheilte;

(c)

leibhéil mhíosúla na stoc ríse (arna sloinneadh i gcoibhéis mheilte) i seilbh táirgeoirí agus muilte ríse, arna miondealú de réir rís a tháirgtear san Aontas agus rís a allmhairítear.

Tréimhse an fhógra: faoin 15 Eanáir gach bliain i leith na bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann leis an limistéar a bhfuil rís curtha ann agus le húsáid intíre; faoi dheireadh na míosa i leith na míosa roimhe sin a mhéid a bhaineann le stoic mhíosúla.

Na Ballstáit lena mbaineann:

(a)

i gcás táirgeacht rís gan scilligeadh, gach Ballstát a tháirgeann rís;

(b)

i gcás úsáid intíre, gach Ballstát;

(c)

i gcás stoic ríse, gach Ballstát a tháirgeann rís agus Ballstáit ina bhfuil muilte ríse.

1b.   Gránaigh

Inneachar an fhógra: leibhéal míosúil na stoc gránach atá ábhartha maidir le margadh an Aontais bunaithe ar na stoic i seilbh táirgeoirí, mórdhíoltóirí agus oibreoirí ábhartha.

Tréimhse an fhógra: faoi dheireadh gach míosa i leith na míosa roimhe sin.

Na Ballstáit lena mbaineann: na Ballstáit uile.

1c.   Olashíolta

Inneachar an fhógra: leibhéal míosúil na stoc síl ráibe, síl lus na gréine, pónairí soighe, mine ráibe, mine síl lus na gréine, cáca pónaire shoighe, amhola ráibe, amhola lus na gréine agus amhola pónaire shoighe bunaithe ar na stoic i seilbh táirgeoirí, mórdhíoltóirí agus oibreoirí ábhartha.

Tréimhse an fhógra: faoi dheireadh gach míosa i leith na míosa roimhe sin.

Na Ballstáit lena mbaineann: na Ballstáit uile.

1d.   Síolta deimhnithe

Inneachar an fhógra: i gcás na gránach, na ríse, na n-olashíolta agus na mbarr próitéine a dtugann na Ballstáit fógra faoi phraghsanna lena n-aghaidh bunaithe ar phointí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I nó ar phointe 2 d’Iarscríbhinn II:

(a)

an limistéar ar glacadh lena dheimhniú;

(b)

cainníochtaí síolta a buanadh lena ndeimhniú;

(c)

leibhéil na stoc síolta deimhnithe i seilbh oibreoirí ábhartha.

Tréimhse an fhógra: faoin 15 Samhain gach bliain i leith an limistéir a buanadh sa bhliain sin a mhéid a bhaineann leis an limistéar ar glacadh lena dheimhniú; faoin 15 Eanáir gach bliain i leith na bliana roimhe sin a mhéid a bhaineann le síolta a buanadh; faoi dheireadh mhí Feabhra agus faoi dheireadh mhí Iúil i leith na míosa roimhe sin a mhéid a bhaineann le stoic.

Na Ballstáit lena mbaineann: Na Ballstáit a mbaineann pointí 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I nó pointe 2 d’Iarscríbhinn II leo.”.