|
26.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 123/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/676 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Nollaig 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) go (6) agus in Airteagal 18(8) den Rialachán sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 18(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cumhdaítear cásanna comhdhlúthaithe stuamachta grúpaí gnóthas atá gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcás nach ann do ghaol idir máthairchuideachta agus fochuideachta. Sna cásanna sin, is gá an t-eintiteas a chinneadh a gcuirfear ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm ar a leibhéal ar bhonn comhdhlúite. Thairis sin, sna cásanna sin, an modh a leagtar amach in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE (“modh um chomhiomlánú”), ba cheart an modh sin a bheith ar an modh comhdhlúthaithe stuamachta is iomchuí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin. |
|
(2) |
I gcásanna rannpháirtíochtaí in institiúidí nó in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú stuamachta de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart toiliú d’aon toil na ngnóthas sin i ndáil leis na cinntí faoi ghníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais a bheith riachtanach chun an modh comhdhlúthaithe stuamachta a leagtar amach san fhoráil sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chomhshocrú a shonraítear sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
|
(3) |
In Airteagal 18(6), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tagraítear do na ceanglais mhaoirseachta maidir le comhdhlúthú stuamachta i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ar institiúid amháin nó níos mó nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ach gan rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile, agus i gcás ina gcuirtear na hinstitiúidí nó na hinstitiúidí airgeadais sin faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, meabhráin ná airteagail chomhlachais faoi seach. Chun a chinneadh arb ann do staid tionchair shuntasaigh nó nach ann, ba cheart do na húdaráis inniúla roinnt táscairí tionchair shuntasaigh a chur san áireamh. Thairis sin, níor cheart staid bainistíochta aonair a chinneadh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise nithiúil ag an údarás inniúil go bhfuil beartais airgeadais agus oibríochta na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais sin á gcomhordú go héifeachtach. |
|
(4) |
D’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) Treoirlínte maidir le sainaithint agus bainistiú priacail idirghabhála (4) lena n-áirítear roinnt táscairí ba cheart do na hinstitiúidí a úsáid agus na heintitis ar féidir priacal idirghabhála eascairt astu á sainaithint acu. De réir Threoirlínte CBMB, is éard is “priacal idirghabhála” ann an priacal go gcinnfidh institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’eintiteas neamh-chomhdhlúite, nach eintiteas atá comhdhlúite go hiomlán ná go comhréireach é, atá i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a sholáthar. De bhun Threoirlínte CBMB, i gcás ina n-aithníonn institiúid go bhfuil priacal suntasach idirghabhála ann, is gá di na bearta iomchuí a chinneadh bunaithe ar chineál agus ar mhéid na tacaíochta idirghabhála réamh-mheasta i ngach cás. Cuimsítear leis na bearta sin, i measc nithe eile, na heintitis lena mbaineann a chur san áireamh i raon feidhme an chomhdhlúthaithe rialála. I gcomhréir le Treoirlínte CBMB, ba cheart d’institiúidí agus d’údaráis inniúla roinnt táscairí a mheas chun a chinneadh ar cheart gnóthais áirithe a chomhdhlúthú go hiomlán nó go comhréireach de bhun Airteagal 18(5), Airteagal 18(6), pointe (a), nó Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme, agus an priacal idirghabhála a bhaineann leis na gnóthais sin a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúid á chur sin áireamh. Mar sin féin, ba cheart d’institiúidí bearta malartacha a mheas chun aghaidh a thabhairt ar phriacal idirghabhála faoina nósanna imeachta bainistithe priacail agus faoina bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP). Ina theannta sin, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta eile a mheas chun aghaidh a thabhairt ar an bpriacal a bhaineann leis na gnóthais sin a d’fhéadfadh a bheith ann faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta maoirseachta (SREP). I gcomhthéacs an chreata risíochtaí móra, d’eisigh an tÚdarás Baincéireacht Eorpach (ÚBE) treoirlínte freisin maidir le teorainneacha i leith risíochtaí ar eintitis scáthbhaincéireachta a dhéanann gníomhaíochtaí atá cosúil le gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh de chreat rialáilte (5), lena sonraítear an mhodheolaíocht ba cheart d’institiúidí a úsáid chun teorainneacha a shocrú, mar chuid dá bpróisis inmheánacha, i leith a risíochtaí aonair agus comhiomlána ar eintitis scáthbhaincéireachta. |
|
(5) |
