21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/648 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Feabhra 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le méid na tacaíochta an Aontais do chineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe sa bhliain airgeadais 2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 89(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá ar na Ballstáit méid na n-íocaíochtaí díreacha atá le deonú d’fheirmeoir i leith bliain féilire ar leith, de bhun Chaibidil 1 de Theideal III den Rialachán sin, a laghdú faoi 5 % ar a laghad i gcás an chuid den tsuim atá os cionn EUR 150 000. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán sin, táthar le toradh measta an laghdaithe sin a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise do bhearta faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT).

(2)

I gcomhréir leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 11(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2021 maidir lena gcinneadh faoin laghdú ar mhéid na n-íocaíochtaí díreacha agus leis an toradh measta ar an laghdú i leith na bliana féilire 2022. Leis na fógraí a thug an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Fhionlainn luadh toradh measta ar an laghdú is mó ná nialas.

(3)

I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Laitvia agus an Ísiltír fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2021 faoina gcinneadh céatadán áirithe dá n-uasteorainn náisiúnta bhliantúil le haghaidh íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2022 a chur ar fáil mar thacaíocht bhreise faoi CETFT sa bhliain féilire 2023.

(4)

I gcomhréir leis an seachtú fomhír d’Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, thug an Chróit, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Pholainn agus an Phortaingéil fógra don Choimisiún faoin 1 Lúnasa 2021 faoina gcinneadh méid áirithe den tacaíocht atá le maoiniú faoi CETFT sa bhliain airgeadais 2023 a chur ar fáil mar íocaíochtaí díreacha i leith na bliana féilire 2022.

(5)

Ar bhonn na bhfógraí sin, leasaíodh Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis na huasteorainneacha náisiúnta agus na glan-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcás Ballstáit áirithe i leith na bliana féilire 2022 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/42 (3) ón gCoimisiún.

(6)

Leagtar amach an miondealú bliantúil in aghaidh an Bhallstáit ar ranníocaíocht CETFT leis an bPlean Straitéiseach CBT agus iomlán na ranníocaíochta sin le haghaidh na tréimhse 2023 go 2027 in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú dá réir.

(8)

Ós rud é go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na bliana 2023, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 agus (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/42 an 8 Samhain 2021 ón gCoimisiún lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na huasteorainneacha náisiúnta agus na glan-uasteorainneacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcás Ballstáit áirithe i leith na bliana féilire 2022 (IO L 9, 14.1.2022, lch. 3).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN XI

Miondealú ar thacaíocht ón aontas do chineálacha idirghabhála d’fhorbairt tuaithe (2023 go 2027)) dá dtagraítear in Airteagal 89(3)

(praghsanna reatha in EUR)

Ballstát

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán 2023-2027

An Bheilg

105 730 894

82 800 894

82 800 894

82 800 894

82 800 894

436 934 470

An Bhulgáir

282 979 644

282 162 644

282 162 644

282 162 644

282 162 644

1 411 630 220

An tSeicia

267 027 708

259 187 708

259 187 708

259 187 708

259 187 708

1 303 778 540

An Danmhairg

155 982 060

75 934 060

75 934 060

75 934 060

75 934 060

459 718 300

An Ghearmáin

1 485 615 738

1 092 359 738

1 092 359 738

1 092 359 738

1 092 359 738

5 855 054 690

An Eastóin

88 031 648

88 016 648

88 016 648

88 016 648

88 016 648

440 098 240

Éire

311 641 628

311 640 628

311 640 628

311 640 628

311 640 628

1 558 204 140

An Ghréig

651 491 600

556 953 600

556 953 600

556 953 600

556 953 600

2 879 306 000

An Spáinn

1 081 552 825

1 080 382 825

1 080 382 825

1 080 382 825

1 080 382 825

5 403 084 125

An Fhrainc

2 007 185 070

1 459 440 070

1 459 440 070

1 459 440 070

1 459 440 070

7 844 945 350

An Chróit

268 849 401

297 307 401

297 307 401

297 307 401

297 307 401

1 458 079 005

An Iodáil

1 355 321 375

1 349 921 375

1 349 921 375

1 349 921 375

1 349 921 375

6 755 006 875

An Chipir

23 770 514

23 770 514

23 770 514

23 770 514

23 770 514

118 852 570

An Laitvia

142 745 173

117 495 173

117 495 173

117 495 173

117 495 173

612 725 865

An Liotuáin

195 495 162

195 495 162

195 495 162

195 495 162

195 495 162

977 475 810

Lucsamburg

11 626 644

12 310 644

12 310 644

12 310 644

12 310 644

60 869 220

An Ungáir

384 539 149

416 869 149

416 869 149

416 869 149

416 869 149

2 052 015 745

Málta

19 334 497

19 984 497

19 984 497

19 984 497

19 984 497

99 272 485

An Ísiltír

180 985 369

73 268 369

73 268 369

73 268 369

73 268 369

474 058 845

An Ostair

520 024 752

520 024 752

520 024 752

520 024 752

520 024 752

2 600 123 760

An Pholainn

1 004 581 539

1 320 001 539

1 320 001 539

1 320 001 539

1 320 001 539

6 284 587 695

An Phortaingéil

455 630 620

540 550 620

540 550 620

540 550 620

540 550 620

2 617 833 100

An Rómáin

967 049 892

967 049 892

967 049 892

967 049 892

967 049 892

4 835 249 460

An tSlóivéin

110 170 192

110 170 192

110 170 192

110 170 192

110 170 192

550 850 960

An tSlóvaic

260 599 909

259 077 909

259 077 909

259 077 909

259 077 909

1 296 911 545

An Fhionlainn

354 551 956

354 549 956

354 549 956

354 549 956

354 549 956

1 772 751 780

An tSualainn

211 889 741

211 889 741

211 889 741

211 889 741

211 889 741

1 059 448 705

Iomlán AE-27

12 904 404 700

12 078 615 700

12 078 615 700

12 078 615 700

12 078 615 700

61 218 867 500

Cúnamh teicniúil (0,25 %)

30 272 220

30 272 220

30 272 220

30 272 220

30 272 220

151 361 100

Iomlán

12 934 676 920

12 108 887 920

12 108 887 920

12 108 887 920

12 108 887 920

61 370 228 600