29.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 126/18


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/686 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha formheasa le haghaidh na substainte gníomhaí sulfocsaflór

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(3), an chéad rogha, agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 ón gCoimisiún (2), foráiltear maidir le formheas na substainte gníomhaí sulfocsaflór agus, dá thoradh sin, maidir le sulfocsaflór a chur isteach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3).

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295, foráiltear freisin go gcuirfear isteach faisnéis bhreise deimhniúcháin maidir leis an riosca do bheacha meala trí na bealaí éagsúla nochta, go háirithe an neachtar, an phailin, an sreabhán braonaíola agus an deannach, an riosca do bheacha meala a bheidh ag sealgaireacht le haghaidh neachtair nó pailine i mbarra i ndiaidh a chéile agus i bhfiailí faoi bhláth, an riosca do phailneoirí eile, agus an riosca don ál.

(3)

Chuir an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis deimhniúcháin a iarradh laistigh den tréimhse dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295.

(4)

Faoi mar a comhaontaíodh idir Éirinn agus Poblacht na Seice, an Ballstát rapóirtéir agus an Ballstát is comhrapóirtéir, mheasúnaigh Poblacht na Seice an fhaisnéis deimhniúcháin a chuir an t-iarratasóir isteach. An 12 Márta 2018, chuir Poblacht na Seice a mheasúnú, i bhfoirm aguisín a ghabhann leis an dréacht-tuarascáil mheasúnachta, faoi bhráid na mBallstát eile, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).

(5)

Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit, leis an iarratasóir agus leis an Údarás agus iarradh orthu barúlacha a sholáthar maidir leis an measúnú a rinne an Ballstát is comhrapóirtéir ar an bhfaisnéis deimhniúcháin.

(6)

An 20 Meán Fómhair 2018, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil theicniúil (4) ina bhfuil achoimre ar thoradh an chomhairliúcháin sin i dtaca le sulfocsaflór.

(7)

Ós rud é gur cuireadh tuairimí éagsúla in iúl le linn an chomhairliúcháin i leith an aguisín a ghabhann leis an dréacht-tuarascáil mheasúnachta, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás agus d’iarr sé air conclúid a sholáthar maidir le gach pointe a raibh tuairimí éagsúla ina leith.

(8)

D’fhoilsigh an tÚdarás an chonclúid uaidh maidir leis an measúnú riosca an 28 Márta 2019 (5). Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle arís leis an Údarás i dtaca leis an riosca do bheacha. D’iarr an Coimisiún ar an Údarás, go háirithe, críoch a chur leis an measúnú ar na bearta a bheadh ag teastáil chun an cáitheadh sprae a laghdú sa chaoi go mbeadh cosaint ag bumbóga agus beacha aonair i gciumhais pháirceanna ar nochtadh don sulfocsaflór, mar aon leis an measúnú ar an riosca do bheacha ó uisce i locháin.

(9)

D’fhoilsigh an tÚdarás a chonclúid nuashonraithe uaidh an 30 Márta 2020 (6).

(10)

Sa chonclúid nuashonraithe uaidh, mheas an tÚdarás gurbh inghlactha an riosca do bheacha de thoradh úsáidí i dtithe gloine buana i bhfianaise an toraidh a bhí ar mheastóireacht na faisnéise deimhniúcháin a sholáthair an t-iarratasóir. Mar sin féin, níor féadadh measúnú an riosca do bhumbóga agus do bheacha aonair de throadh úsáidí amuigh faoin aer a thabhairt chun críche. Dá bhrí sin, ní raibh an tÚdarás in ann teacht ar an gconclúid go bhfuil riosca íseal ann do bhumbóga agus do bheacha aonair de thoradh úsáidí amuigh faoin aer.

(11)

Laistigh den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, rinne na Ballstáit agus an Coimisiún athbhreithniú ar an dréacht-tuarascáil mheasúnachta, ar an aguisín agus ar chonclúid nuashonraithe an Údaráis agus tugadh chun críche iad an 28 Eanáir 2022. Ag an am céanna, tugadh an tuarascáil athbhreithniúcháin maidir le sulfocsaflór cothrom le dáta.

