|
3.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 129/18 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/693 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Aibreán 2022
maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (1), agus go háirithe Airteagal 8(6), pointe (a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá Poblacht Vanuatú liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 i measc na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanacht nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Tá an díolúine ón gceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú infheidhme ó bhí 28 Bealtaine 2015 ann, nuair a síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (2) (“an Comhaontú”) agus nuair a cuireadh tús lena chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Aibreán 2017. |
|
(2) |
An 3 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/366 (3) maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 8(4) den Chomhaontú. Tá fionraíocht chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe teoranta do ghnáthphasanna a eisíodh ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh nuair a tháinig méadú suntasach ar an líon iarratasóirí ar éirigh leo faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí. |
|
(3) |
Le Cinneadh (AE) 2022/366, cuireadh an Comhaontú idir an tAontas agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta ar fionraí, ach is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhfionraíocht ar leibhéal dhlí an Aontais. |
|
(4) |
De réir Airteagal 8(3) agus (6) de Rialachán (AE) 2018/1806, i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa ag an gCoimisiún gurb ann do na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (d), eadhon “riosca méadaithe nó garbhagairt ar bheartas poiblí nó ar shlándáil inmheánach na mBallstát, de réir faisnéis agus sonraí oibiachtúla nithiúla ábhartha arna soláthar ag na húdaráis inniúla”, tá an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirfear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go páirteach agus go sealadach ar feadh tréimhse 9 mí. |
|
(5) |
Trí bhíthin scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí,scéimeanna arna bhfeidhmiú ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh, tá an deis ag náisiúnaigh tríú tír a mbeadh víosa ag teastáil uathu seachas sin, saoránacht Vanuatú a fháil mar mhalairt ar infheistíocht, agus rochtain gan víosa a fháil ar an Aontas ar an gcaoi sin. |
|
(6) |
Níl chuireann na scéimeanna sin aon cheanglas ar na hiarratasóirí cónaí éifeachtach nó láithreacht fhisiciúil Vanuatú a bheith acu. Is iad gníomhaireachtaí speisialaithe atá lonnaithe lasmuigh de Vanuatú (e.g. in Dubai, sa Téalainn agus sa Mhalaeisia) a bhainistíonn an próiseas iarratais, agus ar an gcaoi sin ní gá don iarratasóir aon teagmháil dhíreach a bheith aige le húdaráis Vanuatú. In éagmais ceanglas le maidir le hagallamh fisiceach a dhéanamh, laghdaítear na deiseanna d’údaráis Vanuatú an t-iarratasóir a mheasúnú go cuí nó an fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas a chomhthacú, lena n-áirítear fírinneacht agus creidiúnacht an iarratais. Is minic a fhógraítear na scéimeanna sin mar bhealach chun dul timpeall ar nós imeachta víosa Schengen agus rochtain gan víosa ar an Aontas a fháil go héasca (4). Tá scéimeanna Vanuatú níos tarraingtí ar bhonn tráchtála i ngeall ar a nósanna imeachta meara um scagadh agus ar na seiceálacha éadroma a dhéanann siad maidir le bunús na gcistí. |
|
(7) |
Mar atá deimhnithe ag údaráis Vanuatú, próiseáiltear na hiarratais laistigh de sprioc-amanna an-ghearr (5). Le tréimhsí próiseála chomh gearr sin, ní féidir scagadh slándála nó malartú faisnéise ceart a dhéanamh le tír thionscnaimh na n-iarratasóirí nó lena bpríomháit chónaithe sula ndeonaítear an tsaoránacht. De bharr na tréimhse próiseála giorra sin agus in éagmais malartú córasach faisnéise le tír thionscnaimh an iarratasóra, thug Vanuatú saoránacht do dhaoine a bhí faoi réir imscrúdú coiriúil, lena n-áirítear daoine atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol. |
|
(8) |
Tá an ráta diúltaithe an-íseal, rud a chomhthacaíonn le measúnú an Choimisiúin maidir le teipeanna slándála agus iontaofacht íseal an phróisis scagtha. De réir na faisnéise a chuir Oifig Pas Vanuatú ar fáil an 14 Meitheamh 2021, bhí breis agus 10 500 pas eisithe ag Vanuatú go dtí mí an Mhárta 2021 mar mhalairt ar infheistíocht faoi na scéimeanna sin agus faoi dheireadh 2020 ní raibh ach iarratas amháin diúltaithe ag údaráis Vanuatú. |
|
(9) |
Thairis sin, i measc thíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí ar éirigh leo, tá roinnt tíortha a bhíonn eisiata de ghnáth ó scéimeanna saoránachta eile, amhail an Iaráin agus an Afganastáin, agus tíortha eile a dteastaíonn víosa óna náisiúnaigh le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta san Aontas, lena n-áirítear an Nigéir, Éimin, an tSiria, an Phacastáin agus an Libia. |
|
(10) |
Is measa fós na rioscaí slándála mar gheall ar an reachtaíocht scaoilte maidir le hathruithe ar ainmneacha. Mar atá deimhnithe ag údaráis Vanuatú le linn an chruinnithe theicniúil a tionóladh an 15 Aibreán 2021, is féidir le hiarratasóirí a d’éirigh leo saoránacht a fháil trí infheistíocht iarratas a dhéanamh freisin ar athrú céannachta. |
|
(11) |