Go háirithe, chun a chinneadh an bhfuil gá le comhdhlúthú iomlán nó comhréireach de bhun Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás fochuideachtaí nó gnóthais ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid, institiúid airgeadais ná gnóthas seirbhísí coimhdeacha an fhochuideachta sin nó an gnóthas sin, agus i gcás ina bhfuil priacal suntasach idirghabhála ann agus ar choinníoll nach gnóthas árachais nó athárachais nó gnóthas sealbhaíochta árachais é an gnóthas sin, i measc nithe eile, ba cheart coinne a bheith leis na húdaráis inniúla grinnscrúdú a dhéanamh, ar a laghad, ar chatagóirí áirithe gnóthas amhail eintitis shainchuspóireacha nach bhfuil incháilithe mar eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a bhfuil na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 244 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 infheidhme ina leith, mar aon leis na gnóthais sin a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 89(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
|
(6) |
Chun an chomhsheasmhacht leis an gcreat cistí dílse a áirithiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun sainaithint sochar caipitil míchuí a sheachaint, sna cásanna sin ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) go (6) nó Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le cuimsiú mhéideanna ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 sna cistí dílse comhdhlúite, ar ionstraimí arna n-eisiúint ag na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe iad agus ar le daoine iad seachas na gnóthais sin, mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ba cheart é sin a bhunú ar Airteagail 81 go 88 den Rialachán sin freisin. |
|
(7) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo. |
|
(8) |
Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a mbunaítear an Rialachán seo; rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn “gníomhaíochtaí ábhartha” gníomhaíochtaí ábhartha mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) 1254/2012 ón gCoimisiún (8) (an Iarscríbhinn a bhaineann le IFRS 10); |
|
(2) |
ciallaíonn “maolaitheoirí priacail” aon dlíthe, rialacháin, rialacha nó socruithe conarthacha is infheidhme lena gcuirtear srian ar chumas institiúide tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghnóthas i gcruachás; |
|
(3) |
ciallaíonn “gnóthais rannpháirtíochta” na gnóthais a rialaíonn aon cheann de na nithe seo a leanas go comhpháirteach:
|
|
(4) |
ciallaíonn “naisc chaipitiúla” úinéireacht chaipitil, dhíreach nó indíreach, de chuid gnóthais, lena n-áirítear rannpháirtíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (35), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
|
(5) |
ciallaíonn “tionchar suntasach” an chumhacht maidir le páirt a ghlacadh i gcinntí beartais airgeadais agus oibríochta gnóthais, i gcás nach bhfuil an gnóthas incháilithe mar fhochuideachta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcás nach rialaítear go comhpháirteach é mar a thagraítear dó sin in Airteagal 3(1) nó in Airteagal 7(3), pointe (a), den Rialachán seo. |
Airteagal 2
Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás grúpaí gnóthas atá gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE
1. I gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, beidh an t-eintiteas seo a leanas freagrach as comhlíontacht a áirithiú leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn staid chomhdhlúite ghnóthais uile an ghrúpa:
|
(a) |
an institiúid, i gcás nach bhfuil ach institiúid amháin laistigh den ghrúpa; |
|
(b) |
an institiúid creidmheasa, ar mó méid iomlán a cláir chomhardaithe, i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa; |
|
(c) |
an gnólacht infheistíochta faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa sa ghrúpa. |
2. Chun críocha mhír 1, is ar bhonn na ráiteas airgeadais comhdhlúite iniúchta is deireanaí a ríomhfar méid iomlán an chláir chomhardaithe nó, i gcás nach gceanglaítear ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme, is ar bhonn an ráitis airgeadais iniúchta aonair is deireanaí de chuid na hinstitiúide a ríomhfar é.
3. I gcás nach beadh cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo iomchuí, na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite de bhun Airteagal 111(4), (5) agus (6) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), féadfaidh siad na critéir sin a tharscaoileadh, agus eintiteas eile laistigh den ghrúpa faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ainmniú mar an t-eintiteas a bheidh freagrach as comhlíontacht a áirithiú leis na ceanglais dá dtagraítear i gCuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 1 den Rialachán sin ar bhonn staid comhdhlúthaithe ghnóthais uile an ghrúpa.
Agus oiriúnacht chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á meas, cuirfidh na húdaráis inniúla sin aon chinneadh a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 111(6) de Threoir 2013/36/AE san áireamh nó, in éagmais cinneadh den sórt sin, cuirfidh siad san áireamh na hinstitiúidí lena mbaineann agus tábhacht choibhéiseach a ngníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha nó cé acu a cheanglaítear nó nach gceanglaítear orthu ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú le haghaidh an ghrúpa sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE. I gcásanna den sórt sin, beidh sé de cheart ag an institiúid ar mó méid iomlán a cláir chomhardaithe éisteacht a fháil, sula ndéanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh.