(12)

Tugadh deis don iarratasóir barúlacha a chur isteach maidir leis an tuarascáil athbhreithniúcháin nuashonraithe.

(13)

Mar sin féin, d’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach féidir riosca do bheacha de thoradh úsáidí sulfocsaflóir amuigh faoin aer a chur as an áireamh. Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de, is gá agus is iomchuí formheas sulfocsaflóir a shrianadh chun nach n-úsáidfear é ach i dtithe gloine buana.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 agus (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(15)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do na Ballstáit chun údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí a tharraingt siar nó a leasú, ar údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí iad ina bhfuil sulfocsaflór nach gcomhlíonann na coinníollacha srianta formheasa.

(16)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil sulfocsaflór, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin a bheith chomh gearr agus is féidir agus gan bheith níos faide ná 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)

I bhfianaise na faisnéise ábhartha uile atá ar fáil, meastar nach iomchuí formheas na substainte gníomhaí a choinneáil i dtaca le húsáid amuigh faoin aer ag an am seo. Mar sin féin, ní chuirtear cosc ar an iarratasóir leis an Rialachán seo faisnéis bhreise a chur isteach chun na coinníollacha formheasta a leasú faoi mar a fhoráiltear le hAirteagail 7 agus 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus athbhreithneofar an fhaisnéis sin laistigh de thréimhse réasúnta de réir mar a fhoráiltear sa Rialachán sin.

(18)

Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh gníomh cur chun feidhme a bheith riachtanach agus chuir an Cathaoirleach an dréachtghníomh cur chun feidhme faoi bhráid an choiste achomhairc lena phlé a thuilleadh. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

I gcás inar gá, déanfaidh na Ballstáit údaruithe a leasú nó a tharraingt siar le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil sulfocsaflór ina shubstaint ghníomhach faoin 19 Samhain 2022 ar a dhéanaí.

Airteagal 4

Tréimhse chairde

Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 19 Bealtaine 2023 ar a dhéanaí.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2015 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach sulfocsaflór, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 199, 29.7.2015, lch. 8).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2018. Technical report on the outcome of the consultation with Member States, the applicant and EFSA on the pesticide risk assessment for sulfoxaflor in light of confirmatory data. [Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit, leis an iarratasóir agus le EFSA maidir leis an measúnú riosca lotnaidicídí ar shulfocsaflór i bhfianaise na sonraí deimhniúcháin]. Foilseachán tacaíochta EFSA 2018:EN-1474. 73 lch.

(5)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2019. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment for the active substance sulfoxaflor in light of confirmatory data submitted [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach sulfocsaflór i bhfianaise na sonraí deimhniúcháin a cuireadh isteach]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(3):5633, 14 lch.

(6)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment for the active substance sulfoxaflor in light of confirmatory data submitted [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach sulfocsaflór i bhfianaise na sonraí deimhniúcháin a cuireadh isteach]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(3):6056, 15 lch.


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1295, cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an cholúin “Forálacha sonracha”:

“Ní fhéadfar ach úsáidí i dtithe gloine buana a údarú.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le sulfocsaflór, agus go háirithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann léi, arna dtabhairt chun críche sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 29 Bealtaine 2015 agus arna dtabhairt cothrom le dáta an 28 Eanáir 2022.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an riosca do bheacha agus do bhumbóga a scaoiltear chun pailniú a dhéanamh, nuair a bhíonn táirgí ina bhfuil an tsubstaint á leathadh i dtithe gloine.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.”


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs an cholúin “Forálacha Sonracha” i ró 88, sulfocsaflór, de Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011:

“Ní fhéadfar ach úsáidí i dtithe gloine buana a údarú.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le sulfocsaflór, agus go háirithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann léi, arna dtabhairt chun críche sa Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 29 Bealtaine 2015 agus arna dtabhairt cothrom le dáta an 28 Eanáir 2022.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar an riosca do bheacha agus do bhumbóga a scaoiltear chun pailniú a dhéanamh nuair a bhíonn táirgí ina bhfuil an tsubstaint á leathadh i dtithe gloine.

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí.”