29.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 126/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/684 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Aibreán 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúicríd”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, áirítear galachta-olagaisiúicríd mar bhia núíosach údaraithe.

(4)

De bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá galachta-olagaisiúicríd údaraithe lena cur ar an margadh mar bhia núíosach a mbainfear úsáid as i roinnt bianna, lena n-áirítear bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/900 ón gCoimisiún (5), údaraíodh athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúicríd”. Go háirithe, méadaíodh ar leibhéal úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúicríd” i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ó 0,333 kg galachta-olagaisiúicríd/kg de chuid forbhia (33,3 %) go dtí 0,450 kg galachta-olagaisiúicríd/kg de chuid forbhia (45,0 %) don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin agus leanaí óga.

(6)

An 19 Samhain 2019, chuir an chuideachta Dairy Crest Ltd, a thrádálann mar Saputo Dairy UK, (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúicríd” a leasú. Rinne an t-iarratasóir iarraidh chun úsáid galachta-olagaisiúicríde a leathnú go dtí milseogra déiríochta, cáis agus cáis phróiseáilte, im agus saillte inleata atá beartaithe don phobal i gcoitinne.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 21 Nollaig 2020, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú a dhéanamh ar an leathnú a bheartaítear ar úsáid an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúicríd”.

(8)

An 14 Meán Fómhair 2021, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le “Sábháilteacht an leathnaithe ar úsáid galachta-olagaisiúicrídí mar Bhia Núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283” (7) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(9)

Ina thuairim eolaíoch, chinn an tÚdarás, maidir leis an mbia núíosach ina bhfuil méid ≥ 57 % d’ábhar tirim galachta-olagaisiúicríde, lachtós agus siúicrídí gaolmhara, go bhfuil sé sábháilte faoin leathnú a bheartaítear ar a úsáid i milseogra déiríochta, cáis agus cáis phróiseáilte, im agus saillte inleata, agus dá bhrí sin is iomchuí coinníollacha úsáide na galachta-olagaisiúicríde a leasú.

(10)

Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás, tá forais leordhóthanacha ann chun a shuíomh go bhfuil na hathruithe a bheartaítear ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i gcomhréir le hAirteagal 9 agus Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 agus ba cheart iad a fhormheas.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair núíosacha bia (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE, agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/900 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 lena n-údaraítear athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh “galachta-olagaisiúicríd” faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 197, 4.6.2021, lch. 71).

(6)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(7)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021:19(10):6844.


IARSCRÍBHINN

 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála do “galachta-olagaisiúicríd” i dTábla 1 (Bianna Núíosacha Údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

“Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Galachta-olagaisiúicríd

Catagóir bia shonraithe

Leibhéil is airde (sloinnte mar chóimheas kg galachta-olagaisiúicríd/kg bia deiridh)

 

 

 

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

0,333

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas naíonáin agus leanaí óga

0,450 (a chomhfhreagraíonn do 5,4 g de ghalachta-olagaisiúicríd/dáileadh) uasmhéid 3 dháileadh/lá suas le huasmhéid 16,2 g/lae

Bainne

0,020

Deochanna bainne

0,030

Malartú ar bhéile chun meáchan a rialú (mar dheochanna)

0,020

Deochanna is analóga déiríochta

0,020

Iógart

0,033

Milseoga déiríochta

0,043

Milseoga déiríochta reoite

0,043

Deochanna torthaí agus deochanna fuinnimh

0,021

Deochanna is malartuithe ar bhéilí do naíonán

0,012

Sú do naíonáin

0,025

Deochanna iógairt do naíonáin

0,024

Milseoga do naíonáin

0,027

Sneaiceanna do naíonáin

0,143

Gránaigh do naíonáin

0,027

Deochanna a bhfuil sé beartaithe a n-úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt

0,013

Súnna

0,021

Líonadh torthaí le haghaidh pióg

0,059

Ullmhóidí torthaí

0,125

Barraí

0,125

Gránaigh

0,125

Bainne foirmle do naíonáin bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,008

Milseogra déiríochta

0,05

Cáis agus cáis phróiseáilte

0,1

Im agus saillte inleata

0,1 ”