11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/4


RIALACHÁN (AE) 2022/720 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Uimh. 19/65/CEE ón gComhairle an 2 Márta 1965 maidir le hAirteagal 85(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí áirithe de chomhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Uimh. 19/65/CEE, tugtar de chumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm trí rialachán maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe chomhfhreagracha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh.

(2)

I Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún (3) sainítear catagóir de chomhaontuithe ingearacha a mheas an Coimisiún a gcomhlíontar leo de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. Taithí dhearfach ar an iomlán a bhí ann maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 330/2010, rialachán a rachaidh in éag an 31 Bealtaine 2022, mar a léiríodh leis an meastóireacht ar an Rialachán sin. Agus an taithí sin á cur san áireamh, maille le forbairtí margaidh nua, amhail fás na ríomhthráchtála, agus cineálacha nua nó cineálacha níos coitianta comhaontuithe ingearacha, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh.

(3)

An chatagóir comhaontuithe ar féidir a mheas go gcomhlíontar leo de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh, is catagóir í ina gcuimsítear comhaontuithe ingearacha maidir le ceannach nó díol earraí nó seirbhísí i gcás ina gcuirtear na comhaontuithe sin i gcrích idir gnóthais neamhiomaíocha, idir iomaitheoirí áirithe nó ag comhlachais áirithe miondíoltóirí earraí. Áirítear léi freisin comhaontuithe ingearacha ina bhfuil forálacha coimhdeacha maidir le sannadh nó úsáid ceart maoine intleachtúla. Ba cheart a thuiscint go n-áirítear na cleachtais chomhbheartaithe chomhfhreagracha leis an téarma “comhaontuithe ingearacha”.

(4)

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, na comhaontuithe ingearacha sin a fhéadann teacht faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní gá iad a shainiú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh, go háirithe struchtúr an mhargaidh ar thaobh an tsoláthair agus an cheannaigh de.

(5)

Tairbhe na blocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith teoranta do na comhaontuithe ingearacha sin ar féidir talamh slán a dhéanamh de le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh.

(6)

Féadfaidh cineálacha áirithe comhaontuithe ingearacha feabhas a chur ar an éifeachtúlacht eacnamaíoch laistigh de shlabhra táirgeachta nó dáilte trí chomhordú níos fearr a éascú idir na gnóthais rannpháirteacha. Go háirithe, is féidir gurb é an toradh a bheadh orthu go dtiocfadh laghdú ar chostais idirbhirt agus dáileacháin na bpáirtithe, agus go ndéanfaí a leibhéal díolacháin agus infheistíochta a bharrfheabhsú.

(7)

Maidir leis an dóchúlacht gur mó iad na héifeachtaí feabhsaithe éifeachtúlachta sin ná aon éifeacht fhrithiomaíoch a thiocfaidh i gceist i ngeall ar shrianta i gcomhaontuithe ingearacha, braitheann an dóchúlacht sin ar a oiread cumhachta margaidh atá ag na páirtithe sa chomhaontú agus, go háirithe, ar a mhéid atá soláthróirí eile earraí nó seirbhísí in iomaíocht leis na gnóthais sin, soláthróirí eile a mheasann a gcustaiméirí atá inmhalartaithe nó inionadaithe ar a chéile de bharr thréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus a n-úsáide beartaithe.

(8)

Is féidir a thoimhdiú, i gcás nach mó ná 30 % an sciar den mhargadh atá ag gach gnóthas is páirtí sa chomhaontú ar an margadh ábhartha, gur rud iad comhaontuithe ingearacha nach bhfuil cineálacha áirithe srianta diana ar an iomaíocht iontu, gur rud iad ar ghnách go dtagann feabhas ar an táirgeadh nó ar an dáileadh dá bharr, agus go mbíonn tomhaltóirí in ann cion cothrom a bhaint as na tairbhí a eascraíonn astu.

(9)

Má bhíonn an sciar den mhargadh os cionn na tairsí 30 %, comhaontuithe ingearacha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh, ní féidir a thoimhdiú gur rud iad as a dtiocfaidh buntáistí oibiachtúla a bhfágfadh a gcineál agus a méid go gcúiteofaí na míbhuntáistí a chruthaíonn na comhaontuithe céanna ó thaobh na hiomaíochta de. An tráth céanna, níl aon toimhde ann go dtagann na comhaontuithe ingearacha sin faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh ná nach gcomhlíontar leo coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh.

