16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/739 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Bealtaine 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí áirithe chun éanlaith chlóis a allmhairiú agus taraif-chuótaí chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 187, an chéad mhír, pointe (a) agus pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí, maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, osclaítear taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta sonracha agus déantar foráil maidir le rialacha sonracha chun na taraif-chuótaí sin a riar.

(2)

Le hAirteagal 55 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, osclaítear taraif-chuóta le haghaidh onnmhairí púdair bainne de thionscnamh Aontais go dtí an Phoblacht Dhoiminiceach. Osclaítear an cuóta i gcás na dtáirgí go léir a thagann faoi chóid AC 0402 10, 0402 21 agus 0402 29.

(3)

Faoi láthair, cumhdaítear 13 chód AC leis an gcuóta onnmhairiúcháin sin. Dá bhrí sin, d’fhonn na honnmhairí púdair bainne sin chuig an bPoblacht Dhoiminiceach a éascú, ba cheart an ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith bailí i gcás na dtáirgí uile a thagann faoi réim na gcód AC a chumhdaítear leis an gcuóta sin beag beann ar na cóid AC a luaitear go sainráite san iarratas.

(4)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 (3) ón gCoimisiún, déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus ar onnmhairí faoi réir ceadúnas.

(5)

Le hAirteagal 9(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, i gcás na ngrúpaí taraif-chuótaí atá faoi sraithuimhreacha 09.4211, 09.4212, 09.4213 agus 09.4290, foráiltear go ndéanfar an chainníocht tagartha a ríomh trí chainníochtaí na dtáirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas a charnadh, ar cainníochtaí iad a thagann laistigh de gach ceann de shraithuimhreacha chuóta an ghrúpa.

(6)

In Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, roinntear na tréimhsí cuóta le haghaidh taraif-chuóta faoi shraithuimhreacha 09.4211 agus 09.4212 i bhfothréimhsí agus níl na tréimhsí cuóta le haghaidh cuótaí taraife faoi shraithuimhir 09.4213 agus 09.4290, rud a fhágann ríomh na cainníochta tagartha thar a bheith casta.

(7)

Ar mhaithe le ríomh na cainníochta tagartha a shimpliú, is iomchuí na tréimhsí cuóta le haghaidh sraithuimhreacha 09.4213 agus 09.4290 a roinnt sna fothréimhsí céanna leis na fothréimhsí a leagtar síos le haghaidh sraithuimhreacha 09.4211 agus 09.4212.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 56(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

Sonrófar an méid seo a leanas in alt 20:

‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761

Taraif-chuóta le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 20... go dtí an 30 Meitheamh 20..., i gcás púdar bainne de réir Aguisín 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhpháirtíocht Eacnamaíoch Comhaontú idir na Stáit CARIFORUM, ar thaobh amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a chuid Ballstát, ar an taobh eile, ar comhaontú a bhfuil a síniú agus a chur i bhfeidhm sealadach formheasta le Cinneadh 2008/805/CE ón gComhairle.

Beidh an ceadúnas onnmhairiúcháin bailí le haghaidh aon cheann de na táirgí a thagann faoi na cóid AC dá dtagraítear in Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761’”.

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn XII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir leis na tréimhsí taraif-chuóta a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).

(3)  Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha i dtaca le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh i riar taraif-chuótaí (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar seo a leanas:

(1)

leasaítear an tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí faoin tsraithuimhir 09.4213 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Fothréimhsí taraif-chuóta”:

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

Ón Aibreán go dtí an 30 Meitheamh”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Cainníocht ina cileagraim”:

Cainníocht ina cileagraim

368 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh”

(2)

leasaítear an tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí faoin tsraithuimhir 09.4290 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Fothréimhsí taraif-chuóta”:

Fothréimhsí taraif-chuótaí

Ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

Ón Aibreán go dtí an 30 Meitheamh”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Cainníocht ina cileagraim”:

Cainníocht ina cileagraim

456 000 kg, arna roinnt mar a leanas:

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair

30 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta

20 % le haghaidh na fothréimhse ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh”