18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 139/13


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/760 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(8), pointe (a)(ii), Airteagal 46(7), pointe (b), agus Airteagal 57(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306, tá an deimhniú cigireachta le heisiúint in TRACES agus tá ríomhshéala cáilithe le gabháil leis. Foráiltear leis an bhforáil idirthréimhseach a leagtar síos in Airteagal 11(1) den Rialachán sin, de mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin, go dtí an 30 Meitheamh 2022, go bhféadfar an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte. Tá an próiseas maidir le clárú na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe le haghaidh an ríomhshéala cháilithe ar siúl faoi láthair.

(3)

Is é atá in ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 dúshlán eisceachtúil do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe a aithníodh chun táirgí orgánacha a onnmhairiú ón Úcráin chuig an Aontas, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. San Úcráin, tá cur isteach ar na seirbhísí poist freisin.

(4)

Mar sin, duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala leictreonach aige, ní féidir leis deimhnithe cigireachta leictreonacha a eisiúint go fóill i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306. Ar an taobh eile, ní féidir leis an duine údaraithe sin úsáid a bhaint as an bhféidearthacht an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar, i gcomhréir leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 11(1) den Rialachán sin ach an oiread, i bhfianaise go bhfuil cur isteach ar sheirbhísí poist san Úcráin faoi láthair.

(5)

Sa chomhthéacs sin, is gá dá bhrí sin a cheadú do dhuine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala leictreonach aige go fóill, an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala leictreonach a chur i bhfeidhm i mbosca 18 den deimhniú sin. Ar an gcuma chéanna, is gá a cheadú do na húdaráis inniúla sna Ballstáit ag na poist rialaithe teorann nó ag na pointí scaoilte i saorchúrsaíocht rialaithe allmhairithe a dhéanamh ar dheimhnithe cigireachta den sórt sin agus iad a fhormhuiniú in TRACES le ríomhshéala cáilithe nó ar pháipéar le síniú lámhscríofa an duine údaraithe tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a leasú dá réir sin.

(7)

Mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an bhfreagairt láithreach a bhí riachtanach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go haisghníomhach ón 24 Feabhra 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306

Leasaítear Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 mar a leanas:

(1)

cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach:

“1a.   De mhaolú ar Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, go dtí an 30 Meitheamh 2022, féadfaidh duine údaraithe atá lonnaithe san Úcráin de chuid údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe nach bhfuil ríomhshéala leictreonach aige an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala leictreonach a chur i bhfeidhm i mbosca 18 de. Eiseofar deimhniú den sórt sin sula bhfágann an choinsíneacht lena mbaineann sé an tríú tír is onnmhaireoir nó an tríú tír tionscnaimh.”;

(2)

i mír 2, cuirtear an pointe (c) a leanas isteach:

“(c)

i gcás ina ndéantar an deimhniú cigireachta a tháirgeadh agus a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach i gcomhréir le mír 1a, formhuineofar an deimhniú sin in TRACES le ríomhshéala cáilithe nó ar pháipéar le síniú lámhscríofa dhuine údaraithe an údaráis inniúil ag an bpost rialaithe teorann nó ag an bpointe scaoilte i saorchúrsaíocht, i mboscaí 23, 25 agus 30, de réir mar is iomchuí, tar éis a bheith líonta isteach in TRACES agus priontáilte.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 24 Feabhra 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).