(10)

An ról atá ag geilleagar na n-ardán ar líne maidir le dáileadh earraí agus seirbhísí, is ról é atá ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile. Le gnóthais atá gníomhach i ngeilleagar na n-ardán ar líne táthar in ann gnó a dhéanamh ar bhealaí nua, cuid acu nach éasca a chatagóiriú agus coincheapa á n-úsáid a bhaineann le comhaontuithe ingearacha sa gheilleagar traidisiúnta. Go háirithe, cuireann seirbhísí idirghabhála ar líne ar a gcumas do ghnóthais earraí nó seirbhísí a thairiscint do ghnóthais eile nó do thomhaltóirí deiridh, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir gnóthais nó idir gnóthais agus tomhaltóirí deiridh. Comhaontuithe a bhaineann le seirbhísí idirghabhála ar líne a sholáthar, is comhaontuithe ingearacha iad agus dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith in ann tairbhiú den bhlocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(11)

An sainmhíniú ar sheirbhísí idirghabhála ar líne a úsáidtear i Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart é a oiriúnú chun críoch an Rialacháin seo. Go háirithe, chun freagairt do raon feidhme Airteagal 101 den Chonradh, ba cheart tagairt a dhéanamh do ghnóthais leis an sainmhíniú a úsáidtear sa Rialachán seo. Ba cheart a áireamh ann freisin seirbhísí idirghabhála ar líne a éascaíonn tionscnamh idirbheart díreach idir gnóthais, chomh maith leo siúd a éascaíonn tionscnamh idirbheart díreach idir gnóthais agus tomhaltóirí deiridh.

(12)

Tagraíonn dédháileadh don chás ina ndíolann soláthróir earraí nó seirbhísí ní hamháin ar an leibhéal réamhtheachtach ach ar an leibhéal iartheachtach freisin, rud a fhágann go mbíonn sé ag dul in iomaíocht lena dháileoirí neamhspleácha. Sa chás sin, in éagmais srianta dochta, agus ar choinníoll nach dtéann an ceannaitheoir in iomaíocht leis an soláthróir ar an leibhéal réamhtheachtach, an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú ingearach ar an gcaidreamh iomaíochta idir an soláthróir agus an ceannaitheoir ar an leibhéal iartheachtach, is lú an tábhacht atá leis ná mar atá leis an dea-thionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú ingearach ar an iomaíocht i gcoitinne ar an leibhéal réamhtheachtach nó iartheachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ingearacha a dhéantar sna cásanna sin de dhédháileadh.

(13)

An malartú faisnéise idir soláthróir agus ceannaitheoir, féadfaidh sé rannchuidiú leis na héifeachtaí i bhfabhar na hiomaíochta a bhíonn ag comhaontuithe ingearacha, go háirithe barrfheabhsú na bpróiseas táirgthe agus dáilte. Mar sin féin, i gcás dédháileadh, d’fhéadfadh údair imní chothrománacha eascairt as malartú cineálacha áirithe faisnéise. Dá bhrí sin, níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo malartú faisnéise idir soláthróir agus ceannaitheoir i gcás dédháileadh ach nuair a bhaineann an malartú faisnéise go díreach le cur chun feidhme an chomhaontaithe ingearaigh agus nuair is gá an fhaisnéis a mhalartú chun feabhas a chur ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó sheirbhísí an chonartha.

(14)

An réasúnaíocht atá le díolúine a thabhairt do chomhaontuithe ingearacha i gcásanna ina bhfuil dédháileadh ann, níl feidhm aici maidir le comhaontuithe ingearacha a bhaineann le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne i gcás inar gnóthas iomaíoch é soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar an margadh ábhartha ina ndíoltar na hearraí nó na seirbhísí idirghafa. Soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bhfuil feidhm hibrideach den sórt sin acu, d’fhéadfadh an cumas agus an dreasacht a bheith acu tionchar a imirt ar thoradh na hiomaíochta ar an margadh ábhartha ina ndíoltar na hearraí nó na seirbhísí idirghafa. Mar sin níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ingearacha den sórt sin.

