21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/68


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/651 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Aibreán 2022

lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta sin a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin de chuid na hIndia, lena n-aisghairtear an dleacht frithdhumpála maidir le hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin agus lena gcuirtear na hallmhairí ón táirgeoir onnmhairiúcháin sin faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán frithdhumpála”), agus go háirithe Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(5) de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2017 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   IARRAIDH

(1)

Fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) iarratas ar dhíolúine ó na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na hIndia iad nó ná bíodh, a mhéid a bhaineann le Urja Products Private Limited (“an t-iarratasóir”), de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(2)

Chuir an t-iarratasóir an iarraidh isteach an 23 Lúnasa 2021, ar táirgeoir onnmhairiúcháin fabraicí mogaill oscailte as snáithíní gloine é san India (“an tír lena mbaineann”).

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ

(3)

Is éard atá sa táirge atá faoi athbhreithniú fabraicí mogaill oscailte as snáithíní gloine, ar de mhéid cille is mó ná 1,8 mm de réir fada agus leithid araon iad, ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2, gan dioscaí snáithínghloine a áireamh, arna gcur chun bealaigh ón India, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na hIndia iad nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00 agus ex 7019 69 90 (cóid TARIC 7019630014, 7019640014, 7019650014, 7019660014 agus 7019699014). Is chun críche faisnéise amháin a thugtar cóid AC agus TARIC.

3.   BEARTA ATÁ I bhFEIDHM FAOI LÁTHAIR

(4)

Le Rialachán (AE) Uimh. 791/2011 (3), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

(5)

Leathnaíodh na bearta sin le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 672/2012 (4), (AE) Uimh. 21/2013 (5) agus (AE) Uimh. 1371/2013 (6) ón gComhairle, arna leasú go deireanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1711 ón gCoimisiún (7), chun allmhairí fabraicí mogaill áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, cé is moite díobh sin a tháirgeann Montex Glass Fibre Industries Pvt. Ltd agus Pyrotek India Pvt. Ltd.

(6)

Leathnaíodh na bearta sin le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 976/2014 ón gCoimisiún (8), chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte snáithíní gloine modhnaithe beagán a chumhdach.

(7)

Na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 a forchuireadh iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/788 ón gCoimisiún (9) lenar deonaíodh díolúine do SPG Glass Fibre PVT. Ltd.

4.   AN FORAS LEIS AN ATHBHREITHNIÚ

(8)

Mhaígh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé an táirge atá faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe arna húsáid san imscrúdú as ar tháinig na bearta leathnaithe arna nglacadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1371/2013, is é sin an tréimhse ón 1 Aibreán 2012 go dtí an 31 Márta 2013 (“an tréimhse imscrúdaithe bhunaidh”). I ndáiríre, bhí an t-iarratasóir tar éis teacht chun cinn cheana féin le linn an imscrúdaithe as ar tháinig leathnú na mbeart, agus bhain sé an chonclúid as sin “nach dtáirgeann Urja Products an táirge atá faoi imscrúdú” (10).

(9)

Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur fíortháirgeoir é agus mhaígh sé nach ndeachaigh sé timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair.

(10)

Ina theannta sin, mhaígh an t-iarratasóir gur onnmhairigh sé an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdaithe bunaidh, in 2020 agus in 2021.

5.   NÓS IMEACHTA

5.1.   Tionscnamh

(11)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise agus chinn sé gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán frithdhumpála chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta leathnaithe a dheonú don iarratasóir.

(12)

Tionscal an Aontais arb eol iad a bheith bainteach, cuireadh ar an eolas é faoin iarraidh ar athbhreithniú agus tugadh deis dó a bharúlacha a chur isteach.

(13)

San imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisiún, tabharfaidh sé aird ar leith ar ghaol an iarratasóra leis na cuideachtaí atá faoi réir na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair chun a áirithiú nár cuireadh tús leis an ngaol sin chun dul timpeall ar na bearta. Breithneoidh an Coimisiún freisin ar cheart coinníollacha áirithe faireacháin a fhorchur sa chás gurb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil údar maith leis an díolúine a dheonú.

5.2.   Aisghairm na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair agus clárú na n-allmhairí

(14)

I gcomhréir le hAirteagal 11(4) den bhun-Rialachán frithdhumpála, i gcásanna inarb ann d’onnmhaireoirí nua sa tír is onnmhaireoir atá faoi chaibidil, onnmhaireoirí nár onnmhairigh an táirge le linn na tréimhse imscrúdaithe ar a raibh na bearta bunaithe, ba cheart an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm a aisghairm maidir le hallmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú a tháirgeann agus a dhíolann an t-iarratasóir lena n-onnmhairiú chuig an Aontas.

(15)

An tráth céanna, ba cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála chun a áirithiú go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála a ghearradh ó dháta clárúcháin na n-allmhairí sin más rud é go ndéantar amach san athbhreithniú go ndeachaigh an t-iarratasóir timpeall ar na bearta. Bheadh méid na ndliteanas a d’fhéadfadh a bheith ag an iarratasóir amach anseo comhionann leis an dleacht is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 (62,9 %).

