17.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 138/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/748 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Bealtaine 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/735 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/735 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i dtaca leis an staid sa tSúdáin Theas, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 748/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 22(4) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 7 Bealtaine 2015, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/735. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2015/735, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a leagtar amach in Iarscríbhinní II a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
Tháinig an Chomhairle ar an tátal gur cheart na bearta sriantacha in aghaidh duine amháin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735 a choinneáil ar bun agus gur cheart an iontráil don duine sin a nuashonrú agus a athuimhriú. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2015/735 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/735, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:
|
“Ainm |
Faisnéis chéannachta |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
1. |
Michael MAKUEI LUETH |
Dáta breithe: 1947 Áit bhreithe: Bor, an tSúdáin (an tSúdáin Theas anois), Inscne: fireann |
Tá Michael Makuei Lueth sa phost mar Aire Faisnéise agus Craolacháin ó 2013 i leith agus tá sé fós sa phost sin i Rialtas Idirthréimhseach na hAontachta Náisiúnta. Bhí sé ina urlabhraí poiblí freisin do thoscaireacht an rialtais chuig cainteanna síochána an Údaráis Idir-rialtasaigh Forbartha ó 2014 go 2015 agus ó 2016 go 2018. Tá bac curtha ag Makuei ar an bpróiseas polaitiúil sa tSúdáin Theas, go háirithe trí bhac a chur, le ráitis phoiblí ghríosaitheacha, ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir le Réiteach na Coinbhleachta sa tSúdáin Theas (ARCSS) i mí Lúnasa 2015 (ar cuireadh ina ionad i mí Mheán Fómhair 2018 an ‘ARCSS athbheoite’ (R-ARCSS)), trí bhac a chur ar obair Choimisiún Comhpháirteach Faireacháin agus Meastóireachta ARCSS (JMEC) a athainmníodh ‘JMEC athdhéanta’ faoin R-ARCSS, agus trí bhac a chur ar bhunú Institiúidí Ceartais Idirthréimhsigh ARCSS dá bhforáiltear in R-ARCSS. Chuir sé bac freisin ar oibríochtaí Fhórsa Cosanta Réigiúnach na Náisiún Aontaithe. Tá Makuei freagrach freisin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear srianta ar shaoirse chun tuairimí a nochtadh. |
3.2.2018” |