(15)

Níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta ar dócha go gcuirfidh siad srian le hiomaíocht agus go ndéanfaidh siad díobháil do thomhaltóirí, nó srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na héifeachtaí feabhsaithe éifeachtúlachta a bhaint amach. Go háirithe, maidir le tairbhe na blocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil cineálacha áirithe srianta diana ar an iomaíocht, amhail praghsanna athdhíola íosta agus seasta, agus cineálacha áirithe cosanta críche, lena n-áirítear cosc ar úsáid éifeachtach an idirlín chun rudaí a dhíol nó srianta áirithe ar fhógraíocht ar líne. Dá réir sin, srianta ar dhíolacháin ar líne agus ar fhógraíocht ar líne, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as an mblocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe, cosc a chur ar an gceannaitheoir nó ar a chustaiméirí úsáid éifeachtach a bhaint as an idirlíon chun earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol i gcríocha áirithe nó le custaiméirí áirithe, ná cosc a chur le húsáid bealach fógraíochta ar líne iomlán, amhail seirbhísí comparáide praghsanna nó fógraíocht ar innill chuardaigh. Mar shampla, níor cheart srianta ar dhíolacháin ar líne tairbhe a bhaint as an mblocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil sé de chuspóir acu méid comhiomlán na ndíolachán ar líne d’earraí nó seirbhísí an chonartha sa mhargadh ábhartha a laghdú go suntasach, nó an deis atá ag tomhaltóirí earraí nó seirbhísí an chonartha a cheannach ar líne a laghdú go suntasach. Srian a chatagóiriú mar shrian docht de réir bhrí Airteagal 4, pointe (e), is rud é lena bhféadfar inneachar agus comhthéacs an tsriain a chur san áireamh, ach níor cheart go mbraithfeadh sé ar imthosca a bhaineann go sonrach leis an margadh ná ar shaintréithe aonair na bpáirtithe.

(16)

Níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo srianta nach féidir talamh slán a dhéanamh de le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Go háirithe, chun rochtain ar an margadh ábhartha a áirithiú agus chun claonpháirteachas ar an margadh ábhartha a chosc, ba cheart coinníollacha áirithe a cheangal leis an mblocdhíolúine. Chuige sin, ba cheart an díolúine ón oibleagáid gan dul in iomaíocht a theorannú d’oibleagáidí nach bhfuil níos faide ná 5 bliana. Aon oibleagáid a fhágann nach ndíolann comhaltaí córais dáileacháin roghnaithigh brandaí de chuid soláthróirí iomaíocha áirithe, ba cheart an oibleagáid sin a eisiamh ó thairbhe an Rialacháin seo freisin. Níor cheart feidhm a bheith ag tairbhe an Rialacháin seo maidir le hoibleagáidí paireachta miondíola a fhágann nach ndéanann ceannaitheoirí seirbhísí idirghabhála ar líne earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, ná a dhíol ná a athdhíol leo, faoi choinníollacha níos fabhraí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne iomaíocha.

(17)

Go ginearálta, an srian ar an sciar den mhargadh, neamhdhíolúine comhaontuithe ingearacha áirithe agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is rudaí iad lena n-áirithítear nach gcuireann na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo, nach gcuireann siad ar a gcumas do na gnóthais rannpháirteacha deireadh a chur le hiomaíocht maidir le cuid mhór de na hearraí nó na seirbhísí i gceist.

(18)

Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (5) i gcás ina gcinnfidh sé maidir le cás áirithe go bhfuil tionchair, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, ag comhaontú a bhfuil, mar sin féin, feidhm maidir leis ag an mblocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo. Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(19)

I gcás ina ndéanann an Coimisiún nó údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, tá an dualgas air a chruthú go dtagann an comhaontú ingearach i gceist faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh agus nach gcomhlíonann an comhaontú ceann amháin ar a laghad de na ceithre choinníoll in Airteagal 101(3) den Chonradh.

(20)

Agus cinneadh á dhéanamh cé acu is ceart nó nár cheart tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, is den ríthábhacht iad na héifeachtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh eascairt as líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe ingearacha a bheith ann, comhaontuithe lena mbaineann éifeachtaí comhchosúla lena ndéantar rochtain ar mhargadh ábhartha nó ar an iomaíocht sa mhargadh sin a shrianadh go mór. Go háirithe, d’fhéadfadh éifeachtaí carnacha den sórt sin teacht chun cinn i gcás dáileadh eisiach, soláthar eisiach, dáileadh roghnaitheach, oibleagáidí maidir le paireacht nó oibleagáidí gan dul in iomaíocht.