4. Sna cásanna dá dtagraítear san Airteagal seo, maidir leis na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a fheidhmiú ar bhonn comhdhlúite de bhun Airteagal 111(4), (5) agus (6) de Threoir 2013/36/AE, ceadóidh siad nó ceanglóidh siad úsáid an mhodha comhdhlúthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE.
5. Maidir le gnóthas atá gaolmhar le gnóthas amháin nó níos mó ná sin de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE, ní gá é a áireamh sa chomhdhlúthú de bhun an Airteagail seo sna cásanna céanna agus i gcomhréir leis na critéir chéanna mar a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Airteagal 3
Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás institiúidí nó institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú
1. I gcásanna rannpháirtíochtaí in institiúidí nó in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, ceanglóidh an maoirseoir comhdhlúthacháin comhdhlúthú comhréireach de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
rialaíonn na gnóthais rannpháirteacha tromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na mball san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann go comhpháirteach nó tá sé ar a gcumas dóibh gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais a chomhstiúradh, de bhun socrú conarthach atá infhorfheidhmithe le dlí a bheith eatarthu nó de bhun clásail atá i meabhráin na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais nó de bhun clásail atá in airteagail chomhlachais na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais; |
|
(b) |
teastaíonn toiliú d’aon toil na ngnóthas rannpháirteach uile chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais; |
|
(c) |
sonraítear sa socrú conarthach dá dtagraítear i bpointe (a) nó i gclásail mheabhráin na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais nó i gclásail a hairteagal comhlachais go bhfuil dliteanas na ngnóthas rannpháirteach teoranta don scair den chaipiteal san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann atá ar teachtadh acu. |
2. Sna cásanna dá dtagraítear san Airteagal seo, déanfar comhdhlúthú comhréireach ar bhonn na scaire den chaipiteal atá ar teachtadh san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann agus i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Threoir 2013/34/AE.
Airteagal 4
Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla in institiúidí nó in institiúidí airgeadais seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
1. I gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla go ndéanfar comhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh siad úsáid mhodh an chothromais a cheadú nó a cheangal de bhun an Airteagail sin mura gcinneann siad go gceanglaítear comhdhlúthú iomlán nó comhréireach na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo.
2. Déanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn measúnú ar na priacail a ghabhann leis an institiúid nó leis an institiúid airgeadais lena mbaineann ar institiúid, agus méid agus éifeachtacht aon mhaolaitheoirí priacail mar aon leis an tionchar ar cheanglais stuamachta na hinstitiúide ar bhonn comhdhlúite a d’fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm comhdhlúthaithe iomláin nó chomhréirigh á gcur san áireamh.
3. Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an institiúid, arna iarraidh sin, gach faisnéis is gá ar fáil don údarás inniúil, go háirithe faisnéis maidir leis na gnéithe seo a leanas:
|
(a) |
úinéirí nó ball, nó ag féachaint an í an institiúid príomh-scairshealbhóir, príomh-úinéir nó príomhbhall na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais nó nach í; struchtúr úinéireachta foriomlán na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, ag féachaint, go háirithe, an leithdháiltear nó nach leithdháiltear scaireanna nó cearta úinéireachta coibhéiseacha agus cearta vótála, lena n-áirítear cearta féideartha vótála dá dtagraítear in Airteagal 5(5), ar líon mór scairshealbhóirí, |
|
(b) |
cosúil le torthaí ar ghnáthscaireanna ó shócmhainní na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann nó maidir lena feidhmíocht; cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn an institiúid mar urraitheoir tríd an institiúid nó an institiúid airgeadais lena mbaineann a bhainistiú nó a chomhairliú, trí urrúis na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais a chur ar an margadh, nó trí leachtacht agus/nó feabhsuithe creidmheasa a sholáthar don institiúid nó don institiúid airgeadais, nó cé acu atá nó nach bhfuil an institiúid ina hinfheisteoir tábhachtach ina n-ionstraimí fiachais nó cothromais, nó cé acu atá nó nach bhfuil baint chonarthach agus neamh-chonarthach ann lena nochtar an institiúid do na priacail nó do thorthaí atá |
