16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/740 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Bealtaine 2022

maidir le neamh-fhormheas na substainte gníomhaí 1,3-déchlórapróipéin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Márta 2015, chuir Dow AgroSciences agus Kanesho Soil Treatment SPRL/BVBA faoi bhráid na Spáinne (“an Ballstát is rapóirtéir”) iarratas ar an tsubstaint ghníomhach 1,3-déchlórapróipéin a fhormheas de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

De bhun Airteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 7 Iúil 2015, thug an Ballstát is rapóirtéir fógra do na hiarratasóirí, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais.

(3)

I gcás na substainte gníomhaí sin, rinneadh measúnú ar na tionchair ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol, de bhun Airteagal 11(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, maidir leis an úsáid atá beartaithe ag na hiarratasóirí. An 17 Márta 2017, chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil mheasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin agus an Údaráis.

(4)

De bhun Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás an dréacht-tuarascáil mheasúnaithe a fuarthas ón mBallstát is rapóirtéir a scaipeadh ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile, agus d’eagraigh sé comhairliúchán poiblí uirthi.

(5)

De bhun Airteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr an tÚdarás ar na hiarratasóirí faisnéis bhreise a chur ar fáil do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás.

(6)

An measúnú a rinne an Ballstát rapóirtéir ar an bhfaisnéis bhreise, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é i bhformáid dréacht-tuarascáil mheasúnaithe a bhí cothrom le dáta.

(7)

D’athbhreithnigh na Ballstáit agus an tÚdarás an dréacht-tuarascáil mheasúnaithe. An 8 Deireadh Fómhair 2018, chuir an tÚdarás a chonclúid (2) maidir le measúnú riosca na substainte gníomhaí 1,3-déchlórapróipéin faoi bhráid an Choimisiúin.

(8)

Ina chonclúid uaidh, thug an tÚdarás le fios, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil sa sainchomhad, nach bhféadfadh sé an measúnú riosca a thabhairt chun críche do thomhaltóirí, d’oibreoirí, d’oibrithe, do dhaoine atá ar an láthair agus do chónaitheoirí agus shainaithin sé ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le screamhuisce, le hartrapóid nach spriocartrapóid iad (beacha san áireamh), le héin agus mamaigh, agus le horgánaigh ithreach le haghaidh gach úsáide ionadaíche.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí barúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i leith na dréacht-tuarascála athbhreithnithe. Chuir na hiarratasóirí barúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(10)

An 22 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún a thuarascáil athbhreithnithe agus dréacht den Rialachán seo maidir le neamh-fhormheas na substainte gníomhaí 1,3-déchlórapróipéin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. Thug an Coimisiún faoi deara nach bhféadfaí ábhair imní arna sainaithint ag an Údarás a dhíchur agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí a theacht ar an gconclúid go bhfuil na critéir formheasa á gcomhlíonadh.

(11)

Trí bhíthin litir dar dáta an 19 Eanáir 2022, rinne na hiarratasóirí a n-iarratas ar fhormheas 1,3-déchlórapróipéin a tharraingt siar. Dá bhrí sin, níor cheart 1,3-déchlórapróipéin a fhormheas.

(12)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir le 1,3-déchlórapróipéin a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(13)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Neamh-fhormheas na substainte gníomhaí

Ní fhormheastar an tsubstaint ghníomhach 1,3-déchlórapróipéin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Iris EFSA 2018;16(11):5464, Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance (EZ)-1,3-Dichloropropene. [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i ndáil le substaint ghníomhach (EZ)-1,3-Déchlórapróipéin.] doi:10.2903/j.efsa.2018.5464.