(21)

Chun treisiú leis an maoirseacht ar líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe ingearacha ag a bhfuil éifeachtaí frithiomaíocha comhchosúla agus lena gcuimsítear os cionn 50 % de mhargadh áirithe a neartú, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú le rialachán nach bhfuil an Rialachán seo infheidhme i leith comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh lena mbaineann, rud a dhéanfadh cur i bhfeidhm iomlán Airteagal 101 den Chonradh maidir leis na comhaontuithe sin a athbhunú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “comhaontú ingearach” comhaontú nó cleachtas comhbheartaithe idir dhá ghnóthas nó níos mó, a oibríonn gach gnóthas díobh, chun críocha an chomhaontaithe nó an chleachtais chomhbheartaithe, ar leibhéal difriúil den slabhra táirgthe nó dáilte, agus a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh na páirtithe earraí nó seirbhísí áirithe a cheannach, a dhíol nó a athdhíol;

(b)

ciallaíonn “srian ingearach” srianadh iomaíochta i gcomhaontú ingearach a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh;

(c)

ciallaíonn “gnóthas iomaíoch” iomaitheoir iarbhír nó ionchasach; ciallaíonn “iomaitheoir iarbhír” gnóthas atá gníomhach sa mhargadh ábhartha céanna; ciallaíonn “iomaitheoir ionchasach” gnóthas ar dhócha dó, in éagmais an chomhaontaithe ingearaigh, ar fhoras réalaíoch agus ní mar fhéidearthacht theoiriciúil amháin, laistigh de thréimhse ghearr ama, na hinfheistíochtaí breise is gá nó costais aistrithe eile is gá a íoc chun dul isteach sa mhargadh ábhartha;

(d)

ciallaíonn “soláthróir” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne;

(e)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chuireann ar a gcumas do ghnóthais earraí nó seirbhísí a thairiscint:

(i)

do ghnóthas eile, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir na gnóthais sin, nó

(ii)

do thomhaltóirí deiridh, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir na gnóthais sin agus tomhaltóirí deiridh,

gan beann ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar na hidirbhearta i gcrích ar deireadh thiar;

(f)

ciallaíonn “oibleagáid gan dul in iomaíocht” aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a fhágann nach ndéanann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí a rachadh in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol, sin nó aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar an gceannaitheoir gur ón soláthróir nó ó ghnóthas eile atá ainmnithe ag an soláthróir a cheannódh sé os cionn 80 % dá cheannacháin iomlána d’earraí nó seirbhísí an chonartha agus a n-ionadaithe ar an margadh ábhartha, arna ríomh ar bhonn luach a cheannachán sa bhliain féilire roimhe sin nó, i gcás inarb é sin an cleachtas caighdeánach sa tionscal, ar bhonn mhéid na gceannachán sin;

(g)

ciallaíonn “córas dáileacháin roghnaitheach” córas dáileacháin ina nglacann an soláthróir air féin earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol, go díreach nó go hindíreach, le dáileoirí a roghnaítear ar bhonn critéir shonraithe agus leo sin amháin, agus ina nglacann na dáileoirí orthu féin gan na hearraí nó na seirbhísí sin a dhíol le dáileoirí neamhúdaraithe laistigh den chríoch atá coimeádta ag an dáileoir chun an córas sin a oibriú;

(h)

ciallaíonn “córas dáileacháin eisiach” córas dáileacháin ina leithdháileann an soláthróir críoch nó grúpa custaiméirí go heisiach air féin nó ar chúig cheannaitheoir ar a mhéad agus ina gcuireann sé srian ar a cheannaitheoirí eile ar fad díol go gníomhach isteach sa chríoch eisiach sin nó leis an ngrúpa eisiach custaiméirí sin;

(i)

áirítear le “cearta maoine intleachtúla” cearta maoine tionsclaíche, fios gnó, cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(j)

ciallaíonn “fios gnó” pacáiste d’fhaisnéis phraiticiúil neamhphaitinnithe, faisnéis ar toradh atá inti ar thaithí agus ar thástáil ag an soláthróir, agus atá atá rúnda, substaintiúil agus sainaitheanta; ciallaíonn “rúnda” nach bhfuil eolas ginearálta ar an bhfios gnó nó nach bhfuil rochtain éasca air; ciallaíonn “substaintiúil” go bhfuil an fios gnó tábhachtach agus úsáideach don cheannaitheoir chun earraí nó seirbhísí an chonartha a úsáid, a dhíol nó a athdhíol; ciallaíonn “sainaitheanta” go dtugtar tuairisc ar an bhfios gnó ar bhealach cuimsitheach go leor le gur féidir a dheimhniú go gcomhlíonann sé na critéir rúndachta agus shubstaintiúlachta;