|
(c) |
rialaítear an institiúid nó an institiúid airgeadais i gcomhréir leis an gcreat cuntasaíochta is infheidhme; cé acu atá nó nach bhfuil baint éifeachtach ag an institiúid i bpróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, a mhéid a imríonn an institiúid tionchar ar an bpróiseas sin, nó cé acu a mheastar nó nach meastar go |
|
(d) |
ón institiúid nó ón institiúid airgeadais lena mbaineann, ar seirbhísí iad nach féidir seirbhísí oibríochtúla eile a chur ina n-áit go tráthúil gan costas iomarcach;cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an institiúid seirbhísí oibríochtúla criticiúla |
|
(e) |
cé acu a bhunaítear nó nach mbunaítear rátáil chreidmheasa na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann ar rátáil chreidmheasa na hinstitiúide féin; |
|
(f) |
institiúid nó san institiúid airgeadais leis an institiúid, a gcumas caillteanais a thabhú nó a gcumas ionstraimí airgeadais a dhiúscairt;cé acu is ann nó nach ann do ghnéithe sonracha a bhaineann le comhdhéanamh bhonn infheisteoirí na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, go háirithe maidir le cé acu atá nó nach bhfuil dlúthchaidreamh tráchtála ag na hinfheisteoirí san |
|
(g) |
institiúid airgeadais agus an institiúid nó cé acu atá nó nach bhfuil baint acu i dtráchtálú táirgí a chéile;cé acu atá nó nach bhfuil bonn custaiméirí comhchoiteann ag an institiúid nó ag an |
|
(h) |
cé acu atá nó nach bhfuil an branda céanna ag an institiúid nó an institiúid airgeadais agus an institiúid; |
|
(i) |
cé acu a sholáthair nó nár sholáthair an institiúid tacaíocht airgeadais cheana don institiúid nó don institiúid airgeadais lena mbaineann i gcás deacrachtaí airgeadais. |
4. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, comhdhlúthú comhréireach na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann a cheangal de réir na scaire den chaipiteal atá ar teachtadh sa ghnóthas sin i gcás ina mbeidh comhaontú conarthach idir an institiúid agus scairshealbhóir, úinéir nó ball amháin den institiúid nó den institiúid airgeadais lena mbaineann nó níos mó ná sin, comhaontú maidir le tacaíocht airgeadais a sholáthar go comhpháirteach don institiúid nó don institiúid airgeadais, nó i gcás ina mbeidh fianaise láidir ann lena dtugtar le fios go dtabharfaidís tacaíocht airgeadais don institiúid nó don institiúid airgeadais de réir na scaire den chaipiteal atá ar teachtadh inti.
5. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, comhdhlúthú iomlán na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann a cheangal i gcás ina mbeidh an institiúid ar ris, de thoradh an chaidrimh eagrúcháin agus airgeadais atá ann idir an institiúid agus an institiúid nó institiúid airgeadais lena mbaineann, ar thromlach na bpriacal nó na dtairbhí a eascróidh as gníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide sin nó na hinstitiúide airgeadais sin.
Airteagal 5
Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin
1. I gcás ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná ar naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh go gceanglaítear comhdhlúthú iomlán na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais lena mbaineann de bhun Airteagal 18(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn measúnú ar na priacail a bhaineann leis na hinstitiúidí nó leis na hinstitiúidí airgeadais sin don institiúid a imríonn an tionchar suntasach, agus méid agus éifeachtacht aon mhaolaitheoirí priacail mar aon leis an tionchar ar cheanglais stuamachta na hinstitiúide ar bhonn comhdhlúite a d’fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm comhdhlúthaithe iomláin á gcur san áireamh.
2. Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid, arna iarraidh sin, gach faisnéis is gá ar fáil don údarás inniúil, go háirithe faisnéis maidir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointí (a) go (i).
3. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, comhdhlúthú iomlán na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a cheangal i gcás ina mbeidh an institiúid ar ris, de thoradh an chaidrimh eagrúcháin agus airgeadais atá ann idir an institiúid a imríonn an tionchar suntasach agus an institiúid nó institiúid airgeadais lena mbaineann, ar thromlach na bpriacal nó na dtairbhí a eascróidh as gníomhaíochtaí ábhartha na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais sin.