5.3.   Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin

(16)

Cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Aibreán 2012 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”).

5.4.   Imscrúdú a dhéanamh ar an iarratasóir

(17)

Chun an fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig na hiarratasóirí. Ní mór don iarratasóir an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, mura sonraítear a mhalairt, de bhun Airteagal 6(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála.

5.5.   Aighneachtaí eile i scríbhinn

(18)

Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

5.6.   An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

(19)

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin a iarraidh. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór na cúiseanna leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha a leagann an Coimisiún síos ina theachtaireacht chuig na páirtithe.

5.7.   Treoracha le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus le haghaidh ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

(20)

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipchirt. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta chun cosanta a fheidhmiú.

(21)

Cuirfear an lipéad “Íogair” ar gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ar cheistneoirí comhlánaithe agus ar chomhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe sin, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfí i modh rúin leo.

(22)

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán frithdhumpála, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe ar bhealach leordhóthanach chun go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

(23)

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus sa cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

(24)

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhniúcháin. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó as ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf.

(25)

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, seachas sa chás go n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ar an gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1040 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: TRADE-R766-DUMPING@ec.europa.eu

6.   AN DEIS BARÚLACHA A THABHAIRT MAIDIR LE hAIGHNEACHTAÍ PÁIRTITHE EILE

(26)

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le faisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile isteach. Agus sin á dhéanamh acu, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara aghaidh a thabhairt ach ar na saincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara eile agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a tharraingt anuas. Na barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, na barúlacha a rinne páirtithe leasmhara eile mar fhreagairt ar nochtadh eile na dtorthaí cinntitheacha sin, ba cheart iad sin a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun tuairim a thabhairt ar an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt. Tá an tráthchlár a leagtar amach gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

7.   SÍNEADH A CHUR LEIS NA TEORAINNEACHA AMA A SHONRAÍTEAR SA RIALACHÁN SEO

(27)

Níor cheart aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis agus chúis mhaith léirithe.

(28)

In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

(29)

Teorainneacha ama maidir le faisnéis eile a shonraítear sa Rialachán a chur isteach, beidh teorainn 3 lá leis na síntí ach amháin má léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

8.   NEAMH-CHOMHOIBRIÚ

(30)

I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí deimhneacha nó diúltacha a thabhairt ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán frithdhumpála.

(31)

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus féadfar úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

(32)

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán frithdhumpála, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an toradh chomh fabhrach céanna don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

(33)

Mura dtugtar freagra leictreonach, ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é sin, ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach air mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

9.   OIFIGEACH ÉISTEACHTA

(34)

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

(35)

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Is i scríbhinn ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

(36)

Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus ar thionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus don imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

(37)

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/.

10.   SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE

(38)

Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

11.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(39)

Is i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chaithfear le haon sonraí pearsanta a bhaileofar san imscrúdú seo.

(40)

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://ec.europa.eu/trade/policy/accessing-markets/trade-defence/

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, tionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 de bhun Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine, ar de mhéid cille is mó ná 1,8 mm de réir fada agus leithid araon iad, ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2, gan dioscaí snáithínghloine a áireamh, arna gcur chun bealaigh ón India, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na hIndia iad nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 63 00, ex 7019 64 00, ex 7019 65 00, ex 7019 66 00 agus ex 7019 69 90 (cóid TARIC 7019 63 00 14, 7019 64 00 14, 7019 65 00 14, 7019 66 00 14 agus 7019 69 90 14), arna dtáirgeadh ag Urja Products Private Limited (cód breise TARIC C861), ar athbhreithniú é chun a chinneadh ar cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir na dleachta frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993.

Airteagal 2

An dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993, is leis seo a aisghairtear í a mhéid a bhaineann leis na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.

Airteagal 3

Glacfaidh na hÚdaráis Chustaim na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú, de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 288, 7.11.2017, lch. 4.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 791/2011 ón gComhairle an 3 Lúnasa 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 204, 9.8.2011, lch. 1)

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 672/2012 ón gComhairle an 16 Iúil 2012 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 791/2011 maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh (IO L 196, 24.7.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 21/2013 ón gComhairle an 10 Eanáir 2013 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 791/2011 maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Téaváine agus na Téalainne iad nó ná bíodh (IO L 11, 16.1.2013, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1371/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 791/2011 maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India agus ón Indinéis a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise iad nó ná bíodh (IO L 346, 20.12.2013, lch. 20).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1711 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1371/2011 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na ndíolúintí arna ndeonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hIndia (IO L 286, 14.11.2018, lch. 12).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 976/2014 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2014 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 791/2011 maidir le hallmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine modhnaithe beagán ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad freisin a chumhdach (IO L 274, 16.9.2014, lch. 13).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/788 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1993 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí fabraicí mogaill oscailte áirithe as snáithíní gloine arna gcur chun bealaigh ón India, ón Indinéis, ón Malaeisia, ón Téaváin agus ón Téalainn a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 134, 31.5.2018, lch. 5).

(10)  Féach aithris (11) agus aithris (50) de Rialachán (AE) Uimh. 1371/2013

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).