(k)

áirítear le “ceannaitheoir” gnóthas a dhíolann earraí nó seirbhísí thar ceann gnóthas eile faoi chomhaontú a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh;

(l)

ciallaíonn “díolacháin ghníomhacha” díriú go gníomhach ar chustaiméirí trí chuairteanna, litreacha, ríomhphoist, glaonna nó trí mhodhanna eile cumarsáide dírí nó trí fhógraíocht agus promóisean spriocdhírithe, as líne nó ar líne, mar shampla trí bhíthin na meán cló nó na meán digiteach, lena n-áirítear meáin ar líne, seirbhísí comparáide praghsanna nó fógraíocht ar innill chuardaigh lena ndírítear ar chustaiméirí i gcríocha sonracha nó ar ghrúpaí custaiméirí sonracha, nó suíomh gréasáin a oibriú ag a bhfuil fearann barrleibhéil a chomhfhreagraíonn do chríocha ar leith, nó teangacha a úsáidtear go coitianta i gcríocha áirithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, i gcás ina bhfuil na teangacha sin éagsúil leis na teangacha a úsáidtear sa chríoch ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe;

(m)

ciallaíonn “díolacháin éighníomhacha” díolacháin a dhéantar mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair, lena n-áirítear seachadadh earraí nó seirbhísí chuig an gcustaiméir, gan an díolachán a bheith tionscanta trí dhíriú go gníomhach ar an gcustaiméir áirithe, ar an ngrúpa custaiméirí áirithe nó ar an gcríoch áirithe, agus lena n-áirítear díolacháin a eascraíonn as a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí nó as freagairt do chuirí chun tairisceana príobháideacha.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is téarmaí iad “gnóthas”, “soláthróir” agus “ceannaitheoir” lena n-áireofar a ngnóthais ghaolmhara faoi seach.

Ciallaíonn “gnóthais ghaolmhara” an méid seo a leanas:

(a)

gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú, go díreach nó go hindíreach:

(i)

an chumhacht níos mó ná leath de na cearta vótála a fheidhmiú, nó

(ii)

an chumhacht níos mó ná leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a cheapadh, nó

(iii)

an ceart gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú; nó

(b)

gnóthais a bhfuil na cearta agus na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) acu go díreach nó go hindíreach, i leith páirtí sa chomhaontú; nó

(c)

gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a); nó

(d)

gnóthais ina bhfuil na cearta agus na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) i gcomhpháirt ag páirtí sa chomhaontú in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), nó ina bhfuil na cearta agus na cumhachtaí sin i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c); nó

(e)

gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) i gcomhpháirt ag:

(i)

páirtithe sa chomhaontú nó a ngnóthais ghaolmhara faoi seach dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), nó

(ii)

ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú nó ceann amháin nó níos mó dá ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 2

Díolúine

1.   De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, dearbhaítear leis seo nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le comhaontuithe ingearacha. Beidh feidhm ag an díolúine seo a mhéid a bheidh srianta ingearacha sna comhaontuithe sin.

2.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha a dhéantar idir comhlachas gnóthas agus comhalta aonair, nó idir comhlachas den sórt sin agus soláthróir aonair, más rud é gur miondíoltóirí earraí iad comhaltaí uile an chomhlachais agus más rud é nach bhfuil láimhdeachas bliantúil iomlán os cionn EUR 50 milliún ag aon chomhalta aonair den chomhlachas, in éineacht lena ghnóthais ghaolmhara, agus ar na coinníollacha sin amháin. Comhaontuithe ingearacha a dhéanann comhlachais den sórt sin, cumhdófar iad leis an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101 den Chonradh maidir le comhaontuithe ingearacha a chuirtear i gcrích idir comhaltaí an chomhlachais nó cinntí a ghlacann an comhlachas.

3.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil forálacha a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a shannadh don cheannaitheoir nó le húsáid na gceart sin ag an gceannaitheoir, ar choinníoll nach iad na forálacha sin is príomhchuspóir do na comhaontuithe sin agus go mbaineann siad le húsáid, díol nó athdhíol earraí nó seirbhísí ag an gceannaitheoir nó ag a gcustaiméirí. Tá feidhm ag an díolúine ar choinníoll, i ndáil le hearraí nó seirbhísí an chonartha, nach bhfuil srianta iomaíochta sna forálacha sin arb ionann cuspóir dóibhsean agus do shrianta ingearacha nach bhfuil díolmhaithe faoin Rialachán seo.