4. Chun críocha an Airteagail seo, áireofar na gnéithe seo a leanas mar tháscairí tionchair shuntasaigh:
|
(a) |
tá ball de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann ceaptha ag an institiúid nó tá sé de cheart ag an institiúid ball a cheapadh; |
|
(b) |
tá baint éifeachtach ag an institiúid i bpróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, lena n-áirítear i gcinntí maidir le díbhinní nó dáileacháin eile; |
|
(c) |
is ann d’idirbhearta ábhartha leis an institiúid nó leis an institiúid airgeadais lena mbaineann; |
|
(d) |
mhalartaigh an institiúid foireann bainistíochta leis an institiúid nó leis an institiúid airgeadais lena mbaineann; |
|
(e) |
soláthraíonn an institiúid faisnéis theicniúil fhíor-riachtanach nó seirbhísí criticiúla don institiúid nó don institiúid airgeadais lena mbaineann; |
|
(f) |
tá cearta breise ag an institiúid san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann, de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais, ar cearta iad a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar bhainistíocht nó ar phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide sin nó na hinstitiúide airgeadais sin. |
5. Maidir le cé acu is ann do bharántais scaireanna, do chéadroghanna ar cheannach scaireanna, d’ionstraimí fiachais atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna nó ionstraimí comhchosúla eile nó nach ann dóibh, ar ionstraimí iad atá infheidhmithe agus in-chomhshóite faoi láthair agus a lena bhféadfaí, má fheidhmítear nó má chomhshóitear iad, cumhacht vótála a thabhairt don institiúid nó cumhacht vótála páirtí eile a laghdú ar bheartais airgeadais agus oibríochta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, measfar é sin freisin sa mheasúnú ar thionchar suntasach.
Airteagal 6
Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin curtha faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin
1. Cinnfidh údarás inniúil go gceanglaítear dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin a chomhdhlúthú, ar institiúidí nó institiúidí airgeadais iad a chuirtear faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin chun críocha Airteagal 18(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
rinne an t-údarás inniúil measúnú a raibh sé d’aidhm aige a dheimhniú go gcomhordaítear beartais airgeadais agus oibríochta na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais go héifeachtach; agus |
|
(b) |
níl na hinstitiúidí ná na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(1), (2) agus Airteagal 22(7), pointe (b), de Threoir 2013/34/AE. |
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a) féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh mar thásca lena léirítear gurb ann don staid dá dtagraítear sa phointe sin:
|
(a) |
rialaíonn an duine céanna nó na daoine céanna, nó an t-eintiteas céanna nó na heintitis chéanna, go díreach nó go hindíreach, na hinstitiúidí nó na hinstitiúidí airgeadais lena mbaineann; |
|
(b) |
daoine arna gceapadh ag an duine nádúrtha céanna nó na daoine nádúrtha céanna, nó an t-eintiteas céanna nó na heintitis chéanna atá i dtromlach bhaill chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais, fiú mura bhfuil na daoine céanna i measc na mball sin. |
3. Sna cásanna dá dtagraítear san Airteagal seo, ceadóidh nó ceanglóidh na húdaráis inniúla úsáid mhodh an chomhdhlúthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE.
4. Beidh feidhm ag Airteagal 2(1), (2), agus (3) den Rialachán seo chun an t-eintiteas a chinneadh a bheidh freagrach as comhlíontacht a áirithiú leis na ceanglais dá dtagraítear i gCuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn staid chomhdhlúite na n-institiúidí uile nó na n-institiúidí airgeadais uile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 7
Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna nach bhfuil fochuideachta ná gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid ina n-institiúid, ina n-institiúid airgeadais ná ina ngnóthas seirbhísí coimhdeacha
1. Féadfaidh údarás inniúil comhdhlúthú iomlán nó comhréireach fochuideachta nó gnóthais ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid a cheangal i gcás nach bhfuil an fhochuideachta sin ná an gnóthas sin ina n-institiúid, ina n-institiúid airgeadais ná ina ngnóthas seirbhísí coimhdeacha de bhun Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar choinníoll go ndéanfaidh sé measúnú lena ndeimhneofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 18(8), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun na críche sin, beidh feidhm ag Airteagal 4(2) agus (3) den Rialachán seo.
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, comhdhlúthú iomlán na fochuideachta nó an ghnóthais dá dtagraítear i mír 1 a cheangal i gcás ina mbeidh an institiúid ar ris, de thoradh an chaidrimh eagrúcháin agus airgeadais atá ann idir an institiúid agus an fhochuideachta nó an gnóthas lena mbaineann, ar thromlach na bpriacal nó na dtairbhí a eascróidh as gníomhaíochtaí ábhartha na fochuideachta sin nó an ghnóthais sin.
3. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, comhdhlúthú comhréireach gnóthais dá dtagraítear i mír 1 a cheangal de réir na scaire den chaipiteal atá ar teachtadh sa ghnóthas sin i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
rialaíonn an institiúid an gnóthas go comhpháirteach le gnóthas amháin eile nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú de bhun socrú conarthach atá infhorfheidhmithe le dlí a bheith eatarthu nó de bhun clásail atá i meabhráin an ghnóthais nó de bhun clásail atá in airteagail chomhlachais an ghnóthais agus teastaíonn toiliú d’aon toil na ngnóthas rannpháirteach uile chun cinntí a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí ábhartha an ghnóthais; |
|
(b) |
tá comhaontú conarthach idir an institiúid agus scairshealbhóir, úinéir nó ball amháin den ghnóthas nó níos mó ná sin chun tacaíocht airgeadais a sholáthar go comhpháirteach don ghnóthas sin nó tá fianaise láidir ann lena dtugtar le fios go dtabharfaidís tacaíocht airgeadais don ghnóthas de réir na scaire den chaipiteal atá ar teachtadh ann. |
Airteagal 8
Coinníollacha maidir le cuimsiú ionstraimí, ar le daoine iad seachas na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe, i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2
1. I gcásanna ina n-úsáidtear an modh comhdhlúthaithe dá bhforáiltear in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE de bhun Airteagal 18(3) nó (6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúid a chur san áireamh ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon le cuntais scairbhisigh ghaolmhara na ngnóthas a áirítear i raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe ar le daoine iad seachas na gnóthais sin i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 nó i gCaipiteal Leibhéal 2, ar choinníoll go mbeidh na hítimí caipitil sin ar fáil chun caillteanais na ngnóthas uile a áirítear sa chomhdhlúthú a chumhdach.
Maidir le hítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás nach mbeidh siad ar fáil chun caillteanais na ngnóthas uile a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe a chumhdach, cinnfidh an institiúid méid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus méid ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon le méid na gcuntas scairbhisigh gaolmhar a áireofar i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite agus i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagail 81 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
2. Chun críocha mhír 1, ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, ar leis an duine nó leis na daoine nó leis an eintiteas nó leis na heintitis iad a bhainistíonn na gnóthais ar bhonn aontaithe de bhun Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a bhainistíonn na gnóthais go haonarach de bhun Airteagal 18(6), pointe (b), den Rialachán sin, measfar iad a bheith ar fáil chun caillteanais na ngnóthas uile a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe a chumhdach.
3. I gcásanna ina gceanglaítear comhdhlúthú iomlán de bhun Airteagal 18(5), Airteagal 18(6), pointe (a), nó Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh an institiúid méid ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus méid ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 mar aon le méid chuntais scairbhisigh ghaolmhara na ngnóthas a áirítear i raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe, ar le daoine iad seachas na gnóthais sin, a áireofar i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite agus i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagail 81 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Chun na críche sin, na gnóthais a gceanglaítear comhdhlúthú iomlán lena n-aghaidh, measfar gur fochuideachtaí iad.
4. I gcásanna ina gceanglaítear comhdhlúthú comhréireach de bhun Airteagal 18(4), (5) nó (8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfidh institiúidí méid ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 a eisíonn na gnóthais a áirítear i raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe go comhréireach, ar ionstraimí ar le daoine iad seachas na gnóthais sin, mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite agus i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagail 82, 83 agus 85 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
5. Chun críocha mhír 4, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
na gnóthais a gceanglaítear comhdhlúthú comhréireach lena n-aghaidh, measfar gur fochuideachtaí iad; |
|
(b) |
tagairtí don chuimsiú iomlán sa chomhdhlúthú de bhun Chuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, forléireofar iad mar thagairtí don chuimsiú comhréireach sa chomhdhlúthú de bhun Airteagal 18(4), (5) nó (8) den Rialachán sin; agus |
|
(c) |
na méideanna dá dtagraítear in Airteagail 82, 83 agus 85 go 88 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cinnfear iad agus an scair den chaipiteal sna gnóthais sin atá ar teachtadh ag an institiúid á cur san áireamh. |
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(4) Treoirlínte Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht maidir le sainaithint agus bainistiú priacail idirghabhála, Basel, Deireadh Fómhair 2017.
(5) Treoirlínte ÚBE maidir le teorainneacha i leith risíochtaí ar eintitis scáthbhaincéireachta a dhéanann gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh de chreat rialáilte faoi Airteagal 395(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, 3 Meitheamh 2016, EBA/GL/2015/20.
(6) Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 642/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1254/2012 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 10, Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 11, Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 12, Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 27 (2011), agus Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 28 (2011) (IO L 360, 29.12.2012, lch. 1).
(9) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).