Maidir leis na scéimeanna saoránachta trí infheistíocht atá i bhfeidhm i Vanuatú, san fhoirm ina bhfuil siad agus sa chaoi a mbíonn siad ag feidhmiú faoi láthair, is é an chonclúid is toradh ar na himthosca thuasluaite go dtagann siad salach ar chuspóirí bheartas víosaí an Aontais, beartas lena ndéantar foráil maidir le scagadh a dhéanamh ar náisiúnaigh ó thríú tíortha a bhfuil ceanglas víosa orthu in aghaidh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 (6) agus i reachtaíocht náisiúnta choibhéiseach na mBallstát sin nach bhfuil feidhm iomlán ag Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 iontu go fóill. Déantar na fíoruithe ábhartha cás ar chás i bhfianaise na gcritéar a bhaineann, inter alia, leis an mbeartas poiblí agus slándála. An bealach ina gcuirtear na scéimeanna sin chun feidhme, is ionann sin agus dul timpeall ar nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus ar an measúnú atá i gceist leis ar rioscaí slándála agus imirce. |
|
(12) |
Trí mhalartuithe idir an Coimisiún agus údaráis Vanuatú i mí Dheireadh Fómhair 2017, mí na Samhna 2019, mí an Mheithimh 2020 agus mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún in iúl gur cúis mhór imní dó saoránacht a dheonú do dhaoine atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol, an easpa ceanglas maidir le láithreacht fhisiceach nó cónaí, tréimhsí próiseála gearra na scéimeanna agus an easpa malartú córasach faisnéise le tíortha tionscnaimh nó le príomháit chónaithe na n-iarratasóirí roimhe seo, agus thug sé rabhadh do rialtas Vanuatú go bhféadfaí an ceanglas víosa a athbhunú. Níor leor na mínithe a thug Vanuatú chun na húdair imní sin a mhaolú. |
|
(13) |
Agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis agus na sonraí, na tuarascálacha agus na staitisticí thuasluaite, agus i gcomhréir le hAirteagail 8(2)(d), 8(3) Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/1806, is é conclúid an Choimisiúin gur riosca méadaithe do shlándáil inmheánach agus do bheartas poiblí na mBallstát é saoránacht a bheith á deonú ag Vanuatú faoina scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus chinn sé go bhfuil gá le gníomhaíocht. |
|
(14) |
An riosca méadaithe don bheartas poiblí agus don tslándáil inmheánach a bhaineann le náisiúnaigh Vanuatú a fuair saoránacht faoi na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, ní féidir é a mhaolú ach amháin tríd an díolúine víosa a chur ar fionraí go páirteach. |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 8(6) de Rialachán (AE) 2018/1806, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, catagóirí a chuimsiú atá leathan go leor chun rannchuidiú go héifeachtúil leis na himthosca a leigheas agus prionsabal na comhréireachta á urramú an tráth céanna. Dá bhrí sin, ós rud é nach ndéanann Vanuatú idirdhealú idir pasanna arna n-eisiúint faoi scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus pasanna eile, ba cheart feidhm a bheith ag an bhfionraíocht maidir le gach gnáthphas a eisíodh ón 25 Bealtaine 2015, an dáta a thosaigh Vanuatú ag eisiúint líon suntasach pasanna mar mhalairt ar infheistíocht. |
|
(16) |
Ba cheart cead a bheith ag náisiúnaigh Vanuatú a tháinig isteach san Aontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo leanúint dá bhfanacht san Aontas agus imeacht uaidh gan víosa a bheith acu. Níor cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le teorainneacha seachtracha sealadacha a thrasnú idir na Ballstáit mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe c de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). |
|
(17) |
A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (8). |
|
(18) |
A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus C de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9). |
|
(19) |
A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
|
(20) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; (11) dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(21) |
Is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach. |
|
(22) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2018/1806, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach
Cur i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/1806, maidir le daoine a bhfuil gnáthphasanna arna n-eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh ina seilbh acu, tá an cur i bhfeidhm sin curtha ar fionraí go sealadach.
Airteagal 2
Leanúint den fhanacht gan víosa
Sealbhóirí pasanna arna n-eisiúint ag Vanuatú a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 agus a tháinig isteach san Aontas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh siad leanúint dá bhfanacht san Aontas agus imeacht uaidh gan víosa a bheith acu. Níl feidhm ag an méid sin maidir le trasnú teorainneacha seachtracha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe c de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus tréimhse feidhme
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 4 Bealtaine 2022 go dtí an 3 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 303, 28.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 173, 3.7.2015, lch. 48.
(3) Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (IO L 69, 4.3.2022, lch. 105).
(4) Vanuatu Key Benefits - GCI UNIT Vanuatu (vanuatu-dsp-citizenship.com)
(5) How to get citizenship in Vanuatu - GCI UNIT Vanuatu (vanuatu-dsp-citizenship.com): ‘ A fast-track immigration plan offers citizenship in Vanuatu in just 14 to 45 days’
(6) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(8) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(9) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
(11) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).