4.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha a dhéantar idir gnóthais iomaíocha. Mar sin féin, beidh feidhm ag an díolúine sin i gcás ina ndéanfaidh gnóthais atá in iomaíocht le chéile comhaontú ingearach neamh-chómhalartach agus ina mbeidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas i gceist:

(a)

tá an soláthróir gníomhach ar leibhéal réamhtheachtach mar mhonaróir, allmhaireoir, nó mórdhíoltóir, agus tá sé gníomhach ar leibhéal iartheachtach mar allmhaireoir, mórdhíoltóir nó miondíoltóir earraí, agus is allmhaireoir, mórdhíoltóir nó miondíoltóir ar an leibhéal iartheachtach atá sa cheannaitheoir, agus ní gnóthas iomaíoch é ar an leibhéal réamhtheachtach mar a gceannaíonn sé earraí an chonartha; nó

(b)

is soláthraí seirbhísí é an soláthróir ar roinnt leibhéil trádála, agus is ar leibhéal an mhiondíola a sholáthraíonn an ceannaitheoir a sheirbhísí, agus ní gnóthas iomaíoch é ar an leibhéal trádála mar a gceannaíonn sé seirbhísí an chonartha.

5.   Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b) maidir leis an soláthróir agus an ceannaitheoir faisnéis a mhalartú nach mbaineann go díreach le cur chun feidhme an chomhaontaithe ingearaigh nó nach bhfuil gá léi chun feabhas a chur ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó seirbhísí an chonartha, nó nach gcomhlíonann ceachtar den dá choinníoll sin.

6.   Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b) maidir le comhaontuithe ingearacha a bhaineann le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne i gcás ina mbeidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ina ghnóthas iomaíoch ar an margadh ábhartha maidir le díol na n-earraí nó na seirbhísí idirghafa.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ingearacha a dtagann a n-ábhar faoi raon feidhme aon rialacháin blocdhíolúine eile, mura bhforáiltear dá mhalairt sa rialachán sin.

Airteagal 3

Tairseach maidir le sciar den mhargadh

1.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar choinníoll nach mó an sciar den mhargadh atá ag an soláthróir ná 30 % den mhargadh ábhartha ina ndíolann sé earraí nó seirbhísí an chonartha, agus nach mó an sciar den mhargadh atá ag an gceannaitheoir ná 30 % den mhargadh ábhartha ina gceannaíonn sé earraí nó seirbhísí an chonartha.

2.   Chun críocha mhír 1, i gcás, i gcomhaontú ilpháirtí, ina gceannóidh gnóthas earraí nó seirbhísí an chonartha ó ghnóthas amháin atá ina pháirtí sa chomhaontú agus ina ndíolann sé earraí nó seirbhísí an chonartha le gnóthas eile atá ina pháirtí sa chomhaontú freisin, an sciar den mhargadh atá ag an gcéad ghnóthas sin, ina cháil mar cheannaitheoir agus ina cháil mar sholáthróir araon, caithfidh sé an tairseach maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear sa mhír sin a urramú chun go mbeidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2.

Airteagal 4

Srianta lena mbaintear tairbhe na blocdhíolúine - cruashrianta

Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe ingearacha a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe:

(a)

srian a chur ar chumas an cheannaitheora a phraghas díola a shocrú, gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh an soláthróir praghas díola uasta a fhorchur nó praghas díola a mholadh, ar choinníoll nach praghas díola seasta ná praghas díola íosta é de thoradh brú ó aon cheann de na páirtithe nó de thoradh dreasachtaí a thairgeann siad;

(b)

i gcás ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin eisiach, srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh an dáileoir eisiach, nó ar an ngrúpa custaiméirí lena bhféadfadh an dáileoir eisiach, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:

(i)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann an dáileoir eisiach agus a chustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir nó atá leithdháilte ag an soláthróir go heisiach ar chúig dháileoir eisiacha eile ar a mhéad;

(ii)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann an dáileoir eisiach agus a chustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin roghnaitheach le haghaidh earraí nó sheirbhísí an chonartha;

(iii)

srian a chur ar áit bhunaithe an dáileora eisiach;

(iv)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann dáileoir eisiach atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh,

(v)

srian a chur ar chumas an dáileora eisiach comhpháirteanna arna soláthar lena n-ionchorprú a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na hearraí den chineál céanna agus a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;

(c)

i gcás ina mbíonn córas dáileacháin roghnaitheach á fheidhmiú ag an soláthróir,

(i)

srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh, nó ar na custaiméirí lena bhféadfadh na comhaltaí sin, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:

(1)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh agus a gcustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir, nó atá leithdháilte ag an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad;

(2)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh agus a gcustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe laistigh den chríoch ina bhfeidhmítear an córas dáileacháin roghnaitheach;

(3)

srian a chur ar áit bhunaithe chomhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh;

(4)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh;

(5)

srian a chur ar an gcumas comhpháirteanna, arna soláthar lena n-ionchorprú, a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na cineálacha céanna earraí agus a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;

(ii)

srian a chur ar chros-soláthairtí idir comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar na leibhéil trádála chéanna nó ar leibhéil trádála éagsúla;

(iii)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar leibhéal miondíola na trádála le húsáideoirí deiridh, gan dochar do phointí (c)(i)(1) agus (3);

(d)

i gcás nach bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin eisiach ná córas dáileacháin roghnaitheach, srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh an ceannaitheoir, nó ar na custaiméirí lena bhféadfadh an ceannaitheoir, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:

(i)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann an ceannaitheoir agus a chustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir, nó atá leithdháilte ag an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad;

(ii)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann an ceannaitheoir agus a chustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin roghnaitheach le haghaidh earraí nó sheirbhísí an chonartha;

(iii)

srian a chur ar áit bhunaithe an cheannaitheora;

(iv)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann ceannaitheoir atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh;

(v)

srian a chur ar chumas an cheannaitheora comhpháirteanna, arna soláthar lena n-ionchorprú, a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na cineálacha céanna earraí leo siúd a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;

(e)

cosc a chur ar an gceannaitheoir nó ar a chustaiméirí úsáid éifeachtach a bhaint as an idirlíon chun earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol, toisc gur rud é sin a chuireann srian ar an gcríoch a bhféadfar earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol isteach ann, nó ar na custaiméirí a bhféadfar earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol leo, de réir bhrí phointí (b), (c) nó (d), gan dochar don fhéidearthacht an méid seo a leanas a fhorchur ar an gceannaitheoir:

(i)

srianta eile le díolacháin ar líne; nó

(ii)

srianta a chur ar fhógraíocht ar líne nach é is cuspóir di cosc a chur ar úsáid bealaigh fógraíochta ar líne iomláin;

(f)

srian, arna chomhaontú idir soláthróir comhpháirteanna agus ceannaitheoir a ionchorpraíonn na comhpháirteanna sin, a chur ar chumas an tsoláthróra na comhpháirteanna a dhíol mar pháirteanna spártha le húsáideoirí deiridh nó le deisitheoirí, mórdhíoltóirí nó soláthraithe seirbhísí eile nár chuir an ceannaitheoir de chúram orthu earraí dá chuid a dheisiú nó a sheirbhísiú.

Airteagal 5

Srianta eisiata

1.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas i gcomhaontuithe ingearacha:

(a)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach gan dul in iomaíocht, arb éiginnte a fad nó ar mó a fad ná 5 bliana;

(b)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann an ceannaitheoir, tar éis fhoirceannadh an chonartha, earraí nó seirbhísí a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol;

(c)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndíolann comhaltaí córais dáileacháin roghnaithigh brandaí de chuid soláthróirí iomaíocha áirithe;

(d)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann ceannaitheoir seirbhísí idirghabhála ar líne earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, ná a dhíol ná a athdhíol leo, faoi choinníollacha níos fabhraí trí seirbhísí idirghabhála ar líne iomaíocha;

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), ní bheidh feidhm ag an teorainn ama 5 bliana i gcás ina ndíolann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí an chonartha ó áitreabh agus ó thalamh ar leis an soláthróir é nó atá ar léas ag an soláthróir ó thríú páirtithe nach bhfuil baint acu leis an gceannaitheoir, ar choinníoll nach mó fad na hoibleagáide gan dul in iomaíocht ná tréimhse áitíochta an áitribh agus na talún ag an gceannaitheoir.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le haon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann an ceannaitheoir, tar éis fhoirceannadh an chonartha, earraí nó seirbhísí a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann an oibleagáid le hearraí nó seirbhísí atá in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha;

(b)

tá an oibleagáid teoranta don áitreabh agus don talamh ónar fheidhmigh an ceannaitheoir le linn thréimhse an chonartha;

(c)

tá an oibleagáid fíor-riachtanach chun fios gnó a aistrítear ón soláthróir chuig an gceannaitheoir a chosaint;

(d)

tá fad na hoibleagáide teoranta do thréimhse 1 bhliana amháin tar éis fhoirceannadh an chonartha.

Beidh mír 1, pointe (b) gan dochar don fhéidearthacht srian a fhorchur atá gan teorainn ó thaobh ama de ar úsáid agus ar nochtadh fios gnó nach bhfuil san fhearann poiblí.

Airteagal 6

Tarraingt siar i gcásanna ar leith

1.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás ina gcinnfidh sé in aon chás ar leith, i ndáil le comhaontú ingearach a bhfuil feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Rialachán seo maidir leis, go bhfuil éifeachtaí mar sin féin ag an gcomhaontú sin arb éifeachtaí iad atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh. D’fhéadfadh éifeachtaí den sórt sin a bheith ann, mar shampla, i gcás ina bhfuil comhdhlúthacht mhór ann sa mhargadh ábhartha do sholáthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus ina bhfuil srian ar an iomaíocht idir soláthraithe seirbhísí den sórt sin mar gheall ar an éifeacht charnach atá ag líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe comhchosúla, comhaontuithe a chuireann srian ar cheannaitheoirí na seirbhísí idirghabhála ar líne ó thaobh earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, nó iad a dhíol nó a athdhíol le húsáideoirí deiridh, faoi choinníollacha níos fabhraí ar a mbealaí díolacháin dhírigh.

2.   Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

Airteagal 7

Neamhfheidhmiú an Rialacháin seo

De bhun Airteagal 1a de Rialachán Uimh. 19/65/CEE, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialacháin, i gcás ina gcumhdaítear os cionn 50 % de mhargadh ábhartha le líonraí comhthreomhara de shrianta ingearacha comhchosúla, nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh sin.

Airteagal 8

Cur i bhfeidhm na tairsí maidir le sciar den mhargadh

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun na tairseacha maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 3 a chur i bhfeidhm:

(a)

ríomhfar sciar an tsoláthróra den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh agus ríomhfar sciar an cheannaitheora den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na gceannachán ar an margadh. Mura bhfuil sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh ná maidir le luach na gceannachán ar an margadh ar fáil, féadfar úsáid a bhaint as meastacháin atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa ar an margadh, lena n-áirítear méideanna díolachán agus ceannachán ar an margadh, chun sciar an ghnóthais lena mbaineann den mhargadh a shuí;

(b)

ríomhfar an sciar den mhargadh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin;

(c)

áireofar le sciar an tsoláthróra den mhargadh aon earra nó seirbhís a chuirtear ar fáil do dháileoirí atá comhtháite go hingearach lena dhíol nó lena díol;

(d)

más rud é nach mó ná 30 % an sciar den mhargadh ar dtús, ach má thagann ardú air os cionn an leibhéil sin ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 fós ar feadh tréimhse 2 bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 30 % den chéad uair;

(e)

an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (e), déanfar é a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil na cearta nó na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) den fhomhír sin acu;

Airteagal 9

Cur i bhfeidhm na tairsí maidir le láimhdeachas

1.   Chun an láimhdeachas bliantúil iomlán de réir bhrí Airteagal 2(2) a ríomh, cuirfear le chéile an láimhdeachas a rinne an páirtí ábhartha leis an gcomhaontú ingearach le linn na bliana airgeadais deiridh agus an láimhdeachas a rinne a ghnóthais ghaolmhara i leith gach earra agus seirbhís, agus na cánacha agus na dleachtanna eile go léir á gcur as an áireamh. Chuige sin, ní chuirfear san áireamh aon ghnóthaíocht idir an páirtí leis an gcomhaontú ingearach agus a ghnóthais ghaolmhara ná idir a ghnóthais ghaolmhara.

2.   Beidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 infheidhme i gcás, maidir le haon tréimhse 2 bhliain airgeadais as a chéile, nach sáraítear an tairseach maidir le láimhdeachas bliantúil iomlán le níos mó ná 10 %.

Airteagal 10

An idirthréimhse

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2023 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin an 31 Bealtaine 2022 nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach a chomhlíon, an 31 Bealtaine 2022, na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 330/2010.

Airteagal 11

Tréimhse bhailíochta

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2022.

Rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2034.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO 36, 6.3.1965.

(2)   IO C 359, 7.9.2021, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).